6 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1986


AN tACHT SAORPHORT, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Saorphoirt a bhunú.

3.

Bainisteoireacht agus rialú saorphort.

4.

Deonú ceadúnais chun trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh de shaorphort.

5.

Iarratas ar cheadúnas.

6.

Coinníollacha i gceangal le ceadúnas.

7.

Ceadúnas a chúlghairm nó a athrú.

8.

Clár de cheadúnais.

9.

Srianadh maidir le trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh de shaorphort.

10.

Forálacha a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i saorphort.

11.

Feithiclí, longa, báid, sciorrárthaí agus aerárthaí laistigh de 32 chiliméadar ó shaorphort a scrúdú.

12.

Rialacháin ag an Aire Airgeadais.

13.

Rialacháin ag an Aire.

14.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid an Oireachtais.

15.

Caiteachais.

16.

Úsáid airgid is iníoctha faoin Acht.

17.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.


An tAcht dá dTagraítear

Public Offices Fees Act, 1879

42 agus 43 Vict., c. 58

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1986


AN tACHT SAORPHORT, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SAORPHOIRT A BHUNÚ AGUS A CHOTHABHÁIL AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [27 Márta, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhphobal” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “earraí Comhphobail” earraí—

(a)  a  mhonaraítear nó a tháirgtear i gcríoch custam an Chomhphobail gan earraí ó thíortha nó ó chríocha nach cuid de chríoch custam an Chomhphobail a chur leo, nó

(b)  ó  thíortha nó ó chríocha nach bhfuil ina gcuid de chríoch custam an Chomhphobail agus a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, nó

(c)  a  mhonaraítear nó a tháirgtear i gcríoch custam an Chomhphobail, ó earraí dá dtagraítear i mír (b) nó ó chónasc d'earraí dá dtagraítear i mír (a) agus i mír (b) den mhíniú seo;

ciallaíonn “saorphort” limistéar ar saorphort é de thuras na huaire, faoi alt 2 den Acht seo;

folaíonn “earraí” nithe de gach sórt, beo nó neamhbheo;

ciallaíonn “dleachtanna ar allmhairí” dleachtanna agus muirir chustam chomhéifeachta, chomh maith le tobhaigh thalmhaíochta agus muirir eile ar allmhairí atá leagtha síos laistigh de chreatlach Chomhbheartas Talmhaíochta an Chomhphobail nó i gcreatlach comhshocraíochtaí sonracha is infheidhme, de bhun Airteagal 235 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail, maidir le hearraí áirithe a thig as próiseáil earraí talmhaíochta;

ciallaíonn “próiseáil iontrála” an modh faoina bhféadtar earraí a allmhairítear isteach sa Chomhphobal agus ar a ndlitear dleachtanna ar allmhairí, a chur faoi rialú custam gan na dleachtanna ar allmhairí is infheidhme maidir leo a íoc, chun iad a phróiseáil agus a onnmhairiú lasmuigh de chríoch custam an Chomhphobail;

folaíonn “talamh” talamh faoi uisce agus aon chuid d'uiscí teorann an Stáit;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas a dheonaítear faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “earraí neamh-Chomhphobail” carraí seachas earraí Comhphobail, lena n-áirítear, gan dochar do na comhaontuithe a rinne an Comhphobal le tíortha nach Ballstáit den Chomhphobal chun críocha an mhodha idirthurais sa Chomhphobal, earraí a ndéantar, bíodh go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos d'earraí Comhphobail, iad a athallmhairiú isteach i gcríoch custam an Chomhphobail tar éis iad a onnmhairiú ón gcríoch sin;

ciallaíonn “oifigeach custam agus máil” aon oifigeach custam agus máil nó aon oifigeach eile de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “próiseáil faoi rialú custam” na comhshocraíochtaí faoina ligtear earraí neamh-Chomhphobail isteach i gcríoch custam an Chomhphobail chun críocha próiseála trína n-athraítear a dtuairisc nó a staid, gan iad a bheith inchurtha faoi dhleachtanna ar allmhairí, agus na táirgí a thig ón bpróiseáil a chur i saorchúrsaíocht de réir an ráta dleachta ar allmhairí is iomchuí dóibh;

ciallaíonn “gnáthmhodhanna láimhseála” na modhanna láimhseála atá leagtha amach in Airteagal 1 de Threoir Uimh. 71/235/CEE ón gComhairle, an 21 Meitheamh, 1971.1

