An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Tionóiscí etc.) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

18 1987

AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987

CUID V

Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis

Cionta.

34. —(1) (a) I gcás go sáraíonn nó nach gcomhlíonann bainisteoir suiteála alt 16, 17, 21 (2), 25, 28 nó 30 den Acht seo trí ghníomh nó trí neamhghníomh, beidh sé ciontach i gcion.

(b) I gcás go mainneoidh úinéir suiteála amach ón gcósta ceanglais alt 11 (4) den Acht seo, ceanglais fhógra faoi alt 26 (3) den Acht seo nó ordaithe faoi alt 26 (6) den Acht seo, a chomhlíonadh, nó i gcás nach gcomhlíonfar coinníoll a fhorchuirtear faoi alt 12 (2) den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) (a) Más rud é go mainneoidh bainisteoir suiteála alt 10 (1), 14, 16, 17, 25 nó 30 den Acht seo a chomhlíonadh nó go sáróidh sé iad, beidh úinéir na suiteála iomchuí amach ón gcósta, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ciontach i gcion.

(b) I gcás go ndéanfaidh bainisteoir suiteála cion faoin alt seo de bhíthin gur mhainnigh sé alt 21 (2) den Acht seo a chomhlíonadh agus go ndearnadh an cion le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú úinéir na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann, beidh an t-úinéir sin freisin ciontach sa chion.

(3) I gcás go sárófar alt 12 (1) nó 14 den Acht seo i ndáil le suiteáil amach ón gcósta de bhrí nach bhfuil aon bhainisteoir suiteála ná duine eile ceaptha de thuras na huaire de bhun agus de réir alt 11 (1) den Acht seo, nó de bhrí gur úsáideadh an tsuiteáil faoi mhaoirseacht duine seachas an bainisteoir suiteála ar feadh tréimhse ab fhaide ná an tréimhse a cheadaítear le halt 12 (2) den Acht seo, beidh úinéir na suiteála ciontach i gcion.

(4) Más rud é go bhfostóidh duine, seachas an bainisteoir suiteála iomchuí, duine de shárú ar alt 14 den Acht seo beidh an bainisteoir suiteála, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ciontach i gcion.

(5) (a) Aon duine a sháróidh trí ghníomh nó neamhghníomh—

(i) rialachán faoin Acht seo, nó

(ii) coinníoll a shonraítear i rialachán faoi alt 14 (4) den Acht seo, nó

(iii) coinníoll, seachas coinníoll a bheidh sonraithe amhlaidh, atá le fáil i rialachán faoin Acht seo ar coinníoll é lena mbaineann dearbhú faoi alt 5 (4) den Acht seo ach nach coinníoll é a mbeidh feidhm maidir leis ag forálacha alt 13 (3) den Acht seo, i ndáil le forléiriú,

beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine a sháróidh alt 26 (5) nó 26 (8) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine nach gcomhlíonfaidh ceanglas a dhéanfaidh an tAire faoi alt 6 (1) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(7) Aon duine nach gcomhlíonfaidh alt 9 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) (a) Aon duine nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1) nó fo-alt (5) d'alt 10 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(b) (i) Aon úinéir suiteála amach ón gcósta a mhainneoidh ceanglas dá dtagraítear in alt 10 (4) (a) den Acht seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(ii) Aon bhainisteoir suiteála a mhainneoidh deimhniú a thabhairt ar aird de bhun cheanglais alt 10 (4) (a) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(c) Aon duine a dhéanfaidh nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar aon fheistiúchán nó aon pháirt eile lena mbaineann coinníoll dá dtagraítear in alt 10 (4) (b) den Acht seo, a úsáid de shárú ar an alt 10 (4) (b) sin, beidh sé ciontach i gcion.

(9) Aon bhainisteoir suiteála nó duine eile nach bhfeidhmeoidh an mhaoirseacht phearsanta laethúil a cheanglaítear air a fheidhmiú le halt 12 (1) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(10) Má bhíonn duine atá faoi réir údaráis bhainisteora suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo easumhal go toiliúil i gcomhlíonadh ordaithe dhleathaigh a thabharfaidh an bainisteoir dó i bhfeidhmiú an údaráis sin, beidh sé ciontach i gcion.

