14 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1987


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú ar “inneall seasmhach”.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 1987


AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA IASCAIGH (COMH-DHLÚTHÚ), 1959 . [18 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú ar “inneall seasmhach”.

1. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “inneall seasmhach”:

“ciallaíonn ‘inneall seasmhach’ aon inneall, arb é atá ann—

(a) líon cuaillí,

(b) cochall iascaireachta,

(c) líon tarraingthe seasmhach,

(d) ceann-chora, nó

(e) aon líon, acra, inneall nó deis, greamaithe sa talamh nó daingnithe le hancaire amháin nó níos mó nó ar aon slí eile agus a úsáidtear d'aon toisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil, ach nach cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta ná sruthlíon;”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1987, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1983, agus den Acht seo le chéile.