An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1986) Ar Aghaidh (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 2 (díolúine aoise) den Acht Airgeadais, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, i bhfo-alt (6), trí “£6,300” a chur in ionad “£6,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£7,350” a chur in ionad “£7,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£3,150” a chur in ionad “£3,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ) agus trí “£3,675” a chur in ionad “£3,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,300:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,350;

(b) in aon chás eile, £3,150:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,675.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,700

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,800 eile

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

58 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £9,400

...

...

35 faoin gcéad.

an ráta caighdeánach

An chéad £5,600 eile

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach...

...

...

58 faoin gcéad

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoisimh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1985-86

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1986-87 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

3,800

4,000

(baintreach fir nó mná)

...

...

2,400

2,500

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

3,800

4,000

(duine singil)

...

...

...

1,900

2,000

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

(baintreach fir nó mná)

...

...

1,400

1,500

(daoine eile)

...

...

...

1,900

2,000

alt 138B

(liúntas fostaí)

...

...

...

600

700

An tAcht Airgeadais, 1974 :

alt 8

(liúntas aoise, duine singil nó baintreach

fir nó mná)

...

...

100

200

(liúntas aoise, fear pósta)

...

200

400

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1981 , le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982 , agus le hailt 3 agus 4 den Acht Airgeadais, 1985 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 141 (leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 141:

“Leanaí éagumasaithe.

141.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go maireann, tráth ar bith i gcaitheamh na bliana measúnachta, aon leanbh leis—

(a) atá faoi bhun 16 bliana d'aois agus atá buanéagumasaithe mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, nó

(b) atá, má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana sin, buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin a chothabháil agus gur tháinig sé chun bheith buanéagumasaithe amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tháinig sé chun bheith buanéagumasaithe amhlaidh tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach sin le linn dó a bheith ag fáil teagasc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais,

beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, i dteideal asbhaint £600 i leith gach linbh den sórt sin:

Ar choinníoll—

(i) nach n-áireofar leanbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois mar leanbh atá buanéagumasaithe mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp ach amháin i gcás gur éiglíocht í den chineál go mbeadh ionchas réasúnach ann, dá mbeadh an leanbh os cionn 16 bliana d'aois, go mbeadh sé éagumasaithe ar é féin a chothabháil,

(ii) i gcás leanbh lena mbaineann mír (b), gurb é a bheidh san asbhaint £600 nó an méid a chaith an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta ag cothabháil an linbh, cibé acu is lú, agus

(iii) i gcás aon asbhaint faoin bhfo-alt seo, gur asbhaint í in ionad, agus nach asbhaint í i dteannta, aon asbhainte a mbeadh teideal ag an éilitheoir chuici i leith an linbh chéanna faoi alt 142.

(2) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go bhfuil aon leanbh á choimeád agus á chothabháil ar a chostas féin aige don bhliain mheasúnachta ar leanbh den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheadh ann ach amháin nach leanbh leis an éilitheoir é agus nach bhfuil teideal aigesean ná ag aon phearsa aonair eile chun asbhainte i leith an linbh chéanna faoi fho-alt (1) nó faoi aon cheann d'fhorálacha eile na Coda seo nó, má bhíonn aon phearsa aonair eile i dteideal asbhainte den sórt sin, go bhfuil an phearsa aonair eile sin tar éis scaradh lena éileamh chuige sin, beidh sé i dteideal na hasbhainte céanna i leith an linbh agus dá mba leanbh leis féin an leanbh.

(3) (a) An tagairt i bhfo-alt (1) do leanbh atá ag fáil teagasc lánaimseartha i mbunachas oideachais, folóidh sí tagairt do leanbh atá á oiliúint ag aon duine (dá ngairtear ‘an fostóir’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go bhfuil ar an leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

(b) Chun críche éilimh maidir le leanbh atá á oiliúint, féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí i dtaobh oiliúint an linbh a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(4) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo maidir le haon leanbh a bhfuil teideal ina cheart féin aige chun ioncaim de bhreis ar £720 sa bhliain, ach amháin, más lú méid na breise ná an asbhaint ab inlamháilte ar leith ón bhfo-alt seo, go lamhálfar asbhaint arna laghdú den mhéid sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar, le linn ioncam an linbh a bheith á ríomh chun críocha na forála sin roimhe seo, aon ioncam a bhfuil teideal ag an leanbh chuige mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta nó dearlaice oideachais eile dá samhail a chur i gcuntas.

