Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

32 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1986


AN tACHT UM RIALÚ MADRAÍ, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Toirmeasc ar mhadra a choimeád gan cheadúnas.

3.

Ceadúnais a eisiúint.

4.

Daoine atá dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú.

5.

Díolúine ó cheadúnas a shealbhú.

6.

Ceadúnas madra a aistriú.

7.

Ré an cheadúnais.

8.

Táille le haghaidh ceadúnais.

9.

Rialú madraí.

10.

Rialú cúnna.

11.

Madraí fáin.

12.

Madraí nach dteastaíonn.

13.

Teacht ar mhadraí fáin.

14.

Madraí urghafa a chlárú.

15.

Dualgais údaráis áitiúil.

16.

Cumhachtaí maor madraí.

17.

Fodhlíthe.

18.

Dícháiliú chun madra a choimeád.

19.

Áitreabh agus madraí a rialáil.

20.

Leasú ar an Protection of Animals Act, 1911.

21.

Dliteanas úinéara mar gheall ar dhamáiste ag madra.

22.

Madraí contúirteacha.

23.

Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.

24.

Conablaigh a chur.

25.

Núis ag madraí ag tafann.

26.

Barántais chuardaigh.

27.

Cionta agus pionóis.

28.

Forálacha maidir le cionta áirithe.

29.

Leasú ar an Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965.

30.

Ionchúiseamh i gcionta.

31.

Rialacháin.

32.

Fógraí a sheirbheáil.

33.

Deontais d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí eile.

34.

Caiteachais Aire.

35.

An tAcht a leathnú chuig ainmhithe eile.

36.

Aisghairm.

37.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nAinmhithe, 1985

1985, Uimh. 11

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961

1961, Uimh. 41

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1966

1966, Uimh. 6

Dogs Act, 1871

1871, c. 56

Dogs Act, 1906

1906, c. 32

An tAcht Madraí (Beostoc a Chosaint), 1960

1960, Uimh. 17

Dublin Police Act, 1839

2 & 3 Vict. c. 78

Dublin Police Act, 1842

5 & 6 Vict. c. 24

An tAcht Airgid, 1925

1925, Uimh. 28

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgeadais, 1963

1963, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1983

1983, Uimh. 15

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976

1976, Uimh. 20

Protection of Animals Act, 1911

1911, c. 27

An tAcht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965

1965, Uimh. 10

Na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe, 1911 agus 1965

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878 c. 52

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 92

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854

17 & 18 Vict. c. 103

Town Police Clauses Act, 1847

10 & 11 Vict. c. 89

An tAcht um Fhiadhúlra, 1976

1976, Uimh. 39

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1986


AN tACHT UM RIALÚ MADRAÍ, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MADRAÍ A CHEADÚNÚ AGUS A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE BEOSTOC A CHOSAINT ÓNA gCIAPADH AG MADRAÍ AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE MADRAÍ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [17 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

folaíonn “damáiste” bás aon duine nó díobháil d'aon duine (lena n-áirítear aon ghalar a thrúigtear do dhuine nó aon mháchail ar a staid coirp nó meabhrach) agus folaíonn sé díobháil do mhaoin nó díothú iomlán nó páirteach ar mhaoin;

ciallaíonn “diúscairt” díol nó tabhairt in aisce;

folaíonn “madra” soith d'aois ar bith nó madra d'aois ar bith;

ciallaíonn “ceadúnas madra” ceadúnas a thugann teideal do dhuine madra a choimeád;

ciallaíonn “maor madraí” duine a fhostaítear faoi alt 15 den Acht seo chun bheith ina mhaor madraí chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “ceadúnas madra ginearálta” ceadúnas a thugann teideal do dhuine líon neamhshonraithe madraí a choimeád;

folaíonn “cú” aon fhuipéad agus aon phór nó crosphór cú nó fuipéid;

folaíonn “ceadúnas”, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, ceadúnas madra agus ceadúnas madra ginearálta;

ciallaíonn “beostoc” eallach, caoirigh, muca, capaill agus gach eachainmhí eile, éanlaith chlóis, gabhair agus fianna nach bhfuil sa staid fhiáin;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, seachas buirg Dhún Laoghaire, comhairle chontae Bhaile Átha Cliath,

(b) i gcás bhuirg Dhún Laoghaire, bardas na buirge,

(c) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge, agus

(d) i gcás aon chontae riaracháin eile, comhairle an chontae,

agus forléireofar dá réir sin tagairtí do limistéar feidhme údaráis áitiúil agus folóidh údarás áitiúil, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, aon duine eile a ndearna údarás áitiúil comhshocraíocht leis de bhun alt 15 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “áititheoir” duine is úinéir agus is áititheoir, chomh maith le duine nach bhfuil ach ina áititheoir, ar aon áitreabh agus i ndáil le haon talamh folaíonn sé duine a shealbhaíonn talamh faoi ligean i gconacra nó chun críocha reachtaireachta nó dífhéarú díomuan;

folaíonn “úinéir”, i ndáil le madra, áititheoir aon áitribh ina gcoimeádtar an madra nó ina gceadaítear dó cónaí nó fanacht ag aon tráth áirithe mura gcruthaíonn an t-áititheoir sin a mhalairt: Ar choinníoll, i gcónaí, i gcás níos mó ná aon teaghais amháin a bheith in aon teach, go nglacfar leis gurb é áititheoir na teaghaise ina gcoimeádtar an madra nó ina gceadaítear dó cónaí nó fanacht, an t-úinéir go dtí go gcruthófar a mhalairt;

folaíonn “duine i bhfeighil beostoic” áititheoir aon talún ar a gcoimeádtar an beostoc, nó úinéir an bheostoic nó aon duine de líon tí an áititheora nó an úinéara sin nó aon duine a bheidh údaraithe ag aon duine acu chun dul i bhfeighil an bheostoic;

ciallaíonn “éanlaith chlóis” turcaithe, géanna, lachain, cearca guine, colúir, péacóga agus éanlaith chlóis eile agus folaíonn sé, fad a bheidh siad i mbraighdeanas, piasúin, patraiscí, cearca fraoigh agus gearga;

folaíonn “áitreabh” aon teach nó talamh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, cladach, páirc, talamh, gort nó áit eile ar a mbíonn rochtain ag an bpobal, cibé acu an de cheart nó le cead é agus cibé acu faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é;

ciallaíonn “aimridiú” buan-éagumasú le haghaidh pórú;

tá le “madra fáin” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht seo;

ciallaíonn “Ceannfort den Gharda Síochána” an Ceannfort den Gharda Síochána don limistéar ina bhfuil, ina bhfaightear nó ina lámhachtar madra;

ciallaíonn “tréidlia” aon duine atá cáilithe go dleathach chun tréidliacht a chleachtadh sa Stát;

ciallaíonn “ciapadh”, i ndáil le beostoc, beostoc a ionsaí nó a mharú nó a sheilg ar shlí a bhféadfaí bheith ag súil le réasún go mbeadh sé ina chúis bháis nó díobhála nó fulaingthe don bheostoc nó go dtarlódh caillteanas airgid d'úinéir an bheostoic dá dheasca.