(11) Má mhainníonn bainisteoir nó úinéir suiteála alt 13 (2) den Acht seo a chomhlíonadh nó mura n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfar an t-alt sin, beidh sé ciontach i gcion.

(12) Aon duine a fhostóidh duine de shárú ar alt 14 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(13) Faoi réir alt 19 (4) den Acht seo aon duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) d'alt 15 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(14) Aon duine a mhainneoidh alt 18 (1) den Acht seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion.

(15) Aon duine nach ndéanfaidh fad a bheidh sé fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht saoráidí, trealamh, éadach nó ábhair a sholáthrófar de bhun alt 18 den Acht seo nó rialachán faoin gcéanna a chaitheamh nó a úsáid go cuí ar shlí eile le linn oibre chun é féin a chosaint beidh sé ciontach i gcion.

(16) Aon duine a sháróidh alt 19 (1) nó fo-alt (1) nó (2) d'alt 20 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(17) Aon duine nach gcomhlíonfaidh forálacha alt 22 (5) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(18) (a) Aon bhainisteoir suiteála nach gcomhlíonfaidh fo-alt (1) nó (2) d'alt 27 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine a sháróidh alt 27 (4) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(19) (a) (i) Aon duine a mhainneoidh ceanglas d'fhógra a sheirbheálfar air faoi alt 32 (1) den Acht seo a chomhlíonadh nó a mhainneoidh ceanglas a dhéanfaidh an tAire faoi alt 32 (3) den Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

(ii) Aon úinéir nó bainisteoir suiteála amach ón gcósta a mhainneoidh saoráidí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le halt 32 (3) den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine seachas úinéir nó bainisteoir na suiteála iomchuí amach ón gcósta a mhainneoidh saoráidí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le halt 32 (3) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(20) (a) Maidir le duine—

(i) a mhainneoidh aon cheanglas a fhorchuirfidh cigire faoi alt 41 den Acht seo a chomhlíonadh, nó

(ii) a choiscfidh aon duine eile nó a dhéanfaidh iarracht aon duine eile a chosc ar láithriú os comhair cigire nó ar aon cheist a fhreagairt a bhféadfadh cigire freagra a iarraidh ina leith, de bhua fho-alt (1) d'alt 41 den Acht seo, nó

(iii) a aistreoidh ó shuiteáil amach ón gcósta lena mbainéann an tAcht seo aon innealra, gaireas nó airteagal eile a mbeidh cigire tar éis seilbh a ghlacadh air faoi alt 41 den Acht seo, gan cead a bheith tugtha ag cigire, nó a cheilfidh an céanna nó a bhainfidh leis an gcéanna, nó

(iv) a choiscfidh cigire nó a chuirfidh isteach air i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh a chumhachtaí nó a dhualgas, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Aon duine a ghníomhóidh de shárú ar alt 41 (2) (c) den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(21) Aon duine a sháróidh toirmeasc nó srian a fhorchuirfidh cigire nó a mhainneoidh ceanglas a fhorchuirfidh nó a dhéanfaidh cigire faoi alt 42 den Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion.

(22) Duine a dhéanfaidh asbhaint de shárú ar alt 46 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

Cionta; forálacha forlíontacha.

35. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo beidh, go dtí go gcruthófar a mhalairt, deimhneasc in aon díotáil, toghairm nó próis eile maidir leis an bhfíoras go ndearnadh aon ní nó go raibh aon ní suite laistigh de na huiscí lena mbaineann an tAcht seo, ina fhianaise leordhóthanach ar an bhfíoras sin mar a bheidh luaite sa deimhneasc.

(2) Más rud é, maidir le cion faoin Acht seo arna dhéanamh ag comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta, measfar go mbeidh seisean, mar aon leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

(3) Má bhaineann bainisteoir suiteála nó úinéir suiteála amach ón gcósta leas as aon díolúine a cheadaítear leis an Acht seo nó faoi agus go mainneoidh sé aon choinníoll a ghabhann leis an díolúine a chomhlíonadh, measfar go mbeidh an fhoráil iomchuí den Acht seo nó de rialachán faoin Acht seo sáraithe aige.

(4) Más rud é, ar aon suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, go mbeidh aon daoine fostaithe ar shlí seachas de réir ceanglais den Acht seo nó d'aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo, measfar sárú ar leith a bheith ann maidir le gach duine a bheidh fostaithe amhlaidh.

