An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Sábháilteacht)

18 1987

AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987

CUID II

Suiteálacha amach ón gCósta

Fógra maidir le bunú nó aistriú suiteála amach ón gcósta, etc.

9. —(1) (a) I gcás go mbeartaítear suiteáil amach ón gcósta a bhunú in uiscí lena mbaineann an tAcht seo chun mianraí a thaiscéaladh nó a shaothrú, tabharfaidh an t-úinéir faofa iomchuí fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.

(b) I gcás go mbeartaíonn úinéir suiteála amach ón gcósta—

(i) an tsuiteáil amach ón gcósta sin a bunaíodh amhlaidh chun mianraí a shaothrú ó na huiscí sin, a aistriú nó a chur faoi deara í a aistriú (cibé acu trí dhíchóimeáil nó ar shlí eile),

(ii) oibríochtaí taiscéalta nó saothraithe sna huiscí sin a thosú ó bhun nó a chur faoi deara iad a thosú amhlaidh,

(iii) oibríochtaí saothraithe sna huiscí sin a scor go críochnaitheach nó a chur faoi deara iad a scor amhlaidh,

tabharfaidh sé fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.

(c) I gcás go mbeartaíonn úinéir suiteála amach ón gcósta—

(i) an tsuiteáil amach ón gcósta sin a bunaíodh amhlaidh chun mianraí a taiscéaladh ó na huiscí sin, a aistriú nó a chur faoi deara í a aistriú (cibé acu trí dhíchóimeáil nó ar shlí eile),

(ii) oibríochtaí taiscéalta sna huiscí sin a scor go críochnaitheach nó a chur faoi deara iad a scor amhlaidh,

tabharfaidh sé fógra trí lá ar a laghad i scríbhinn don Aire faoina bhfuil beartaithe.

(2) Beidh fógra faoin alt seo i cibé foirm agus beidh ann nó ag gabháil leis cibé sonraí a ordóidh an tAire.

Suiteáil agus trealamh amach ón gcósta do chomhlíonadh ceanglas áirithe.

10. —(1) Cinnteoidh bainisteoir suiteála, maidir leis an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó, nach n-úsáidfear í chun taiscéaladh ná saothrú a dhéanamh in uiscí lena mbaineann an tAcht seo mura mbeidh an tsuiteáil agus a cuid feistiúchán nó trealamh eile oiriúnach chun na críche agus mura mbeidh siad déanta go maith agus neart leordhóthanach iontu agus iad á gcothabháil go cuí agus mura gcomhlíonfaidh siad ceanglais aon rialachán faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhainfidh leo.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, a cheangal le rialacháin—

(i) sula n-úsáidfear suiteáil amach ón gcósta in uiscí lena mbaineann an tAcht seo,

(ii) sula gcuirfear aon fheistiúchán forordaithe nó aon chuid eile de shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo in úsáid,

go mbeidh nós imeachta forordaithe deimhníochta ann i ndáil leis an tsuiteáil, leis an bhfeistiúchán nó leis an gcuid eile, de réir mar is iomchuí, ar choinníoll, a mhéid a bhaineann na rialacháin le bearta um shábháilteacht ó dhóiteán, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil.

(b) Féadfaidh duine a thabharfaidh deimhniú chun críocha an fho-ailt seo coinníollacha a shonrú sa deimhniú chun oibriú sábháilte aon fheistiúcháin nó aon chuid eile lena mbaineann an deimhniú a áirithiú.

(3) Chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh—

(a) á cheangal suiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo agus a dtrealamh a chothabháil ar shlí fhorordaithe,

(b) á fhoráil suirbhé, tástáil agus iniúchadh a dhéanamh ar na suiteálacha nó ar an trealamh sin;

ar choinníoll, a mhéid a bhaineann na rialacháin le sábháilteacht ó dhóiteán, nach ndéanfar iad ach amháin tar éis dul i gcomhairle freisin leis an Aire Comhshaoil.

