|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987) | Ar Aghaidh (CUID II Suiteálacha amach ón gCósta) |
AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Sábháilteachta, Sláinte agus Leasa (Suiteálacha amach ón gCósta), 1987 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo. | |
[EN] | (3) Déanfar na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 go 1980, agus alt 47 den Acht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 go 1987, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (4) Féadfar na hAchtanna um an Scairbh Ilchríochach, 1968 agus 1987, a ghairm d'Acht 1968 agus d'alt 48 den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um Shábháilteacht i dTionscal, 1980 ; | |
[EN] | ciallaíonn “úinéir faofa” an duine a bhfuil an ceart aige taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh ar na mianraí a bhfuil suiteáil amach ón gcósta á húsáid i ndáil leo nó a raibh nó a mbeidh suiteáil den sórt sin á húsáid i ndáil leo; | |
[EN] | tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 d'Acht 1968; | |
[EN] | ciallaíonn “fostaithe” fostaithe faoi chonradh fostaíochta (lena n-áirítear conradh printíseachta nó conradh seirbhíse) nó faoi chonradh i gcomhair seirbhísí agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | maidir le “saothrú”— | |
[EN] | (a) ciallaíonn sé saothrú ó shuiteáil ar bith nó de bhíthin suiteála ar bith, is suiteáil snámha, tuinithe nó eile atá á cothabháil san uisce nó ar chuid den chósta nó ar thalamh eile a chlúdaíonn an fharraige aon tráth gnáth-thaoide nó meántaoide agus nach bhfuil i gceangal le talamh taobh thuas den líne bharr láin le buandéanmhas a thugann rochtain chuig an tsuiteáil gach tráth agus chun gach críoch, agus | |
[EN] | (b) folaíonn sé gás a stóráil ar an gcósta nó faoi nó ar ghrinneall na farraige nó faoi agus aisghabháil an gháis a stóráiltear amhlaidh; | |
[EN] | ciallaíonn “taiscéaladh” taiscéaladh le hintinn saothrú a dhéanamh; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | tá le “Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta)” an bhrí a shanntar dó le halt 33 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “cigire” duine a bheidh údaraithe nó ceaptha ag an Aire faoi alt 31, 33 nó 40 den Acht seo le bheith ina chigire chun críocha an Achta; | |
[EN] | folaíonn “suiteáil” aon déanmhas nó feiste snámha a choimeádtar ar stáisiún ar cibé slí ar bith; | |
[EN] | tá le “logleabhar suiteála” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “bainisteoir suiteála” an bhrí a shanntar dó le halt 11 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “mianraí” aon substaint (lena n-áirítear peitriliam) atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, atá ar ghrinneall farraige na n-uiscí sin nó faoi nó atá ar an gcósta nó faoi nó ar thalamh eile nó faoi is talamh atá tadhlach le haon uiscí den sórt sin agus a chlúdaíonn an fharraige aon tráth gnáth-thaoide nó meántaoide; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair; | |
[EN] | ciallaíonn “suiteáil amach ón gcósta” aon suiteáil a chothabháiltear nó a bhí á cothabháil, nó a bheartaítear a bhunú, chun mianraí a thaiscéaladh nó a shaothrú agus folaíonn sé aon suiteáil a sholáthraíonn cóiríocht do dhaoine a oibríonn ar aon suiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó uaithi, ar suiteáil í a ghabhann amhlaidh do thaiscéaladh nó do shaothrú mianraí; | |
[EN] | ciallaíonn “úinéir”, i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, an duine a bheidh de thuras na huaire i mbun bhainisteoireacht na suiteála nó a príomhdhéanmhais; | |
[EN] | tá le “peitriliam” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 (1) den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960 ; | |
[EN] | folaíonn “píblíne” aon fhad nó aon chuid eile de phíblíne; | |
[EN] | ciallaíonn “oibreacha píblíne” oibreacha d'aon chineál díobh seo a leanas, eadhon: | |
[EN] | (a) píblíne a chóimeáil nó a leagan, | |
[EN] | (b) píblíne a iniúchadh, a thástáil, a chothabháil, a choigeartú, a dheisiú, a athrú nó a athnuachan, | |
[EN] | (c) suíomh píblíne a athrú, píblíne a dhíchóimeáil nó í a thógáil chun siúil, | |
[EN] | (d) grinneall na farraige a oscailt chun críocha aon oibreacha atá luaite sna míreanna roimhe seo den mhíniú seo, tollánú nó tolladh chun aon chríche de na críocha sin agus aon oibreacha eile a bheidh riachtanach nó teagmhasach i ndáil le haon cheann de na críocha sin, | |