Saorphoirt a bhunú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála, a dhearbhú, le hordú, gur saorphort chun críocha an Achta seo, ar dháta sonraithe agus dá éis, an talamh laistigh de na teorainneacha a shainmhíneofar leis an ordú sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála, ordú a dhéanfar faoin alt seo a leasú le hordú.

Bainisteoireacht agus rialú saorphort.

3. —(1) Beidh gach saorphort a bhunófar faoin Acht seo faoi rialú agus faoi bhainisteoireacht cibé duine nó daoine a ainmneoidh an tAire le hordú le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála, ordú a dhéanfar faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

Deonú ceadúnais chun trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh de shaorphort.

4. —Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, ceadúnas a dheonú do dhuine ar bith á údarú dó aon trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh de shaorphort nó féadfaidh an tAire an ceadúnas sin a dhiúltú.

Iarratas ar cheadúnas.

5. —(1) Féadfaidh aon duine iarratas ar cheadúnas a dhéanamh chun an Aire.

(2) Maidir le gach iarratas—

(a)  is i scríbhinn a bheidh sé,

(b)  seolfar é go dtí an Rúnaí, an Roinn Cumarsáide, Baile Átha Cliath,

(c)  sonrófar ann an trádáil, an gnó nó an monarú ar mian leis an iarratasóir go mbainfeadh an ceadúnas leis nó léi,

(d)  beidh cibé faisnéis a éileoidh an tAire ag gabháil leis.

Coinníollacha i gceangal le ceadúnas.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, cibé coinníollacha is cuí leis a chur i gceangal le ceadúnas, lena n-áirítear coinníollacha, a shocróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceadúnaí, maidir leis an dáta arb air nó roimhe a thosóidh an ceadúnaí ar an trádáil, an gnó nó an monarú a údaraítear leis an gceadúnas a sheoladh laistigh de shaorphort.

(2) Aon cheadúnaí nach ndéanfaidh de réir coinníll a bheidh i gceangal leis an gceadúnas, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Ceadúnas a chúlghairm nó a athrú.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a chúlghairm más rud é—

(a) gur deimhin leis gur sáraíodh coinníoll a bhí i gceangal leis an gceadúnas, nó

(b) go gciontaítear an ceadúnaí i gcion in aghaidh na nAchtanna Custam.

(2) Féadfaidh an tAire na coinníollacha a bheidh i gceangal le ceadúnas a athrú tráth ar bith.

(3) Sula gcúlghairfidh an tAire ceadúnas, tabharfaidh sé fógra aon lá is fiche ar a laghad don cheadúnaí faoina bhfuil beartaithe aige agus breithneoidh sé aon uiríll a dhéanfaidh an ceadúnaí chuige.

Clár de cheadúnais.

8. —(1) Bunóidh an tAire agus cothabhálfaidh sé clár (dá ngairtear “an clár” san alt seo) de cheadúnais a dheonófar faoin Acht seo.

(2) Taifeadfar sa chlár maidir le gach ceadúnas—

(a) ainm an duine dár deonaíodh an ceadúnas, agus

(b) an trádáil, an gnó nó an monarú lena mbaineann an ceadúnas.

(3) Coimeádfar an clár sa Roinn Cumarsáide, Baile Átha Cliath, agus beidh sé ar oscailt lena scrúdú le linn cibé tráthanna a ordóidh an tAire ar cibé táille a íoc a fhorordóidh an tAire ó am go ham le hordú.

Srianadh maidir le trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh de shaorphort.

9. —(1) Ní sheolfaidh aon duine trádáil, gnó ná monarú laistigh de shaorphort mura sealbhóir é ar cheadúnas a údaróidh an trádáil, an gnó nó an monárú sin, de réir mar a bheidh, a sheoladh laistigh den saorphort sin.