Toirmeasc ar mhadra a choimeád gan cheadúnas.

2. —(1) Faoi réir alt 5 den Acht seo, beidh sé neamhdhleathach d'aon duine—

(a) madra a choimeád mura mbeidh ina sheilbh aige—

(i) ceadúnas madra le haghaidh an mhadra sin, nó

(ii) ceadúnas madra ginearálta, nó

(b) mura sealbhóir é ar cheadúnas madra ginearálta, seilbh a ghlacadh ar mhadra, de bhun athrú úinéireachta, sula n-eiseofar ceadúnas madra i leith an mhadra sin, nó

(c) seilbh ar mhadra a aistriú, de bhun athrú úinéireachta, chuig aon duine eile mura sealbhóir an duine eile ar cheadúnas madra le haghaidh an mhadra sin nó ar cheadúnas madra ginearálta.

(2) Measfar chun críocha an ailt seo, maidir le háititheoir aon áitribh ina bhfaighfear madra, gurb é an duine é a choimeádann an madra mura gcruthaíonn sé—

(a) nach é úinéir an mhadra é, agus

(b) gur coimeádadh an madra san áitreabh—

(i) i ngan fhios dó, nó

(ii) ag duine éigin eile a raibh ceadúnas aige le haghaidh an mhadra.

Ceadúnais a eisiúint.

3. —(1) Is é a eiseoidh ceadúnas madra chuig duine an t-údarás áitiúil don limistéar feidhme ina gcoimeádtar an madra tráth eisiúna an cheadúnais nó ina mbeartaítear é a choimeád tar éis an ceadúnas a eisiúint.

(2) Is é an t-údarás áitiúil a eiseoidh ceadúnas madra ginearálta chuig duine agus bainfidh sé le gach madra a choimeádfaidh an duine sin laistigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haon duine eile chun ceadúnais a eisiúint thar a cheann.

(4) Measfar chun gach críche gur ceadúnas a eisíodh faoin Acht seo ceadúnas a eisíodh, roimh thosach feidhme an Achta seo, de bhun alt 37 den Acht Airgid, 1925 .

Daoine atá dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú.

4. —Ní eiseoidh údarás áitiúil ceadúnas madra ná ceadúnas madra ginearálta chuig aon duine—

(a) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó

(b) atá dícháilithe, de bhun alt 18 den Acht seo, chun madra a choimeád.

Díolúine ó cheadúnas a shealbhú.

5. —Ní gá ceadúnas i leith aon mhadra—

(a) fad a bhíonn an madra sin ina sheilbh ag an údarás áitiúil;

(b) fad a bhíonn an madra sin ina sheilbh ag an gCumann Éireannach um Fhóirithint ar Ainmhithe nó ag aon duine eile a ndearna údarás áitiúil comhshocraíocht leis de bhun alt 15 den Acht seo;

(c) a bhíonn á choimeád ag an nGarda Síochána agus a bhíonn á úsáid go hiomlán ag comhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú a dhualgais;

(d) a choimeádtar chun críche treorach ag duine dall nó ag duine a bhfuil a radharc chomh holc sin nach bhfuil ar a chumas a bhealach a dhéanamh thart gan treoir, agus a úsáideann duine den sórt sin go hiomlán nó go formhór chun na críche sin;

(e) atá faoi bhun ceithre mhí d'aois agus a choimeádtar lena mháthair nó lena mháthair altrama;

(f) fad a bhíonn an madra sin ina sheilbh ag cigire (de réir bhrí an Achta um Ghalair Ainmhithe, 1966 ) nó ag oifigeach eile don Aire Talmhaíochta nó ag comhalta den Gharda Síochána chun críocha an Achta sin;

(g) a allmhairítear isteach sa Stát ar feadh tréimhse nach faide ná tríocha lá;

(h) ar cú é a cheannaítear lena onnmhairiú agus a onnmhairítear as an Stát laistigh de thríocha lá tar éis dháta an cheannaigh;

(i) a choimeádann cibé aicme eile duine a bheidh forordaithe ag an Aire.

Ceadúnas madra a aistriú.

6. —(1) Féadfar ceadúnas madra a eiseofar chuig duine i leith madra, a aistriú chuig aon duine eile nuair a aistreofar seilbh ar an madra chuig an duine eile sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo in aon chás ina n-aistreofar úinéireacht an mhadra chuig aon duine eile.

Ré an cheadúnais.

7. —Beidh ceadúnas madra nó ceadúnas madra ginearálta san fhoirm fhorordaithe agus beidh sé bailí don tréimhse dhá mhí dhéag ó dháta a eisiúna.

Táille le haghaidh ceadúnais.

8. —(1) Beidh na táillí seo a leanas iníoctha le húdarás áitiúil maidir le ceadúnas madra nó ceadúnas madra ginearálta a eisiúint, is é sin le rá—

(a) maidir le ceadúnas madra a eisiúint, táille £5, agus

(b) maidir le ceadúnas madra ginearálta a eisiúint, táille £100.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, na rátaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú agus rátaí éagsúla maidir le haicmí éagsúla madraí a shonrú.

Rialú madraí.

9. —(1) Ní cheadóidh úinéir madra ná aon duine eile a bheidh i bhfeighil madra madra a bheith in aon áit seachas—

(a) in áitreabh an úinéara, nó

(b) in áitreabh cibé duine eile a bheidh i bhfeighil an mhadra, nó

(c) in áitreabh aon duine eile, le toiliú an duine sin,

mura ndéanfaidh an t-úinéir nó an duine eile sin a bheidh i bhfeighil an mhadra é a thionlacan agus é a choimeád faoi rialú éifeachtúil.