(4) (a) I gcás go ndéanfaidh an tAire ceanglas de bhun rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, déanfaidh úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas agus tar éis an deimhniú iomchuí a bheith faighte tabharfaidh an bainisteoir suiteála an deimhniú nó cóip de ar aird do chigire ar iarratas a bheith déanta ag an gcigire chuige sin ag aon tráth réasúnach.

(b) Más rud é, i ndeimhniú a thugtar chun críocha rialachán faoi fho-alt (2) den alt seo, go mbeidh coinníollacha sonraithe maidir le hoibriú sábháilte, ní úsáidfear aon fheistiúchán ná aon chuid eile lena mbaineann na coinníollacha ach amháin de réir na gcoinníollacha sin.

(5) Is é dualgas bainisteora suiteála a áirithiú go ndéanfar gach áit oibre ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, a chur agus a choimeád i riocht sábháilte a mhéid is indéanta go réasúnach.

(6) I gcás go mbeidh fostaithe de chuid fostóirí éagsúla fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, comhoibreoidh na fostóirí le chéile chun na fostaithe a chosaint ar chontúirt.

Bainisteoir suiteála.

11. —(1) (a) Gach suiteáil amach ón gcósta ar suiteáil amach ón gcósta í lena mbaineann an tAcht seo beidh sí faoi chúram duine (dá ngairtear “bainisteoir suiteála” san Acht seo) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag úinéir na suiteála agus de réir cibé rialacháin (más ann) faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Folóidh rialacháin faoin alt seo ceanglais maidir le cáilíochtaí, taithí, sláinte nó aois.

(c) Nuair a bheidh ceapachán á dhéanamh de bhun cheanglais an fho-ailt seo déanfaidh an duine a bheidh ag déanamh an cheapacháin duine a cheapadh le bheith ina bhainisteoir suiteála a mbeidh, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, na scileanna agus an inniúlacht aige a oireann don cheapachán.

(d) I gcás go gceapfar bainisteoir suiteála, cuirfidh an duine a dhéanfaidh an ceapachán, a luaithe is féidir tar éis an ceapachán a dhéanamh, an ceapachán in iúl don Aire i scríbhinn.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, rialacháin a dhéanamh a bhaineann le dualgais bhainisteora suiteála maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a bheidh fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta, inti nó ina comharsanacht.

(b) Beidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le halt 5(1) den Acht seo, fara na modhnuithe is gá, maidir le rialacháin faoin bhfo-alt seo.

(3) Más rud é tráth ar bith gur deimhin le húinéir suiteála amach ón gcósta nach bhfuil na scileanna ná an inniúlacht riachtanach ag bainisteoir suiteála a bheidh ceaptha de bhun fho-alt (1) den alt seo, foirceannfaidh sé an ceapachán a luaithe is indéanta sin agus tabharfaidh sé a luaithe is féidir, san fhoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire de thuras na huaire chun críocha an fho-ailt seo, fógra don Aire faoina bhfuil déanta aige.

(4) Beidh sé mar dhualgas ar úinéir suiteála amach ón gcósta, d'fhonn a áirithiú go mbeidh bainisteoir suiteála a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo ar an tsuiteáil nuair a bheidh sí foireannaithe, duine a bheidh ceaptha amhlaidh a chur ar an tsuiteail ó am go ham agus a áirithiú go bhfanfaidh sé ansin go dtí go ndéanfar uainíocht air, nó fad a bheidh sí foireannaithe.

(5) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo forálacha éagsúla a dhéanamh maidir le bainisteoirí suiteála cineálacha éagsúla suiteálacha amach ón gcósta nó maidir le bainisteoirí suiteála nach ionann a gcuid freagrachtaí ar shlite eile.

An bainisteoir suiteála do dhéanamh maoirseachta.

12. —(1) Ní úsáidfear suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo chun taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh mura bhfeidhmeoidh an bainisteoir suiteála maoirseacht phearsanta laethúil nó mura rud é, le linn aon tréimhse—

(a) ina mbeidh an bainisteoir sin as láthair ón tsuiteáil ar saoire nó ina gcoiscfear air a dhualgais a chur i gcrích faoin Acht seo de dheasca breoiteachta nó cúis eile nach bhfuil aon neart aige uirthi, nó

(b) ina mbeidh, maidir leis an tsuiteáil, oifig an bhainisteora suiteála folamh,

go ndéanfaidh duine a bheidh ceaptha ag úinéir na suiteála (agus a mbeidh cibé cáilíochtaí (más ann) aige a bheidh forordaithe) chun an mhaoirseacht sin a fheidhmiú le linn aon tréimhse den sórt sin, an mhaoirseacht sin a fheidhmiú.

