|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Suiteálacha amach ón gCósta) | Ar Aghaidh (CUID IV Tionóiscí etc.) |
AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Sábháilteacht | |
[EN] |
Rialacháin maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas. |
22. —(1) Faoi réir chomhlíonadh na gceanglas in alt 5 (1) den Acht seo maidir le dul i gcomhairle leis an Aire Fuinnimh, leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Comhshaoil nó faoi réir chomhthoiliú an Aire Cumarsáide, Aire na Mara agus an Aire Turasóireachta agus Iompair a fháil, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh— |
[EN] | (a) maidir le sábháilteacht, sláinte agus leas daoine a fhostaítear— | |
[EN] | (i) ar shuiteálacha amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó sna suiteálacha sin, nó | |
[EN] | (ii) i gcomharsanacht suiteála den sórt sin agus i ndáil le taiscéaladh nó saothrú a bhfuil nó a mbeidh an tsuiteáil á húsáid maidir leis, agus | |
[EN] | (b) maidir le sábháilteacht suiteálacha den sórt sin agus maidir le tionóiscí orthu nó gar dóibh a chosc. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, maidir le rialacháin faoin alt seo— | |
[EN] | (a) féadfaidh siad foráil a dhéanamh d'aon cheann de na nithe a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó i ndáil leis na nithe sin, | |
[EN] | (b) beidh éifeacht leo i ndáil le sciorrárthaí, héileacaptair nó aerárthaí eile, nó soithí, ar shuiteáil amach ón gcósta nó ina comharsanacht agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i ndáil le taiscéaladh nó saothrú, | |
[EN] | (c) féadfaidh siad aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair a rialáil, cibé acu ar shuiteáil amach ón gcósta, inti nó ina comharsanacht nó san uisce nó ar dhromchla an chósta nó faoina bhun nó ar ghrinneall na farraige nó faoina bhun, | |
[EN] | (d) beidh éifeacht leo i ndáil le haon oibreacha píblíne. | |
[EN] | (3) Má áirítear foráil san Acht seo maidir le hábhar ar bith ní oibreoidh an t-áireamh sin chun cosc a chur le rialacháin (a bheidh i gcomhréir leis an bhforáil sin) a dhéanamh faoin alt seo maidir leis an ábhar sin. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgais a fhorchur ar úinéirí faofa, ar úinéirí suiteála amach ón gcósta, ar bhainisteoirí suiteála agus ar chonraitheoirí. | |
[EN] | (b) I dteannta an méid sin roimhe sin, féadfaidh rialacháin faoin alt seo dualgais a fhorchur ar dhaoine ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe iad agus a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil nó ina comharsanacht. | |
[EN] | (5) Déanfaidh bainisteoir suiteála amach ón gcósta scéala a thabhairt d'úinéir an chéanna a luaithe is indéanta i dtaobh aon teagmhais a tharlóidh ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht agus ar teagmhas é a gceanglaítear ar an úinéir sin faoi rialacháin faoin alt seo scéala a thabhairt don Aire ina thaobh. | |
[EN] |
Ionadaí agus leasionadaí sábháilteachta. |
23. —(1) Féadfaidh na daoine (seachas an bainisteoir suiteála) atá ag obair ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó uaithi, ionadaí agus leasionadaí (dá ngairtear san Acht seo “an t-ionadaí sábháilteachta” agus “an leasionadaí sábháilteachta”, faoi seach) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín chun feidhmiú ar a son i gcomhchomhairlí faoin alt seo leis an mbainisteoir suiteála. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas:— | |
[EN] | (a) na téarmaí agus na coinníollacha ceapacháin agus feidhmeanna agus dualgais an ionadaí agus an leasionadaí sábháilteachta; | |