(2) Má chiapann madra beostoc beidh an t-úinéir nó aon duine eile a bheidh i bhfeighil an mhadra ciontach i gcion mura suífear gur chiap an madra an beostoc ag an tráth ábhartha chun beostoc bradaíola a thabhairt chun siúil agus go raibh an gníomh réasúnach agus riachtanach ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí amháin, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

Rialú cúnna.

10. —(1) Ní cheadóidh duine cú a bheith in aon áit phoiblí mura mbeidh an cú sin ar éill nó ar slabhra a bheidh sách láidir.

(2) Ní bheidh níos mó ná ceithre chú sa turas ar éill ag duine in aon áit phoiblí ná ní chuirfidh sé faoi deara ná ní cheadóidh sé d'aon duine amháin níos mó ná ceithre chú sa turas a bheith ar éill aige in aon áit phoiblí.

Madraí fáin.

11. —(1) Déanfaidh maor madraí gach beart réasúnach chun aon mhadra is dóigh leis is madra fáin a urghabháil agus a choinneáil agus féadfaidh sé dul isteach in aon áitreabh (seachas teaghais) chun críche na hurghabhála agus na coinneála sin.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon mhadra is dóigh leis is madra fáin a urghabháil agus a choinneáil agus féadfaidh sé dul isteach in aon áitreabh (seachas teaghais) chun críche na hurghabhála agus na coinneála sin.

(3) Aon uair a dhéanfaidh comhalta den Gharda Síochána madra a urghabháil nó a choinneáil de bhun fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé an madra a sheachadadh ar an údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a fuarthas an madra.

(4) Aon uair a dhéanfaidh maor madraí nó comhalta den Gharda Síochána madra fáin a urghabháil nó a choinneáil de bhun an ailt seo, tabharfaidh an t-údarás áitiúil, nó, de réir mar a bheidh, an Ceannfort den Gharda Síochána, fógra don úinéir nó don duine eile i bhfeighil an mhadra, má bhíonn ainm an úineára sin nó an duine eile sin ar eolas ag an údarás nó ag an gCeannfort nó más féidir é a fhionnadh go héasca, go ndearnadh an madra a urghabháil agus a choinneáil agus go ndéanfar é a dhiúscairt nó a dhíothú, tar éis cúig lá ó dháta an fhógra a thabhairt, mura n-éileofar an madra agus mura ndéanfaidh an t-úinéir nó, de réir mar a bheidh, an duine i bhfeighil an mhadra gach costas a bhain lena urghabháil agus lena choinneáil a íoc.

(5) Má éilíonn aon duine madra a urghabhadh agus a coinníodh de bhun an ailt seo, tabharfaidh an t-údarás áitiúil nó an Ceannfort den Gharda Síochána an madra don duine sin—

(a) má shásaíonn an duine sin an t-údarás áitiúil nó an Ceannfort den Gharda Síochána, de réir mar a bheidh, gurb é úinéir an mhadra é nó gur údaraigh an t-úinéir dó an madra a éileamh,

(b) má dhearbhaíonn an duine sin san fhoirm fhorordaithe gurb é an t-úinéir sin é nó gur údaraíodh dó amhlaidh an madra a éileamh, agus

(c) má íocann an duine sin méid an chostais a thabhaigh an t-údarás áitiúil nó an Garda Síochána maidir le hurghabháil agus coinneáil an mhadra.

(6) Aon uair a dhéanfaidh maor madraí nó comhalta den Gharda Síochána madra fáin a urghabháil nó a choinneáil de bhun an ailt seo, cuirfidh an t-údarás áitiúil nó, de réir mar a bheidh, an Ceannfort den Gharda Síochána faoi deara taifead a dhéanamh sa chlár a cheanglaítear a choimeád faoi alt 14 den Acht seo.

(7) Cúig lá tar éis taifead a dhéanamh sa chlár de bhun fho-alt (6) den alt seo, nó tar éis fógra a thabhairt de bhun fho-alt (4) den alt seo, cibé acu is déanaí, féadfaidh an t-údarás áitiúil nó an Ceannfort den Gharda Síochána, de réir mar a bheidh, mura mbeidh an madra tugtha d'aon duine de bhun fho-alt (5) den alt seo agus gach costas a bhain lena urghabháil agus lena choinneáil íoctha ag aon duine, an madra a dhiúscairt faor réir fho-alt (8) den alt seo, nó socrú a dhéanamh lena dhíothú ar shlí dhaonnachtúil.

(8) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil ná Ceannfort den Gharda Síochána, de réir mar a bheidh, madra a dhiúscairt de bhun fho-alt (7) den alt seo chun críocha turgnamh ar ainmhithe.

(9) Féadfaidh údarás áitiúil, sula ndéanfaidh sé madra a dhiúscairt faoin alt seo, an madra a aimridiú nó socrú a dhéanamh lena aimridiú.

(10) Má dhiúscraíonn údarás áitiúil nó Ceannfort den Gharda Síochána madra faoin alt seo, is é an duine dá dtabharfar an madra a bheidh ina úinéir air agus air sin éagfaidh teideal a úinéara roimhe sin.

(11) San Acht seo folaíonn “madra fáin” aon mhadra a ndealraíonn sé nach mbeidh duine leis mura mbeidh an madra sin in áitreabh a úinéara nó in áitreabh duine éigin eile atá i bhfeighil an mhadra nó in áitreabh aon duine eile le toiliú an duine sin.

(12) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an tréimhse laethanta a shonraítear i bhfo-ailt (4) agus (7) den alt seo a athrú.

Madraí nach dteastaíonn.

12. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil madra nach dteastaíonn a ghlacadh óna úinéir nó ó dhuine a bheidh údaraithe ag an úinéir agus féadfaidh sé, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an madra sin a dhiúscairt nó socrú a dhéanamh lena dhíothú ar shlí dhaonnachtúil.

(2) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil madra a dhiúscairt de bhun fho-alt (1) den alt seo chun críocha turgnamh ar ainmhithe.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, sula ndéanfaidh sé madra a dhiúscairt faoin alt seo, an madra a aimridiú nó socrú a dhéanamh lena aimridiú.