(2) (a) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar fho-alt lena n-údaraítear úsáid a bhaint as suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo chun taiscéaladh nó saothrú a dhéanamh faoi mhaoirseacht duine seachas an bainisteoir suiteála ar feadh aon tréimhse is faide ná seacht lá (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh cigire).

(b) I gcás go ndéanann cigire, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le mír (a) den fho-alt seo, tréimhse seacht lá a fhadú, féadfaidh sé, tráth ar bith ar feadh na tréimhse a bheidh an fadú i bhfeidhm, coinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann.

(c) I gcás go bhforchuirtear coinníoll faoin bhfo-alt seo, is é dualgas an úinéara suiteála amach ón gcósta lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll.

(d) I gcás gur deimhin le cigire nár comhlíonadh coinníoll a forchuireadh faoin bhfo-alt seo déanfaidh sé an fadú iomchuí a chealú faoin bhfo-alt seo.

(3) Maidir le duine a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar, i ndáil le haon tréimhse a ngníomhaíonn sé lena linn i bhfeidhmiú a cheapacháin, déileáil leis chun críocha an Achta seo agus chun críocha rialachán faoi ar gach slí amhail is dá mba é an bainisteoir suiteála é ar an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a bhainfidh aon chumhacht ó bhainisteoir suiteála, nó a shaorfaidh é ó aon dualgas nó dliteanas, a thugtar dó nó a fhorchuirtear air leis an Acht seo nó de bhua an Achta seo.

Sábháilteacht agus araíonacht etc. ar shuiteálacha amach ón gcósta.

13. —(1) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh ar bhainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, i ndáil leis an tsuiteáil, freagracht ghinearálta maidir le nithe a fhearann ar shábháilteacht, ar shláinte nó ar leas agus i gcás baint a bheith ag na nithe sin le sábháilteacht, sláinte nó leas, maidir le hord agus araíonacht a chothabháil, agus chun an fhreagracht sin a urscaoileadh cuirfidh sé a údarás i bhfeidhm ar gach duine ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht.

(b) Ní fhorléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a thugann faoina réim aon nithe a mbeidh duine eile freagrach astu mar mháistir, mar chaptaen nó mar cheannasaí ar aon soitheach, héileacaptar nó aerárthach eile, sciorrárthach nó teach solais.

(2) Ní cheadóidh bainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo an tsuiteáil a úsáid ar aon slí, ná ní cheadóidh sé aon oibríocht a chur i gcrích sa tsuiteáil, uirthi nó uaithi, más dóigh go gcuirfear acmhainn farraige nó cobhsaíocht na suiteála i mbaol trína húsáid ar an tslí sin, nó tríd an oibríocht sin a chur i gcrích nó tríd an oibríocht a chur i gcrích ar an tslí atá beartaithe, agus beidh sé mar dhualgas ar úinéir na suiteála a áirithiú go gcomhlíonfaidh an bainisteoir suiteála forálacha an fho-ailt seo.

(3) Más rud é, ag suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, go mbeidh éigeandáil nó éigeandáil réamhbhraite ann a chuirfidh acmhainn farraige nó cobhsaíocht na suiteála i mbaol nó lena mbainfidh priacal báis nó tromdhíobhála pearsanta, féadfaidh an bainisteoir suiteála cibé bearta is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh nó a cheangal iad a dhéanamh in aghaidh na héigeandála nó chun í a sheachaint agus aon rialachán nó coinníoll lena mbeidh éifeacht de bhua a Achta seo nó aon choinníoll a gceanglaítear leis an Acht seo déanamh dá réir, ní fhorléireofar é ná ní mheasfar go dtoirmisceann nó go srianann sé na bearta sin a dhéanamh.

