4 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1986


AN tACHT AERIOMPAIR, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Muirir etc. lena mbaineann an tAcht.

3.

Fógra ag ceangal sonraí a thabhairt i dtaobh taraifí aerlíne beartaithe.

4.

Ordú sealadach fad a bheifear ag fanacht le cinneadh faoi alt 3.

5.

An clár.

6.

Cionta.

7.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

8.

Pionóis.

9.

Fógraí a thabhairt.

10.

Leasú ar Acht 1965.

11.

Caiteachais.

12.

Aisghairm.

13.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965

1965, Uimh. 6

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1986


AN tACHT AERIOMPAIR, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE RÁTAÍ AGUS TÁILLÍ A RIALÚ A MHUIREARÓFAR AR AER-SHEIRBHÍSÍ GO DTÍ CRÍOCH AN STÁIT, AGUS UAITHI, AGUS LAISTIGH DI, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS NA MUIRIR EILE A RIALÁIL A BHAINEANN LEIS NA hAERSHEIRBHÍSÍ SIN AGUS LEIS NA COIN-NÍOLLACHA NÓ NA TÉARMAÍ EILE AR A SOLÁ-THRÓFAR NÓ AR FAOINA RÉIR A SHOLÁTHRÓFAR NA hAERSHEIRBHÍSÍ SIN, AGUS DO LEASÚ AN ACHTA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20 Márta, 1986].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 ;

ciallaíonn “aeriompróir lena mbaineann an tAcht seo” duine—

(a)  a oibríonn aersheirbhís de chineál atá údaraithe de thuras na huaire faoi alt 7 d'Acht 1965, nó

(b)  a bhfuil údarás faoi alt 8 d'Acht 1965 ar údarás é atá i bhfeidhm de thuras na huaire deonaithe dó;

ciallaíonn “taraif aerlíne” na táillí, na rátaí nó na muirir eile is iníoctha le haeriompróir, nó arna ndéanamh ag aeriompróir, lena mbaineann an tAcht seo, nó le hidirghabhálaí, nó ag idirghabhálaí, lena mbaineann alt 6 den Acht seo, maidir le paisinéirí (bíodh bagáiste acu nó ná bíodh), post nó lasta eile a iompar d'aer agus na coinníollacha (lena n-áirítear, go háirithe, coinníollacha maidir le gníomhaireacht nó seirbhísí cumhalda eile) nó na téarmaí eile ar dá réir nó faoina réir a bheidh na muirir sin le híoc nó le déanamh.

folaíonn “táille” táille tar éis lascaine;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

tá le “an clár” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

folaíonn “ráta” ráta tar éis lascaine.

Muirir etc. lena mbaineann an tAcht.

2. —Baineann an tAcht seo le haon táille, ráta nó muirear eile, téarma nó coinníoll atá ar áireamh i dtaraif aerlíne is taraif aerlíne lena mbaineann fógra faoi alt 3 den Acht seo a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire.

Fógra ag ceangal sonraí a thabhairt i dtaobh taraifí aerlíne beartaithe.

3. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'aeriompróir lena mbaineann an tAcht seo, a cheangal ar an iompróir sin fad a fhanfaidh an fógra i bhfeidhm, sonraí i dtaobh aon taraife aerlíne a bheartaíonn an t-aeriompróir sin a chur i bhfeidhm, is taraif aerlíne lena mbaineann an fógra, a chur nó a chur faoi deara iad a chur thar a cheann, i scríbhinn agus roimh fheidhmiú na taraife sin, faoi bhráid an Aire.

(b)  I gcás go dtabharfar fógra faoin alt seo, ansin, fad a fhanfaidh an fógra i bhfeidhm, comhlíonfaidh an duine dá dtabharfar é ceanglais an fhógra.