(4) Má dhiúscraíonn údarás áitiúil madra faoin alt seo is é an duine dá dtabharfar an madra a bheidh ina úinéir air agus air sin éagfaidh teideal an úinéara roimhe sin.

Teacht ar mhadraí fáin.

13. —(1) Aon duine seachas maor madraí nó comhalta den Gharda Síochána a thagann ar mhadra fáin agus a ghlacann seilbh air déanfaidh sé, láithreach—

(a) an madra a thabhairt ar ais dá úinéir, nó

(b) an madra a sheachadadh ar mhaor madraí, nó

(c) an madra a choinneáil agus fógra i scríbhinn ina mbeidh tuairisc ar an madra, seoladh na háite inar thángthas air agus seoladh na háite ina bhfuil sé á choinneáil, a thabhairt don chomhalta i gceannas ag an Stáisiún Garda is gaire don áit inar thángthas ar an madra, nó do mhaor madraí.

(2) Go háirithe agus gan dochar d'fhorálacha fho-alt (1) den alt seo, i gcás go mbeidh forais réasúnacha ag aon duine lena chreidiúint gur chiap madra fáin beostoc nó go bhfuil sé ar tí beostoc a chiapadh, féadfaidh an duine sin an madra a urghabháil agus seachadfaidh sé é láithreach ar mhaor madraí.

(3) I gcás gur tháinig duine ar mhadra fáin agus gur choimeád sé seilbh ar an madra ar feadh bliana tar éis an dáta ar thug sé an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus nach ndearna a úinéir an madra a éileamh laistigh den bhliain sin, is é an duine sin a bheidh ina úinéir ar an madra agus air sin éagfaidh teideal an úinéara roimhe sin chun an mhadra.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo más rud é, i rith na tréimhse bliana a shonraítear san fho-alt sin, go bhfaighidh an duine a tháinig ar an madra amach cé hé úinéir an mhadra agus leis sin cuirfidh an duine sin in iúl don úinéir go bhfuil an madra ina sheilbh agus go bhféadfar an madra a bhailiú uaidh.

(5) D'ainneoin fhorálacha alt 2 den Acht seo, ní cheanglófar ar dhuine nach sealbhóir ar cheadúnas madra ginearálta agus a choinníonn madra fáin de bhun an ailt seo, ceadúnas madra a bhaineann leis an madra sin a fháil go dtí go mbeidh an madra coimeádta ina sheilbh aige ar feadh tréimhse ocht lá is fiche ar a laghad agus forléireofar an t-alt sin 2 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Madraí urghafa a chlárú.

14. —(1) Coimeádfaidh gach údarás áitiúil clár de gach madra—

(a) a d'urghabh maor madraí a bheidh fostaithe aige, agus

(b) a choinnigh aon duine eile agus a cuireadh in iúl don mhaor madraí sin.

(2) Coimeádfaidh gach Ceannfort den Gharda Síochána clár de gach madra—

(a) a d'urghabh comhalta den Gharda Síochána a bheidh faoina urláimh, agus

(b) a choinnigh aon duine eile agus a cuireadh in iúl don chomhalta i gceannas ar aon stáisiún Garda laistigh dá limistéar, agus

(c) a lámhach aon duine agus a tuairiscíodh don chomhalta i gceannas ar aon Stáisiún Garda laistigh dá limistéar.

(3) Gach clár a chothabhálfar faoin alt seo beidh na sonraí seo a leanas le fáil ann, is é sin le rá:

(a) tuairisc ar an madra;

(b) i gcás madra a d'urghabh maor madraí nó comhalta den Gharda Síochána, an dáta a urghabhadh an madra agus sonraí maidir leis an tslí inar diúscraíodh an madra nó, de réir mar a bheidh, inar díothaíodh é;

(c) i gcás madra a choinnigh aon duine eile, an dáta ar cuireadh an choinneáil in iúl don mhaor madraí nó don chomhalta i gceannas ar an Stáisiún Garda áirithe, de réir mar a bheidh, an áit inar thángthas ar an madra agus an áit a bhfuil an madra á choinneáil.

(4) Beidh gach clár a bheidh á chothabháil faoin alt seo ar oscailt lena iniúchadh gach tráth réasúnach ag aon duine leasmhar.

(5) Déanfar gach taifead i gclár a bheidh á chothabháil faoin alt seo a choimeád ann ar feadh tréimhse bliana ar a laghad.

Dualgais údaráis áitiúil.

15. —(1) Fostóidh gach údarás áitiúil duine amháin nó níos mó le bheith mar mhaoir mhadraí chun críocha an Achta seo agus tabharfar deimhniú maidir lena cheapachán do gach duine a bheidh fostaithe amhlaidh agus nuair a bheidh cumhacht faoin Acht seo á fheidhmiú aige, déanfaidh sé, má iarrann aon duine ar a bhfearann sé air é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh ag an duine.

(2) Bunóidh agus cothabhálfaidh gach údarás áitiúil dídean amháin nó níos mó le haghadh madraí a urghabhfar, a ghlacfar nó a choinneofar faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo agus féadfaidh sé, le toiliú an Aire, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haon duine chun na dídeana sin a chur ar fáil agus a chothabháil agus chun feidhmeanna an údaráis áitiúil faoin Acht seo maidir le glacadh, coinneáil, diúscairt agus díothú madraí fáin agus madraí nach dteastaíonn a fheidhmiú ag an duine sin.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh údarás áitiúil comhshocraíochtaí a dhéanamh le haon údarás áitiúil eile nó leis an gCumann Éireannach um Fhóirithint ar Ainmhithe nó, le toiliú an Aire, le duine a bheidh bainteach le leas ainmhithe chun go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil eile sin, an Cumann sin, nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, gach feidhm nó aon fheidhm de chuid an údaráis áitiúil faoin Acht seo, seachas a chuid feidhmeanna faoi alt 17 nó alt 30 den Acht seo, a fheidhmiú.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil cuidiú le haon duine a chuireann tearmainn nó dídeana ar fáil do mhadraí fáin nó do mhadraí nach dteastaíonn trí chúnamh a thabhairt don duine sin in airgead nó i gcomhchineál nó trí sheirbhísí nó saoráidí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a chur ar fáil.

