16 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1985


AN tACHT UM CHISTÍ INFHEISTÍOCHTA AINMNITHE, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Ní iontaobhas aonad ciste infheistíochta ainmnithe.

3.

Ceanglais maidir le hiontaobhaithe faoi scéim lena mbunaítear ciste infheistíochta ainmnithe.

4.

Réamheolaire.

5.

Srian le doiciméid áirithe a bhaineann le cistí infheistíochta ainmnithe a eisiúint, a fhoilsiú nó a scaipeadh.

6.

Ceangal ar iontaobhaithe cistí infheistíochta ainmnithe dul faoi chomhaontú sonraithe sula n-infheistíonn siad airgead an chiste i gcuideachtaí príobháideacha.

7.

Ceadú faoi alt 5 a tharraingt siar.

8.

Is de réir nó faoi réir téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa réamheolaire a ghlacfar le suibscríobhanna le cistí infheistíochta ainmnithe.

9.

Caiteachais.

10.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

An tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972

1972, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1984

1984, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1985


AN tACHT UM CHISTÍ INFHEISTÍOCHTA AINMNITHE, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE CISTÍ ARNA nAINMNIÚ CHUN CRÍOCHA CHAIBIDIL III DE CHUID I DEN ACHT AIRGEADAIS, 1984 , AG NA COIM-ISINÉIRÍ IONCAIM. [16 Iúil, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Airgeadais, 1984 ;

ciallaíonn “ciste infheistíochta ainmnithe” ciste a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil III de Chuid I d'Acht 1984;

ciallaíonn “scaireanna cáilithe” scaireanna cáilithe de réir bhrí Chaibidil III de Chuid I d'Acht 1984;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta;

ciallaíonn “rannpháirtí” duine is rannpháirtí de réir bhrí alt 27 (8) d'Acht 1984;

ciallaíonn “réamheolaire” aon réamheolaire, fógra, ciorclán, fógrán nó cuireadh eile a thugann cuireadh don phobal suibscríobh a dhéanamh le ciste infheistíochta ainmnithe;

ciallaíonn “an faoiseamh” faoiseamh faoi alt 12 d'Acht 1984.

(2) Forléireofar tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leathnú, arna oiriúnú nó arna leasú ar shlí eile le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Ní iontaobhas aonad ciste infheistíochta ainmnithe.

2. —Dearbhaítear leis seo nach scéim iontaobhais aonad de réir bhrí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972 ciste infheistíochta ainmnithe agus dá réir sin ní bheidh feidhm ag aon fhoráil d'fhorálacha an Achta sin maidir le haon chiste den sórt sin.

Ceanglais maidir le hiontaobhaithe faoi scéim lena mbunaítear ciste infheistíochta ainmnithe.

3. —Ní bheidh duine i dteideal feidhmiú mar iontaobhaí faoin scéim lena mbunaítear ciste infheistíochta ainmnithe mura rud é gur comhlacht corpraithe atá corpraithe sa Stát, agus ionad gnó aige sa Stát, an duine agus—

(a) gur leor a shócmhainní chun freastal dá dhliteanais (lena n-áirítear dliteanais i leith a chaipitil íoctha a aisíoc) agus go bhfuil caipiteal (i stoic nó i scaireanna) eisithe aige de thuras na huaire nach lú ná £500,000 a bhfuil £250,000 de ar a laghad íoctha in airgead tirim, nó

(b) (i) go bhfuil sé ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe (dá ngairtear an “máthairchomhlacht” sa mhír seo) a bhfuil na coinníollacha maidir le caipiteal agus sócmhainní a shonraítear i mír (a) den alt seo comhlíonta ina leith, agus

(ii) go bhfuil urscaoileadh a dhliteanas ráthaithe ag an máthairchomhlacht.

Réamheolaire.

4. —(1) Ullmhófar réamheolaire maidir le gach ciste infheistíochta ainmnithe agus beidh sa réamheolaire sonraí faoin modh a gcuirfear an ciste chun feidhme agus sonrófar ann na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir nó faoina réir a ghlacfar le suibscríobhanna leis an gciste ó rannpháirtithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) luafar i réamheolaire gur de réir nó faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a shonraítear sa réamheolaire de bhun cheanglas fho-alt (1) den alt seo, agus gur dá réir sin agus faoina réir sin amháin, a ghlacfar le suibscríobhanna leis an gciste infheistíochta ainmnithe, lena mbaineann an réamheolaire, agus

(b) beidh dáta ar réamheolaire.

Srian le doiciméid áirithe a bhaineann le cistí infheistíochta ainmnithe a eisiúint, a fhoilsiú nó a scaipeadh.

5. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine arb amhlaidh dó, faoi scéim lena mbunaítear ciste infheistíochta ainmnithe, gur iontaobhaí é nó gurb é an bainisteoir é ar an gciste nó go bhfuil sé ag gníomhú mar iniúchóir nó aturnae don chiste ná ní dhéanfaidh aon duine eile—

(a) réamheolaire a bhaineann leis an gciste, nó

(b) fógra, leabhrán, ciorclán, nó doiciméad eile a fhógraíonn—

(i) réamheolaire den sórt sin, nó

(ii) an ciste,

nó a chuireann chun cinn nó a thaobhaíonn le cur chun cinn an chéanna a eisiúint, a fhoilsiú ná a scaipeadh, nó a chur faoi deara é a fhoilsiú nó a chló mura rud é, an tráth a eisítear, a fhoilsítear nó a scaiptear é nó a chuirtear faoi deara é a fhoilsiú nó a chló, go mbeidh téarmaí an réamheolaire, an fhógra, an leabhráin, an chiorcláin nó an doiciméid eile ceadaithe ag an Aire faoin alt seo.

(2) I gcás go gceadaíonn an tAire réamheolaire, fógra, leabhrán, ciorclán nó doiciméad eile ní leasóidh duine ná ní athróidh sé ar shlí eile a chuid téarmaí gan ceadú an Aire roimh ré a fháil don leasú nó don athrú eile.

(3) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfaidh an tAire ar iarratas ar cheadú faoin alt seo, géilleadh don iarratas, an t-iarratas a dhiúltú nó an réamheolaire, an fógra, an leabhrán, an ciorclán nó an doiciméad eile lena mbaineann an t-iarratas a cheadú faoi réir cibé modhnuithe a bheidh sonraithe sa cheadú.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (3) den alt seo, ní thabharfaidh an tAire ceadú faoin alt seo maidir le réamheolaire ná le hathrú nó leasú eile ar réamheolaire mura deimhin leis—

(a) go gcomhlíontar ceanglais alt 4 (2) den Acht seo maidir leis an réamheolaire, nó, i gcás ceadú don sórt sin a bheith á lorg maidir le leasú nó athrú den sórt sin, nach gcuirfeadh an leasú nó an t-athrú atá beartaithe faoi deara, i gcás go gcuirfí i gcrích é, go scoirfí de na ceanglais sin a chomhlíonadh amhlaidh maidir leis an réamheolaire lena mbaineann, agus

(b) go bhfuil sonraí leordhóthanacha sa réamheolaire faoi aon luach saothair, táillí nó muirir eile atá le fáil, le tobhach nó le gearradh ar shlí eile i leith bhainistí an chiste ainmnithe iomchuí nó ar shlí eile i ndáil leis an gciste sin ag an duine a bhainistíonn an ciste, agus

(c) go bhfuil ráiteas sa réamheolaire nach ndéanfar aon mhuirir, cé is moite de na muirir dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, a thobhach ná a ghearradh ar shlí eile maidir leis an gciste sin a bhunú, a oibriú nó a bhainistí, agus

(d) go bhfuil ráiteas sa réamheolaire a thugann na sonraí seo a leanas maidir leis an duine a bhfuil bainistí an chiste sin aige—

(i) ainm an duine maille le faisnéis leordhóthanach faoina thaithí iomchuí, agus

(ii) i gcás gur comhlacht corpraithe an duine sin, ainmneacha na stiúrthóirí nó na ndaoine arb iad údarás bainisteoireachta an chomhlachta iad agus freisin ainmneacha aon duine nó daoine aonair a bheartaíonn an comhlacht sin, tráth bunaithe an chiste sin, a shannadh nó a cheapadh chun a chinneadh conas a infheisteofar an t-airgead sa chiste sin nó a dhéileálfar leis thairis sin,

agus

(e) go bhfuil sa réamheolaire ainm an iontaobhaí, na n-iniúchóirí agus aon aturnae nó stocbhróicéara agus aon chomhairleora eile atá ag gníomhú nó chun gníomhú ar bhonn táille, a ceapadh nó a bheartaítear a cheapadh i ndáil leis an gciste sin, agus ainm an bhainc (nó an fhorais airgeadais eile) ina bhfuil sé beartaithe an ciste sin a choimeád, agus

(f) go bhfuil gach ráiteas de na ráitis seo a leanas sa réamheolaire:

(i) ráiteas ar deimhin leis an Aire é a bheith iomchuí maidir leis na fiontair a ghabhann le hinfheistiú i gcuideachta neamhluaite agus na teorainneacha le hinmhargaitheacht a scaireanna, a stoc nó a bintiúr (mar shampla de bhíthin nach bhfuil na scaireanna, na stoic nó na bintiúir sin luaite i liosta oifigiúil aon stocmhalartáin),

(ii) ráiteas ina sonraítear—

(I) nach luífidh dliteanas ar bith ar an Aire,

(II) nach n-éireoidh ceart ar bith chun an fhaoisimh de bhíthin amháin gur thug an tAire ceadú faoin alt seo,

(iii) ráiteas go bhfuil an duine atá cláraithe mar shealbhóir ar aon scaireanna a eisíodh chuig an gciste sin le clárú, sa chéad ásc, mar ainmnitheach thar ceann rannpháirtí áirithe (nach gá a ainmniú),

(iv) ráiteas nach mbeidh aon suibscríobhaí den sórt sin i dteideal a éileamh go ndéanfaí aon scair nó scaireanna áirithe a eisíodh amhlaidh a réadú nó a aistriú go dtí a ainm roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana dar tús an dáta a eisítear an scair nó na scaireanna chuig an gciste sin,

(v) ráiteas, i gcás go dtugann suibscríobhaí leis an gciste sin fógra don duine a bhainistíonn an ciste sin go bhfuil sé ar intinn aige scor de bheith ina shuibscríobhaí den sórt sin nó a bheith rannpháirteach ar shlí eile sa chiste sin, go ndíolfar na scaireanna go léir atá á sealbhú amhlaidh thar a cheann nó go ndiúscrófar iad ar shlí eile; ar choinníoll go bhféadfar duine a fháil atá toilteanach iad a cheannach nó a fháil ar shlí eile, agus a fhéadfaidh déanamh go cuí amhlaidh,

(vi) ráiteas a mheasfaidh an tAire a bheith leordhóthanach maidir le—

(I) na cearta vótála agus cearta diúscartha a thig de bhíthin scaireanna a eisíodh don chiste a bheith á sealbhú ag ainmnitheach den sórt sin, agus

(II) na himthosca ina ndéanfadh feidhmiú cirt diúscartha den sórt sin difear do cheart chun an fhaoisimh,

(vii) ráiteas a mheasann an tAire a bheith leordhóthanach maidir le haon chomhaontú nó comhshocraíocht a bheidh déanta nó a bheartaítear a dhéanamh ag iontaobhaí, nó thar ceann iontaobhaí, na scéime nó ag an duine a bhainistíonn an scéim, nó thar a cheann, chun scaireanna ar íocadh astu le hairgead ón gciste a aistriú go hainmneacha rannpháirtithe ag deireadh na tréimhse cúig bliana dar tús dáta a n-eisiúna nó chun leanúint de bhainistí na scaireanna sin faoin scéim tar éis an tréimhse cúig bliana sin a bheith caite, nó, in éagmais comhaontú nó comhshocraíochta den sórt sin, ráiteas ina thaobh sin a mheasann an tAire a bheith leordhóthanach agus a thagraíonn d'fhorálacha alt 6 den Acht seo,

(viii) ráiteas maidir le huasmhéid beartaithe an chiste sin, an dáta deireanach chun suibscríobhanna don chiste sin a fháil agus na himthosca nach nglacfar leis na suibscríobhanna sin nó ina gcuirfear ar ais iad,

(ix) ráiteas a mheasann an tAire a bheith leordhóthanach maidir le cineál na n-infheistíochtaí a bheartaítear a dhéanamh tríd an gciste sin mar aon le haon mhéid a mbeidh sé sonraithe sa scéim iomchuí gurb é an t-uasmhéid nó an t-íosmhéid é a fhéadfar a infheistiú tríd an gciste in aon infheistíocht aonair,

(x) ráiteas a mheasann an tAire a bheith leordhóthanach maidir le hús a íoc ar aon airgead sa chiste nach bhfuil de thuras na huaire infheistithe i scaireanna a eisíodh chuig an gciste sin agus maidir le díbhinní a íoc ar scaireanna a eisíodh amhlaidh,

(xi) ráiteas go gcuirfear, a luaithe is féidir, ar a umhal do gach rannpháirtí na scaireanna a eisíodh don chiste sin agus atá á sealbhú thar a cheann agus go ndéanfar, a luaithe is féidir tar éis iomlán an chiste sin a bheith infheistithe i scaireanna cáilithe, ráiteas a chur ar fáil dó a thabharfaidh sonraí faoi chineál agus líon na scaireanna cáilithe atá á sealbhú thar a cheann,

(xii) ráiteas go dtabharfar tuairiscí maidir leis an gciste sin do rannpháirtithe ag tréimhsí a bheidh luaite sa réamheolaire (ar tréimhsí iad nach faide ná sé mhí),

(xiii) ráiteas nach ndéanfaidh an duine a bhainistíonn an ciste airgead ar cuid den chiste é a infheistiú go feasach i scaireanna cuideachta lena bhfuil baint, chun críocha alt 14 d'Acht 1984, ag aon duine atá rannpháirteach sa chiste,

(xiv) ráiteas go mbaineann forálacha Chaibidil III de Chuid I d'Acht 1984 leis an gciste sin,

agus

(g) go bhfuil ráiteas sa réamheolaire, in ionad feiceálach, gur chóir do rannpháirtí ionchasach dul i gcomhairle le stocbhróicéir, bainisteoir bainc, aturnae, cuntasóir nó comhairleoir gairmiúil eile sula suibscríobhann sé aon mhéid leis an gciste sin.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, ní thabharfaidh an tAire ceadú faoin alt seo maidir le doiciméad dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo mura rud é, ina thuairim—

(a) go léiríonn an doiciméad go leordhóthanach na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir nó faoina réir, agus ar dá réir agus faoina réir amháin, a ghlacfar le suibscríobhanna leis an gciste ainmnithe iomchuí, agus

(b) go léiríonn an doiciméad go leordhóthanach go mbeidh aon chomhaontú ar neamhní a airbheartaíonn leasú nó eisiamh nó páirt-eisiamh a dhéanamh ar fheidhmiú aon téarma nó coinníoll a bhfuil, de bhua alt 8 den Acht seo, feidhm leis i ndáil le haon ghlacadh den sórt sin.

(6) Má eisíonn, má fhoilsíonn nó má scaipeann duine aon doiciméad nach foláir ceadú an Aire a fháil ina leith faoin alt seo agus má eisítear, má fhoilsítear nó má scaiptear an doiciméad sin gan ceadú an Aire, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(7) Má dhéanann comhlacht corpraithe cion faoi fho-alt (6) den alt seo agus má chruthaítear go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, beidh an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile nó aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú sa cháil sin, agus an comhlacht corpraithe freisin, ciontach i gcoin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh agus é a phionósú dá réir sin.

(8) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (6) nó (7) den alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(9) San alt seo tá le “cuideachta neamhluaite” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (1) d'Acht 1984.

Ceangal ar iontaobhaithe cistí infheistíochta ainmnithe dul faoi chomhaontú sonraithe sula n-infheistíonn siad airgead an chiste i gcuideachtaí príobháideacha.

6. —(1) Ní dhéanfaidh iontaobhaí ciste infheistíochta ainmnithe ná bainisteoir ag gníomhú thar a cheann infheistiú i scaireanna de chuid cuideachta príobháidí agus ní ghlacfaidh cuideachta phríobháideach airgead ón gciste mar íocaíocht as na scaireanna sin mura ndeachaigh an t-iontaobhaí nó an bainisteoir sin ar thaobh amháin agus an chuideachta ar an taobh eile faoi chomhaontú roimh ré a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a chomhlíonann ceanglais fho-alt (3) den alt seo.