(2) I gcás go gcuirfear taraif aerlíne faoi bhráid an Aire de bhun ceanglas fógra faoin alt seo, féadfaidh an tAire an taraif, nó aon ní ar áireamh inti a cheadú, fara nó in éagmais modhnú, nó féadfaidh sé diúltú an taraif, nó aon ní ar áireamh amhlaidh, a cheadú: ar choinníoll nach ndéanfaidh an tAire cinneadh faoin alt seo i ndáil leis an taraif aerlíne roimh an lá atá lá is fiche tar éis an lae a dtaifeadfar sonraí i dtaobh na taraife aerlíne sa chlár de bhun alt 5 den Acht seo, nó roimh an lá díreach tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear san fhógra cuí faoi fho-alt (4) den alt seo, cibé acu is déanaí.

(3) Le linn don Aire taraif aerlíne a chuirfear faoina bhráid faoin alt seo a mheas déanfaidh sé, chomh maith le haird a thabhairt ar leasanna an aeriompróra a dhéanfaidh, nó ar thar a cheann a dhéanfar, an cur-faoi-bhráid, aird a thabhairt—

(a) ar leasanna réasúnacha—

(i) na n-aeriompróirí eile lena mbaineann an tAcht seo, agus

(ii) na ndaoine a mheasfaidh sé a úsáidfidh an tseirbhís phaisinéara, nó an tseirbhís phoist nó an tseirbhís lasta eile, de réir mar is iomchuí, lena mbainfidh an taraif aerlíne bheartaithe,

(b) ar an méid a d'fhéadfadh an tionscal turasóireachta dul chun leasa don eacnamaíocht mar gheall ar tharaifí aerlíne a sholáthar (faoi réir an riachtanais tionscal aeriompair a chothabháil) atá iomaíoch ó thaobh na dtáillí, na rátaí nó na muirear eile agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme,

(c) ag féachaint go háirithe do leas an phobail, ar an ngá atá le leanúnachas, réimse, minicíocht agus caighdeán gach ní, nó aon ní, díobh seo a leanas a chothabháil, is é sin le rá, aersheirbhísí áirithe go dtí an Stát, ón Stát nó laistigh de, aersheirbhísí den sórt sin i gcoitinne nó saoráidí aerfoirt a ghabhann le haersheirbhísí den sórt sin,

(d) ar aon uiríll nó agóidí maidir leis an taraif aerlíne a dhéanfar chuige laistigh den tréimhse a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo (agus údaraítear leis seo na huiríll agus na hagóidí sin a dhéanamh), agus

(e) ar aon chomhaontú aeriompair nó aon chomhaontú idirnáisiúnta eile atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus ar páirtí ann an Stát.

(4) Más rud é go mbeartóidh an tAire faoin alt seo taraif aerlíne a cheadú fara modhnuithe, nó diúltú í a cheadú, tabharfaidh sé don aeriompróir nó don duine eile óna bhfuarthas an cur-faoi-bhráid cuí faoin alt seo, fógra i scríbhinn faoina bhfuil beartaithe aige agus faoi na cúiseanna leis sin agus luafar san fhógra go bhféadfaidh an t-aeriompróir sin, laistigh de cibé tréimhse, dar tús dáta an fhógra, a shonrófar san fhógra (is tréimhse nach giorra ná seacht lá), uiríll agus agóidí a dhéanamh chuig an Aire maidir leis an diúltú nó an modhnú atá beartaithe (agus údaraítear leis seo na huiríll agus na hagóidí sin a dhéanamh).

(5) Féadfaidh fógra faoin alt seo a bheith bainteach le taraifí aerlíne i gcoitinne nó le cibé taraifí ar d'aicme nó de thuairisc iad a shonrófar san fhógra agus, in aon chás ina mbeidh fógra den sórt sin bainteach le taraifí aerlíne d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh, tabharfar an fógra do gach aeriompróir lena mbaineann an tAcht seo a chuireann taraifí aerlíne den aicme nó den tuairisc sin i bhfeidhm nó a bheartaíonn iad a chur i bhfeidhm.

(6) Fanfaidh fógra faoin alt seo i bhfeidhm go dtí go dtarraingeoidh an tAire siar é le fógra i scríbhinn.

Ordú sealadach fad a bheifear ag fanacht le cinneadh faoi alt 3.