Cumhachtaí maor madraí.

16. —(1) Féadfaidh maor madraí—

(a) más rud é go mbeidh forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó déanta ag duine faoin Acht seo nó faoi aon rialachán nó fodhlí arna dhéanamh faoin Acht seo, a ainm agus a sheoladh a iarraidh ar an duine agus féadfaidh sé a iarraidh air aon eolas a thabharfar a fhíorú;

(b) aon mhadra a urghabháil agus a choinneáil chun a fhionnadh an bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh nó déanta agus féadfaidh sé dul isteach in aon áitreabh (seachas teaghais) chun an urghabháil agus an choinneáil sin a dhéanamh;

(c) dul isteach in aon áitreabh (seachas teaghais) chun cosc nó deireadh a chur—

(i) le haon ionsaí ó mhadra ar aon duine, nó

(ii) le ciapadh beostoic;

(d) dul isteach in aon áitreabh (seachas teaghais)—

(i) atá cláraithe de réir rialachán arna ndéanamh faoi alt 19 den Acht seo, nó

(ii) má bhíonn forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil níos mó ná cúig mhadra atá os cionn ceithre mhí d'aois á gcoimeád ann,

agus scrúdú a dhéanamh ann ar cibé madraí a gheobhaidh sé ann agus ar na conchróite nó ar an gcuid den áitreabh ina bhfuil na madraí á gcoimeád;

(e) a iarraidh ar aon duine ar leis madra nó atá i bhfeighil nó i seilbh madra ceadúnas madra nó ceadúnas madra ginearálta, de réir mar a bheidh, a thabhairt ar aird laistigh de dheich lá ó dháta na hiarrata, lena scrúdú ag an maor madraí.

(2) Féadfaidh maor madraí, i bhfeidhmiú cumhachta chun dul isteach in aon áitreabh faoin Acht seo, cibé daoine eile is dóigh leis a bheith riachtanach chun cuidiú leis i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus feidhmeanna faoin Acht seo a thabhairt leis isteach san áitreabh sin agus féadfaidh an maor madraí agus aon duine eile den sórt sin cibé trealamh a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a thabhairt leo isteach san áitreabh.

(3) Aon duine—

(a) a bhacfaidh nó a choiscfidh maor madraí i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, nó

(b) a dhiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt do mhaor madraí nuair a iarrtar air sin a dhéanamh nó a thugann ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach nuair a iarrtar sin air,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair—

(i) i gcás gur cion faoi mhír (a) den fho-alt seo an cion, fíneáil nach mó ná £500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí amháin, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) i gcás gur cion faoi mhír (b) den fho-alt seo an cion, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(4) Má bhíonn comhalta den Gharda Síochána den tuairim go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó déanta ag duine faoin alt seo féadfaidh sé an duine a ghabháil gan bharántas.

Fodhlíthe.

17. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh a bhaineann le madraí a rialú laistigh dá limistéar feidhme.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas:

(a) a cheangal ar an duine i bhfeighil madra an faecas a aistriú láithreach más rud é gur shalaigh an madra áit phoiblí atá suite i cibé cuid de limistéar feidhme an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sna fodhlíthe;

(b) limistéir a shonrú i cibé cuid de limistéar feidhme an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sna fodhlíthe ina gceanglófar ar an duine a bheidh i bhfeighil madra an madra a choimeád ar éill;

(c) limistéir a shonrú i cibé cuid de limistéar feidhme an údaráis áitiúil a bheidh sonraithe sna fodhlíthe nach gceadófar madra iontu, seachas madra a bheidh á úsáid le haghaidh treorach ag duine dall nó ag duine a bhfuil a radharc chomh holc sin nach bhfuil ar a chumas a bhealach a dhéanamh gan treoir.

(3) Beidh sna fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an údarás áitiúil a bheith riachtanach.

(4) Beidh feidhm ag forálacha ailt 221 agus 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo amhail is dá mba fhodhlíthe a rinneadh faoin Acht sin na fodhlíthe seo a dhéanfar faoin alt seo.

(5) Ní bheidh feidhm ag fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo maidir le madra a bheidh á úsáid—

(a) ag comhalta den Gharda Síochána i bhfeidhmiú a dhualgais, nó

(b) le haghaidh cibé críoch eile a fhorordóidh an tAire.

(6) (a) Más rud é gur líne bharr láin farraige nó abhainn taoide, nó loch taoide, aon chuid de theorainn limistéir feidhme údaráis áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil, agus fodhlíthe á ndéanamh aige faoin alt seo, an limistéar ina bhfeidhmeofar na fodhlíthe sin a leathnú go dtí an urthrá nó go dtí cibé cuid den urthrá a shonrófar sna fodhlíthe.

(b) Más rud é go ndéanfar an limistéar ina bhfeidhmeofar na fodhlíthe a leathnú de bhun an fho-ailt seo féadfar an limistéar leathnaithe sin a shainmhíniú trí thagairt do léarscáil nó ar shlí eile.

(c) San fho-alt seo tá le “urthrá” an bhrí a shonraítear do “imeall trágha” san Acht Imeall Trágha, 1933 .

Dícháiliú chun madra a choimeád.

18. —(1) Aon duine a chiontófar faoi na hAchtanna um Chosaint Ainmhithe, 1911 agus 1965, i gcion cruálachta ar mhadra féadfar, i dteannta aon phionóis a fhorchuirfear faoi na hAchtanna seo, é a dhícháiliú chun madra a choimeád go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt.

(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán, nuair a chiontófar agus a dhícháileofar duine amhlaidh, féadfaidh an Chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh chun aon mhadra atá á choimeád ag an duine sin a dhiúscairt nó a dhíothú go daonnachtúil agus féadfaidh sí a ordú go mbeidh an caiteachas faoina rachfar ag diúscairt an mhadra nó á dhíothú go daonnachtúil faoin alt seo, lena n-áirítear costas aon tréidlia, le híoc ag an duine a chiontófar i dteannta aon phionóis eile a chuirfidh an Chúirt air.

(3) Aon duine a mhainneoidh aon chaiteachais a íoc a ordaítear a íoc de bhun fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair ann dlífear príosúnacht go ceann tréimhse nach faide ná mí a chur air.

