Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

2 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1987


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

5.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

6.

Díolúine ó ranníocaí a íoc, etc.

7.

An ráta sochair pá-choibhneasa.

8.

Méadú ar na seachtainí ranníoca is gá chun bheith i dteideal sochar áirithe, etc.

9.

Na méideanna is iníoctha ar bhonn rátaí laethúla do shochair áirithe a ríomh.

10.

Leasú ar alt 76 den Phríomh-Acht (rialacháin).

11.

Ní dhéanfaidh glacadh páirte i scéimeanna áirithe difear do theideal iardain chun sochair nó cúnaimh dífhostaíochta.

12.

Aisghairm.

13.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

SCEIDEAL A

SCEIDEAL B


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ranníocaí Sláinte, 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982

1982, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984

1984, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986

1986, Uimh. 8

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

/images/harp.jpg


Uimhir 2 de 1987


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1986. [4 Aibreán, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le hAcht 1986) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 16ú lá d'Iúil, 1987,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 20ú lá d'Iúil, 1987,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 23ú lá d'Iúil, 1987, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 24ú lá d'Iúil, 1987.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le hAcht 1986) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 15ú lá d'Iúil, 1987,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 23ú lá d'Iúil, 1987,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 24ú lá d'Iúil, 1987, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 20ú lá d'Iúil, 1987.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

4. —(1) Déantar leis seo alt 232B (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh) a leasú—

(a) trí “£104” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach le hAcht 1985) i mír (a), agus

(b) trí “£104” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach le hAcht 1985) agus “£22” a chur in ionad “£20” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i mír (b).

(2) Déantar leis seo alt 232C (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann leis an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh) a leasú—

(a) trí “aon leath” a chur in ionad “aon trian” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (1),

(b) trí “£16” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (2) (a), agus

(c) trí “£16” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus “£7” a chur in ionad “£4” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), i bhfo-alt (2) (b).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 23ú lá d'Iúil, 1987.

Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £15,500 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

Díolúine ó ranníocaí a íoc, etc.

6. —Aon fhostóir a rinne, le linn na tréimhse dar tús an 16ú lá de Nollaig, 1986, agus dar críoch an 31ú lá d'Eanáir, 1987, fostaithe breise a fhostú faoin scéim agus de bhua na scéime a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Díolúine Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa d'Fhostóirí, ní dhlífidh sé, le linn na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1988, gach suim nó aon suim de na suimeanna seo a leanas a íoc i leith cibé fostaithe breise a fhreagraíonn don ghlanmhéadú ar fhoireann an fhostóra faoin scéim, is é sin le rá—

(a) an ranníoc a shonraítear in alt 10 (1) (b) (ii) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982 ) den Phríomh-Acht;

(b) an ranníoc fostaíochta a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii), agus an méadú a shonraítear i bhfo-alt (2) (b), d'alt 65 (arna leasú le hAcht 1986) den Phríomh-Acht;

(c) an ranníoc sláinte is iníoctha ag fostóir faoi alt 5 (1) (b) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979 ;

(d) an tobhach fostaíochta don aos óg is iníoctha faoi alt 16 (c) den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 ; nó

(e) an ranníoc iomarcaíochta fostóra is iníoctha faoi alt 28 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 , agus a leathnaíodh le halt 2 den Acht um Chosaínt Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 ) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 .

An ráta sochair páchoibhneasa.

7. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 73 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 , agus mar a leasaíodh le hAcht 1986):

“73.—Is é an ráta seachtainiúil sochair pá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 393ú lá éagumais chun oibre nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 393ú lá dífhostaíochta, méid is comhionann le 12 faoin gcéad den chuid (más aon chuid é) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £62 ach nach mó ná cibé teorainn a bheidh forordaithe de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis.

Méadú ar na seachtainí ranníoca is gá chun bheith i dteideal sochar áirithe, etc.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás sochair míchumais) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

(2) Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht (a bhaineann le ré íocaíochta sochair míchumais) trí “208 seachtain ranníoca” a chur in ionad “156 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

(3) Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás liúntais máithreachais) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ).

(4) Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás sochair dífhostaíochta) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

(5) Leasaítear leis seo alt 89 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás pinsin easláine) trí “208 seachtain ranníoca” a chur in ionad “156 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

(6) (a) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

(b) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le haon tréimhse teidil chun sochair míchumais a théann thar 312 lá, i gcás go dtosaíonn an tréimhse sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

(c) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le haon teideal chun liúntais máithreachais a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

(d) Ní bhainfidh fo-alt (4) den alt seo le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

(e) Ní bhainfidh fo-alt (5) den alt seo le haon teideal chun pinsin easláine a thosaíonn—

(i) roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó

(ii) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1987 nó dá éis i gcás duine a bhí, díreach roimh an dáta sin, ag fáil sochar míchumais ar feadh tréimhse ab fhaide ná 312 lá.

Na méideanna is iníoctha ar bhonn rátaí laethúla do shochair áirithe a ríomh.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair míchumais) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (6) i ndiaidh “an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

(2) Déantar leis seo alt 29 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair dífhostaíochta) a leasú—

(a) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (6) i ndiaidh “an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

(b) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ) i ndiaidh “an cúigiú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1987.

(b) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 16ú lá d'Iúil, 1987.

Leasú ar alt 76 den Phríomh-Acht (rialacháin).

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 76 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith sochair páchoibhneasa de réir scálaí forordaithe agus go ndéanfar cibé coigeartuithe ar na méideanna is gá chun ríomh na méideanna a urasú agus chun iolruithe seachas iolruithe ar 10p a sheachaint sna méideanna;”.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, rialacháin a rinneadh go hiomlán nó go páirteach faoi alt 76 (1) (b) den Phríomh-Acht roimh dháta rite an Achta seo agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta rite sin, leanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go gcúlghairfear iad.

Ní dhéanfaidh glacadh páirte i scéimeanna áirithe difear do theideal iardain chun sochair nó cúnaimh dífhostaíochta.

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (4A) (a cuireadh isteach le hAcht 1986) d'alt 29—

(i) trí “nó” a chur le mír (e) i ndiaidh “Comhobair”, agus

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,”,

agus

(b) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1985) d'alt 135—

(i) trí “nó” a chur le mír (e) i ndiaidh “Comhobair”, agus

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,”,

agus tá na fo-ailt sin (4A) agus (2A), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4A) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4), maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadúnú ag an gComhairle Oiliúna, nó

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair, nó

(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,

déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (4) (c) ag áireamh aon dá thréimhse bhearnaithe fostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin.

(2A) Chun críocha na Caibidle seo, maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadúnú ag an gComhairle Oiliúna, nó

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair, nó

(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,

déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ag áireamh aon dá thréimhse leanúnacha dífhostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta amháin.

Aisghairm.

12. —(1) Déantar leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 123 (a bhaineann le gnóchan infheistíochta i leith íocaíochtaí a dhéantar as an gCiste Árachais Shóisialaigh) den Phríomh-Acht a aisghairm.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1987.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1986, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, a ghairm díobh le chéile.