|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Comhaontú idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamhiniúchadh) |
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||
Uimhir 18 de 1986 | ||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH), 1986 | |||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||
Uimhir 18 de 1986 | ||||||||||||||||||||||||
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH), 1986 | ||||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN RIALTAS D'FHEIDHMIÚ COMHAONTÚ LE RIALTAS STÁIT AON-TAITHE MHEIRICEÁ I nDÁIL LE RÉAMHINIÚCHADH A DHÉANAMH SA STÁT AR DHAOINE A BHEIDH AG TAISTEAL D'AER CHUIG STÁIT AONTAITHE MHEIR-ICEÁ; DO LEASÚ AN ACHTA AERLOINGSEOIR-EACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950 ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS AN MÉID SIN ROIMHE SEO. | ||
[19 Meitheamh, 1986] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus atá le déanamh idir an Rialtas agus rialtas na Stát Aontaithe agus a bhaineann le réamhiniúchadh a dhéanamh sa Stát ar dhaoine (lena n-áirítear aerfhoireann) a bheidh ag taisteal d'aer chuig na Stáit Aontaithe, agus folóidh tagairtí san Acht seo do “an Comhaontú” tagairt don Chomhaontú ar é bheith déanta; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an t-údarás inniúil” de réir mar a éilíonn an comhthéacs, an tAire nó aon duine a cheapfaidh sé le hordú faoi alt 2 den Acht seo; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “An tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta” Seirbhís Inimirce agus Eadóirseachta rialtas na Stát Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “réamhiniúchadh” nós imeachta trína ndéantar, sa Stát, ag an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta an t-iniúchadh is gá faoi dhlíthe na Stát Aontaithe i ndáil le hinimirce agus le sláinte phoiblí chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, i gcás daoine (lena n-áirítear aerfhoireann) a bheidh ag taisteal d'aer chuig na Stáit Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “saoráid réamhiniúchta” saoráid atá ar fáil in aerfort sa Stát mar a bhféadfar réamhiniúchadh a dhéanamh de réir an Chomhaontaithe; | |||||||||||
| [EN] | ciallaíonn “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá. | |||||||||||
| [EN] |
Údarás inniúil. |
2. —(1) Is é an tAire an t-údarás inniúil sa Stát chun críocha an Chomhaontaithe. | ||||||||||
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé duine a cheapadh is cuí leis chun cibé feidhmeanna dá chuid mar údarás inniúil a shonraítear san ordú a chomhlíonadh. | |||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm. | |||||||||||
| [EN] | (4) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |||||||||||
| [EN] |
Comhaontuithe le haeriompróirí. |
3. —(1) Féadfaidh an t-údarás inniúil cibé comhaontuithe is gá a dhéanamh le haon aeriompróir cáilithe ar mian leis leas a bhaint as réamhiniúchadh. | ||||||||||
| [EN] | (2) Sonróidh comhaontú a dhéanfar de bhun fho-alt (1) den alt seo na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfar réamhiniúchadh. | |||||||||||
| [EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “aeriompróir cáilithe” aon aeriompróir, cibé acu sceidealta nó cairte, a oibríonn seirbhís aerthaistil lena mbaineann taisteal gan stad idir an Stát agus na Stáit Aontaithe cibé acu an sa Stát nó in áit eile a thionscnaíonn an aersheirbhís. | |||||||||||
| [EN] |
Muirir ar réamhiniúchadh. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a fhorordú i ndáil le paisinéirí agus aerfhoireann a réamhiniúchadh. | ||||||||||
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh rialacháin faoin alt seo foráil do na nithe seo a leanas go léir nó d'aon ní acu: | |||||||||||
| [EN] | (a) na daoine a íocfaidh na táillí; | |||||||||||
| [EN] | (b) an modh a n-íocfar na táillí; | |||||||||||
| [EN] | (c) an modh a ndiúscrófar aon táillí a íocfar faoi na rialacháin; | |||||||||||
| [EN] | (d) aon ní eile a bhaineann le híocaíocht, le bailiú, nó le diúscairt táillí a mheasfaidh an tAire a bheith cuí nó riachtanach. | |||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh an t-údarás inniúil aon táillí is iníoctha de bhun rialachán faoin alt seo a ghnóthú ón duine a bhfuil na táillí sin iníoctha aige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |||||||||||
| [EN] | (4) Rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin. | |||||||||||
| [EN] |
Daoine a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta. |
5. —Beidh sé dleathach do shaoránach de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta, gach dualgas nó aon dualgas díobh seo a leanas a chomhlíonadh de bhun an Chomhaontaithe, is é sin le rá— | ||||||||||
| [EN] | (a) iarratais chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a ghlacadh agus a phróiseáil; | |||||||||||
| [EN] | (b) a iarraidh go dtabharfar doiciméid taistil ar aird agus na doiciméid sin a scrúdú nuair a thabharfar ar aird iad; | |||||||||||
| [EN] | (c) ceisteanna a chur maidir le hincháilitheacht an duine lena mbaineann chun dul isteach sna Stáit Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | (d) a iarraidh go dtabharfar ar aird doiciméid a thacaíonn leis an iarratas ar chead dul isteach sna Stáit Aontaithe agus scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid sin nuair a thabharfar ar aird iad; | |||||||||||
| [EN] | (e) cead a iarraidh chun duine a chuardach agus cuardach a dhéanamh de réir an cheada; | |||||||||||
| [EN] | (f) deonú ceada do dhuine dul isteach sna Stáit Aontaithe a chur siar go dtí go rachaidh an duine sin faoi iniúchadh breise ar theacht chun na tíre sin dó; | |||||||||||
| [EN] | (g) cead taistil ar aghaidh a dhiúltú de réir an Chomhaontaithe do dhuine a bhfionnfar é bheith neamhcháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | (h) na doiciméid riachtanacha go léir agus an fhaisnéis riachtanach go léir a chur ar fáil d'údaráis inimirce an Stáit maidir le cead a dhiúltú d'aon duine dul isteach sna Stáit Aontaithe agus na cúiseanna atá leis an diúltú sin a chur ar fáil do na húdaráis sin. | |||||||||||
| [EN] |
Díolúintí agus pribhléidí do dhaoine a chomhlíonann dualgais ag saoráid réamhiniúchta. |
6. —(1) Saoránach de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta, ní bheidh sé faoi réir dhlínse údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an Stáit i leith gníomhartha a dhéanann sé i bhfeidhmiú a dhualgas faoin gComhaontú. | ||||||||||
| [EN] | (2) Is iad na dualgais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo— | |||||||||||
| [EN] | (a) iarratais chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a ghlacadh agus a phróiseáil; | |||||||||||
| [EN] | (b) a iarraidh go dtabharfar doiciméid taistil ar aird agus na doiciméid sin a scrúdú nuair a thabharfar ar aird iad; | |||||||||||
| [EN] | (c) ceisteanna a chur maidir le hincháilitheacht an duine lena mbaineann chun dul isteach sna Stáit Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | (d) a iarraidh go dtabharfar ar aird doiciméid a thacaíonn leis an iarratas ar chead dul isteach sna Stáit Aontaithe agus scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid sin nuair a thabharfar ar aird iad; | |||||||||||
| [EN] | (e) cead a iarraidh chun duine a chuardach agus cuardach a dhéanamh de réir an cheada; | |||||||||||
| [EN] | (f) deonú ceada do dhuine dul isteach sna Stáit Aontaithe a chur siar go dtí go rachaidh an duine sin faoi iniúchadh breise ar theacht chun na tíre sin dó; | |||||||||||
| [EN] | (g) cead taistil ar aghaidh a dhiúltú de réir an Chomhaontaithe do dhuine a bhfionnfar é bheith neamhcháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe; | |||||||||||
| [EN] | (h) na doiciméid riachtanacha go léir agus an fhaisnéis riachtanach go léir a chur ar fáil d'údaráis inimirce an Stáit maidir le cead a dhiúltú d'aon duine dul isteach sna Stáit Aontaithe agus na cúiseanna atá leis an diúltú sin a chur ar fáil do na húdaráis sin. | |||||||||||
| [EN] | (3) Féadfaidh rialtas na Stát Aontaithe an díolúine a dheonaítear d'fhostaithe de chuid an rialtais sin de bhun fho-alt (1) den alt seo, a tharscaoileadh. | |||||||||||
| [EN] | (4) Deánfaidh an Stát gach beart is cuí chun an tslándáil a bhaineann le saoráid réamhiniúchta a chosaint ar fhoghail nó ar dhamáiste agus chun na cairteanna nó na doiciméid oifigiúla a choimeádann an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta ag an tsaoráid sin a chosaint. | |||||||||||
| [EN] | (5) Saoránach de na Stáit Aontaithe, ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh faoin gComhaontú ag saoráid réamhiniúchta, teachtfaidh sé cibé pribhléidí ar a gcomhaontófar idir an Rialtas agus rialtas na Stát Aontaithe trí nótaí a mhalartú. | |||||||||||
| [EN] |
Forálacha a bhaineann le rialú eachtrannach. |
7. —(1) Duine ar bith a thiocfaidh i láthair ag saoráid réamhiniúchta tar éis dó teacht, i gcúrsa a thurais, go dtí aerfort sa Stát, ní mheasfar, chun críocha Acht na nEachtrannach, 1935 , agus Orduithe na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 go 1985, é bheith tagtha isteach sa Stát. | ||||||||||
| [EN] | (2) Duine ar bith a thiocfaidh i láthair ag saoráid réamhiniúchta le haghaidh réamhiniúchadh tar éis dó teacht, i gcúrsa a thurais, go dtí aerfort sa Stát agus a ndiúltóidh an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta, de réir théarmaí an Chomhaontaithe, cead a thabhairt dó taisteal ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe, measfar, chun críocha Acht na nEachtrannach, 1935 , agus Orduithe na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 go 1985, é bheith tagtha isteach sa Stát. | |||||||||||
| [EN] |
Leasú ar an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 . |
8. —Leasaítear leis seo an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 — | ||||||||||
| [EN] | (a) trí “dhá chéad is caoga punt” a chur in ionad “chúig puint” in alt 19 (3), agus | |||||||||||
| [EN] | (b) trí “míle punt” a chur in ionad “fiche punt” in alt 21, | |||||||||||
| [EN] | agus tá na hailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||
| ||||||||||||
| [EN] |
Costais agus caiteachais. |
9. —(1) Aon chaiteachais a thabhófar— | ||||||||||
| [EN] | (a) ag cur saoráide réamhiniúchta ar fáil de bhun an Chomhaontaithe, nó | |||||||||||
| [EN] | (b) ag cothabháil saoráide réamhiniúchta den sórt sin, | |||||||||||
| [EN] | féadfar iad a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||||||||||
| [EN] | (2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
10. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh), 1986 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||
| [EN] | (2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986”. | |||||||||||
| [EN] | (3) Forléireofar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986, agus an tAcht seo, le chéile mar aon Acht amháin. |