13 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1987


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Tithe Trádála Speisialta a cheadúnú.

3.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha do Chóras Tráchtála.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959

1959, Uimh. 20

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963

1963, Uimh. 20

Na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh 14

An tAcht Airgeadais, 1987

1987, Uimh. 10

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1987


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCH-TÁLA CEADÚNAIS A EISIÚINT CHUIG TITHE TRÁD-ÁLA SPEISIALTA AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1983. [18 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

tá le “earraí onnmhairiúcháin” agus le “Teach Trádála Speisialta” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, i bhfo-alt (ICC2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Tithe Trádála Speisialta a cheadúnú.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta.

(2) Beidh gach iarratas ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta i cibé foirm a cheadóidh an tAire.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar iarratasóir ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta cibé faisnéis bhreise i ndáil leis an iarratas a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó inmhianaithe, a thabhairt dó laistigh de cibé tráth a shonrófar.

(4) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn iarratasóir ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta, laistigh den tráth a bheidh sonraithe, cibé faisnéis bhreise a éileoidh an tAire de bhun fho-alt (3) den alt seo a thabhairt don Aire, ní bhreithneoidh an tAire an t-iarratas.

(5) Ní thabharfaidh an tAire ceadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta mura deimhin leis go mbeidh an déanmhas, an eagraíocht agus an cumas margaíochta ag an iarratasóir ar an gceadúnas chun díol earraí onnmhairiúcháin a ghabháil de láimh go héifeachtúil.

(6) Aon uair a chinnfidh an tAire diúltú d'iarratas ar cheadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, a chinneadh agus na fáthanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir ar an gceadúnas.

(7) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta, féadfaidh an t-iarratasóir ar an gceadúnas, laistigh de 28 lá tar éis an fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (6) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an diúltaithe sin agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte Cuarda ar achomharc faoin bhfo-alt seo ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar phonc dlí.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha do Chóras Tráchtála.

3. —Ní mó ná £260,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Córas Tráchtála chun a chumasú do Chóras Tráchtála a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh le Córas Tráchtála faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 a áireamh), agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 , ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, agus den Acht seo le chéile.