(5) I gcás go ndearnadh cion faoi alt 34 (22) den Acht seo le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú bainisteora suiteála nó gur urasaíodh a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh an bhainisteora sin, beidh an bainisteoir sin freisin ciontach sa chion.

Cosaint i gcoitinne.

36. —(1) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo, is cosaint don chúisí a chruthú gur chaith sé gach dúthracht chuí chun aon cheanglas den Acht seo nó d'aon rialachán faoin Acht seo, lena mbaineann an cion líomhnaithe, a fhorghníomhú nó a chomhlíonadh, agus go ndearnadh an sárú iomchuí gan a thoiliú, a chúlcheadú nó a mhainneachtain thoiliúil nó go ndearna sé bearta réasúnacha, nó gur chuir sé faoi deara bearta réasúnacha a dhéanamh, chun an sárú a chosc nó a sheachaint.

(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 12 den Acht seo is cosaint don chosantóir a chruthú gur imthosca nach raibh aon neart aige orthu ba chúis leis an mainneachtain aige ar i ndáil léi a líomhnaítear an cion a bheith déanta.

(3) In aon imeachtaí a shaothraítear maidir le sárú ar alt 27 (4) den Acht seo arb é a bheidh ann gníomh ar bith a dhéanamh, is cosaint a chruthú gur ghá an gníomh a dhéanamh chun sábháilteacht na suiteála amach ón gcósta lena mbaineann nó na ndaoine uirthi a áirithiú.

Ionchúiseamh i gcionta.

37. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

(2) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thosú—

(a) tráth ar bith laistigh de shé mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) tráth ar bith laistigh de thrí mhí ón dáta a thiocfaidh an duine a thionscain na himeachtaí ar fhianaise a bheidh, ina thuairim, leordhóthanach leis na himeachtaí a bheith ann, cibé acu is déanaí.

(3) I dteannta fho-alt (2) den alt seo, más rud é, mar gheall ar thionóisc in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó mar gheall ar ghalar sna huiscí sin, ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, go ndéanfaidh duine a bheidh ceaptha faoin Acht seo chun imscrúdú a dhéanamh faoi alt 31 den Acht seo, tuarascáil a thabhairt, nó go seolfar ionchoisne cróinéara, agus gur cosúil ón tuarascáil nó ó na himeachtaí ag an ionchoisne go ndearnadh, tráth na tionóisce nó an choir eile, nó roimhe sin, i ndáil leis an tsuiteáil amach ón gcósta—

(a) sárú ar fhoráil den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, nó

(b) sárú ar choinníoll a ghabhann le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás a dheonaigh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo,

féadfar, tráth ar bith laistigh de thrí mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt nó an t-ionchoisne a chríochnú, imeachtaí achoimre a thosú in aghaidh aon duine a ndlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne maidir leis an sárú.

(4) Ní dhéanfar imeachtaí achoimre a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a thionscnamh tráth is déanaí ná dhá bhliain ón dáta a ndearnadh an cion.

(5) Chun críocha an ailt seo is fianaise prima facie deimhniú a bheidh sínithe ag an duine nó thar ceann an duine a thionscnaíonn na himeachtaí maidir leis an dáta ar tháinig an duine sin ar fhianaise a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus in aon imeachtaí dlí measfar, maidir le doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é a eisíodh chun críocha an ailt seo agus a síníodh amhlaidh, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar leis mar fhianaise, gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú, mura dtaispeántar a mhalairt.

(6) Beidh éifeacht le fo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851.

Dlínse.

38. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfar aon ghníomh nó neamhghníomh ar shuiteáil amach ón gcósta atá in uiscí lena mbaineann an tAcht seo nó in aon chuid d'uiscí atá laistigh de chúig chéad méadar den tsuiteáil sin, nó

(b) (i) go ndéanfar aon ghníomh nó neamhghníomh in aon chuid de na huiscí lena mbaineann an tAcht seo nach bhfuil laistigh de chúig chéad méadar de shuiteáil amach ón gcósta atá de thuras na huaire in uiscí lena mbaineann an tAcht seo, nó faoi bhun nó os cionn aon chuid den sórt sin, nó aon suiteála den sórt sin, agus