(5) Má éiríonn aon cheist i dtaobh teideal a bheith ag aon duine chun liúntais faoin alt seo maidir le leanbh atá os cionn 21 bliain ar leanbh é a tháinig chun bheith buanéagumasaithe, mar gheall ar éiglíocht meabhrach nó coirp, ar é féin a chothabháil tar éis dó an aois sin a shlánú ach le linn dó bheith ag fáil teagasc lánaimseartha den chineál sin a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(6) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go bhfuil nó go mbeadh, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, teideal faoin alt seo ag dhá phearsa aonair nó níos mó, chun faoisimh i leith an linbh chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) ní lamhálfar ach aon asbhaint amháin faoin alt seo i leith an linbh sin;

(b) i gcás nach mbeidh an leanbh sin á chothabháil ach ag aon tuiste amháin, is é an tuiste sin amháin a bheidh i dteideal an asbhaint sin a éileamh;

(c) i gcás ina mbeidh an leanbh sin á chothabháil ag an dá thuiste i dteannta a chéile, beidh gach tuiste acu i dteideal cibé cuid den asbhaint sin a éileamh a bheidh i gcomhréir leis an méid a chaith seisean nó sise ag cothabháil an linbh sin; agus

(d) nuair a bheifear á fháil amach chun críocha an fho-ailt seo an bhfuil leanbh á chothabháil ag tuiste agus, má tá, cá mhéad atá sé á chothabháil, measfar nach íocaíocht faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh sin aon íocaíocht a rinne an tuiste sin faoi chomhair nó i leith chothabháil an linbh sin is íocaíocht a bheidh an tuiste sin i dteideal a asbhaint le linn dá ioncam nó dá hioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo.

(7) Sna forálacha sin roimhe seo den alt seo folaíonn ‘leanbh’ leasleanbh, agus leanbh neamhdhlisteanach ar pósadh a thuistí ar a chéile tar éis a bhreithe agus leanbh a bhfuil ordú uchtála faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, i bhfeidhm ina leith.”.

Leasú ar alt 12 (faoiseamh i leith costais sláinte) den Acht Airgeadais, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1967 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an méid seo a leanas a chur isteach, sa mhíniú ar “cleithiúnach” i bhfo-alt (1), i ndiaidh mhír (b):

“agus

(c) leanbh atá, sa bhliain mheasúnachta—

(i)   (I) faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(II) má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana measúnachta, ag fáil teagasc lánaimseartha in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais, agus

(ii) ina leanbh de chuid na pearsan aonair nó, mura leanbh den sórt sin é, á choimeád ag an bpearsa aonair agus á chothabháil ag an bpearsa aonair ar a chostas féin ar feadh iomlán na bliana measúnachta nó ar feadh cuid di:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (3), (4), (5) agus (7) d'alt 141 (arna gcur isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) d'fhonn a chinneadh an mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo mar atá feidhm acu lena chinneadh an mbeidh asbhaint le lamháil faoin alt sin, ach amháin nach lamhálfar faoiseamh faoin alt seo i gcás inar mó ioncam an linbh ná an méid a shonraítear san fho-alt sin (4);”.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith Á.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

6. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1986-87 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear san alt sin, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1986-87” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 8 (buanscéimeanna sochair sláinte) den Acht Airgeadais, 1979 .

7. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1979 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) (a) Aon pholasaí buanárachais sláinte, árachais breoiteachta nó árachais eile dá shamhail a eiseofar i leith árachais a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, is buanscéim sochair sláinte de réir bhrí an ailt seo a bheidh ann má tá sé i gcomhréir le foirm arb eard í, tráth eisithe an pholasaí—

(i) foirm chaighdeánach a bheidh formheasta ag na Coimisinéirí Ioncaim mar fhoirm chaighdeánach do bhuanscéim sochair sláinte; nó

(ii) foirm nach bhfuil de dhifear idir í agus foirm chaighdeánach arna formheas amhlaidh ach amháin go ndéantar inti cibé athruithe ar an bhfoirm sin a bheidh, tráth eisithe an pholasaí, formheasta ag na Coimisinéirí Ioncaim mar athruithe atá i gcomhréir le buanscéim sochair sláinte má dhéantar ar an bhfoirm chaighdeánach sin iad agus a chomhlíonann aon choinníollacha ar faoina réir a dhéantar na hathruithe a fhormheas amhlaidh.

 (b) Le linn dóibh polasaí a fhormheas mar fhoirm chaighdeánach do bhuanscéim sochair sláinte de bhun mhír (a), féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim neamhshuim a dhéanamh d'aon fhoráil den pholasaí is dóigh leo a bheith gan tábhacht.”.

Faoiseamh maidir le bronntanais do Chospóir.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Cospóir” an Chomhairle Náisiúnta Spóirt a bhunaigh an tAire Stáit ag an Roinn Oideachais an 10ú lá d'Fheabhra, 1978;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar a bheidh.

(2) (a) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid a thabharfar, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, don Aire Oideachais

chun tairbhe do Chospóir agus nach inasbhainte le linn ríomh a dhéanamh, chun críocha cánach, ar bhrabúis nó gnóchain trádála nó gairme nó nach ioncam lena mbaineann forálacha alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais i ndáil le haon cheist a éireoidh i dtaca le mír (a).

(3) I gcás ina gcruthóidh duine go bhfuil bronntanas lena mbaineann an t-alt seo tugtha aige agus go n-éileoidh sé faoiseamh ó cháin faoina threoir sin, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (4) nó, de réir mar a bheidh, ag forálacha fho-alt (5):

Ar choinníoll go ndéanfar, le linn glanmhéid an bhronntanais a bheith á chinneadh chun críocha na bhfo-alt sin, méid nó luach aon chomaoine a fuair an duine sin de bhíthin an bronntanas a thabhairt, cibé acu a fuair sé go díreach nó go neamhdhíreach é ó Chospóir nó ó aon duine eile, a asbhaint ó mhéid an bhronntanais.

(4) Chun críocha cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta ina dtugann duine bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, faoi réir fho-alt (5), glanmhéid an bhronntanais sin a asbhaint ó aon ioncam, nó a fhritháireamh in aghaidh aon ioncaim, de chuid an duine is ioncam ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim don bhliain sin agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin de réir mar is gá; agus is dá réir sin a dhéanfar ioncam iomlán an duine nó, i gcás inar banchéile an duine a measúnaítear a fearchéile i leith cánach ioncaim de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ioncam iomlán an fhearchéile, a ríomh:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo do dhuine maidir le bliain mheasúnachta—

(a) mura mó ná £100 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé an bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo, nó

(b) sa mhéid gur mó ná £10,000 glanmhéid an bhronntanais (nó comhiomlán ghlanmhéideanna na mbronntanas) a thug sé sa bhliain sin, is bronntanas nó bronntanais, de réir mar a bheidh, lena mbaineann an t-alt seo.

(5) I gcás ina dtugann cuideachta bronntanas lena mbaineann an t-alt seo—

(a) measfar, chun críocha cánach corparáide, gur caillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil leithleach sa tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ina dtugtar an bronntanas, glanmhéid an bhronntanais, agus

(b) déanfar na tagairtí sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) do bhliain mheasúnachta a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le stiúrthóirí cuideachtaí agus fostaithe dá ndeonaítear cearta chun scaireanna nó sócmhainní eile a fháil.

9. —(1) (a) San alt seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

tá le “stiúrthóir” agus le “fostaí” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “ceart” ceart chun aon sócmhainn nó sócmhainní, lena n-áirítear scaireanna in aon chuideachta, a fháil;

déanfar “margadhluach” a fhorléiriú de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

folaíonn “scaireanna” urrúis (de réir bhrí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) agus stoc.