[EN] | (b) dualgais an bhainisteora suiteála lena mbaineann, lena n-áirítear ceanglas go dtabharfaidh sé (nó go gcuirfidh sé faoi deara go dtabharfar) don ionadaí sábháilteachta (nó don leasionadaí sábháilteachta) lena mbaineann cóip den ráiteas faoi bheartas faoi alt 26 den Acht seo a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dheireadh na tréimhse a shonraítear faoi alt 26 (3) (c) den Acht seo chun an ráiteas sin a ullmhú, agus go rachaidh sé i gcomhchomhairle leis an ionadaí sábháilteachta (nó leis an leasionadaí sábháilteachta) lena mbaineann chun comhoibriú a áirithiú idir an bhainisteoireacht agus na daoine eile a oibríonn ar an tsuiteáil amach on gcósta lena mbaineann, sa tsuiteáil sin nó uaithi chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Achta seo (nó rialachán faoi) a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas nó cibé forálacha reachtúla eile a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo agus a bhaineann leis an tsuiteáil sin nó leis na daoine sin (nó leo araon); | |
[EN] | (c) foráil go mbeidh an t-ionadaí sábháilteachta (nó an leasionadaí sábháilteachta), ar iarraidh a bheith déanta chuig cigire, i dteideal bheith i gcuideachta cigire ar aon turas (nó cuid de thuras) iniúchta ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais (seachas turas iniúchta a dhéantar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú) agus i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí a bheith i gcuideachta cigire, go gcuirfidh sé in iúl don chigire go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Coiste sábháilteachta agus toscaire sábháilteachta. |
24. —(1) Na daoine a bheidh ag obair ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó uaithi, féadfaidh siad comhaltaí de choiste (dá ngairtear “coiste sábháilteachta” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín chun cabhrú le húinéir na suiteála nó leis an mbainisteoir suiteála (de réir mar is iomchuí) chun a áirithiú go ndéanfar de réir mar a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (b) den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás go gceapfar coiste sábháilteachta agus go mbeidh, tráth an cheaptha, ionadaí sábháilteachta (nó leasionadaí sábháilteachta) arna cheapadh faoi alt 23 nó 25 den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann, déanfaidh ceapachán an choiste sábháilteachta ceapachán an ionadaí sin a chúlghairm. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:— | |
[EN] | (a) foráil faoi chomhair théarmaí agus choinníollacha an cheapacháin agus an mhodha chun an líon comhaltaí ar choiste sábháilteachta agus an córam do chruinniú den choiste a chinneadh (faoi réir alt 25 den Acht seo); | |
[EN] | (b) foráil chun feidhmeanna agus dualgais an choiste sábháilteachta a shonrú, lena n-áirítear cúnamh a thabhairt chun a áirithiú go ndéanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann agus na daoine a bheidh ag obair ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi, de réir fhorálacha an Achta seo (nó de réir rialachán faoin gcéanna) a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas, nó de réir cibé forálacha reachtúla eile a fhorordaítear chun críocha an ailt seo agus a mbeidh feidhm acu maidir leis an tsuiteáil sin nó leis na daoine sin (nó leo araon); | |
[EN] | (c) foráil go ndeanfaidh an coiste sábháilteachta ionadaí agus leasionadaí (dá ngairtear “toscaire sábháilteachta” agus “leastoscaire sábháilteachta” faoi seach, san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh as measc a lín agus foráil maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceapachán sin agus le feidhmeanna agus dualgais na dtoscairí sin; | |
[EN] | (d) foráil go mbeidh an bainisteoir suiteála i dteideal freastal go pearsanta (nó duine amháin ar a laghad a bheidh ainmnithe aige a bheith ina ionadaí dó) ag gach cruinniú den choiste sábháilteachta; | |
[EN] | (e) forálacha a shonróidh dualgais an bhainisteora suiteála, lena n-áirítear ceanglas go ndéanfaidh sé (nó ionadaí) freastal ar an gcéad chruinniú den choiste sábháilteachta agus go ndéanfaidh sé (nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar) a luaithe is indéanta agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi alt 26(3)(c) den Acht seo d'ullmhú an ráitis sin, an ráiteas faoi bheartas faoi alt 26 den Acht seo a thabhairt don choiste; | |