4. —(1) I gcás go gcuirfidh aeriompróir taraif aerlíne faoi bhráid an Aire, nó go gcuirfear faoi bhráid an Aire thar a cheann í, de bhun alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire ordú a thabhairt faoin alt seo i leith an aeriompróra sin don duine óna bhfuarthas an cur-faoi-bhráid á thoirmeasc ar an aeriompróir sin an taraif a chur i bhfeidhm (cibé acu go díreach nó trí ghníomhaire) nó, de réir mar a shonrófar san ordú, aon cheann nó níos mó de na táillí, de na rátaí nó de na muirir eile, de na téarmaí nó de na coinníollacha a bheidh ar áireamh i dtaraif den sórt sin agus sonraithe amhlaidh a bhailiú, a mhuirearú, a dhéanamh, a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, agus tiocfaidh ordú den sórt sin i bhfeidhm ar dhul in éag don tréimhse seacht lá dar tús an lá a sheolfaidh an tAire cóip den ordú mura rud é, tráth nach déanaí ná an seachtú lá tar éis an lae a sheolfar amhlaidh cóip den sórt sin, go suífidh an duine óna bhfuarthas an cur-faoi-bhráid don Aire nach ceart don ordú teacht i bhfeidhm.

(2) I gcás go seolfaidh an tAire cóip d'ordú taoin alt seo, seolfaidh an tAire, an tráth céanna, fógra i scríbhinn chuig an duine óna bhfuarthas an cur-faoi-bhráid cuí faoin alt seo á rá go bhféadfaidh an t-aeriompróir lena mbaineann, laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, uiríll a dhéanamh chuig an Aire á rá cad ina thaobh nach ceart don ordú teacht i bhfeidhm.

(3) Fanfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ocht lá is fiche dar tús an lá a thabharfar é nó go dtí go ndéanfaidh an tAire cinneadh faoi alt 3 den Acht seo maidir leis an taraif aerlíne chuí, cibé acu sin is túisce a tharlóidh.

(4) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don duine óna bhfuarthas an cur-faoi-bhráid cuí faoin alt seo, an tréimhse a bhfanfaidh ordú áirithe faoin alt seo i bhfeidhm lena linn a fhadú nó a fhadú tuilleadh go ceann tréimhse nach faide ná ocht lá is fiche i gceachtar cás.

An clár.

5. —(1) Coimeádfaidh an tAire clár (dá ngairtear “an clár” san Acht seo) chun críocha an Achta seo agus, a luaithe is féidir, taifeadfaidh sé sonraí ann i dtaobh na nithe seo a leanas—

(a)  aon iarratas chuig an Aire ó aeriompróir nó thar a cheann ar údarás faoi alt 7 nó 8 d'Acht 1965 chun aersheirbhís a oibriú go dtí críoch an Stáit nó uaithi nó laistigh di agus ar oibriú é a mbeartódh an tAire, i gcás an t-údarás a dheonú, fógra a eisiúint ina leith faoi alt 3 den Acht seo,

(b)  aon chinneadh a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (a) den fho-alt seo,

(c)  aon taraif aerlíne a chuirfear faoi bhráid an Aire de bhun ceanglas fógra faoi alt 3 den Acht seo agus ainm an aeriompróra a dhéanfaidh, nó ar thar a cheann a dhéanfar, an cur-faoi-bhráid,

(d) aon chinneadh a dhéanfaidh an tAire faoin alt sin 3, agus

(e) aon ordú sealadach a thabharfar faoi alt 4 den Acht seo.

(2) Coimeádfar an clár i cibé áit a ordóidh an tAire agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn cibé uaireanta an chloig oifige a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire.

Cionta.

6. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine aon táille, ráta nó muirear eile, aon téarma nó coinníoll lena mbaineann an tAcht seo a bhailiú, a mhuirearú, a dhéanamh, a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, agus

(b) (i) nach bhfuil an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll ar áireamh i dtaraif aerlíne a chuir an t-aeriompróir lena mbaineann, nó a cuireadh thar a cheann, faoi bhráid an Aire roimh ré de bhun cheanglais alt 3 den Acht seo, nó

(ii) gur cuireadh amhlaidh taraif aerlíne den sórt sin faoi bhráid an Aire ach gur dhiúltaigh an tAire an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll a cheadú, ar é a chur faoina bhráid amhlaidh, nó

(iii) gur cuireadh amhlaidh taraif aerlíne den sórt sin faoi bhráid an Aire agus gur cheadaigh an tAire í faoi réir modhnú, ach go ndearna an duine, le linn dó an muirear, an téarma nó an coinníoll a bhailiú, a mhuirearú, a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, neamhaird den mhodhnú,

beidh an duine ciontach i gcion.

(2) Ní dhéanfaidh duine a oibríonn aersheirbhís ná idirghabhálaí lena mbaineann an t-alt seo—

(a) aon fhógrán a chló nó a fhoilsiú nó a chur faoi deara aon fhógrán a chló nó a fhoilsiú nó cló nó foilsiú aon fhógráin a thabhairt chun críche ar fógrán é a fhógraíonn aon táille, ráta nó muirear—

(i) is táille, ráta nó muirear lena mbaineann an tAcht seo, agus

(ii) is táille, ráta nó muirear ar chion faoin Acht seo a leithéid a bhailiú, a mhuirearú nó a dhéanamh i gcás go ndéanfaí amhlaidh, nó

(b) aon doiciméad a dháileadh nó a chur ar fáil don phobal ar shlí eile, ar doiciméad é—

(i) ina bhfuil fógrán a thuairiscítear i mír (a) den fho-alt seo, nó

(ii) ina bhfuil aon tagairt do tháille, do ráta nó do mhuirear a thuairiscítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) den mhír sin (a).

(3) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo ciontach i gcion.

(4) Má tharlaíonn gur duine seachas an t-aeriompróir ar ina tharaif aerlíne atá an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll cuí, ar áireamh, a dhéanfaidh cion faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo, measfar, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, go ndearna an t-aeriompróir sin cion faoin bhfo-alt (1) nó (3) sin, de réir mar is iomchuí.

(5) In aon imeachtaí i leith ciona faoin alt seo is cosaint don chosantóir a chruthú—

(i) go raibh, tráth an chiona líomhnaithe, an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll lena mbaineann an cion líomhnaithe, socraithe le hordú faoi alt 9 (arna leasú le halt 10 den Acht seo) d'Acht 1965, nó

(ii) gur d'éagmais toiliú, cúlcheadú nó mainneachtain dá chuid a rinneadh an sárú ábhartha nó gur ghlac sé bearta réasúnacha, nó gur chuir sé faoi deara bearta réasúnacha a ghlacadh, chun an sárú a chosc nó a sheachaint.

(6) Aon duine a sháróidh ordú faoi alt 4 den Acht seo cibé acu go díreach nó mar ghníomhaire d'aeriompróir, beidh sé ciontach i gcion.

(7) I gcás cion faoi fho-alt (1), (3) nó (6) den alt seo a bheith déanta nó, de bhua fho-alt (4) den alt seo, a bheith measta a bheith déanta, ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion sin le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí mhainneachtain thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile den chomhlacht, measfar go ndearna seisean, chomh maith leis an gcomhlacht, an cion céadluaite.

(8) San alt seo ciallaíonn “idirghabhálaí lena mbaineann an t-alt seo” duine a dhéanfaidh mar ghníomhaire—

(a) socrú chun cóiríocht a dhíol nó a thairiscint lena díol, nó

(b) cóiríocht a dhíol nó a thairiscint lena díol, nó

(c) cóiríocht a cheannach nó a thairiscint í a cheannach,

ar cóiríocht í le haghaidh paisinéirí, post nó lasta eile a iompar d'aer nó a thabharfaidh le fios, trí fhógraíocht nó ar shlí eile, gur duine é a dtig leis cóiríocht den sórt sin a chur ar fáil, cibé acu inti féin nó in éineacht le cóiríocht eile, nó maille le saoráidí nó seirbhísí.