(ii) go mbeidh baint ag an ngníomh nó an neamhghníomh le taiscéaladh nó saothrú ghrinneall na farraige nó na fo-ithreach le haghaidh peitriliam nó mianraí eile,

i gcás gur cion faoin Acht seo nó gur éagóir an gníomh nó an neamhghníomh agus go dtionscnófar imeachtaí dlí mar gheall ar an gcion nó ar an éagóir agus nach mbeidh dlínse ar leith ón alt seo ag Breitheamh den Chúirt Chuarda nó ag Breitheamh den Chúirt Dúiche a dtionscnófar na himeachtaí os a chomhair chun na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin chun an dlínse sin a dheonú féadfar déileáil leis an gcion nó leis an éagóir mar chion nó mar éagóir a rinneadh laistigh de chuaird an Bhreithimh sin nó den Dúiche Chúirte Dúiche dá mbeidh an Breitheamh sin sannta, de réir mar is iomchuí.

(2) Forléireofar an tagairt in alt 10 (1) den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, do long mar thagairt a fholaíonn tagairt do shuiteáil amach ón gcósta.

(3) San alt seo tá le “éagóir” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 .

Pionóis.

39. —(1) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (1) (b) den Acht seo de bhíthin mainneachtana ceanglais alt 11 (4) den Acht seo a chomhlíonadh, nó a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (8) den Acht seo, de bhíthin mainneachtana alt 10 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, nó a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (9), 34 (11), 34 (19) (a) nó 44 den Acht seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b) ar é chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (10), 34 (16), 34 (17), 34 (18), 34 (19) (b), 34 (20) (a) nó 34 (21) den Acht seo, nó faoi alt 34 (8) den Acht seo seachas de bhíthin mainneachtana alt 10 (1) den Acht seo a chomhlíonadh, dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (1) den Acht seo, seachas de bhíthin mainneachtana ceanglais alt 11 (4) den Acht seo a chomhlíonadh, ar é a chiontú go hachomair—

(a) dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin alt 16, 17, nó 28 den Acht seo a shárú, a bheidh sé ciontach i gcion,

(b) dlífear fíneáil nach mó ná £400 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin alt 25 (1), 26 (3) nó 30 den Acht seo a shárú nó de bhíthin mainneachtana an céanna a chomhlíonadh, a bheidh sé ciontach i gcion, agus

(c) dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air in aon chás eile.

(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (3) d'alt 34 den Acht seo, ar é a chiontú go hachomair—

(a) dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin mainneachtana ag bainisteoir suiteála alt 16 den Acht seo a chomhlíonadh, a bheidh sé ciontach i gcion,

(b) dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur ar an duine sin i gcás gur de bhíthin nár chomhlíon bainisteoir suiteála alt 25 den Acht seo nó de bhíthin gur fhostaigh an bainisteoir sin duine de shárú ar alt 14 den Acht seo, a bheidh sé ciontach i gcion, agus

(c) dlífear fíneáil nach mó ná £600 a chur air in aon chás eile.

(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (4), 34 (7), 34 (12), 34 (13), 34 (14), 34 (15), 34 (22) nó 45 den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £300 a chur air.

(6) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (6) den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

(7) Faoi réir aon fhorála a bheidh, de thoradh feidhmiú na cumhachta i mír (a) (ii) nó (a) (iii) d'alt 5 (4) den Acht seo, le fáil i rialachán faoin Acht seo agus a bheidh infheidhme sa chás áirithe dlífear, i gcás gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (5) den Acht seo—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £600 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,200, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(8) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 34 (20) (b) den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £400 a chur air.

(9) I gcás go gciontófar duine ar díotáil i gcion faoin Acht seo agus go leanfaidh sé den chion tar éis a chiontaithe dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den chion.

(10) Más deimhin leis an gcúirt a chiontaigh duine i gcion faoin Acht seo, maidir leis an gcion inar ciontaíodh é—

(a) gur dhóigh dó a bheith ina thrúig bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine a bhí fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht ar i ndáil léi a tharla an sárú, nó

(b) gur dhóigh dó a bheith ina thrúig tionóisce contúirtí, nó

(c) gur dhóigh dó sábháilteacht aon duine den sórt sin a chur i mbaol,

ansin más rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, nach bhféadfaidh an chúirt téarma príosúnachta a fhorchur i leith an chiontaithe, féadfaidh an chúirt príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí (i dteannta fíneála nó ina hionad) a fhorchur ar an duine.