12 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1987


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Aisghairm.

2.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978

1978, Uimh. 16

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1984

1984, Uimh. 15

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1987


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2), 1978 , TRÍ AISGHAIRM A DHÉANAMH AR AN bhFORÁIL DEN ACHT SIN A CHUIREANN TEORAINN LEIS AN TRÉI-MHSE INAR FÉIDIR IARRATAIS A DHÉANAMH FAOI CHUID III DEN ACHT SIN. [14 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Aisghairm.

1. —Aisghairtear leis seo alt 18 (arna leasú leis an Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1984 ) den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 .

Geartheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1984, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1987, a ghairm díobh le chéile.