An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nALTRAÍ, 1985) Ar Aghaidh (CUID II An Bord Altranais)

18 1985

ACHT NA nALTRAÍ, 1985

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na nAltraí, 1985 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” An Bord Altranais nó the Nursing Board a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheaptar ina lá bunaithe faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Bord faoi alt 13 (2) den Acht seo;

ciallaíonn “an Seanbhord” an Bord Altranais a bunaíodh faoi Acht na nAltran, 1950 ;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “Ballstát” stát, seachas an Stát, ar comhalta é de Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “cnáimhseach” duine a bhfuil a ainm taifeadta i roinn na gcnáimhseach den chlár;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “altra” bean nó fear a bhfuil a ainm nó a hainm taifeadta sa chlár agus folaíonn sé cnáimhseach agus folaíonn “altracht” “cnáimhseachas”;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacha arna ndéanamh ag an mBord;

ciallaíonn “an clár” clár na n-altraí a bhunaítear faoi alt 27 den Acht seo;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta i gClár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bunaíodh faoi Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978;

ciallaíonn “rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 26 den Acht seo.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

An lá bunaithe.

4. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.