(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Forálacha a bhaineann le hearraí a thugtar isteach i saorphort.

10. —(1) (a) Faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, beidh earraí neamh-Chomhphobail a thugtar isteach i saorphort díolmhaithe ó dhleachtanna ar allmhairí agus leanfaidh siad de bheith díolmhaithe ó na dleachtanna sin fad a fhanfaidh na hearraí laistigh den saorphort sin.

(b) Féadfar maidir le hearraí neamh-Chomhphobail i saorphort:

(i)  iad a lódáil, a dhílódáil, a thrasloingsiú nó a stóráil;

(ii)  iad a chur faoi na gnáthmhodhanna láimhseála trína mbeartaítear iad a chaomhnú nó a bpacáistiú nó a gcáilíocht inmhargaidh a fheabhsú;

(iii) a n-úinéireacht a aistriú;

(iv) iad a dhíothú.

(c)  I gcás go ndéantar earraí neamh-Chomhphobail a chur, i saorphort, faoi mhodhanna cóireála seachas na modhanna dá dtagraítear i mír (b) den alt seo, cuirfear an chóireáil sin orthu faoi na coinníollacha agus de réir na rialacha a bhaineann le próiseáil iontrála nó le próiseáil faoi rialú custam.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, ní fhéadfar earraí a mhonaraítear nó a tháirgtear laistigh de shaorphort ná earraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, a úsáid, a thomhailt ná a mhiondíol i saorphort ach amháin sa chás go n-íocfar na dleachtanna ar allmhairí iomchuí; ar choinníoll, áfach, nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hearraí a úsáidtear i saorphort sna himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) agus i bhfo-alt (1) (c) den alt seo.

(3) D'ainneoin fho-alt (1) (a) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teorainn a chur leis an tréimhse ina bhféadfaidh earraí fanacht i saorphort.

(4) (a) Más rud é gur le haghaidh tomhailte baile a sheachadtar earraí neamh-Chomhphobail a thugtar isteach i saorphort, baileofar na dleachtanna ar allmhairí ar bhonn na rátaí nó na méideanna is infheidhme ar dháta seachadta na n-earraí le haghaidh tomhailte baile de réir a gcineáil agus a luacha chun críocha custam agus a gcainníochta mar a fhionnfaidh nó mar a ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim sin ar an dáta sin; ar choinníoll, áfach,

(i)  nach ndéanfar costais stórasaithe agus caomhnaithe na n-earraí le linn a dtréimhse i saorphort agus a d'íoc ceannaitheoir, a áireamh sa luach chun críocha custam i gcás gurb é an praghas a d'íoc an ceannaitheoir nó is iníoctha aige, an praghas lena nglactar mar bhonn luachála, agus

(ii) i gcás go ndearnadh, le réamhúdarú na gCoimisinéirí Ioncaim, na hearraí a chur faoi mhodh cóireála dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo, go mbeidh cineál, luach chun críocha custam agus cainníocht na n-earraí, ar iarraidh an dearbhóra, comhionann le cineál, luach chun críocha custam agus cainníocht na n-earraí sin sa staid ina raibh siad sular cuireadh faoin modh cóireála sin iad.

(b)  D'ainneoin fho-alt (4) (a) den alt seo ní fhéadfar earraí neamh-Chomhphobail a cuireadh, i saorphort, faoi mhodhanna cóireála seachas na modhanna sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt seo, a sheachadadh le haghaidh tomhailte baile ach amháin faoi réir na gcoinníollacha agus de réir na rialacha is infheidhme maidir le próiseáil iontrála nó le próiseáil faoi rialú custam.

(5) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo ciontach i gcion in aghaidh na nAchtanna Custam agus, ar é a chiontú go hachomair ann, dlífear, i dteannta aon phionóis eile a dhlífear a chur air, pionós custam nach mó ná £500 a chur air.

(6) Aon earraí a mbeidh sárú faoin alt seo déanta ina leith dlífear iad a fhorghéilleadh faoi na hAchtanna Custam cibé an i seilbh an chiontóra nó i seilbh duine éigin eile atá na hearraí sin.