 (b) San alt seo—

(i) folaíonn tagairtí do scaoileadh cirt tagairtí d'aontú le feidhmiú an chirt a shrianadh;

(ii) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir fhorálacha alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

(iii) measfar go bhfaigheann duine ceart mar stiúrthóir cuideachta nó mar fhostaí—

(I) más rud é, mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht, go ndeonaítear dó é, nó go ndeonaítear é do dhuine eile a shannann dó é, agus

(II) mura bhfuil feidhm ag alt 76 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le linn brabúis nó gnóchain na hoifige nó na fostaíochta sin a bheith á muirearú i leith cánach,

agus beidh feidhm ag clásail (I) agus (II) maidir le ceart a dheonaítear mar gheall ar oifig nó fostaíocht duine sula dtosaíonn sé ar a bheith á sealbhú nó tar éis dó scor de bheith á sealbhú mar a bheadh feidhm acu dá mba go raibh sé tosaithe ar an oifig nó an fhostaíocht a shealbhú nó dá mba nár scoir sé den oifig nó den fhostaíocht a shealbhú, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás ina réadóidh duine gnóchan trí cheart a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh, is ceart a bheidh faighte ag an duine sin an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, mar stiúrthóir cuideachta nó mar fhostaí, beidh sé inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain mheasúnachta ina réadaítear an gnóchan amhlaidh ar mhéid is comhionann le méid a ghnóchain, arna ríomh de réir an ailt seo.

(3) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ina bhféadfadh, de bhua an ailt seo, cáin a bheith inmhuirearaithe i leith aon ghnóchain a d'fhéadfaí a réadú trí fheidhmiú cirt, ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart a fháil.

(4) Maidir leis an ngnóchan a réadófar—

(a) trí aon cheart a fheidhmiú tráth ar bith, measfar gurb é atá ann an difear idir margadhluach na sócmhainne nó na sócmhainní, de réir mar a bheidh, tráth na fála agus méid nó luach comhiomlán na comaoine, más ann, a tugadh chun an tsócmhainn nó na sócmhainní a fháil agus as an gceart a dheonú, agus

(b) trí aon cheart a shannadh nó a scaoileadh, measfar gurb é atá ann an difear idir méid nó luach na comaoine i leith sannadh nó scaoileadh an chirt agus méid nó luach na comaoine, más ann, a tugadh as an gceart a dheonú,

agus chun na críche sin féadfaidh an cigire cionroinnt chóir a dhéanamh ar aon chomaoin iomlán a tugadh as an gceart a dheonú nó as an gceart a dheonú agus as ní éigin thairis sin:

Ar choinníoll go measfar nach bhfuil ar áireamh sa chomaoin a tugadh as an gceart a dheonú nó in aon chomaoin iomlán den sórt sin comhlíonadh aon dualgas in oifig nó i bhfostaíocht nó i ndáil leis an gcéanna agus nach ndéanfar aon chuid de mhéid nó de luach na comaoine a tugadh i leith an deonaithe a asbhaint níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

(5) (a) I gcás ceart den chineál a luaitear i bhfo-alt (2) a fháil mar a luaitear san fho-alt sin, agus gur féidir an ceart a fheidhmiú breis agus seacht mbliana tar éis é a fháil, ní choiscfidh fo-alt (3) cáin a mhuirearú faoi aon fhorálacha eile de na hAchtanna Cánach maidir leis an gceart a fháil; ach i gcás ina muirearófar cáin faoi aon cheann de na forálacha sin asbhainfear í ó aon cháin is inmhuirearaithe, faoi fho-alt (2), faoi threoir an ghnóchain a réadófar tríd an gceart a fheidhmiú, a shannadh nó a scaoileadh.

