|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
[EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 24 de 1985 | ||||||||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1985 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 24 de 1985 | ||||||||
AN tACHT LEITHREASA, 1985 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ. [28 Nollaig, 1985] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,150,747,000, a leithreasú. |
1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle céad is caoga milliún, seacht gcéad daichead is seacht míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig chéad tríocha is cúig mhilliún, trí chéad seasca is ceithre mhíle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1985 , a ghairm den Acht seo. |