Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

39 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 1986


AN tACHT LEITHREASA, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,566,219,000, a leithreasú.

2.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 39 de 1986


AN tACHT LEITHREASA, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ. [24 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon. £6,566,219,000, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle cúig chéad seasca is sé mhilliún, dhá chéad is naoi déag míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig chéad tríocha is seacht milliún, ochtó is naoi míle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1986 , a ghairm den Acht seo.