(b) Chun críche aon mhuirir i leith cánach a chumasaítear a dhéanamh leis an bhfo-alt seo, measfar gurb é luach cirt méid nach lú ná margadhluach, tráth fála an chirt, na sócmhainne nó na sócmhainní a fhéadfar a fháil tríd an gceart a fheidhmiú nó aon sócmhainne nó sócmhainní ar ar féidir an tsócmhainn nó na sócmhainní arna bhfáil amhlaidh a mhalartú, arna laghdú de mhéid nó de luach (nó, más inathraithe é, de mhéid nó de luach íosta) na comaoine ar ar féidir an tsócmhainn nó na sócmhainní a fháil amhlaidh.

(6) Faoi réir fho-alt (7), beidh duine, i gcás cirt a dheonaítear mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht, inmhuirearaithe i leith cánach faoin alt seo i leith gnóchain arna réadú ag duine eile—

(a) más don duine eile sin a deonaíodh an ceart, nó

(b) má fuair an duine eile an ceart ar shlí seachas trí shannadh nó faoi shannadh, a rinneadh ar mhodh margáin ar neamhthuilleamaí, nó más daoine bainteacha an bheirt tráth réadaithe an ghnóchain,

ach i gcás a thagann faoi réim mhír (b) measfar an gnóchan a réadaíodh a bheith laghdaithe de mhéid aon ghnóchain a réadaigh sealbhóir roimhe sin ar an gceart a shannadh.

(7) Ní bheidh duine inmhuirearaithe i leith cánach de bhua fho-alt (6) (b) i leith aon ghnóchain arna réadú ag duine eile má baineadh an ceart den duine céadluaite trí oibriú dlí ar a fhéimheacht nó ar shlí eile, ach beidh an duine eile inmhuirearaithe i leith cánach i leith an ghnóchain faoi Chás IV de Sceideal D.

(8) Má shanntar nó má scaoiltear ceart go hiomlán nó go páirteach ar chomaoin arb éard í, nó ar cuid di, ceart eile, ní áireofar an ceart eile sin mar chomaoin i leith sannadh nó scaoileadh an chirt ach beidh feidhm ag an alt seo maidir leis mar atá feidhm aige maidir leis an gceart a bheidh sannta nó scaoilte agus ionann is dá mba nár áiríodh ar an gcomaoin i leith a fhála luach an chirt a sannadh nó a scaoileadh ach gur áiríodh uirthi méid nó luach na comaoine a tugadh i ndáil le deonú an chirt a sannadh nó a scaoileadh sa mhéid nár fritháiríodh ina aghaidh sin aon chomaoin luachmhar i ndáil leis an sannadh nó an scaoileadh seachas an chomaoin arb éard í an ceart eile.

(9) (a) Más rud é, mar gheall ar dhá idirbheart nó níos mó, go scoireann duine de cheart a shealbhú agus go dtagann sé, nó go dtagann duine bainteach, chun ceart eile a shealbhú (cibé acu a fuarthas é ón duine dár sannadh an ceart eile nó nach bhfuarthas) agus go ndearnadh aon cheann de na hidirbhearta sin faoi chomhshocraíochtaí ar páirtithe iontu dhá dhuine nó níos mó a shealbhaíonn cearta a bhféadfadh cáin a bheith inmhuirearaithe ina leith faoin alt seo, áireofar na hidirbhearta sin, chun críocha fho-alt (8), mar idirbheart amháin trína sanntar an t-aon cheart amháin ar chomaoin arb éard í, nó ar cuid di, an ceart eile.

(b) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le dhá idirbheart nó níos mó cibé acu an sannadh roimh fháil, i gcomhthráth le fáil nó i ndiaidh fála atá i gceist leo.

(10) I gcás ina ndéantar gnóchan ar arb inmhuirearaithe cáin faoi fho-alt (2) nó fho-alt (6) a réadú trí fheidhmiú cirt, beidh feidhm ag mír 3 de Sceideal 1 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ionann is dá mba chuid den chomaoin a thug an duine a fuair na scaireanna as iad a fháil suim ar cóimhéid le méid an ghnóchain ar arb inmhuirearaithe cáin amhlaidh.