Luach fianaiseach deimhnithe áirithe.

7. —In aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, má thugtar deimhniú ar aird a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a dheimhníonn gur táille, ráta nó muirear eile, téarma nó coinníoll de réir mar is cuí lena mbaineann an tAcht seo táille, ráta nó muirear eile, téarma nó coinníoll a shonraítear sa deimhniú agus—

(a) nach raibh an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll a shonrófar amhlaidh ar áireamh in aon taraif aerlíne a cuireadh faoi bhráid an Aire de bhun cheanglais alt 3 den Acht seo, nó

(b) go ndearna an tAire, tar éis an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll a bheith curtha faoina bhráid amhlaidh, é a cheadú faoi réir modhnú (ar modhnú é a dheimhneofar sa deimhniú), nó

(c) cé gur cuireadh an táille, an ráta nó an muirear eile, an téarma nó an coinníoll faoi bhráid an Aire amhlaidh gur dhiúltaigh sé é a cheadú,

beidh, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tabhairt ar aird an deimhnithe sin ina fhianaise ar aon fhíoras a dheimhneofar leis an deimhniú gan cruthúnas ar aon síniú air nó gur síniú oifigigh den sórt sin aon síniú den sórt sin.

Pionóis.

8. —(1) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1965 i leith sárú ar ordú faoi alt 9 den Acht sin nó i leith faillí ordú faoin alt sin a chomhlíonadh nó gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (6) d'alt 6 den Acht seo nó a mheasfar, de bhua fho-alt (4) nó (7) den alt sin, a rinne cion den sórt sin dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 a chur air.

(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 6 (3) den Acht seo nó a mheasfar de bhua fho-alt (4) nó (7) den alt sin, a rinne cior den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Fógraí a thabhairt.

9. —(1) I gcás go gceanglaíonn an tAcht seo fógra a thabhairt do dhuine, díreofar chuige é agus tabharfar dó é ar shlí éigin díobh seo a leanas:

(a) i gcás go mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína shea chadadh air;

(b) trína chur le telex nó le teachtaireacht teileachumarsáide eile chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó trína fhágáil ag an seoladh sin nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, chuig an seoladh sin nó aige;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás a mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta is cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomhoifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

Leasú ar Acht 1965.

10. —Leasaítear leis seo Acht 1965—

(a) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “an tAire” i bhfo-alt (1) d'alt 1:

“folaíonn ‘táillí’ táillí tar éis lascaine;

folaíonn ‘rátaí’ rátaí tar éis lascaine;”;

(b) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) d'alt 6 (1) (b):

“(i) má bhíonn ordú faoi alt 9 (arna leasú le halt 10 den Acht Aeriompair, 1986 ), den Acht seo i bhfeidhm ag socrú na dtáillí, na rátaí nó na muirear eile, na dtéarmaí nó na gcoinníollacha a mhuirearófar, a dhéanfar, a fheidhmeofar nó a fhorchuirfear maidir le paisinéirí, lasta agus post a iompar ar an tseirbhís, go ndéanfar na táillí, na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha a socraíodh amhlaidh a mhuirearú, a dhéanamh, a fheidhmiú nó a fhorchur, de réir mar is iomchuí, maidir leis an tseirbhís, nó

(ii) más táillí, rátaí nó muirir eile, téarmaí nó coinníollacha lena mbaineann an tAcht Aeriompair, 1986 , na táillí na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha a mhuirearófar, a dhéanfar, a fheidhmeofar nó a fhorchuirfear amhlaidh—

(I) go bhfuil na táillí, na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha ar áireamh i dtaraif aerlíne a cuireadh faoi bhráid an Aire roimh ré lena ceadú de bhun alt 3 den Acht sin, agus

(II) nach táille, ráta nó muirear eile, téarma nó coinníoll aon cheann de na táillí, na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha, ar maidir leis a dhiúltaigh an tAire tar éis é a chur faoina bhráid a cheadú a thabhairt, nó ar maidir leis, i gcás ceadú den sórt sin a bheith tugtha ag an Aire faoi réir modhnú, a thugtar aird ar an modhnú.”;

