An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Sábháilteacht) Ar Aghaidh (CUID V Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis)

18 1987

AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987

CUID IV

Tionóiscí etc.

Fógra faoi thionóiscí áirithe a thabhairt don Aire agus don Aire Fuinnimh.

27. —(1) Má tharlaíonn tionóisc nó cor eile ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, a dtig cailliúint beatha nó bás dá dheasca nó a bheidh ina chúis le cailliúint beatha nó bás nó ina chúis le díobháil choirp de chineál a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go ndéanfar fógra i scríbhinn faoin tionóisc a thabhairt láithreach don Aire agus don Aire Fuinnimh agus beidh an fógra sin i bhfoirm a bheidh de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo.

(2) Má thugtar fógra faoin alt seo mar gheall ar aon tionóisc nó cor eile a bheidh ina thrúig mhíthreorach agus go bhfaighidh an duine míchumasaithe bás de dheasca na tionóisce nó an choir tar éis an fógra a bheith tugtha, tabharfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann fógra i scríbhinn don Aire faoin mbás a luaithe is féidir tar éis dó scéala a fháil faoin mbás.

(3) Nuair a tharlóidh tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann iontráil de na sonraí seo a leanas sa logleabhar suiteála iomchuí agus síneoidh sé é, eadhon:

(a) dáta agus am na tionóisce nó an choir,

(b) suíomh na suiteála amach ón gcósta iomchuí an tráth ar tharla, nó an t-ionad inar tharla, an tionóisc nó an cor eile a mhéid is féidir le dúthracht réasúnach an suíomh nó an t-ionad sin a fhionnadh tráth déanta na hiontrála,

(c) an áit (ar an tsuiteáil amach ón gcósta iomchuí nó in áit eile, de réir mar a bheidh) inar tharla an tionóisc nó an cor eile,

(d) ainm agus, más eol iad don bhainisteoir sin, seoladh agus slí bheatha, aon duine a cailleadh nó a maraíodh nó a d'fhulaing sa tionóisc nó sa chor eile aon díobháil choirp a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, mar aon le hainm agus seoladh a fhostóra agus tuairisc ar aon díobháil choirp a d'fhulaing an duine (lena n-áirítear díobháil ar tháinig bás dá dheasca) a mhéid is féidir díobháil den sórt sin a fhionnadh le dúthracht den sórt sin,

(e) tuairisc ar an tionóisc nó ar an gcor eile (lena n-áirítear sonraí faoi aon oibríocht ar lena linn a tharla an tionóisc agus aon trealamh ar i ndáil lena úsáid a tharla an tionóisc),

(f) tuairisc ar aon damáiste a tharla don tsuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann nó d'aon trealamh de chuid aon soithigh a bhí bainteach leis an tionóisc nó leis an gcor eile, a mhéid is féidir an damáiste sin a fhionnadh le dúthracht den sórt sin, mar aon le hainm agus calafort nó áit chláraithe aon soithigh den sórt sin,

(g) ainm agus seoladh gach finné ar an tionóisc nó ar an gcor eile agus ainm agus seoladh a fhostóra (más ann) a mhéid is féidir na sonraí sin a fhionnadh, agus

(h) cibé sonraí eile (más ann) a mhéid is féidir iad a fhionnadh amhlaidh, a bheidh de thuras na huaire arna bhforordú chun críocha an fho-ailt seo.

(4) (a) Nuair a tharlóidh tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo ar shuiteáil amach ón gcósta, ní chorróidh aon duine an áit inar tharla sé ná ní bhainfidh d'aon ní san áit sin—

(i) go dtí go mbeidh an tréimhse caite dar tosach an tráth a tharla an tionóisc nó an cor eile agus dar críoch an dara lá i ndiaidh an lae díreach i ndiaidh an lae sin a gcuirtear fógra i scríbhinn mar gheall ar an tionóisc nó an cor eile chun an Aire de bhun cheanglas fho-alt (1) den alt seo, nó

(ii) go dtí go mbeidh cuairt tugtha ag cigire ar an áit sin agus go mbeidh sí scrúdaithe aige i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an Acht seo.

(b) Ní thoirmiscfidh aon ní san fho-alt seo rud ar bith a dhéanamh ag cigire nó le toiliú cigire.