(11)    (a) Más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, go ndeonóidh duine ceart a dtiocfaidh cáin chun bheith inmhuirearaithe ina leith faoin alt seo, nó go leithroinnfidh sé aon scaireanna nó go n-aistreoidh sé aon sócmhainn de bhun cirt den sórt sin, nó go dtabharfaidh sé aon chomaoin as ceart den sórt sin a shannadh nó a scaoileadh go hiomlán nó go páirteach, nó go bhfaighidh sé fógra i scríbhinn i dtaobh sannadh cirt den sórt sin a bheith déanta, tabharfaidh sé sonraí faoi sin i scríbhinn don chigire tráth nach déanaí ná tríocha lá i ndiaidh dheireadh na bliana sin.

 (b) Leasaítear leis seo Sceideal 15 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 9 (11) (a)” a chur isteach i gcolún 2.

Scéimeanna scairrogha ceadaithe.

10. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, go bhfaighidh pearsa aonair ceart chun scaireanna a fháil i gcomhlacht corpraithe—

(a) mar gheall ar a oifig nó a fhostaíocht mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile; agus

(b) de réir forálacha scéime arna ceadú faoin Dara Sceideal.

(2) Má fheidhmíonn an phearsa aonair an ceart de réir fhorálacha na scéime tráth a bheidh sí ceadaithe faoin Dara Sceideal—

(a) ní bheidh cáin inmhuirearaithe faoi alt 9 i leith aon ghnóchain a réadófar tríd an gceart a fheidhmiú,

(b) i gcás a mbeadh, murach an mhír seo, feidhm ag alt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ní bheidh feidhm ag an alt sin tráth a bheidh ríomh á dhéanamh ar an gcomaoin as é d'fháil na scaireanna nó as aon diúscairt chomhréireach ar na scaireanna chuige, agus

(c) maidir le scaireanna lena mbaineann fo-alt (3), ar scaireanna iad a bheidh faighte ag pearsa aonair tríd an gceart a fheidhmiú, déanfar tréimhse úinéireachta na scaireanna sin, chun críocha fho-alt (3) d'alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a fhorléiriú, d'ainneoin fho-alt (4) den alt sin, ionann is dá mba ar an dáta a fuair an phearsa aonair an ceart a fuair sé na scaireanna.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le scaireanna a fhaightear de bhun ceart a fheidhmiú is ceart chun scaireanna a fháil i gcuideachta ar chuideachta cháilitheach í an tráth a fuarthas an ceart.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is cuideachta cháilitheach cuideachta tráth ar bith más rud é i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an tráth sin nó, má thosaigh an chuideachta ag seoladh trádála le linn na tréimhse sin, i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta ar thosaigh an chuideachta ag seoladh trádála amhlaidh, go raibh sí ann d'aontoisc chun trádáil shonraithe a sheoladh.

(4) Chun críocha fho-alt (3), ciallaíonn “trádáil shonraithe” trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh le háireamh mar mhonarú earraí chun críocha Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , dá ndéanfadh an chuideachta a sheolann an trádáil éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil sin i leith na trádála), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), áireofar trádáil, maidir le tréimhse dhá mhí dhéag, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta a sheolann an trádáil ó dhíolacháin a dhéanfar nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a thabharfar i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse dhá mhí dhéag ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a thabharfar i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin.

(6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , mír 14 den Dara Sceideal” a chur isteach i gColún 2.

Scéimeanna brabús-roinnte.

11. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1982 , maidir leis an mbliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) agus (8):

“(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘an dáta scaoilte', i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, comhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige.

(8) Faoi réir alt 56 (4), chun críocha fhorálacha na Caibidle seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú, déanfar aon tagairt don ‘céatadán iomchuí’ i ndáil leis na scaireanna sin a chinneadh de réir thráth an teagmhais sin mar a leanas:—

(a) más roimh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c), 100 faoin gcéad an céatadán iomchuí;

(b) más ar chomhaireamh ceithre bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c), 75 faoin gcéad an céatadán iomchuí; agus

(c) más rud é, i gcás ina mbeidh an rannpháirtí, tráth an teagmhais,—

(i) tar éis scor de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuideachta iomchuí amhail mar a luaitear i bhfo-alt (5) (a), nó

(ii) tar éis aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , a shroicheadh,

go dtarlóidh an teagmhas roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige, 50 faoin gcéad an céatadan iomchuí.”.