(2) An comhaontú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is comhaontú i scríbhinn é trína gcomhaontaíonn an chuideachta phríobháideach, is páirtí sa chomhaontú, mar a leanas:

(a) go ndéanfaidh an chuideachta—

(i) nuair a bheidh scaireanna na cuideachta eisithe, agus

(ii) nuair is deimhin leis an gcuideachta gur rannpháirtí sa chiste infheistíochta ainmnithe iomchuí duine agus go bhfuil an duine sin, faoi na téarmaí agus na coinníollacha ar faoina réir a glacadh le suibscríobhanna leis an gciste, i dteideal a cheangal ar iontaobhaí an chiste a chur faoi deara aon scaireanna den sórt sin a aistriú go dtí ainm an duine,

ar iarratas sa chéill sin a bheith déanta chuig an gcuideachta ag iontaobhaí an chiste sin nó ag an duine sin nó ag a ionadaí pearsanta nó thar ceann an duine sin nó a ionadaí pearsanta, na scaireanna sin a chlárú in ainm an duine sin nó, más iomchuí, in ainm a ionadaí phearsanta,

(b) go nglacfaidh an chuideachta, d'fhonn na cláruithe sin a chur i gcrích, cibé bearta is gá, faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1982, nó faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , chun cibé athruithe (más ann) ina meabhrán comhlachais agus ina hairteagail chomhlachais a dhéanamh is gá chun a chumasú di na cláruithe sin a chur i gcrích de réir dlí.

(3) Maidir le comhaontú a gceanglaítear dul faoi le fo-alt (1) den alt seo—

(a) sonróidh sé líon na rannpháirtithe sa chiste infheistíochta ainmnithe iomchuí,

(b) sonróidh sé cineál na n-athruithe (más ann) i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na cuideachta príobháidí is páirtí sa chomhaontú ar athruithe iad nach foláir a dhéanamh má tá an comhaontú le cur i bhfeidhm, agus

(c) beidh ag gabháil leis cóip den rún, arna dheimhniú ag oifigeach cuí na cuideachta sin, a cheanglaítear le fo-alt (4) den alt seo a bheith rite sula ndéantar an comhaontú.

(4) (a) Ní rachaidh cuideachta phríobháideach faoi chomhaontú a gceanglaítear dul faoi le fo-alt (1) den alt seo mura rud é roimh ré—

(i) gur ritheadh rún speisialta ag cruinniú ginearálta den chuideachta—

(I) a dhéanann tagairt do théarmaí an chomhaontaithe agus a cheadaíonn na téarmaí sin, agus

(II) a dhéanann aon athruithe riachtanacha i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na cuideachta nó a dhéanann forálacha eile den sórt sin, is ní a éilítear a bheith mar ábhar don rún sin nó a bheith le cur i gcrích ag an rún sin, agus is gá chun a chumasú cláruithe a chur i gcrích de réir an chomhaontaithe, nó

(ii) i gcás an chuideachta sin a bheith údaraithe amhlaidh ag a hairteagail chomhlachais, go mbeidh rún, a thagraíonn amhlaidh agus a dhéanann agus a thugann ceadú den sórt sin agus a dhéanann cibé athruithe riachtanacha (más ann), sínithe ag comhaltaí uile na cuideachta (nó i gcás comhaltaí ar comhlachtaí corpraithe iad ag a n-ionadaithe ceaptha cuí) atá de thuras na huaire i dteideal freastal agus vótáil ar rún den sórt sin ag cruinniú ginearálta den sórt sin.

(b) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, nó in airteagail chomhlachais aon chuideachta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le rún a ritheadh ag comhlíonadh na gceanglas i mír (a) den fho-alt seo:

(i) ní bheidh an rún inleasaithe ná inchúlghairthe,

(ii) ní thiocfaidh foráil den rún ar athrú nó foráil eile dá dtagraítear i gclásal (II) d'fho-alt (4) (a) (i) nó i bhfomhír (ii) d'fho-alt (4) (a) den alt seo é i ngníomh go dtí go rachfar faoin gcomhaontú a ceadaíodh leis an rún,

(iii) ní thiocfaidh foráil den sórt sin i ngníomh mura rud é, agus mura rud é go heisiach, go bhfuil a theacht i ngníomh riachtanach má tá cláruithe le cur i gcrích de réir an chomhaontaithe a dúradh, agus

(iv) faoi réir fhomhíreanna (ii) agus (iii) den mhír seo, tiocfaidh foráil den sórt sin i ngníomh cibé lá a shocróidh stiúrthóirí na cuideachta lena mbaineann.

(5) Chun críocha an ailt seo, is é dáta an rúin dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a) (ii) den alt seo an dáta is déanaí ar shínigh comhalta den chuideachta phríobháideach lena mbaineann é agus i gcás go n-airbheartaítear rún den sórt sin a bheith sínithe ar dháta áirithe, ansin mura léirítear a mhalairt measfar chun críocha an ailt seo gurb é an duine a n-airbheartaítear é a bheith sínithe aige a shínigh é an dáta sin.

(6) Beidh comhaontú a gceanglaítear dul faoi le fo-alt (1) den alt seo agus ar comhlíonadh ceanglais eile an ailt seo ina leith ina cheangal ar an gcuideachta phríobháideach ar páirtí sa chomhaontú í, agus gan dochar d'aon cheart eile faoin gcomhaontú beidh an comhaontú inchurtha i bhfeidhm in aghaidh na cuideachta sin ag rannpháirtí sa chiste infheistíochta ainmnithe iomchuí a mhéid a fhorálann sé do chlárú a cuid scaireanna ag an gcuideachta sin in ainm an rannpháirtí sin.

(7) I gcás ar dóigh leis an Aire é a bheith riachtannach nó fóirsteanach chun a chumasú lánéifeacht a bheith leis an alt seo, féadfaidh an tAire, i ndáil le haon fhoráil in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, chun na críche sin foráil a dhéanamh le rialachán—

(a) maidir lena chur chun feidhme, i dteannta cibé modhnú nó oiriúnú a bheidh sonraithe sa rialachán, i ndáil le cuideachtaí príobháideacha d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, nó

(b) maidir lena neamhfheidhmiú i ndáil le cuideachtaí príobháideacha d'aicme nó de thuairisc den sórt sin, nó

(c) maidir lena leasú ar shlí eile.

(8) San alt seo ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” cuideachta phríobháideach mar a mhínítear chun críocha Acht na gCuideachtaí, 1963 , in alt 33 den Acht sin.

Ceadú faoi alt 5 a tharraingt siar.

7. —(1) Más rud é, tar éis don Aire ceadú a bheith tugtha aige faoi alt 5 den Acht seo, go dtagann sé ar fhaisnéis a chuirfeadh faoi deara dó, dá mb'eol dó í an tráth a raibh sé ag breithniú an dtabharfadh sé an ceadú, amhras a bheith air faoin gceadú a thabhairt, ansin, más rud é, ar an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí faoi fho-alt (2) den alt seo a bheith imithe i léig agus ar bhreithniú a bheith déanta ar aon uiríll nó agóidí faoin bhfo-alt sin i leith an ábhair, go mbreithníonn an tAire nár cheart go dtabharfaí an ceadú, déanfaidh sé an ceadú a tharraingt siar.

(2) I gcás go mbeartaíonn an tAire ceadú a tharraingt siar faoin alt seo, cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don duine ar tugadh an ceadú dó faoina bhfuil ar intinn aige agus na fáthanna atá leis agus luafar san fhógra go bhféadfaidh an duine sin nó go bhféadfar thar a cheann, laistigh de cibé tréimhse, dar tús dáta an fhógra, a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse tríocha lá ar a laghad) uiríll agus agóidí maidir leis an tarraingt siar atá ar intinn, a dhéanamh chuig an Aire (ar uiríll agus agóidí iad a údaraítear a dhéanamh leis seo).

Is de réir nó faoi réir téarmaí agus coinníollacha a bheidh sonraithe sa réamheolaire a ghlacfar le suibscríobhanna le cistí infheistíochta ainmnithe.

8. —Is de réir nó faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bheidh sonraithe sa réamheolaire iomchuí de bhun cheanglais alt 4 (1) den Acht seo agus is dá réir sin agus faoina réir sin amháin a ghlacfar le suibscríobhanna le ciste infheistíochta ainmnithe agus beidh aon chomhaontú ar neamhní a airbheartaíonn leasú nó eisiamh nó páirteisiamh a dhéanamh ar fheidhmiú aon téarma nó coinníll a bhfuil feidhm leis de bhua an ailt seo i ndáil le haon ghlacadh den sórt sin.

Caiteachais.

9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

10. —(1) Féadfar an tAcht um Chistí Infheistíochta Ainmnithe, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1985, a ghairm d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1983, agus d'alt 6 den Acht seo le chéile.