(4) (a) Más rud é go mbeidh cúis réasúnach ag bainisteoir suiteála ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo lena chreidiúint—

(i) go bhfuil duine atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois fostaithe ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht, féadfaidh sé a chur faoi deara an duine a chur i dtír sa Stát,

(ii) gur gá nó gur fóirsteanach é chun sábháilteacht na suiteála nó na ndaoine ar an tsuiteáil, inti no ina timpeall a áirithiú nó chun ord agus araíonacht a choimeád i measc na ndaoine sin, féadfaidh sé a chur faoi deara aon duine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall a chur i dtír sa Stát,

agus más rud é go ndearna aon duine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall aon ghníomh nó go bhfuil sé ar tí aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh sábháilteacht na suiteála nó na ndaoine ar an tsuiteáil, inti nó ina timpeall nó cothabháil oird agus araíonachta i measc na ndaoine sin i mbaol, nó ar dóigh dó déanamh amhlaidh, nó go mbeidh cúis réasúnach ag an mbainisteoir suiteála drochamhras a bheith air go ndearna an duine sin gníomh den sórt sin nó go bhfuil sé ar tí gníomh den sórt sin a dhéanamh, féad faidh an bainisteoir suiteála cibé bearta réasúnacha eile a dhéanamh nó a chur faoi deara iad a dhéanamh ina aghaidh, trí shrian a chur ar a phearsa nó ar shlí eile, de réir mar is gá nó mar is fóirsteanach leis an mbainisteoir suiteála.

(b) Ní fhorléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a thugann faoina réim aon ní a mbeidh duine eile freagrach as mar mháistir, mar chaptaen nó mar cheannasaí ar aon soitheach, héileacaptar nó aerárthach eile, sciorrárthach nó teach solais eile.

(5) Ní choimeádfar duine faoi shrian de bhua fho-alt (4) den alt seo ar feadh tréimhse is faide ná sé huaire an chloig is tríocha mura rud é—

(a) go bhfuiltear ar intinn é a chur i dtír sa Stát de réir an fho-ailt sin an chéad deis a gheofar, agus

(b) laistigh de na sé huaire an chloig is tríocha sin go ndéanfar fógra go bhfuil sé á choimeád faoi shrian agus an chúis atá leis a chur chuig an údarás sa Stát a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo.

Toirmeasc ar dhaoine áirithe a fhostú.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo ní dhéanfar duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois a fhostú ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti.

(2) Ní fhostófar duine chun oibriú ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti ná chun oibriú i gcomharsanacht na suiteála agus i ndáil le taiscéaladh nó saothrú a n-úsáidtear suiteáil den sórt sin maidir leis, mura rud é—

(a) (i) go mbeidh teagasc, oiliúint nó oiliúint agus teagasc leordhóthanach a bhaineann leis an obair, de réir mar is iomchuí, faighte ag an duine agus go mbeidh sé inniúil ar an obair a dhéanamh gan mhaoirseacht, nó

(ii) fad a bheidh an duine i mbun na hoibre, go mbeidh sé faoi theagasc agus faoi mhaoirseacht duine a thuairiscítear i bhfomhír (i) den mhír seo, agus

(b) i gceachtar cás díobh, go gcomhlíonfar ceanglais aon rialachán faoin alt seo a bheidh infheidhme maidir leis an gcás áirithe.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin chun críocha fho-alt (2) den alt seo ceanglais a shonrú maidir le hoiliúint agus teagasc nach foláir a chomhlíonadh agus féadfar na ceanglais sin a shonrú i ndáil le hobair i gcoitinne nó i ndáil le gníomhaíocht, oibríocht nó próis áirithe nó le hobair de thuairisc shonraithe.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair de thuairisc a shonraítear sna rialacháin a dhíolmhú ó fho-alt (1) den alt seo, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a bheidh sonraithe sna rialacháin a chomhlíonadh, agus féadfaidh feidhm a bheith ag na rialacháin sin i ndáil le daoine faoi bhun ocht mbliana déag i gcoitinne nó le daoine faoin aois sin ar d'aicme nó de thuairisc shonraithe iad, agus i gcás rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1) agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí na rialachán.