(4) Má ordaíonn an Chúirt de bhun fho-alt (2) den alt seo madra a dhíothú, féadfaidh an Chúirt ordú a thabhairt an madra a sheachadadh ar mhaor madraí nó ar aon duine oiriúnach chun na críche sin, agus, a luaithe is féidir, déanfaidh an duine ar a seachadfar an madra an madra a dhíothú, nó a chur faoi deara é a dhíothú, ar shlí dhaonnachtúil.

Áitreabh agus madraí a rialáil.

19. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, caighdeáin a shonrú le haghaidh áitribh ina gcoimeádtar níos mó ná cúig mhadra os cionn ceithre mhí d'aois agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh chun madraí a úsáid agus a rialú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) a dhearbhú, maidir le haon áitreabh ina bhfuil níos mó na cúig mhadra os cionn ceithre mhí d'aois á gcoimeád, nach bhféadfar an t-áitreabh sin a úsáid chun cibé críche a shonrófar sna rialacháin mura mbeidh an t-áitreabh sin cláraithe leis an údarás áitiúil iomchuí;

(b) socrú a dhéanamh, i ndáil le háitribh den chineál dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo—

(i) le haghaidh foirm chlár na n-áitreabh sin a bheidh le cothabháil ag údarás áitiúil;

(ii) le haghaidh na gceanglas a bheidh le comhlíonadh chun go bhféadfar aon áitreabh den sórt sin a chlárú;

(iii) maidir leis na himthosca ina bhféadfar clárú aon áitribh den sórt sin a dhiúltú nó a chealú;

(iv) chun conchróite a thógáil agus a oibriú in aon áitreabh den sórt sin;

(v) chun go gcoimeádfaidh úinéir nó áititheoir an áitribh sin taifid agus chun go ndéanfar aon taifid den sórt sin a iniúchadh;

(c) socrú a dhéanamh maidir le húsáid madraí gardála le linn gnó a rialáil;

(d) socrú a dhéanamh chun féasrach a chur ar mhadraí in imthosca sonraithe agus chun madraí a choimeád faoi smacht;

(e) socrú a dhéanamh chun úinéireacht madraí a aithint trí choiléar nó úim a bheith ar mhadra a mbeidh ainm agus seoladh an úineára greanta air nó ar phláta, suaitheantas nó diosca a bheidh daingnithe de;

(f) socrú a dhéanamh chun madraí a aithint ar aon slí eile;

(g) a cheangal go mbeidh deis chun ceadúnas a aithint ar iompar ag madra cibé acu trí dhiosca, suaitheantas nó pláta a bheith daingnithe dá choiléar nó dá úim nó trí bhealach ar bith eile;

(h) socrú a dhéanamh chun díolúine ó gach foráil nó ó aon fhoráil d'fhorálacha na rialachán a thabhairt do chigire (de réir bhrí an Achta um Ghalair Ainmhithe, 1966 ) nó d'oifigeach eile don Aire Talmhaíochta, d'oifigeach d'údarás áitiúil nó do chomhalta den Gharda Síochána nuair a bheidh madra i seilbh duine den sórt sin chun críocha an Achta sin.

Leasú ar an Protection of Animals Act, 1911.

20. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Protection of Animals Act, 1911 (arna leasú le halt 4 den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 ) trí na focail go léir i bhfo-alt (1) ó “such person shall be guilty” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad:

“such person shall be guilty of an offence of cruelty within the meaning of this Act and shall be liable on summary conviction thereof—

(i) in respect of a first or a second offence to a fine not exceeding £500, or to imprisonment for a term not exceeding three months, or, at the discretion of the Court, to both such fine and such imprisonment;

(ii) in respect of a third or any subsequent offence, to a fine not exceeding £500, or to imprisonment for a term not exceeding six months, or, at the discretion of the Court, to both such fine and such imprisonment.”.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta le rialacháin méid uasta na fíneála a shonraítear in alt 1 (arna leasú leis an Acht seo) den Protection of Animals Act, 1911, a athrú.

(3) Más rud é go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Dliteanas úinéara mar gheall ar dhamáiste ag madra.

21. —(1) Beidh úinéir madra faoi dhliteanas damáistí mar gheall ar dhamáiste a dhéanann an madra le linn ionsaí ar aon duine agus mar gheall ar dhíobháil a dhéanann sé d'aon bheostoc; agus ní gá don duine a lorgaíonn na damáistí sin a thaispeáint go raibh claonadh mioscaiseach roimhe sin sa mhadra ná go raibh a fhios ag an úinéir an claonadh sin a bheith ann ná a thaispeáint go raibh an díobháil nó an damáiste sin inchurtha i leith faillí ar pháirt an úinéara.

(2) Má dhéanann madra díobháil do bheostoc ar thalamh a ndeachaigh siad ar seachrán isteach ann agus gur le háititheoir na talún an madra nó gur údaraigh an t-áititheoir é a bheith ar an talamh, ní bheidh duine faoi dhliteanas faoin alt seo maidir le díobháil a rinneadh don bheostoc, murar chuir an duine faoi deara don mhadra an beostoc a ionsaí.

(3) Is de réir na rialacha dlí a bhaineann le dliteanas mar gheall ar fhaillí, agus dá réir sin amháin, a bheidh duine faoi dhliteanas damáistí maidir le haon damáiste a dhéanann madra, a choimeádtar in aon áitreabh nó déanmhas, do dhuine a dhéanann foghail ar an áitreabh nó ar an déanmhas sin.

(4) (a) Aon damáiste nó díobháil a mbeidh dliteanas mar gheall orthu leagtha ar dhuine faoin alt seo measfar iad a bheith inchurtha i leith éagóra de réir bhrí an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , agus beidh feidhm ag forálacha an Achta sin dá réir sin.

(b) Beidh feidhm ag ailt 11 (2) (a) agus 11 (2) (b) de Reacht na dTréimhsí, 1957 , maidir leis an damáiste sin.

Madraí contúirteacha.

22. —(1) Más rud é—

(a) ar ghearán a bheith déanta chuig an gCúirt Dúiche ag aon duine leasmhar go bhfuil madra contúirteach agus nach bhfuil sé á choimeád faoi rialú cuí, nó

(b) ar aon duine a chiontú i leith ciona faoi alt 9 (2) den Acht seo,

gur dóigh leis an gCúirt go bhfuil an madra contúirteach agus nach bhfuil sé á choimeád faoi rialú cuí, féadfaidh an Chúirt, i dteannta aon phionóis eile a fhéadfaidh sí a fhorchur, a ordú an madra a choimeád faoi rialú cuí nó é a dhíothú.

