38 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 1986


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Buanú an Achta um Rialú Iomlaoide, 1954.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954

1954, Uimh. 30

An tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1982

1982, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 1986


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOIMEÁD AN ACHTA UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , I nGNÍOMH. [24 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Buanú an Achta um Rialú Iomlaoide, 1954 .

1. —Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad alt 2 (2) den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , arna leasú le halt 1 den Acht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1982 :

“(2) Leanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1990, agus éagfaidh sé ansin.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1986, a ghairm de na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1982, agus den Acht seo le chéile.