Dualgais ghinearálta daoine a fhostaítear ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht.

15. —(1) Beidh sé de dhualgas ar aon duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta, lena mbaineann an tAcht seo, inti nó ina comharsanacht—

(a) cibé bearta a dhéanamh is gá le réasún ar mhaithe lena shábháilteacht agus lena shláinte féin agus ar mhaithe le sábháilteacht agus sláinte daoine eile a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht,

(b) comhoibriú lena fhostóir nó le haon duine eile chun go bhféadfar aon cheanglas den Acht seo nó de rialacháin faoi nó aon dualgas a fhorchuirtear leis an Acht seo nó le rialacháin faoi a chomhlíonadh nó a chur i gcrích.

(2) Duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, ní bhainfidh sé go toiliúil le haon chóir, fearas, áis, trealamh nó ní eile a bheidh curtha ar fáil de bhun an Achta seo chun sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a fhostaítear amhlaidh a áirithiú ná ní mhí-úsáidfidh sé an céanna agus más rud é go mbeidh aon chóir nó airteagal, fearas, trealamh nó ní eile chun sábháilteacht nó sláinte a áirithiú curtha ar fáil lena úsáid ag aon duine den sórt sin faoin Acht seo, úsáidfidh sé an chóir nó an t-airteagal, an fearas, an trealamh nó an ní eile.

(3) Duine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht ní dhéanfaidh sé, go toiliúil agus gan cúis réasúnach, aon ní ar dhóigh dó é féin nó daoine eile a chur i mbaol.

Logleabhar suiteála agus taifid.

16. —(1) De réir an ailt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann, logleabhar chun críocha an Achta seo (is leabhar dá ngairtear “logleabhar suiteála” san Acht seo) a choimeád agus a chothabháil i ndáil le suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo agus déanfar cibé sonraí a ordóidh an tAire ó am go ham a thaifeadadh sa logleabhar sin.

(2) I dteannta fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, coimeádfaidh agus cothabhálfaidh bainisteoir suiteála i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an Aire taifead d'aon duine a bheidh ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram don bhainisteoir suiteála, nó a bheidh sa tsuiteáil sin, tráth ar bith fad a bheidh an tsuiteáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, agus folófar na sonraí seo a leanas sa taifead sin, eadhon:

(a) ainm iomlán an duine,

(b) dáta agus am teachta an duine chuig an tsuiteáil agus dáta agus am imeachta an duine ón tsuiteáil,

(c) an chúis a bhfuil an duine i láthair ar an tsuiteáil, agus

(d) ainm agus seoladh fhostóir an duine (más ann).

Foirm na logleabhar suiteála etc. agus caomhnú agus iniúchadh na n-iontrálacha iontu.

17. —(1) Gach logleabhar suiteála nó doiciméad eile a sholáthrófar de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán faoin Acht seo chun aon tuairisc, taifead nó ítim eile faisnéise a chur isteach ann beidh sé i cibé foirm a ordóidh an tAire.

(2) Áiritheoidh an bainisteoir suiteála go ndéanfar gach iontráil in aon logleabhar suiteála nó doiciméad eile a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo nó cóip den taifead sin a chaomhnú ar feadh dhá bhliain nó cibé tréimhse eile a bheidh forordaithe, agus go dtí nach gceanglófar a thuilleadh í a chaomhnú leis an alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh de bhua an ailt seo, coimeádfar an iontráil ag an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann sí nó ag cibé áit eile a bheidh ceadaithe ag cigire agus beidh sí ar oscailt lena hiniúchadh gach tráth réasúnach ag duine ar bith a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil nó inti nó ag duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an duine sin.

Saoráidí oiriúnacha agus leordhóthanacha etc. le soláthar.

18. —(1) Áiritheoidh úinéir suiteála amach ón gcósta, fad a bheidh an tsuiteáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, go soláthrófar agus go gcothabhálfar saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair oiriúnacha agus leordhóthanacha chun daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti, nó ina comharsanacht a chosaint ar chontúirtí a thig i ndáil lena gcuid oibre.