Faoiseamh i leith scaireanna nua arna gceannach, tráth a n-eisithe, ag fostaithe.

12. —(1) (a) San alt seo—

tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “fostaí cáilithe” i ndáil le cuideachta cháilitheach—

(i) i gcás inar cuideachta thrádála an chuideachta, stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí lánaimseartha de chuid na cuideachta, nó

(ii) i gcás inar cuideachta shealbhaíochta an chuideachta, stiúrthóir lánaimseartha nó fostaí lánaimseartha de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta ar fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin í;

ciallaíonn “scaireanna cáilithe”, i ndáil le cuideachta cháilitheach, scaireanna nua is cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta agus ar scaireanna iad—

(i) a eiseofar an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

(ii) atá láníoctha,

(iii) nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, ná chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta,

(iv) nach bhfuil faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann le gach scair den aicme chéanna, agus

(v) a eiseofar chuig, agus a gheobhaidh, fostaí cáilithe i ndáil leis an gcuideachta ar mhéid nach lú ná a margadhluach tráth a n-eisiúna;

tá le “stiúrthóir lánaimseartha” agus le “fostaí lánaimseartha”, na bríonna céanna atá le “stiúrthóir lánaimsire” agus “fostaí lánaimsire” faoi seach in alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí trádála ar fochuideachtaí 75 faoin gcéad dá cuid iad, a shealbhú;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta arb amhlaidh di, tráth eisiúna na scaireanna cáilithe—

(i) go mbeidh sí corpraithe sa Stát,

(ii) go mbeidh cónaí uirthi sa Stát agus nach mbeidh cónaí uirthi áit ar bith eile, agus

(iii) (I) gur cuideachta thrádála í, nó

(II) gur cuideachta shealbhaíochta í;

ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát.

(b) San alt seo tá le “fochuideachta 75 faoin gcéad”, i ndáil le cuideachta, an bhrí a shanntar dó chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar a chuirtear i bhfeidhm é, chun críocha alt 107 den Acht sin, le fo-ailt (6) agus (7) den alt sin.

(c) Aon tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha an ailt seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin.

(d) Ní áireofar scaireanna i gcuideachta chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.

(2) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, más rud é, sa bhliain 1986-87 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, go ndéanfaidh fostaí cáilithe i ndáil le cuideachta cháilitheach suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe sa chuideachta cháilitheach, beidh sé i dteideal, le linn méid a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta ina n-eiseofar na scaireanna a bheith á mheas, go ndéanfar asbhaint de mhéid comhionann leis an méid a suibscríobhadh:

Ar choinníoll nach dtabharfar asbhaint sa mhéid gur mó ná £750 an méid a shuibscríobhfaidh fostaí cáilithe i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint chuige sna blianta measúnachta go léir.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon mhéid a shuibscríobhfar le haghaidh scaireanna cáilithe más rud é, laistigh den tréimhse cúig bliana ó dháta a bhfála—

(a) go ndiúscrófar iad, nó

(b) go bhfaighidh an fostaí cáilithe a rinne an suibscríobh aon airgead nó luach airgid i leith na scaireanna ar airgead nó luach airgid é nach ioncam ina lámha chun críocha cánach ioncaim,

agus déanfar na measúnachtaí, na measúnachtaí breise nó na coigeartuithe ar mheasúnachtaí uile is gá chun aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim, a bheidh lamháilte cheana féin faoi fho-alt (2) maidir leis an méid a suibscríobhadh, a tharraingt siar:

Ar choinníoll más i ndiaidh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a eisíodh na scaireanna chuig an bhfostaí cáilithe a tharlaíonn teagmhas a luaitear i mír (a) nó (b), nach dtarraingeofar siar faoiseamh ach amháin go feadh 75 faoin gcéad den mhéid a tharraingeofaí siar thairis sin.

