23 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1986


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1956.

3.

Saoránacht a fháil ar phósadh.

4.

Coinníollacha maidir le deimhniú a eisiúint.

5.

Cumhacht chun coinníollacha eadóirsithe a ligean thar ceal i gcásanna áirithe.

6.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1956.

7.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1956.

8.

Foráil idirlinne.

9.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


An tAcht Dá dTagraítear

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956

1956, Uimh. 26

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1986


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1986

(An tiontú oifigiúil)


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NÁISIÚNT-ACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1956 . [1 Iúil, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1956” Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 .

Leasú ar alt 7 d'Acht 1956.

2. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1956, a bhaineann le foirmiúlachtaí atá le comhlíonadh i gcásanna áirithe, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (2):

“Ar choinníoll, maidir le saoránacht duine a chláraítear faoi alt 27, tar éis dháta rite Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1986 , nach mbeidh feidhm lena shaoránacht ach amháin amhail ar agus ó dháta an chláraithe sin.”.

Saoránacht a fháil ar phósadh.

3. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 d'Acht 1956:

“8.—(1) Duine atá ina eachtrannach ar dháta pósta an duine sin le duine is saoránach Éireannach nó a ndéantar saoránach Éireannach de (ar shlí seachas trí eadóirsiú nó de bhua an ailt seo nó alt 12) tar éis an phósta, ní dhéanfar saoránach Éireannach de de bhua an phósta amháin ach féadfaidh sé bheith ina shaoránach amhlaidh má thaisceann sé dearbhú sa tslí fhorordaithe leis an Aire, nó le haon mhisiún taidhleoireachta nó oifig chonsalachta Éireannach, tráth nach luaithe ná trí bliana ó dháta an phósta nó ón dáta a ndearnadh saoránach Éireannach den duine is deireanaí a luadh (ar shlí seachas mar a dúradh) ag glacadh le saoránacht Éireann mar shaoránacht iarphósta: ar choinníoll—

(a) go bhfuil an pósadh ar marthain ar dháta taiscthe an dearbhaithe, agus

(b) go bhfuil an lánúin ina gcónaí le chéile mar fhearchéile agus mar bhanchéile agus go gcuirfidh an céile is saoránach Éireannach mionnscríbhinn sa chéill sin isteach nuair a bheidh an dearbhú á thaisceadh.

(2) Beidh duine a thaiscfidh dearbhú faoi fho-alt (1) ina shaoránach Éireannach ó dháta an taiscthe.

(3) Aon duine a phós, roimh dháta rite an Achta seo, duine ba shaoránach Éireannach (ar shlí seachas trí eadóirsiú) agus a ndearnadh saoránach Éireannach eadóirsithe de, measfar dearbhú faoi fho-alt (1) a bheith taiscthe aige ar dháta rite an Achta seo agus dá bhua sin, agus ní trí eadóirsiú, is saoránach Éireannach a bheidh ann feasta.”.

Coinníollacha maidir le deimhniú a eisiúint.

4. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 15 d'Acht 1956:

“15.—(1) Nuair a gheobhaidh an tAire iarratas ar dheimhniú eadóirseachta féadfaidh sé dá lánrogha, an t-iarratas a dheonú más deimhin leis maidir leis an iarratasóir—

(a) go bhfuil aois iomlán aige;

(b) gur duine dea-charachtair é;

(c) gur chónaigh sé go leanúnach sa Stát ar feadh bliana amháin díreach roimh dháta an iarratais agus go raibh ceithre bliana san iomlán caite aige ina chónaí sa Stát i gcaitheamh na n-ocht mbliana díreach roimh an tréimhse sin;

(d) go bhfuil sé ar intinn aige, de mheon macánta, fanacht ina chónaí sa Stát tar éis a eadóirsithe; agus

(e) go ndearna sé, os comhair Breithimh den Chúirt Dúiche i gcúirt oscailte nó i cibé slí a cheadóidh an tAire ar chúiseanna speisialta, dearbhú sa tslí fhorordaithe go mbeidh sé dílis don náisiún agus tairiseach don Stát.

(2) San Acht seo gairtear coinníollacha le haghaidh eadóirsiú de na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (e) d'fho-alt (1).”.

Cumhacht chun coinníollacha eadóirsithe a ligean thar ceal i gcásanna áirithe.

5. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 16 d'Acht 1956:

“16.—Féadfaidh an tAire, dá lánrogha, iarratas ar dheimhniú eadóirseachta a dheonú sna cásanna seo a leanas, bíodh nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh eadóirsiú (nó aon cheann áirithe acu):

(a) más de bhunadh Éireannach an t-iarratasóir nó má tá caidreamh aige le hÉirinn;

(b) más tuismitheoir nó caomhnóir an t-iarratasóir atá ag gníomhnú thar ceann mionaoisigh de bhunadh Éireannach nó mionaoisigh a bhfuil caidreamh aige le hÉirinn;

(c) más saoránach Éireannach eadóirsithe an t-iarratasóir atá ag gníomhú thar ceann linbh mhionaoisigh de chuid an iarratasóra;

(d) má tá an t-iarratasóir pósta le saoránach Éireannach eadóirsithe;

(e) má tá an t-iarratasóir pósta le duine is saoránach Éireannach (ar shlí seachas trí eadóirsiú);

(f) má tá, nó má bhí, cónaí ar an iarratasóir lasmuigh den Stát sa tseirbhís phoiblí;

(g) más é atá san iarratasóir duine is dídeanaí de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe den 28ú lá d'Iúil, 1951, agus an Phrótacail maidir le Seasamh Dídeanaithe den 31ú lá d'Eanáir, 1967, nó duine gan Stát de réir bhrí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Daoine gan Stát den 28ú lá de Mheán Fómhair, 1954.”.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1956.

6. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má dhéanann duine ar bith, le haghaidh nó i leith iarratais ar dheimhniú eadóirseachta, aon ráiteas nó faisnéis a thabhairt don Aire is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.”.

Leasú ar alt 21 d'Acht 1956.

7. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1956 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más saoránach de thír eile saoránach Éireannach d'aois iomlán nó má tá sé nó sí ar tí bheith ina shaoránach nó ina saoránach de thír eile, agus mar gheall air sin gur mian leis nó léi saoránacht a thréigean, féadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh, má tá gnáthchónaí air nó uirthi lasmuigh den Stát, trí dhearbhú eachtrannachta a thaisceadh leis an Aire sa tslí fhorordaithe, agus, ar an dearbhú a thaisceadh nó, mura saoránach den tír sin é nó í an tráth sin, ar shaoránach den sórt sin a dhéanamh de nó di, scoirfidh sé nó sí de bheith ina shaoránach Éireannach nó ina saoránach Éireannach.”.

Foráil idirlinne.

8. —I gcás aon duine a bhféadfaí saoránach Éireannach a dhéanamh de murach an tAcht seo, féadfar, ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta rite an Achta seo, saoránach Éireannach a dhéanamh de amhlaidh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 agus 1986, a ghairm d'Acht 1956 agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar Acht 1956 agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.