[EN] | (f) foráil go mbeidh an toscaire sábháilteachta (nó an leastoscaire sábháilteachta), ar iarraidh a bheith déanta ag an gcoiste sábháilteachta, i dteideal a bheith i gcuideachta cigire ar aon turas (nó cuid de thuras) iniúchta ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta a dhéanfaidh an cigire i gcúrsa dualgais (seachas turas iniúchta a dhéantar go sonrach chun tionóisc a imscrúdú) agus, i gcás é bheith ar intinn ag ionadaí a bheith i gcuideachta cigire, go gcuirfidh sé in iúl don chigire go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh; | |
[EN] | (g) foráil go bhféadfaidh an toscaire sábháilteachta uiríll a dhéanamh chuig cigire maidir le hábhair a bhaineann le sábháilteacht, sláinte agus leas na ndaoine a oibríonn ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi (ar uiríll iad a dhéanfar ar iarraidh ón gcoiste sábháilteachta) agus, d'fhonn na huiríll a bhreithniú, go bhféadfaidh cigire aon taifid ar imeachtaí an choiste sábháilteachta a iniúchadh. | |
[EN] |
An bainisteoir suiteála do cheapadh ionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta. |
25. —(1) Más rud é— |
[EN] | (a) go mbeidh suiteáil amach ón gcósta in uiscí lena mbaineann an tAcht seo ar feadh tréimhse leanúnaí sé mhí, agus | |
[EN] | (b) ar dhul in éag don tréimhse sin, nó ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach tráth ar bith tar éis an dul in éag sin, nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta arna cheapadh faoi alt 23 nó 24 den Acht seo i ndáil leis an tsuiteáil, | |
[EN] | ansin, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála iomchuí, a luaithe is indéanta agus tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis don tréimhse iomchuí a bheith imithe in éag, ionadaí sábháilteachta agus leasionadaí sábháilteachta nó coiste sábháilteachta (de réir mar is cuí leis) a cheapadh as measc líon na ndaoine eile a bheidh ag obair ar an tsuiteáil nó inti. | |
[EN] | (2) Sula ndéanfar ceapachán faoin alt seo rachaidh bainisteoir suiteála i gcomhairle leis na daoine eile a bheidh ag obair ar an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta nó inti maidir leis an gceapachán a bheidh beartaithe. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:- | |
[EN] | (a) feidhmeanna agus dualgais bainisteora suiteála, lena n-áirítear líon chomhaltaí an choiste sábháilteachta a chinneadh; | |
[EN] | (b) téarmaí agus coinníollacha ceaptha chomhaltaí an choiste sábháilteachta agus (faoi réir alt 24 (2) den Acht seo) an ionadaí sábháilteachta nó an leasionadaí sábháilteachta. | |
[EN] | (4) Déanfar tagairtí san Acht seo d'ionadaí sábháilteachta, do leasionadaí sábháilteachta nó do choiste sábháilteachta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ionadaí sábháilteachta, do leasionadaí sábháilteachta nó do choiste sábháilteachta faoin alt seo. | |
[EN] |
Ráitis sábháilteachta. |
26. —(1) Déanfaidh úinéir suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, a luaithe is indéanta, ráiteas i scríbhinn a ullmhú (nó a chur faoi deara é a ullmhú) ina sonrófar an modh ina ndéanfar sábháilteacht agus sláinte daoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, inti nó ina comharsanacht a áirithiú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (1) den alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil go sonrófar sa ráiteas a éilítear leis an bhfo-alt sin— | |
[EN] | (a) na comhshocraíochtaí chun sábháilteacht agus sláinte na ndaoine dá dtagraítear san fho-alt sin a chosaint; | |
[EN] | (b) an comhoibriú is gá ó na daoine sin i ndáil le sábháilteacht agus sláinte; | |
[EN] | (c) aon saoráidí oiliúna sábháilteachta atá ar fáil; | |
[EN] | (d) na bearta atá le déanamh i ndáil le contúirtí a bheidh sonraithe amhlaidh nó i ndáil le baol aon chontúirte den sórt sin ar an tsuiteáil nó ina timpeall; | |
[EN] | (e) aon ní atá sonraithe i rialacháin faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] | (3) Mas rud é— | |
[EN] | (a) go dtabharfar fógra don Aire faoi alt 9 den Acht seo go bhfuiltear chun suiteáil amach ón gcósta a bhunú in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó chun oibríochtaí taiscéalta nó saothraithe a thosú sna huiscí sin, agus | |
