22 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1986


AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Irish Steam Packet Company Limited.

2.

Aoisliúntas na foirne.

3.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971

1971, Uimh. 11

An tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1982

1982, Uimh. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 22 de 1986


AN tACHT UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL) (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM AN BRITISH & IRISH STEAM PACKET COMPANY LIMITED (FÁIL), 1965 GO 1982. [25 Meitheamh, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise sa British & Irish Steam Packet Company Limited.

1. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “nócha is sé mhilliún gnáthscair” a chur in ionad “caoga is ocht milliún gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1982), agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Féadfaidh an tAire Airgeadais nócha is sé mhilliún gnáthscair ar a mhéid sa Chuideachta £1 an ceann a cheannach i dteannta na ngnáthscaireanna sa Chuideachta a cheannaigh sé faoin gcomhaontú dar tugadh formheas le halt 2 den Phríomh-Acht.

Aoisliúntas na foirne.

  2. —Aon athrú ar na téarmaí nó ar na coinníollacha a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an Achta seo agus a rialóidh deonú pinsean, aiscí, liúntas nó íocaíochtaí eile ar éirí as, ar scor nó ar bhás, do chomhalta d'fhoireann na Cuideachta, lena n-áirítear a príomhoifigeach, nó ina leith, nó aon chomhshocraíocht eile chun sochair a chur ar fáil ar éirí as, ar scor nó ar bhás, sa bhreis ar an méid sin roimhe seo, ní bheidh éifeacht leis nó léi mura gceadóidh an tAire Cumarsáide an t-athrú nó an chomhshocraíocht sin agus an ceadú sin a thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1986, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1982, agus den Acht seo le chéile agus féadfar iad a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.