Feithiclí, longa, báid, sciorrárthaí agus aerárthaí laistigh de 32 chiliméadar ó shaorphort a scrúdú.

11. —(1) Déanfaidh an duine a bheidh ag tiomáint, nó i bhfeighil, feithicle a bheidh ag gluaiseacht laistigh de 32 chiliméadar ó shaorphort an fheithicil a stopadh ar oifigeach custam agus máil á iarraidh sin air.

(2) Féadfaidh oifigeach custam agus máil aon fheithicil, aerárthach, long, bád nó sciorrárthach a chuardach laistigh de 32 chiliméadar ó shaorphort agus aon earraí iontu a scrúdú agus cuntas a thógáil orthu.

(3) Déanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil feithicle, loinge, báid, sciorrárthaigh nó aerárthaigh laistigh de 32 chiliméadar ó shaorphort agus gach duine a bheidh iontu gach ceist a fhreagairt go fírinneach a chuirfidh oifigeach custam agus máil air i ndáil lena thuras nó i ndáil le hearraí san fheithicil, sa long, sa bhád, sa sciorrárthach nó san aerárthach.

(4) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon fhoráil den alt seo nó má dhéanann sé bac nó cur isteach ar oifigeach custam agus máil, nó má chuireann sé ina aghaidh, le linn don oifigeach na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomair ann fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Rialacháin ag an Aire Airgeadais.

12. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh:

(a) ag oiriúnú nó ag modhnú, chun críocha an Achta seo, aon fhoráil d'fhorálacha na nAchtanna Custam nó aon ionstraim reachtúil a bhaineann le custaim arna déanamh faoi reacht;

(b) ag rialú gluaiseacht daoine, aerárthach, sciorrárthach, long, bád, feithiclí agus earraí isteach i saorphort ó chodanna eile den Stát agus amach as go dtí codanna eile den Stát agus ag toirmeasc gluaiseacht den sórt sin ach amháin de cibé bealaí sa Stát agus i rith cibé uaireanta an chloig a fhorordófar;

(c) ag forordú na n-áiteanna, na foirme agus na slí ina ndéanfar iontráil earraí faoi na hAchtanna Custam a sheachadadh agus ina ndéanfar dleachtanna ar allmhairí nó ar onnmhairí, más infheidhme, a íoc i leith earraí a thugtar isteach i saorphort nó a aistrítear amach as;

(d) ag forchur oibleagáidí ar cibé duine nó daoine a bheidh ainmnithe faoi alt 3 den Acht seo;

(e) ag rialú coimeád, stóráil nó láimhseáil earraí i saorphort;

(f) ag forchur coinníollacha maidir le coimeád agus caomhnú cuntas nó taifead sonraithe i leith earraí i saorphort;

(g) á cheangal cibé urrús a thabhairt trí bhanna nó ar shlí eile a éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim i leith earraí laistigh de shaorphort.

(2) Aon duine a sháróidh aon rialachán faoin alt seo beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion in aghaidh na nAchtanna Custam agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair ann, pionós custam nach mó ná £500 a chur air.

(3) Aon earraí a mbeidh sárú ar aon rialachán faoin alt seo déanta ina leith agus gach aerárthach, sciorrárthach, long, bád, feithicil, ainmhí agus rud eile a úsáideadh lena n-iompar, dlífear iad a fhorghéilleadh faoi na hAchtanna Custam.

Rialacháin ag an Aire.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun saorphort a bhainistí agus a rialú.

(2) Aon duine a sháróidh, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú go hachomhair ann pionós nach mó ná £500 a chur air.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid an Oireachtais.

14. —Déanfar gach ordú agus rialachán (seachas ordú faoi alt 17 (3) den Acht seo) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais.

15. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Úsáid airgid is iníoctha faoin Acht.

16. —(1) Déanfar na táillí agus an t-airgead eile go léir is iníoctha leis an Aire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a úsáid chun tairbhe don Státchiste de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí a luaitear i bhfo-alt (1).

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

17. —(1) Féadfar an tAcht Saorphort, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe le hordú nó le horduithe ón Aire agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.

1 I.O. Uimh. L143, 29.6.71, 1th. 28.