(2) Aon uair a ordóidh an Chúirt madra a dhíothú de bhun fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Chúirt—

(a) ordú a thabhairt an madra a sheachadadh ar mhaor madraí nó ar aon duine oiriúnach lena dhíothú, agus

(b) ordú a thabhairt go n-íocfaidh úinéir an mhadra na costais chun an madra a dhíothú.

(3) Aon uair a sheachadfar madra ar mhaor madraí nó ar aon duine eile de bhun ordú de chuid na Cúirte lena dhíothú, déanfaidh an duine ar a seachadfar an madra, an madra a dhíothú, nó a chur faoi deara é a dhíothú, ar shlí dhaonnachtúil, a luaithe is féidir.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil aon suimeanna is iníoctha ag úinéir madra de bhun ordú de chuid na Cúirte faoi fho-alt (2) (b) den alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Más rud é go gcruthófar go ndearna madra damáiste in ionsaí ar aon duine, nó go ndearna sé díobháil do bheostoc, féadfar déileáil leis faoin alt seo mar mhadra contúirteach nach bhfuil á choimeád faoi rialú cuí.

Cosaint i gcaingean le haghaidh damáistí mar gheall ar mhadra a lámhach.

23. —(1) Beidh sé ina chosaint in aon chaingean le haghaidh damáistí in aghaidh duine mar gheall ar mhadra a lámhach nó in aon chúiseamh a thig as madra a lámhach má chruthaíonn an cosantóir—

(a) go ndearnadh an madra a lámhach agus é ag ciapadh beostoic nó ar tí beostoc a chiapadh agus nach raibh aon slí réasúnach eile ann chun deireadh a chur leis an gciapadh ná chun é a chosc; nó

(b)    (i) gur mhadra fáin an madra a bhí i gcomharsanacht áite ina ndearnadh díobháil do bheostoc nó inar maraíodh iad, agus

(ii) gur chreid an cosantóir go réasúnach go raibh an madra bainteach leis an díobháil nó leis an marú, agus

(iii) nach raibh aon slí indéanta ann chun an madra a urghabháil nó chun a fháil amach cér leis é; agus

(c) gurbh eisean an duine a bhí i bhfeighil an bheostoic; agus

(d) gur chuir sé in iúl, laistigh d'ocht n-uaire an chloig is daichead, don chomhalta i gceannas ag an stáisiún Garda is gaire don áit mar ar lámhachadh an madra, gur tharla an lámhach.

(2) Measfar forálacha fho-alt (1) (a) agus fho-alt (1) (b) (i) agus (iii) den alt seo a bheith comhlíonta má cheap an cosantóir gur comhlíonadh na forálacha sin agus go raibh forais réasúnacha aige leis an tuairim sin a bheith aige.

Conablaigh a chur.

24. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní cheadóidh duine gan leithscéal réasúnach conablach aon bheostoic a fhágáil gan chur in aon ghort ná in aon áit eile a bhféadfadh madra teacht air.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon chonablach nó cuid de chonablach ar ar cuireadh nimh in aon chás ina ndearnadh forálacha alt 8 den Protection of Animals Act, 1911 (arna leathnú le halt 14 den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 , agus arna shrianadh le halt 34 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 ), a chomhlíonadh.

Núis ag madraí ag tafann.

25. —(1) Más rud é, ar ghearán a bheith déanta chuig an gCúirt Dúiche ag aon duine, gur dóigh núis a bheith déanta mar gheall ar thafann iomarcach madra, féadfaidh an Chúirt—

(a) a ordú d'áititheoir an áitribh ina gcoimeádtar an madra an núis a laghdú trí rialú cuí a dhéanamh ar an madra;

(b) ordú a dhéanamh ag teorannú, ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, an líon madraí a choimeádfaidh an freagróir ina áitreabh;

(c) ordú a thabhairt an madra a sheachadadh ar mhaor madraí go ndéileálfaidh sé leis de réir fhorálacha an Achta seo amhail is dá mba mhadra nach dteastaíonn an madra.

(2) Sula ndéanfaidh aon duine gearán chuig an gCúirt Dúiche i ndáil le núis a tharla mar gheall ar thafann iomarcach madra, déanfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil, laistigh de cibé tráth a shonrófar san fhógra, ar áititheoir an áitribh ina gcoimeádtar an madra go bhfuil sé ar intinn aige gearán den sórt sin a dhéanamh.

Barántais chuardaigh.

26. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Feidhmeannach Síochána de thoradh faisnéise faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána go raibh forais réasúnacha ann lena chreidiúint—

(a) gur ionsaigh madra duine nó gur chiap sé beostoc, agus

(b) de dhroim an ionsaithe nó an chiaptha, go ndearna úinéir an mhadra cion faoin Acht seo, agus

(c) go bhfuil madra ina sheilbh ag duine in aon áitreabh agus go bhfuil forais réasúnacha ag an gcomhalta den Gharda Síochána lena chreidiúint gurb é an madra é a rinne an t-ionsaí nó an ciapadh sin,

féadfaidh an Breitheamh Dúiche nó, de réir mar a bheidh, an Feidhmeannach Síochána barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.

(2) Beidh sé sainráite i mbarántas cuardaigh faoin alt seo go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun údarás a thabhairt, don chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ainmnithe sa bharántas cuardaigh, mar aon le cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána is gá, dul isteach san áitreabh a shonraítear sa bharántas cuardaigh agus an madra a chuardach ann.

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a bheidh údaraithe le barántas cuardaigh faoin alt seo chun dul isteach in áitreabh cibé forneart a úsáid is gá de réir réasúin chun dul isteach san áitreabh.

(4) Féadfaidh an Garda Síochána aon mhadra a gheofar le linn cuardaigh de bhun barántais cuardaigh faoin alt seo a aistriú ón áitreabh agus a choinneáil lena scrúdú.

Cionta agus pionóis.