[EN] | (e) oibreacha a dhéanamh chun a chinneadh cibé acu a bheidh nó nach mbeidh áit oiriúnach lena úsáid mar láithreán do phíblíne atá beartaithe, agus oibríochtaí suirbhéireachta a dhéanamh chun an bealach a shocrú do phíblíne atá beartaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin; | |
[EN] | tá le “toscaire sábháilteachta” agus le “leastoscaire sábháilteachta” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 24 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “ionadaí sábháilteachta” agus le “leasionadaí sábháilteachta”, faoi réir alt 25 (4) den Acht seo, na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 23 den Acht seo; | |
[EN] | tá le “coiste sábháilteachta”, faoi réir alt 25 (4) den Acht seo, an bhrí a shanntar dó le halt 24 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “farraigí teorann an Stáit” an chuid den fharraige arb í farraigí teorann an Stáit í chun críocha an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959. | |
[EN] | (2) Aon tagairtí san Acht seo do shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo folaíonn siad— | |
[EN] | (a) tagairtí d'aon chuid de shuiteáil amach ón gcósta is infhoireannaithe ag duine amháin nó níos mó, agus | |
[EN] | (b) tagairtí d'aon phíblíne chomhghaolmhar atá in uiscí, nó a bhfuil aon chuid di in uiscí, lena mbaineann an tAcht seo. | |
[EN] | (3) Glacfar le tagairtí san Acht seo do bhainisteoir ar shuiteáil amach ón gcósta nó do bhainisteoir suiteála, ach amháin a mhéid a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | |
[EN] | (a) mar thagairtí don duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil na suiteála agus a bheidh ceaptha de bhun na gceanglas in alt 11 (1) den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) i gcás go dtarlaíonn de thuras na huaire na himthosca a luaitear i míreanna (a) nó (b) d'alt 12 (1) den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil, mar thagairtí a fholaíonn an duine a bheidh, maidir leis an tsuiteáil, arna cheapadh faoin alt sin 12 (1). | |
[EN] |
Feidhmiú an Achta. |
3. —(1) Baineann an tAcht seo le haon suiteáil amach ón gcósta atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo. |
[EN] | (2) Baineann an tAcht seo leis an huiscí seo a leanas, eadhon, na huiscí sa chuid den fharraige arb é atá inti farraigí teorann an Stáit, na huiscí i ngach limistéar den fharraige a ndéantar, le halt 5 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, uiscí inmheánacha nó uiscí intíre an Stáit a shíneadh chucu, agus na huiscí in aon limistéar ar limistéar ainmnithe é de thuras na huaire de réir bhrí alt 1 d'Acht 1968. | |
[EN] | (3) (a) Ní bheidh feidhm ag forálacha ailt 23, 24 agus 25 den Acht seo ach amháin maidir le suiteálacha amach ón gcósta ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe iad nó atá ag oibriú de thuras na huaire in imthosca forordaithe agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar chun críocha an fho-ailt seo, aicme nó tuairisc a fhorordú faoi threoir aon cheann nó níos mó díobh seo a leanas, eadhon: | |
[EN] | (i) na méideanna oibre a bheidh i gceist nó is dóigh a bheidh i gceist i ndáil le taiscéaladh nó saothrú de thuairisc ar leith, | |
[EN] | (ii) an líon daoine a bheidh fostaithe nó a mbeifear ag súil iad a bheith fostaithe ar shuiteálacha amach ón gcósta, sna suiteálacha sin nó ina gcomharsanacht, i gcoitinne nó le linn tréimhse áirithe, | |
[EN] | (iii) an tréimhse ar lena linn a bheifear ag súil go mbeidh suiteálacha amach ón gcósta ag gabháil do thaiscéaladh nó do shaothrú. | |
[EN] | (b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag forálacha na n-alt sin 23, 24 agus 25 maidir le suiteáil fad is nach mó ná líon forordaithe an líon daoine, seachas an bainisteoir suiteála, a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil ar suiteáil amach ón gcósta í lena mbainfeadh rialacháin faoin bhfo-alt seo seachas sin. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun díolúintí a dheonú. |
4. —Más rud é maidir le suiteáil amach ón gcósta go mbeidh an tAire den tuairim mar gheall ar an méid oibre a bheidh i gceist, an líon daoine a bheidh fostaithe nó a mbeifear ag súil iad a bheith fostaithe ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, giorracht na tréimhse a mbeifear ag súil an tsuiteáil a bheith ag gabháil do thaiscéaladh nó do shaothrú nó mar gheall ar aon chúinse speisialta eile, nach mbeadh sé réasúnta a éileamh go ndéanfaí forálacha an Achta seo nó aon fhoráil ar leith den Acht seo, nó foráil aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo, a chomhlíonadh, feadfaidh sé le hionstraim i scríbhinn an tsuiteáil a dhíolmhú ó na forálacha nó ón bhforáil sin ar feadh cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonróidh sé i scríbhinn nuair a bheidh sé ag tabhairt na díolúine. |