(5) (a) Nuair a sheolfaidh cróinéir ionchoisne maidir le haon duine a bhféadfadh gurbh é ba thrúig bháis dó tionóisc nó cor eile is infhógartha faoi fho-alt (1) den alt seo, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm ag na forálacha atá i míreanna (a) go (f) d'alt 77 den Acht Monarchan, 1955 , maidir leis an ionchoisne.

(b) Beidh éifeacht le halt 77 den Acht Monarchan, 1955 , arna fheidhmiú leis an bhfo-alt seo—

(i) amhail is dá mba thagairtí do chigire de réir bhrí an Achta seo na tagairtí do chigire ann,

(ii) amhail is dá ndéanfaí na tagairtí i mír (c) don mhonarcha inar tharla nó ar timpeall uirthi a tharla an tionóisc nó an galar agus na tagairtí i bhfomhíreanna (iv) agus (v) de mhír (e) agus i mír (f) don mhonarcha a fhorléiriú, i gcás gach tagartha díobh, mar thagairt don tsuiteáil amach ón gcósta ar uirthi nó ar inti nó ina comharsanacht a tharla an tionóisc nó an cor eile,

agus

(iii) amhail is dá mba thagairtí d'úinéir na suiteála sin amach ón gcósta gach tagairt i bhfomhíreanna (iii) agus (vi) de mhír (e) d'áititheoir monarchan.

Bás nó cailliúint beatha.

28. —Más rud é in uiscí lena mbaineann an tAcht seo—

(a) go bhfaighidh duine bás (seachas de dheasca tionóisce nó coir a luaitear in alt 27 den Acht seo) ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht fad a bheidh sé ag gabháil d'aon oibríocht a mbeidh baint aici leis an tsuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó a mbeidh an tsuiteáil amach ón gcósta den sórt sin á húsáid i ndáil léi nó ar shlí eile, nó go gcaillfear ón tsuiteáil sin amach ón gcósta é in imthosca ina mbeidh sé réasúnta a chreidiúint go bhfuil sé marbh,

(b) go bhfaighidh duine bás amhlaidh i mbád tarrthála, i rafta tarrthála nó in árthach marthanais éigeandála eile de chuid suiteála amach ón gcósta den sórt sin nó orthu nó go gcaillfear uathu é in imthosca den sórt sin,

cuirfidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann fógra i scríbhinn láithreach faoin gcor chun an Aire agus chun an Aire Fuinnimh.

Galair áirithe ar shuiteáil amach ón gcósta a chur in iúl do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).

29. —(1) Más rud é, i gcás duine a bheidh de thuras na huaire fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, nó inti, go bhfaighfear amach trí scrúdú dochtúra (cibé acu a sheolfar é ar an tsuiteáil nó in áit eile agus cibé acu a sheolfar é i ndáil lena fhostaíocht nó ar shlí eile) go bhfuil sé ag fulaingt galair a fhorordaítear chun críocha an ailt seo, cuirfidh an lia-chleachtóir a sheol an scrúdú in iúl a luaithe is féidir do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta) gur bhris an galar amach.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, féadfar a cheangal leis na rialacháin go dtabharfaidh an lia-chleachtóir iomchuí aon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta), eadhon:

(a) sonraí forordaithe faoin ngalar lena mbaineann,

(b) ainm an duine agus cibé sonraí pearsanta eile a bheidh forordaithe,

(c) an dáta nó an neasdáta ar bhris an galar amach nó ar tolgadh é, i dtuairim an lia-chleachtóra sin, an tsuiteáil nó na suiteálacha amach ón gcósta ar ar bhris an galar amach nó ar ar tolgadh é, i dtuairim an lia-chleachtóra sin agus suíomh na suiteála nó na suiteálacha amach ón gcósta, de réir mar is iomchuí, ar an dáta nó an neasdáta sin.

Sonraí faoi thionóiscí áirithe le hiontráil sa logleabhar suiteála.

30. —Má tharlaíonn aon tionóisc ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin, nó ina comharsanacht a dtig dá barr nach bhféadfaidh duine a fhostaítear ar an tsuiteáil aon dualgais a chomhlíonadh ar feadh breis is trí lá, déanfaidh an bainisteoir suiteála lena mbaineann a áirithiú go n-iontrálfar sonraí faoin tionóisc sa logleabhar suiteála.

Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú maidir le tionóiscí agus cásanna galair áirithe.

31. —(1) Más rud é, de bhun an Achta seo, go dtabharfar fógra don Aire faoi thionóisc nó faoi ghalar a bhris amach nó faoi aon chor eile féadfaidh an tAire, más dóigh leis é a bheith iomchuí sin a dhéanamh, a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar an tionóisc nó ar an gcor agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an choir.

(2) Beidh, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, feidhm maidir le himscrúdú faoin alt seo ag forálacha alt 78 (2) den Acht Monarchan, 1955 , arna leasú le halt 56 d'Acht 1980, mar atá feidhm acu maidir le himscrúdú faoin alt sin.

Cumhacht an Aire a cheangal gléasra áirithe a scrúdú agus a thástáil agus tuarascálacha áirithe a iarraidh.

32. —(1) Má tharlaíonn tionóisc nó cor contúirteach i suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus gur deimhin leis an Aire go mb'fhéidir gur mar gheall ar aon ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor (go hiomlán nó go páirteach) ansin más dóigh leis an Aire gur gá é chun an tionóisc nó an cor a imscrúdú i gceart, ceanglóidh sé le fógra i scríbhinn ar bhainisteoir na suiteála—

(a) an gléasra sin, nó i gcás a gcreidfear gur mar gheall ar pháirt den ghléasra a tharla an tionóisc nó an cor, an pháirt sin, a chur á scrúdú agus á thástáil láithreach ag duine inniúil, agus

(b) tuarascáil ar thorthaí an scrúdaithe agus na tástála a chur á hullmhú agus a chur faoi bhráid an bhainisteora sin, ag an duine a rinne an scrúdú agus an tástáil a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná ocht lá is fiche tar éis an scrúdú agus an tástáil a chríochnú, agus

(c) cóip den tuarascáil sin a thabhairt don Aire laistigh de sheacht lá tar éis í a fháil de bhun mhír (b) den fho-alt seo.

(2) Beidh sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas i dtuarascáil a éileofar faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) an modh inar cuireadh an scrúdú iomchuí i gcrích,

(b) an modh a úsáideadh nuair a bhí aon tástálacha á ndéanamh,

(c) aon laige nó fabht, ó thaobh déanmhais nó eile, is dóigh leis an duine ag déanamh an scrúdaithe a dhéanfadh difear faoi dheoidh do neart an ghléasra a scrúdaíodh nó a bheadh ina thrúig d'aon loiceadh ar an ngléasra sin, agus

(d) cibé ábhar eile a shonróidh an tAire nuair a bheidh an ceanglas á dhéanamh aige.

(3) Mura mbeidh an tAire sásta i dtaobh leorfhiúntas tuarascála faoin alt seo nó i dtaobh inniúlacht duine a fostaíodh le scrúdú agus tástáil dá dtagraítear san alt seo a dhéanamh nó i dtaobh leorfhiúntas an scrúdaithe agus na tástála sin, féadfaidh sé a cheangal ar bhainisteoir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann go ndéanfaidh duine arna ainmniú ag an Aire an gléasra lena mbaineann a athscrúdú agus a thástáil ar chostas úinéir na suiteála sin amach ón gcósta agus i gcás go ndéanfaidh an tAire ceanglas faoin bhfo-alt seo déanfaidh an t-úinéir agus an bainisteoir sin agus, mura leis an úinéir sin an gléasra, an duine ar leis an gléasra, an ceanglas a chomhlíonadh agus tabharfaidh sé aon saoráidí is gá le haghaidh an athscrúdaithe agus na tástála sin.

(4) San alt seo folaíonn “gléasra” aon choire, glacadán nó brúshoitheach eile, aon fhearas nó trealamh, leictreach nó eile (nó aon chuid de) nó aon inneall nó innealra eile (nó aon chuid de), cibé acu is le cumhacht mheicniúil nó nach ea a thiomáintear é.

Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta).

33. —(1) Féadfaidh an tAire an fheidhm maidir leis an Aire a chomhairliú go gairmiúil i ndáil lena fheidhmeanna faoin Acht seo a shannadh d'aon lia-chleachtóir cláraithe a bheidh ainmnithe mar liachomhairleoir tionscail faoi alt 50 d'Acht 1980.

(2) “Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta)” a ghairtear san Acht seo de dhuine dá sanntar faoin alt seo na feidhmeanna a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht alt 40 (1) den Acht seo, féadfaidh an tAire a údarú do Lia-Chomhairleoir Tionscail (Suiteálacha amach ón gCósta) a bheith ina chigire chun críocha an Achta seo.