(4) Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna, scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal an tráth a gheobhaidh an fostaí cáilithe na scaireanna, ní mór, maidir le formhór na scaireanna eisithe ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna cáilithe, gur scaireanna iad seachas—

(a) scaireanna cáilithe, agus

(b) scaireanna atá á sealbhú ag daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta cáilithí nó de chuid aon cheann dá fochuideachtaí 75 faoin gcéad.

(5) I ndáil le scaireanna ar tugadh faoiseamh ina leith faoi fho-alt (2) agus nár tarraingíodh siar é, déanfar aon cheist—

(a) i dtaobh cé acu scaireanna den chineál sin (más ann) a eisíodh chuig fostaí cáilithe tráthanna éagsúla a mbaineann diúscairt leo, nó

(b) i dtaobh cé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt,

a chinneadh chun críocha an ailt seo amhail mar a chinnfí í chun críocha alt 17 den Acht Airgeadais, 1984 .

(6) Más rud é, i ndáil le haon scaireanna de scaireanna cáilithe fostaí cháilithe (dá ngairtear “an sealbhán bunaidh” anseo ina dhiaidh seo), go dtarlóidh idirbheart a mbeidh de thoradh air sealbhán nua, mar a mhínítear sin i mír 2 (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a ionannú leis an sealbhán bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ansin, chun críocha fho-alt (3)—

(a) áireofar an sealbhán nua mar scaireanna ar tugadh faoiseamh faoin alt seo ina leith,

(b) ní áireofar an t-idirbheart mar idirbheart lena mbaineann diúscairt ar an sealbhán bunaidh,

(c) ní áireofar mar airgead nó luach airgid an chomaoin i leith an diúscartha ar an sealbhán bunaidh sa mhéid gurb é an sealbhán nua í, agus

(d) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh mar dhiúscairt ar na scaireanna go léir, nó ar chuid chomhréireach de na scaireanna, ar tugadh faoiseamh ina leith faoin alt seo.

(7) Aon mhéid a lamhálfar faoiseamh ina leith faoi fho-alt (2) agus nach dtarraingeofar siar é, áireofar é mar shuim atá, de bhíthin mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , le heisiamh ó na suimeanna is inlamháilte faoi mhír 3 den Sceideal sin.

(8) Ní bheidh fostaí cáilithe i dteideal faoisimh faoi fho-alt (2) i leith aon scaireanna mura rud é gur ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá léi cáin a sheachaint a shuibscríobhfar le haghaidh na scaireanna agus a eiseofar iad.

(9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin alt seo.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corpraithe.

13. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1984 , trí “in aon bhliain de na sé bliana measúnachta” a chur in ionad “i gceachtar den dá bhliain mheasúnachta” i bhfo-alt (11), agus tá an fo-alt sin (11), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(11) Níl feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 1984-85 nó in aon bhliain de na sé bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist.

Mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe.

14. —(1) Aon díbhinn arna híoc, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ar dáileadh iomchuí í chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1980 , is díbhinn cháilitheach í chun críocha an ailt seo.

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn áit ar bith eile éileamh, agus ina gcruthóidh sé, go bhfuil teideal tairbhiúil aige chuig díbhinní cáilitheacha d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í) beidh sé, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, ar leith ón alt seo, i dteideal, le linn méid a ioncaim iomláin don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh, go ndéanfaí an méid dá ioncam don bhliain sin dá bhfreagraíonn na díbhinní cáilitheacha a laghdú de 50 faoin gcéad den mhéid sin, ach déanfar méid aon chreidmheasa cánach a bhfuil teideal aige chuige maidir le haon díbhinn cháilitheach atá ar áireamh ina ioncam don bhliain sin a chinneadh de réir alt 45 (3) den Acht Airgeadais, 1980 , ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo:

Ar choinníoll nach mó ná £7,000 an méid a ndéanfar ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha a laghdú de réir an ailt seo d'aon bhliain mheasúnachta.

(3) Ná forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin alt seo.

(4) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (viii):

“(ix) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir ina bhfuil teideal tairbhiúil acu chuig an ioncam ó na díbhinní cáilitheacha ar dá mbarr an faoiseamh,”