[EN] |
Rialacháin i gcoitinne. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo ar choinníoll— |
[EN] | (a) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le sláinte daoine, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Sláinte, agus | |
[EN] | (b) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le sciorrárthaí, le héileacaptair nó le haerárthaí eile, le soithí, le saoráidí raidió nó le seirbhísí raidió nó le saoráidí tarrthála a sholáthraítear nó a bheidh le soláthar, maidir le suiteálacha amach ón gcósta, nach ndéanfar iad ach le comhthoiliú an Aire Cumarsáide, Aire na Mara agus an Aire Turasóireachta agus Iompair, agus | |
[EN] | (c) a mhéid a bhaineann na rialacháin sin le bearta um shábháilteacht ó dhóiteán, gur tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil a dhéanfar iad. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, maidir le rialacháin faoin Acht seo— | |
[EN] | (a) féadfar iad a dhéanamh agus iad ag forordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní forordaithe, | |
[EN] | (b) féadfaidh siad forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le haicmí éagsúla suiteálacha amach ón gcósta nó maidir le tuairiscí éagsúla ar na suiteálacha sin, | |
[EN] | (c) féadfaidh siad forálacha a dhéanamh i ndáil le suiteálacha amach ón gcósta a mbeidh feidhm acu in imthosca forordaithe (mar shampla forálacha a mbeidh feidhm acu i ndáil le suiteálacha amach ón gcósta atá faoi bhealach nó forálacha a bhaineann le suiteálacha amach ón gcósta atá ar stáisiún), | |
[EN] | (d) féadfaidh siad díolúintí (faoi réir nó d'éagmais choinníollacha) a dheonú, nó a shocrú iad a dheonú, ó aon fhoráil dá gcuid, | |
[EN] | (e) féadfaidh siad forálacha a bheith iontu lena gceanglaítear taifid a choimeád, | |
[EN] | (f) féadfaidh siad ceangal a chur cóipeanna den Acht seo nó d'achomaireachtaí forordaithe den Acht seo nó de rialacháin shonraithe faoin Acht seo a chur ar taispeáint agus a chur suas ar mhodh forordaithe, | |
[EN] | (g) féadfaidh siad a cheangal ar shlí eile go gcuirfí forálacha forordaithe den Acht seo in iúl ar mhodh forordaithe do dhaoine a bheidh fostaithe ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, | |
[EN] | (h) féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le haon ábhair choimhdeacha nó fhorlíontacha a measann an tAire gur cuí foráil a dhéanamh maidir leo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a fhoráil go mbeidh daoine d'aicme nó do thuairisc fhorordaithe freagrach maidir lena áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais shonraithe de na rialacháin. | |
[EN] | (4) (a) Maidir le rialacháin faoin Acht seo a ndearbhaítear gur rialacháin iad lena mbaineann an mhír seo— | |
[EN] | (i) féadfaidh siad, maidir le haon fhoráil atá sna rialacháin, cibé cosaint, más ann, a thabhairt a fhorordófar leis na rialacháin, | |
[EN] | (ii) féadfaidh siad srian a fhorchur ar an bpionós a fhéadfar a fhorchur faoi alt 39 (7) den Acht seo i ndáil le haon sárú ar na rialacháin, | |
[EN] | (iii) féadfaidh siad a fhoráil gur imeachtaí achoimre an t-aon fhoirm imeachtaí a thionscnófar i ndáil le haon sárú líomhnaithe ar na rialacháin. | |
[EN] | (b) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo, seachas rialacháin faoi alt 14 (4) den Acht seo, a dhearbhú gur cion é coinníoll a shonraítear sna rialacháin a shárú. | |
[EN] | (5) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil den Acht seo maidir le haon chuid de shuiteáil amach ón gcósta nó go mbeidh feidhm aici maidir léi faoi réir modhnuithe sonraithe, de réir mar a fhorordófar, agus i gcás go mbeidh rialachán faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm dé thuras na huaire, déanfar aon fhoráil den Acht seo, ar foráil í lena mbaineann an rialachán, a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi faoi réir agus de réir an rialacháin. | |
[EN] | (6) Ní dhéanfaidh aon ní i rialacháin faoin Acht seo duine a chosc ar chosaint a ullmhú a bheadh, ar leith ó na rialacháin, ar fáil dó lena hullmhú in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo. | |
