|
||||
|
| [EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 1 de 1986 | ||||||||
| [EN] |
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 1 de 1986 | ||||||||
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936 . [27 Feabhra, 1986] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 . |
1. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 — | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (a) trí | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
| [EN] | a chur isteach sa Dara Sceideal i ndiaidh | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
| [EN] | agus | ||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 33, le héifeacht amhail ar agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1986, i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (2): | ||||||||||||||||||||||
| [EN] | “(aa) comhdhéanamh Cuarda Ard-Chúirte a athrú trí chontae nó contaetha, contaebhuirg nó contaebhuirgí nó contae nó contaetha agus contaebhuirg nó contaebhuirgí a chur leis an gCuaird nó a bhaint den Chuaird, nó”. | ||||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) (a) Meastar leis seo gurb é Gaillimh an baile achomhairc, de réir bhrí Chuid IV den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , chun críocha achomharc i gcoinne breithiúnas nó orduithe ón gCúirt Chuarda a tugadh nó a rinneadh i gcaingne nó in ábhair a éistíodh agus a cinneadh, roimh dháta rite an Achta seo, i gContaebhuirg na Gaillimhe nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1986, sa limistéar arbh í an Chontaebhuirg sin í ar an dáta sin. | ||||||||||||||||||||||
| [EN] | (b) Fógra achomhairc a seirbheáladh roimh an dáta rite sin i leith breithiúnais nó ordú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, ní bheidh sé neamhbhailí toisc amháin nach raibh baile achomhairc, de réir na brí réamhráite, do Chontaebhuirg na Gaillimhe sonraithe, nó nach raibh mír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, tráth na seirbheála sin. | ||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1986 , a ghairm den Acht seo. | |||||||||||||||||||||
| [EN] | (2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, agus den Acht seo le chéile. | ||||||||||||||||||||||