An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil II

Ginearálta

Leasú ar alt 46 (ró-íoc cánach) den Phríomh-Acht.

109. —(1) Leasaítear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht—

(a) trí “de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a rinneadh an íocaíocht, agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte ó íocaíocht úis faoin alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach” a chur in ionad “, gan cáin ioncaim a asbhaint, ón dáta a rinneadh an t-íoc, de réir an ráta chéanna a d'iompródh an cháin ús ó am go ham dá mbeadh sí dlite agus an t-íoc sin a bheith gan déanamh”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”,

agus tá an t-alt sin 46, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

46.—(1) I gcás ina ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar fhaoiseamh faoin alt seo agus go gcruthófar chun a sástachta gur íocadh suim de bhreis ar an dliteanas i leith cánach nó i leith úis ar cháin, tabharfaidh siad faoiseamh tríd an mbreis a aisíoc nó ar mhodh réasúnach cóir eile; agus impróidh aon aisíoc den sórt sin ús simplí (nach mó ná méid na breise sin) de réir ráta aon faoin gcéad, nó de réir cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, in aghaidh gach míosa nó gach cuid de mhí ón dáta a rinneadh an íocaíocht, agus ní bheidh cáin ioncaim inasbhainte ó íocaíocht úis faoin alt seo agus ní áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 46 in aghaidh aon mhíosa, nó aon chuid de mhí, dar tosach dáta rite an Achta seo nó aon dáta dá éis.

Leasú ar alt 61 (airgead in ainmneacha beirt daoine nó níos mó a íoc) den Phríomh-Acht.

110. —Leasaítear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Ní bheidh feidhm ná éifeacht leis an alt seo má dhéantar an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a lóisteáil nó a thaisceadh in ainmneacha beirt daoine i gcomhar, a bhfaigheann duine amháin acu bás an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gurb é céile an duine eile sin é tráth a bháis.”.