[EN] | (b) go mbunófar an tsuiteáil amach ón gcósta nó go dtosófar ar na hoibríochtaí, agus | |
[EN] | (c) nach mbeidh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an bhunaithe nó an tosaithe sin, ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ullmhaithe i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta a bheidh bunaithe amhlaidh nó ar trína húsáid a sheoltar na hoibríochtaí, féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil ar úinéir na suiteála amach ón gcósta á cheangal air ráiteas den sórt sin a ullmhú laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná mí amháin) a bheidh sonraithe san fhógra agus más rud é go seirbheálfar an fógra sin déanfaidh an duine ar ar seirbheáladh é ceanglais an fhógra sin a chomhlíonadh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire le rialacháin a cheangal nach foláir faisnéis a bhaineann le nithe a shonraítear sna rialacháin a áireamh i ráitis faoi fho-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (5) Más rud é, i ndáil le suiteáil amach ón gcósta, nach mbeidh de thuras na huaire aon ionadaí sábháilteachta ná aon choiste sábháilteachta ann, tabharfaidh an bainisteoir suiteála (nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar), má iarrann aon duine a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil nó inti air déanamh amhlaidh, cóip den ráiteas iomchuí faoi fho-alt (1) den alt seo don duine sin, tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (3) (c) den alt seo chun an ráiteas sin a ullmhú nó tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta na hiarrata sin, cibé acu is déanaí. | |
[EN] | (6) (a) I gcás go n-ullmhófar ráiteas den sórt sin ach nach deimhin leis an Aire gur leor é chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar an ráiteas a athbhreithniú ar mhodh a bheidh sonraithe san ordú agus i gcás go dtabharfaidh an tAire ordú den sórt sin déanfaidh sé a luaithe is indéanta cóip den ordú a sheirbheáil ar úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an t-ordú agus déanfaidh an t-úinéir an t-ordú a chomhlíonadh laistigh de cibé tréimhse (nach lú ná mí amháin) a bheidh sonraithe san ordú. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ordú faoin bhfo-alt seo a chealú. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire a cheangal le rialacháin, i gcás go ndéanfar ráiteas a ullmhú nó a athbhreithniú faoin alt seo, go n-áiritheoidh an bainisteoir suiteála iomchuí go ndéanfar cóip den ráiteas arna ullmhú nó arna athbhreithniú amhlaidh a iontráil i logleabhar suiteála na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann, agus go ndéanfar cóip den ráiteas arna ullmhú nó arna athbhreithniú amhlaidh a thabhairt do chigire a iarrann é ar an mbainisteoir sin. | |
[EN] | (8) I gcás go n-athbhreithneofar ráiteas faoin alt seo tabharfaidh an bainisteoir suiteála iomchuí (nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar) cóip den ráiteas arna athbhreithniú amhlaidh— | |
[EN] | (a) i gcás go mbeidh ionadaí sábháilteachta ann don tsuiteáil lena mbaineann, don duine sin nó dá leasionadaí, nó | |
[EN] | (b) i gcás go mbeidh coiste sábháilteachta le haghaidh na suiteála sin ann, don choiste sin, nó | |
[EN] | (c) i gcás nach mbeidh ionadaí sábháilteachta ná coiste sábháilteachta le haghaidh na suiteála sin ann, d'aon duine a bheidh fostaithe ar an tsuiteáil sin nó inti, má iarrann an duine sin air déanamh amhlaidh; | |
[EN] | ar choinníoll i gcás mhíreanna (a) nó (b) den fho-alt seo go dtabharfar (nó go gcuirfear faoi deara go dtabharfar) an chóip den ráiteas athbhreithnithe a luaithe is indéanta, agus in aon chás tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear faoi fho-alt (6) (a) den alt seo chun an ráiteas a athbhreithniú, agus i gcás mhír (c) den fho-alt seo, go dtabharfar (nó go gcuirfear faoi deara go dtabharfar) an chóip den ráiteas athbhreithnithe tráth nach déanaí ná deich lá ó dhul in éag don tréimhse a shonraítear amhlaidh, nó tráth nach déanaí ná deich lá ó dháta na hiarrata, cibé acu is déanaí. |