27. —(1) Aon duine a choimeádfaidh madra gan cheadúnas contrártha d'alt 2 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air i ndáil le gach madra den sórt sin a bheidh á choimeád ag an duine sin.

(2) Aon duine—

(a) a ghlacfaidh seilbh ar mhadra nó a aistreoidh seilbh ar mhadra sula n-eiseofar ceadúnas i leith an mhadra contrártha d'alt 2 den Acht seo, nó

(b) a mhainneoidh forálacha alt 13 (1) nó 13 (2) den Acht seo a chomhlíonadh, nó

(c) a mhainneoidh ceadúnas a thabhairt ar aird nuair a iarrfaidh maor madraí sin air faoi alt 16 den Acht seo, nó

(d) a sháróidh aon fhodhlí a dhéanfaidh údarás áitiúil faoi alt 17 den Acht seo, nó

(e) a sháróidh aon rialachán a bhaineann le haon ábhar a shonraítear in alt 19 (2) (d), (e), (f) nó (g) den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(3) Aon duine—

(a) a sháróidh aon rialachán arna dhéanamh de bhun alt 19 (2) (a), (b) nó (c) den Acht seo, nó

(b) a cheadaíonn conablach aon bheostoic a fhágáil gan chur de shárú ar alt 24 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(4) Aon duine—

(a) a mhainneoidh forálacha alt 9 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, nó

(b) a mhainneoidh forálacha alt 10 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, nó

(c) a mbeidh níos mó ná ceithre chú sa turas ar éill aige nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh d'aon duine amháin níos mó ná ceithre chú sa turas a bheith ar éill aige in áit phoiblí contrártha d'alt 10 (2) den Acht seo, nó

(d) a choimeádfaidh madra fad a bheidh sé dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú faoi alt 18 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí amháin, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an méid uasta fíneála a shonraítear i bhfo-alt (1), (2), (3) nó (4) den alt seo nó in alt 9 nó in alt 16 den Acht seo a athrú.

(6) Más rud é go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt seo déanfar dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Forálacha maidir le cionta áirithe.

28. —(1) Más rud é go mbeidh forais réasúnacha ag maor madraí chun a chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh ag duine nó go ndearna sé cion faoi alt 27 (1), 27 (2) (a), 27 (4) (a), 27 (4) (b) nó 27 (4) (c) den Acht seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine san fhoirm fhorordaithe á dhearbhú go líomhnaítear go ndearna an duine cion agus ag sonrú an chiona agus go bhféadfaidh an duine le linn na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, an méid forordaithe a íoc, agus an fógra ina theannta, leis an údarás áitiúil a shonrófar san fhógra agus nach dtionscnófar ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe le linn na tréimhse a shonrófar san fhógra agus má dhéantar an íocaíocht a shonrófar san fhógra le linn na tréimhse sin nach dtionscnófar aon ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe.

(2) Más rud é go dtugtar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbaineann an fógra, le linn na tréimhse a shonrófar san fhógra, an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra, agus an fógra ina teannta, a dhéanamh leis an údarás áitiúil a bheidh sonraithe amhlaidh;

(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra an íocaíocht a ghlacadh, admháil a eisiúint ina leith agus an t-airgead a íocadh amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt de réir an Achta seo, agus ní beidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon imthosca ag an duine a rinne í;

(c) ní dhéanfar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe a thionscnamh sa tréimhse a shonraítear san fhógra, agus má dhéantar an íocaíocht a shonrófar amhlaidh le linn na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoi alt 27 (1), 27 (2) (a), 27 (4) (a), 27 (4) (b) nó 27 (4) (c) den Acht seo, is ar an gcosantóir féin a bheidh sé a chruthú go ndearnadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

Leasú ar an Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 .

29. —Leasaítear leis seo alt 27 den Acht um Chosaint Ainmhithe (Leasú), 1965 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi alt 26 (2) den Acht seo nó faoi alt 18 (1) den Acht um Rialú Madraí, 1986 , féadfaidh sé, aon uair tar éis trí mhí a bheith caite ó dháta an ordaithe agus ó am go ham, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte a rinne an t-ordú á iarraidh an dícháiliú a forchuireadh leis an ordú a chur ar ceal, agus ar aon iarratas den sórt sin féadfaidh an Chúirt, más cuí léi é, ag féachaint do charachtar an duine a dícháilíodh, dá iompar tar éis an t-ordú a dhéanamh, don chineál ciona a bhí ann agus d'imthosca eile an cháis, an dícháiliú a chur ar ceal, le hordú, amhail ó cibé dáta a shonrófar san ordú.”.

Ionchúiseamh i gcionta.

30. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a rinneadh cion faoin Acht seo an cion sin a ionchúiseamh.

(2) In ionchúiseamh faoin Acht seo i ndáil le madra neamhcheadúnaithe a choimeád, glacfar leis, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh, an tráth a ndearnadh an cion líomhnaithe, ceadúnas riachtanach i leith an mhadra agus nach raibh ceadúnas le haghaidh an mhadra sin ag an gcosantóir an tráth sin.

Rialacháin.

31. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú nó i ndáil le haon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar rialachán (seachas rialachán faoi alt 20 den Acht seo).

(2) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, seachas rialachán faoi alt 27 den Acht seo, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach, a bheith i ngach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo.

Fógraí a sheirbheáil.

32. —I gcás go gceanglóidh nó go n-údaróidh an tAcht seo fógra a thabhairt do dhuine beidh an fógra dírithe chuig an duine sin agus tabharfar dó é ar shlí amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh air,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

Deontais d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí eile.

33. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt i leith caiteachais údaráis áitiúil a thabhófar faoin Acht seo nó d'aon duine ar cúram leis tearmainn nó dídeana a chur ar fáil le haghaidh madraí fáin nó madraí nach dteastaíonn nó ar cúram leis leas madraí.

Caiteachais Aire.

34. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An tAcht a leathnú chuig ainmhithe eile.

35. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, speicis eile ainmhithe ar ainmhithe ceansaithe go coitianta iad, a thabhairt faoi réim fhorálacha alt 12 den Acht seo, fhorálacha ailt 15 (2) agus 15 (4) den Acht seo agus fhorálacha alt 33 den Acht seo.

Aisghairm.

36. —Aisghairtear leis seo gach achtachán de na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

37. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Madraí, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo nó aon fhoráil shonraithe den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú.