Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Aisghairm ar an bPríomh-Acht)

14 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1985


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Méadú ar shochair árachais shóisialaigh.

3.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

4.

Méid na méaduithe is iníoctha i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta le tairbhí i gcásanna áirithe.

5.

Méadú ar liúntas máithreachais.

6.

Leasú ar alt 34 den Phríomh-Acht (ré na híocaíochta).

7.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht (sochar míthreorach).

8.

Leasú ar alt 87 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair).

9.

Leasú ar alt 136 den Phríomh-Acht (deimhnithe cáilíochta).

10.

Leasú ar alt 139 den Phríomh-Acht (ná rátaí cúnaimh).

11.

Méid cúnaimh dífhostaíochta i leith leanaí cáilithe i gcásanna áirithe.

12.

Cúnamh dífhostaíochta—lánúineacha pósta.

13.

Acmhainn a ríomh.

14.

Leasú ar alt 161 den Phríomh-Acht (rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha).

15.

Leasú ar alt 162 den Phríomh-Acht (méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha agus i leith pinsinéirí pósta).

16.

Leasú ar alt 199 den Phríomh-Acht (léiriú ar Chuid III Caibidil 6).

17.

Leasú ar alt 210 den Phríomh-Acht (acmhainn a ríomh).

18.

Leasú ar Riail 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rialacha maidir le hacmhainn a ríomh).

19.

Méaduithe a íoc i leith leanaí cáilithe.

20.

Rialacháin chun leanúnachas an Achta le forálacha a aisghairfear, a leasófar, etc. a áirithiú.

21.

Sochar, pinsean nó liúntas a ríomh.

22.

Deacrachtaí a réiteach.

23.

Aisghairm.

24.

Tosach feidhme.

25.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Aisghairm

AN DARA SCEIDEAL

Na Rátaí Sochar


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982

1982, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1985


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN CHÓIR CHÉANNA A CHUR AR FHIR AGUS AR MHNÁ I gCÚR-SAÍ LEASA SHÓISIALAIGH AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIAL-AIGH, 1981 GO 1985. [16 Iúil, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Méadú ar shochairárachais shóisialaigh.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V den Dara Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 ).

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cleithiúnaí aosaithe” i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘cleithiúnaí aosaithe’, faoi réir alt 199, i ndáil le haon duine—

(a) céile atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an duine sin ach ní fholaíonn sé—

(i) céile i bhfostaíocht (seachas fostaíocht a shonraítear i míreanna 4, 5 nó 10 de Chuid II den Chéad Sceideal), ná

(ii) céile atá féin-fhostaithe, ná

(iii) céile atá i dteideal, nó atá ag fáil, aon phinsin, sochair, cúnaimh nó liúntais (seachas liúntas leasa forlíontach) faoi Chodanna II nó III den Acht seo, nó liúntais cothabhála do dhuine míchumasaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 , nó

(b) duine os cionn 16 bliana d'aois atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an duine sin agus atá ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin i gcás an duine sin a bheith—

(i) ina dhuine singil, nó

(ii) ina bhaintreach, nó

(iii) ina bhaintreach fir, nó

(iv) ina dhuine pósta nach bhfuil ina chónaí le céile an duine phósta sin ná ag cothabháil chéile an duine phósta sin go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag céile an duine phósta sin, nó

(c) cibé duine a ndéanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a shonrú le rialacháin, gur cleithiúnaí aosaithe é chun críocha an Achta seo;”.

Méid na méaduithe is iníoctha i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta le tairbhí i gcásanna áirithe.

4. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon mhéadú sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh, is iníoctha de bhun alt 21, 32, 44, 55, 81, 86 nó 91 den Phríomh-Acht i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta le tairbhí nó pinsinéir agus le céile tairbhí nó pinsinéara, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid iomchuí in aon chás nach cleithiúnaí aosaithe céile an tairbhí nó an phinsinéara, agus forléireofar na hailt sin 21, 32, 44, 55, 81, 86 agus 91, agus beidh éifeacht leo, dá réir.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) in aon chás ina mbeidh céile tairbhí nó pinsinéara ina chónaí ar leithligh ón tairbhí nó ón bpinsinéir, de réir mar a bheidh, agus nach mbeidh sé ag tabhairt aon airgead faoi chomhair chothabháil an linbh cháilithe.

Méadú ar liúntas máithreachais.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 26:

“Méadú ar liúntas máithreachais.

26A—(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar an ráta seachtainiúil sochair máithreachais a mhéadú den mhéid iomchuí ata leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.

(2) An méadú is iníoctha de bhun fho-alt (1) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus le céile an tairbhí, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid iomchuí in aon chás nach cleithiúnaí aosaithe céile an tairbhí.

(3) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) in aon chás ina mbeidh céile an tairbhí ina chónaí ar leithligh ón tairbhí agus nach mbeidh sé ag tabhairt aon airgead faoi chomhair chothabháil an linbh cháilithe.”.

Leasú ar alt 34 den Phríomh-Acht (ré na híocaíochta).

6. —Leasaítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):—

“(1) Aon duine a raibh teideal aige, i leith aon tréimhse bearnaithe fostaíochta, chun sochar dífhostaíochta in aghaidh 156 lá, ní bheidh teideal dá éis sin aige, faoi réir fho-alt (3), chun an tsochair sin in aghaidh aon lae dífhostaíochta (cibé acu sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta chéanna nó i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta dá éis sin é) mura rud é roimh an lá sin, gur athcháiligh sé chun sochair nó mura rud é, i gcás duine os cionn 65 bliana d'aois, go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad sa tréimhse ó theacht faoi árachas dó go dtí an lá a bhfuil sochar dífhostaíochta á éileamh ina aghaidh.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):—

“(3) Beidh éifeacht le fo-alt (1), maidir le duine os cionn 18 mbliana déag d'aois, ionann is dá gcuirfí ‘390 lá’ in ionad ‘156 lá’.”; agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):—

“(6) Más rud é i dtréimhse bhearnaithe fostaíochta go mbeidh a ceart chun sochar dífhostaíochta 312 lá ídithe laistigh den tréimhse 78 lá dar críoch an dáta a thiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh ag bean a bhí roimhe sin i dteideal sochar dífhostaíochta 312 lá beidh sí i dteideal an tsochair sin i leith gach lae, gan dul thar 78 lá, de dhífhostaíocht tar éis an dáta sin suas go dtí an 393ú lá de dhífhostaíocht sa tréimhse bhearnaithe fostaíochta sin.”.

Leasú ar alt 43 den Phríomh-Acht (sochar míthreorach).

7. —Leasaítear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (7):—

“(b) Is é an scála céanna a fhorordófar chun críocha mhír (a) do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú le haghaidh cásanna a mbeidh an tairbhí, i dtosach na tréimhse a chuirfear i gcuntas leis an measúnú, faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus féadfar a shocrú go mbraithfidh an méid is lú sin ar an dáta a shroichfidh an tairbhí an aois sin:

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh an méid is lú sin níos lú in aon chás ná dhá thrian den mhéid a mbeadh teideal ag an tairbhí chuige ar athrach dóigh, agus

(ii) go mbeidh an ráta is mó iníoctha dá mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás é bheith ag fáil sochar díobhála in ionad aisce míthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe nó dá mbeadh teideal aige amhlaidh murach a chéile a bheith i bhfostaíocht (seachas fostaíocht a shonraítear i míreanna 4, 5 nó 10 de Chuid II den Chéad Sceideal), a bheith gafa i bhféin-fhostaíocht, nó a bheith i dteideal, nó ag fáil, aon sochair, cúnaimh nó liúntais (seachas liúntas leasa forlíontach) faoi Chodanna II nó III den Acht seo nó liúntais cothabhála do dhuine míchumasaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 .”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):—

“(8) I gcás ina measúnófar gur 20 faoin gcéad nó níos mó méid na míthreorach in aghaidh na tréimhse a chuirfear i gcuntas, is é a bheidh i sochar míthreorach pinsean (dá ngairtear pinsean míthreorach sa Chaibidil seo) in aghaidh na tréimhse sin de réir an ráta sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach:

Ar choinníoll—

(a) i gcás an tréimhse sin a bheith teorannaithe faoi threoir dáta chinnte, go scoirfidh an pinsean ar an tairbhí d'éag roimh an dáta sin, agus

(b) i gcás ina mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois, gurb é a bheidh sa ráta seachtainiúil d'aon ghrád míthreorach an ráta atá leagtha amach i gcolún (3) de Chuid III den Dara Sceideal agus is iomchuí don ghrád míthreorach mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás é bheith ag fáil sochar díobhála seachas pinsean míthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe, nó go mbeadh teideal den sórt sin aige murach a chéile a bheith i bhfostaíocht (seachas fostaíocht a shonraítear i míreanna 4, 5 nó 10 de Chuid II den Chéad Sceideal), a bheith gafa i bhféin-fhostaíocht, nó a bheith i dteideal, nó ag fáil, aon sochair, cúnaimh nó liúntais (seachas liúntas leasa forlíontach) faoi Chodanna II nó III den Acht seo, nó liúntais cothabhála do dhuine míchumasaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 .”; agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9) (b) (i):—

“(i) is é an scála céanna a bheidh ann do gach uile dhuine, ach amháin go bhféadfar méid níos lú a shocrú leis sin do chásanna a mbeidh an tairbhí faoi bhun 18 mbliana d'aois, mura rud é go mbeadh teideal ag an tairbhí, i gcás é a bheith ag fáil sochar díobhála in ionad pinsean míthreorach, chun méadú ar an sochar sin a fháil i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe, nó go mbeadh teideal den sórt sin aige, murach a chéile a bheith i bhfostaíocht (seachas fostaíocht a shonraítear i míreanna 4, 5 nó 10 de Chuid II den Chéad Sceideal), a bheith gafa i bhféin-fhostaíocht, nó a bheith i dteideal, nó ag fáil, aon sochair, cúnaimh nó liúntais (seachas liúntas leasa forlíontach) faoi Chodanna II nó III den Acht seo, nó liúntais cothabhála do dhuine míchumasaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 ,”.

Leasú ar alt 87 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair).

8. —Leasaítear leis seo alt 87 den Phríomh-Acht trí na focail “, ar choinníoll go mbeidh sé éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “fearchéile”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir an Achta seo, ar bhás mná a raibh pinsean seanaoise (ranníocach) nó pinsean scoir iníoctha léi ar ráta méadaithe seachtainiúil de bhua alt 81 (1) nó 86 (1) in aghaidh tréimhse dar críoch dáta an bháis sin, beidh a fearchéile, ar choinníoll go mbeidh sé éagumasach ar é féin a chothabháil de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach, i dteideal sochair arb ionann a ráta seachtainiúil agus an ráta pinsin baintrí (ranníocach), lena n-áirítear méaduithe i leith leanaí cáilithe, más iomchuí, a bheadh iníoctha leis faoi fhorálacha na Coda seo dá mba bhaintreach é.

Leasú ar alt 136 den Phríomh-Acht (deimhnithe cáilíochta).

9. —Leasaítear leis seo alt 136 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (3):—

“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir na Caibidle seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus 52 oiread—

(i) dhá oiread mhéid an chúnaimh dífhostaíochta atá leagtha amach i gColún (2) ag tagairt 1A (1) (i) i gCuid I den Cheathrú Sceideal, agus

(ii) i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith aige, cibé cion den chúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach ag tagairt 1A (1) (i) i gCuid I den Cheathrú Sceideal agus a bhaineann leis an duine, arbh é an cion é ab iníoctha maidir leis an leanbh sin nó leis na leanaí sin, cibé acu é; agus”.

Leasú ar alt 139 den Phríomh-Acht (na rátaí cúnaimh).

10. —Leasaítear leis seo alt 139 den Phríomh-Acht trí “agus alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ” a chur isteach i ndiaidh “alt 140”, agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

139.—Faoi reír alt 140 agus alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 , is é a bheidh sa ráta cúnaimh dífhostaíochta (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal, arna mhéadú—

(a) mar atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin in aghaidh aon tréimhse a mbeidh cleithiúnaí aosaithe ag an iarratasóir nó ag an bhfaighteoir, faoi réir an tsriain nach mbeidh teideal ag an iarratasóir ná ag an bhfaighteoir méadú ar chúnamh a fháil faoin mír seo i leith níos mó ná duine amháin, agus

(b) mar atá cuí-leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir.

Méid cúnamh dífhostaíochta i leith leanaí cáilithe i gcásanna áirithe.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon mhéadú ar chúnamh dífhostaíochta is iníoctha de bhun alt 139 den Phríomh-Acht i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir agus le céile an iarratasóra nó an fhaighteora, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid iomchuí in aon chás nach cleithiúnaí aosaithe céile an iarratasóra nó an fhaighteora, agus forléireofar an t-alt sin 139, agus beidh éifeacht leis, dá réir sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag foráil fho-alt (1) in aon chás ina mbeidh céile iarratasóra nó faighteora ina chónaí ar leithligh ón iarratasóir nó ón bhfaighteoir agus nach mbeidh sé ag tabhairt aon airgead faoi chomhair chothabháil an linbh cháilithe.

Cúnamh dífhostaíochta—lánúineacha pósta.

12. —(1) I gcás lánúin phósta a bheith in aontíos agus an fearchéile agus an banchéile a bheith i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leo, ní bheidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun Chaibidil 2 de Chuid III den Phríomh-Acht níos mó ná an méid a bheadh iníoctha sa chás nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin phósta i dteideal cúnaimh dífhostaíochta agus gur chleithiúnaí aosaithe an duine eile, agus beidh gach duine acu i dteideal aon leath den mhéid a bheadh iníoctha dá mba é an céile a chleithiúnaí aosaithe a íoc leis.

(2) I gcás nach cleithiúnaí aosaithe céile iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta, is de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta, arna laghdú 5p in aghaidh gach 10p nó cuid de 10p dá chuid acmhainne a bheidh an cúnamh dífhostaíochta is iníoctha leis an iarratasóir, agus aon uair nach ré-iolraí de 5p an ráta cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha de thoradh an ríofa sin, déanfar an méid is iníoctha a chothromú suas go dtí an 5p is gaire.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo in aon chás ina mbeidh an céile ina chónaí ar leithligh ón iarratasóir.

(4) I gcás duine de lánúin phósta atá in aontíos a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise, pinsin scoir nó pinsin easláine agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní bheidh an t-iomlán den mhéid is iníoctha leo, mar shochar nó pinsean, de réir mar a bheidh, agus mar chúnamh dífhostaíochta, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, níos mó ná an méid iomlán sochair nó pinsin de réir mar a bheidh, a bheadh iníoctha thairis sin leis an gcéile a bheidh i dteideal sochair nó pinsin dá mbeadh méadú sochair nó pinsin iníoctha leis an gcéile sin i leith cleithiúnaí aosaithe, agus más mó an méid iomlán is iníoctha amhlaidh leis an lánúin phósta ná an méid a bheadh iníoctha leis an gcéile a bheidh i dteideal sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh, i gcás cleithiúnaí aosaithe a bheith aige, laghdófar dá réir sin an méid cúnaimh is iníoctha leis an gcéile atá i teideal cúnaimh dífhostaíochta.

Acmhainn a ríomh.

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 146—

“Acmhainn a ríomh.

146.—(1) Nuair a bheidh acmhainn duine á ríomh chun críocha na Caibidle seo, measfar gurb iad na nithe seo a leanas agus na nithe sin amháin a bheidh in acmhainn an duine—

(a) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, a bhaineann le gach maoin dá chuid nó de chuid a chéile (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé féin nó a chéile go pearsanta ná feirm thalún a bheidh ar léasú aige féin ná ag a chéile faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) atá infheistithe nó atá á húsáid go sochrach ar shlí eile nó a d'fhéadfaí a infheistiú nó a úsáid go sochrach ach nach ndéantar amhlaidh;

(b) gach ioncam a bhféadfaidh sé féin nó a chéile súil a bheith acu go réasúnach é a fháil in airgead i gcaitheamh na bliana ina dhiaidh sin, cibé acu mar ranníocaí in aghaidh chaiteachais an teaghlaigh nó ar shlí eile, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh—

(i) aon ioncam nó airgead faoi réim aon mhíre eile den fho-alt seo,

(ii) an t-airgead go léir a thuillfidh sé féin nó a chéile i leith fostaíochta reatha pearsanta faoi chonradh seirbhíse,

(iii) aon airgead a gheofar mar chúnamh dífhostaíochta faoin gCaibidil seo,

(iv) aon airgead a gheofar mar liúntas leasa forlíontach,

(v) aon airgead a gheofar mar shochar míchumais, mar shochar dífhostaíochta, mar shochar máithreachais, mar liúntas leanaí nó mar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh,

(vi) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaelt acht nó sa Bhreac-Ghaeltacht (arna míniú sa scéim sin) agus is tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna,

(vii) méid aon liúntais, liúntais cleithiúnaí (nach liúntas cleithiúnaí lena mbaineann mír (vii)), pinsin míchumais nó pinsin créachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, nó liúntais agus pinsin acu sin i dteannta a chéile, a mhéid nach mó ná £80 sa bhliain an méid sin,

(viii) liúntas cleithiúnaí faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, de bhun seirbhíse sa tréimhse ón 23ú lá d'Aibreán, 1916 go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1923,

(ix) aon airgead a gheofar mar liúntas oiliúna ó eagras fad a bheifear faoi chúrsa oiliúna athshlánúcháin a sholáthraigh an t-eagras (is eagras a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte chun an oiliúint sin a sholáthar),

(x) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh an duine sin nó céile an duine sin i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal, faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir,

(xi) i gcás duine nó céile duine a bheith ag gabháil de réir séasúir d'iascair eacht mar shlí bheatha, leath an oiread sin den ioncam a fhaightear uaithi nach dtéann thar £120 sa bhliain agus an tríú cuid den oiread sin den ioncam a théann thar £120 sa bhliain ach nach dtéann thar £300 sa bhliain,

(xii) aon airgead a gheofar faoi scéim reachtúil a riarann an tAire Saothair i leith iomarcaíochta nó mar chúnamh airgid do dhaoine dífhostaíochta a athraíonn áit chónaithe;

(c) an luach bliantúil arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe d'aon tairbhe a fhaibhreoidh chuige nó chuig a chéile—

(i) as úsáid maoine (seachas teach cónaithe nó foirgneamh feirme atá ar úinéireacht agus ar áitiú, troscán agus earraí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann sé féin nó a chéile go pearsanta, agus

(ii) as feirm thalún a bheith á léasú aige féin nó ag a chéile faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún;

(d) an t-ioncam go léir agus luach bliantúil, arna fhionnadh sa tslí fhorordaithe, na maoine go léir a cheil sé féin nó a chéile orthu féin go díreach nó go neamhdhíreach le cáiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil;

(e) luach bliantúil aon sochair nó pribhléide a theachtann sé féin nó a chéile, lena n-áirítear an luach measta don teaghlach an bhliain dár gcionn ón ioncam go léir a thuillfidh a chéile i leith fost aíochta pearsanta reatha faoi chonradh seirbhíse.

(2) Chun críocha fho-alt (1) (b) agus (1) (e), measfar gurb é ioncam duine, d'éagmais slite eile lena fhionnadh, an t-ioncam iarbhír a fuair sé i gcaitheamh na bliana díreach roimh an dáta ríofa.

(3) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn ‘céile’ i ndáil le duine, céile atá ina chónaí leis an duine sin seachas ar leithligh uaidh.”.

Leasú ar alt 161 den Phríomh-Acht (rátaí pinsin agus méaduithe i leith leanaí cleithiúnacha).

14. —Leasaítear leis seo alt 161 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach tar éis fho-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 ):

“(1A) An méadú is iníoctha de bhun fho-alt (1) i leith linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis an bpinsinéir agus le céile an phinsinéara, beidh sé iníoctha de réir ráta aon leath den mhéid iomchuí in aon chás ina mbeidh céile an phinsinéara i dteideal aon sochair, cúnaimh, liúntais (seachas liúntas leasa forlíontach) nó aon phinsin eile faoin Acht seo nó liúntais cothabhála do dhuine míchumasaithe faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 .”.

Leasú ar alt 162 den Phríomh-Acht (méaduithe i leith pinsinéirí éagumasacha agus i leith pinsinéirí pósta).

15. —Leasaítear leis seo alt 162 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1):—

“(d) mar a ríomhfar de réir Chuid III den Cheathrú Sceideal i gcás an pinsinéir a bheith ina chónaí lena chéile nó ag cothabháil an chéile go hiomlán nó go formhór, agus nach bhfuil aon sochar, pinsean, cúnamh ná liúntas faoi Chuid II nó faoin gCuid seo á fháil ag an gcéile.”.

Leasú ar alt 199 den Phríomh-Acht (léiriú ar Chuid III Caibidil 6).

16. —Leasaítear leis seo alt 199 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Acht 1939”:

“ciallaíonn ‘cleithiúnaí aosaithe’—

(a) céile an fhaighteora atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór aige, nó

(b) duine os cionn 16 bliana d'aois atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag an bhfaighteoir agus atá ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an bhfaighteoir sin i gcás an faighteoir a bheith—

(i) ina dhuine singil, nó

(ii) ina bhaintreach, nó

(iii) ina bhaintreach fir, nó

(iv) ina dhuine pósta nach bhfuil ina chónaí le céile an duine phósta sin ná ag cothabháil chéile an duine phósta sin go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag céile an duine phósta sin;”

Leasú ar alt 210 den Phríomh-Acht (acmhainn a ríomh).

17. —Leasaítear leis seo alt 210 den Phríomh-Acht trí “ioncaim teaghlaigh” a chur in ionad “ioncaim mar cheann an teaghlaigh” i mír (a) d'fho-alt (2), agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) an t-ioncam airgid go léir, ar a n-áirítear glanluach airgid aon tuillimh nach tuilleamh airgid ó luain phearsanta agus méid iarbhír nó méid measta aon ioncaim teaghlaigh, cibé acu mar ranníocaí i leith chostais an teaghlaigh nó eile, ach gan na suimeanna seo a leanas a áireamh—

(i) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas leanaí faoi Chuid IV,

(ii) aon suimeanna a fuarthas mar liúntas as aire a thabhairt, faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 , ina dteaghaisí féin do leanaí éislinneacha, agus

(iii) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin go pearsanta ná feirm thalún a bheidh á léasú aige faoi léas a mbeidh sé deimhnithe ag Coimisiún Talún na hÉireann gur léas bona fide é agus go bhfuil sé de réir chleachtas úsáid fhónta talún) a infheistiú nó a úsáid go sochrach;

Leasú ar Riail 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rialacha maidir le hacmhainn a ríomh).

18. —Leasaítear leis seo Riail 1 (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (g) (i) agus (g) (ii):— “£312, móide £208 má chónaíonn a chéile leis nó má tá sí á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige nó, más duine singil, baintreach nó baintreach fir atá ann, má tá duine os cionn 16 bliana á chothabháil go hiomlán nó go formhór aige agus é ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis, móide £104 i leith gach linbh cháilithe a chónaíonn go rialta leis agus nár cuireadh i gcuntas cheana de réir na míre seo le linn acmhainn duine eile a bheith á ríomh,”; agus

(b) trí “nár cuireadh i gcuntas cheana de réir na míre seo le linn acmhainn duine eile a bheith á ríomh” a chur isteach i bhfomhír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 ) i ndiaidh “i leith gach linbh den sórt sin”, agus tá an fhomhír sin arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(i) i gcás duine nach dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, a thuilleamh go léir óna luain phearsanta ach amháin agus a mhéid a ríomhfar gur mó suim bhliantúil an tuillimh sin ná £104 (nó chun críocha pinsin baintrí (neamhranníocach), ná £312) i leith gach linbh den sórt sin nár cuireadh i gcuntas cheana de réir na míre seo le linn acmhainn duine eile a bheith á ríomh,

Méaduithe a íoc i leith leanaí cáilithe.

19. —Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go ndéanfar méaduithe i leith leanaí cáilithe de réir an ráta iomláin a íoc le ceachtar de thuismitheoirí na leanaí lena mbaineann d'ainneoin gach tuismitheoir a bheith i dteideal méadú ar shochar, ar phinsean nó ar chúnamh, de réir mar a bheidh, i leith leanaí cáilithe.

Rialacháin chun leanúnachas an Achta le forálacha a aisghairfear, a leasófar, etc. aáirithiú.

20. —Féadfaidh an tAire, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun leanúnachas an Achta seo le haon fhoráil a áirithiú is foráil a aisghairfear nó a leasófar leis an Acht seo nó ar shlí eile chun cearta a thugtar faoi aon fhoráil nó de bhua aon fhorála de na forálacha sin a chaomhnú.

Sochar, pinsean nó liúntas a ríomh.

21. —Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh ar mhéid aon sochair, liúntais nó pinsin a bheidh, de bhun alt 4, alt 26A den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach leis an Acht seo), alt 11 nó alt 161 (1A) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach leis an Acht seo), iníoctha de réir aon leath den mhéid iomchuí, déanfar codáin de phingin amháin a chothromú suas go dtí an phingin is gaire.

Deacrachtaí a réiteach.

22. —(1) Más rud é, i gcás ar bith go mbainfidh aon deacracht le riaradh nó gníomhú an Achta seo, féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, le hordú, aon ní breise a dhéanamh is dóigh is gá nó is fóirsteanach leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach sin leis an ordú a thabhairt i bhfeidhm.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo tar éis bliain amháin a bheith caite ó thosach feidhme an ailt seo.

Aisghairm.

23. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear ag uimhir thagartha ar leith i gcolún (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal sin.

Tosach feidhme.

24. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

25. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon ní amháin.

(3) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985”.