(2) Féadfaidh an tAire a cheangal le rialacháin go ndéanfar saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe a sholáthar de bhun an ailt seo agus féadfaidh na rialacháin sin a cheangal go ndéanfar na saoráidí, an trealamh, an t-éadach nó na hábhair sin a sholáthar i gcoitinne i ndáil le daoine a fhostaítear amhlaidh nó i ndáil le daoine a fhostaítear amhlaidh in oibríocht nó i bpróis fhorordaithe nó in obair de thuairisc fhorordaithe.

Soilse nochta agus caitheamh tobac.

19. —(1) Ní úsáidfidh duine solas nocht ná ní chaithfidh sé tobac ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná inti seachas de bhun agus de réir rialacha a dhéanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann.

(2) (a) Féadfaidh bainisteoir suiteála nó, má cheanglaítear air trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt dó chuige sin ag an Aire, ní foláir dó, rialacha a dhéanamh a cheadóidh do dhaoine soilse nochta a úsáid agus tobac a chaitheamh ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó nó inti in áiteanna sa tsuiteáil a bheidh sonraithe sna rialacha agus féadfar a fhoráil leis na rialacha sin nach gceadófar úsáid soilse nochta ná caitheamh tobac ach amháin le linn cibé uaireanta, i cibé imthosca nó faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sna rialacha.

(b) Más rud é go mbeidh riail faoin alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire agus go bhfearann rialachán faoin Acht seo ar ní lena mbaineann an riail, forléireofar an riail agus beidh éifeacht (más aon éifeacht í) léi faoi réir théarmaí an rialacháin.

(3) Áiritheoidh bainisteoir suiteála, ag féachaint do chríocha an ailt seo, go ndéanfar líon leordhóthanach d'fhógraí iomchuí a choiscfidh nó a shrianfaidh caitheamh tobac agus úsáid soilse nochta a chur ar taispeáint ar an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó chun go mbeidh siad feiceálach agus inléite go héasca.

(4) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 15 den Acht seo maidir leis an ngníomh nó leis an neamhghníomh céanna.

Gás a bhrath.

20. —(1) Áiritheoidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo go ndéanfar córas éifeachtach braite (lena n-áirítear aláram iontaofa sochloiste) a sholáthar le faireachán uathoibríoch a dhéanamh ar aon ghás inlasta nó dochrach a bheadh ar an tsuiteáil nó inti.

(2) Beidh sé de dhualgas ar bhainisteoir suiteála a áirithiú go gcothabhálfar go cuí an córas braite a sholáthrófar de bhun an ailt seo i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta is cúram dó.

Substaintí agus ullmhóidí áirithe a stóráil etc.

21. —(1) Déanfar aon ghás nó substaint nó ullmhóid eile atá creimneach, ocsaídeach, tocsaineach, inlasta nó radaighníomhach agus aon phléascach, fad a bheidh an céanna ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó inti agus nach mbeidh á úsáid, a stóráil—

(a) in áit a bheidh sábháilte agus sna himthosca áirithe chomh fada as láthair agus is féidir le réasún ó aon limistéar contúirteach agus ó aon áit a úsáidtear le haghaidh cóiríochta daoine ar an tsuiteáil, agus

(b) i gcoimeádáin oiriúnacha a bheidh marcáilte go soiléir agus go dóthanach.

(2) Más rud é go mbeidh gás nó pléascach nó aon substaint nó ullmhóid eile a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó inti, beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go gcomhlíonfar fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis an ngás nó leis an bpléascach nó leis an tsubstaint nó leis an ullmhóid, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, i gcás an gás nó an pléascach sin, an tsubstaint nó an ullmhóid eile a bheith stóráilte ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, áiritheoidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann go mbeidh urlámhas air ag duine freagrach a bheidh ceaptha aige chun na críche sin agus go dtaispeánfar go leordhóthanach le fógra cuí-scríofa gur ann dó san áit ina bhfuiltear á stóráil.

(3) San alt seo tá le “pléascach” an bhrí a thugtar dó le halt 9 (1) den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 .