(c)  trí “, na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha a shocrú a mhuirearófar, a dhéanfar, a fheidhmeofar nó a fhorchuirfear as paisinéirí, lasta, nó post a iompar, nó i ndáil leis an iompar sin,” a chur in ionad “nó na rátaí a shocrú a mhuirearófar as paisinéirí, lasta nó post a iompar” i bhfo-alt (1) d'alt 9;

(d)  trí “, rátaí nó muirir eile, téarmaí nó coinníollacha” a chur in ionad “nó rátaí” i bhfo-alt (2) d'alt 9;

(e)  trí “, rátaí nó muirir eile, téarmaí nó coinníollacha a mhuirearaítear, a dhéantar, a fheidhmítear nó a fhorchuirtear as paisinéirí, lasta agus post a iompar, nó i ndáil leis an iompar sin, ar na seirbhísí sin, nó a bheartaítear a mhuirearú, a dhéanamh, a fheidhmiú nó a fhorchur amhlaidh,” a chur in ionad “nó rátaí a mhuirearaítear nó a bheartaítear a mhuirearú as paisinéirí, lasta agus post a iompar ar na seirbhísí sin” i bhfomhír (vi) d'alt 11 (a);

(f)  trí “, seachas i gcás sárú ar ordú arna dhéanamh faoi alt 9 den Acht seo nó i gcás faillí a dhéanamh ina chomhlíonadh,” a chur isteach roimh “dlífear” i bhfo-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1965; agus

(g)  trí “£1,000” agus “£100,000” a chur in ionad “céad punt” agus “míle punt”, faoi seach i bhfo-alt (2) d'alt 12;

agus tá an fo-alt sin (1), an fo-alt sin (2) den alt sin 9, an fhomhír sin (vi) den alt sin 11 (a), agus an fo-alt sin (2) den alt sin 12, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1, 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1. (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, na táillí, na rátaí nó na muirir eile, na téarmaí nó na coinníollacha a shocrú a mhuirearófar, a dhéanfar, a fheidhmeofar nó a fhorchuirfear as paisinéirí, lasta nó post a iompar, nó i ndáil leis an iompar sin, ar aersheirbhísí go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di.

2. (2) Féadfaidh ordú faoin alt seo táillí, rátaí nó muirir eile, téarmaí nó coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aersheirbhísí éagsúla nó i leith paisinéirí, lasta nó post d'earnálacha éagsúla agus féadfaidh sé feidhm a bheith aige maidir le gach aersheirbhís go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di, nó bheith gan feidhm ach amháin maidir le haersheirbhís shonraithe nó aersheirbhísí sonraithe go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di.

3. (vi) cibé eolas a shonróidh an tAire a thabhairt don Aire maidir le táillí, rátaí nó muirir eile, téarmaí nó coinníollacha a mhuirearaítear, a dhéantar, a fheidhmítear nó a fhorchuirtear as paisinéirí, lasta agus post a iompar, nó i ndáil leis an iompar sin, ar na seirbhísí sin, nó a bheartaítear a mhuirearú, a dhéanamh, a fheidhmiú nó a fhorchur amhlaidh, agus

4. (2) Aon duine a sháróidh foráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo, nó a fhailleoidh í a chomhlíonadh, nó a mheasfar leis an alt seo a bheith tar éis foráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo a shárú nó tar éis faillí a dhéanamh ina comhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus, seachas i gcás sárú ar ordú arna dhéanamh faoi alt 9 den Acht seo nó i gcás faillí a dhéanamh ina chomhlíonadh, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na Cúirte, an phríosúnacht agus an fhíneáil le chéile a chur air; nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air nó, de rogha na Cúirte, an phríosúnacht agus an fhíneáil le chéile a chur air.

Caiteachais.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

12. —Aisghairtear leis seo alt 10 d'Acht 1965.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Aeriompair, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1975, agus den Acht seo le chéile.