[EN] | (7) (a) Déanfaidh an tAire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin Acht seo, seachas faoi na forálacha de seo a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i cibé slí eile is dóigh leis is fearr a oireann chun daoine lena mbaineann a chur ar an eolas, is fógra faoin togra chun na rialacháin a dhéanamh, agus faoin áit ina bhféadfar cóipeanna de dhréacht de na rialacháin a fháil, agus faoin am (nach lú ná lá is fiche) ar laistigh de a chaithfidh aon uiríoll maidir leis na dréacht-rialacháin a dhéanfaidh daoine lena mbaineann, nó a dhéanfar thar a gceann, a bheith faighte ag an Aire. | |
[EN] | (b) Is iad na forálacha den Acht seo dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ná alt 13 (5) (b) agus míreanna 7, 12 agus 13 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (8) I gcás go mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo agus go mbeartaítear a dhearbhú gur rialacháin lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (4) den alt seo na rialacháin, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfar aon ní san Acht seo, ar leith ón alt seo, a fhorléiriú mar ní a dhéanfaidh dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (10) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán a bheidh ceadaithe ag gach Teach den Oireachtas le rún, leagfar é faoi bhráid gach Tí díobh sin a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach díobh sin laistigh den lá is fiche deireanach a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán. | |
[EN] |
Faisnéis don Aire. |
6. —(1) Déanfaidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo cibé tuairiscí, staitisticí agus faisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, a chur ar fáil don Aire de réir mar a éileoidh sé ó am go ham. |
[EN] | (2) (a) Aon fhaisnéis a chuirtear ar fáil don Aire de bhun an ailt seo ní dhéanfaidh an tAire ná aon oifigeach ná seirbhíseach don Aire, an fhaisnéis sin a fhoilsiú ná a nochtadh ar shlí eile gan toiliú i scríbhinn ón duine a sholáthraigh an fhaisnéis, ach amháin d'Aire den Rialtas, ar leith ón Aire, nó don Chomhairle Oiliúna agus ní dhéanfar nochtadh a údaraítear leis an bhfo-alt seo ach amháin sa chás, agus sa chás sin go heisiach, go mbeidh an tAire deimhin de go bhfuil an nochtadh riachtanach sa chaoi go ndéanfadh an tAire den Rialtas dá mbeartaítear an nochtadh a dhéanamh nó an Chomhairle Oiliúna, de réir mar is iomchuí, a ndualgas a chomhlíonadh go cuí. | |
[EN] | (b) I gcás nochtadh a bheidh údaraithe leis an bhfo-alt seo a dhéanamh go cuí, teachtfaidh a fhoilsiú, chun críocha dhlí an chlúmhillte, pribhléid shrianta. | |
[EN] | (3) Ní choiscfidh aon ní san alt seo faisnéis a nochtadh— | |
[EN] | (a) chun críocha aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó chun críocha aon tuarascáil ar aon imeachtaí den sórt sin, nó | |
[EN] | (b) i bhfoirm achoimre ar thuairiscí, ar staitisticí nó ar fhaisnéis eile dá samhail a sholáthrófar don Aire de bhun an ailt seo, ar choinníoll go mbeidh an achoimre leagtha amach sa tslí nach bhféadfar faisnéis a sholáthróidh duine áirithe amhlaidh nó sonraí a bhaineann leis nó a bhaineann le suiteáil áirithe amach ón gcósta, a fhionnadh ón achoimre. | |
[EN] |
Fógraí, etc., a sheirbheáil. |
7. —(1) I gcás go gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo fógra nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, a thabhairt dó nó a chur chuige, díreofar chuige é agus féadfar é a sheirbheáil air, a thabhairt dó nó a chur chuige ar shlí éigin díobh seo a leanas: |
[EN] | (a) i gcás go mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air, | |
[EN] | (b) trína fhágáil ag an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, | |
[EN] | (c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin, | |
[EN] | (d) i gcás nach féidir an seoladh ag a seolann sé gnó nó ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt i leith aon suiteála amach ón gcósta, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh ar dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe sa tsuiteáil nó uirthí nó tríd an gcéanna a dhaingniú in áit fheiceálach ar an tsuiteáil sin. | |
[EN] | (2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo a cheangal ar úinéirí suiteálacha amach ón gcósta ar d'aicme nó de thuairisc iad a shonraítear sna rialacháin seoladh sa Stát a thabhairt don Aire chun aon fhógra nó doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a sheirbheáil. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta is cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomhoifig nó in aon áit eile ag a seolann sé gnó, ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe. | |
[EN] |
Caiteachais. |
8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |