|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V Cionta, Imeachtaí Dlí agus Pionóis) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Nithe dá bhForálfaidh, nó Nithe ar i ndáil Leo a Fhorálfaidh, Rialacháin faoi alt 22) |
AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987
[EN] | ||||||
[EN] |
CUID VI Ilghnéitheach | |||||
[EN] |
Cigirí. |
40. —(1) Féadfaidh an tAire duine ar bith dá chuid oifigeach nó duine ar bith eile a údarú chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo. | ||||
[EN] | (2) Foilseofar fógra faoi údarú faoin alt seo san Iris Oifigiúil. | |||||
[EN] | (3) Gach duine a údaróidh an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo tabharfar deimhniú a údaraithe dó agus nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, tabharfaidh sé an deimhniú sin ar aird lena iniúchadh ag aon duine ar a bhfearann an deimhniú sin má iarrann an duine air é. | |||||
[EN] | (4) Déanfar cibé tuarascálacha bliantúla d'imeachtaí na gcigirí a ordóidh an tAire a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. | |||||
[EN] |
Cumhachtaí ginearálta cigirí. |
41. —(1) Chun críche an Achta seo a fhorghníomhú beidh cumhacht ag cigire— | ||||
[EN] | (a) tráth ar bith (cibé acu de ló nó d'oíche) dul ar bord suiteála amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó thairis sin dul isteach sa tsuiteáil sin agus an t-iomlán nó aon chuid di agus aon ní inti nó uirthi a iniúchadh, | |||||
[EN] | (b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac air agus é ag feidhmiú a dhualgais, | |||||
[EN] | (c) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá— | |||||
[EN] | (i) chun a fháil amach an bhfuil na nithe seo a leanas á gcomhlíonadh, eadhon, forálacha an Achta seo agus rialacháin faoi, aon ordú nó ceanglas a thabharfar nó a fhorchuirfear le fógra a sheirbheálfaidh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo agus aon choinníoll a ghabhann le haon díolúine nó toiliú a dheonóidh nó a thabharfaidh an tAire nó cigire faoin Acht seo nó de bhua an Achta seo, nó | |||||
[EN] | (ii) chun aon ní a fháil amach is dóigh leis an gcigire a dhéanfaidh difear do shábháilteacht, do shláinte nó do leas daoine nó a bhainfidh lena sábháilteacht, lena sláinte nó lena leas ar daoine iad a bheidh fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) na cúiseanna agus na himthosca a bhí le haon tionóisc nó cor eile ag suiteáil amach ón gcósta den sórt sin is tionóisc nó cor a gceanglaítear leis an Acht seo fógra a thabhairt maidir leis i gceachtar cás, | |||||
[EN] | (d) chun críche aon scrúdú nó fiosrú faoi na forálacha réamhráite— | |||||
[EN] | (i) aon tomhas a dhéanamh nó fótagraf a ghlacadh nó aon téip nó taifeadadh leictreach eile a dhéanamh a mheasann sé is gá chun críocha den sórt sin, | |||||
[EN] | (ii) a cheangal ar aon duine a fhaigheann sé ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé fostaithe ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, nó go raibh sé ar fostú laistigh den dá mhí roimhe sin ar an tsuiteáil sin, freagra a thabhairt, in éagmais daoine seachas duine a bheidh ainmnithe ag an duine le bheith i láthair agus aon daoine a cheadóidh an cigire a bheith i láthair, ar cibé ceisteanna is cuí leis an gcigire a chur sa chaoi, áfach, nach mbeidh aon fhreagra a thabharfaidh duine de bhun ceanglais a fhorchuirfear faoin bhfomhír seo inghlactha mar fhianaise ina aghaidh in aon imeachtaí, | |||||
[EN] | (iii) samplaí a thógáil (gan íocaíocht) d'aon airteagail nó substaintí a gheofar ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, agus den atmaisféar, nó leibhéal aon radaíochta ansin a léamh, | |||||
[EN] | (iv) seilbh nó urlámh (gan chúiteamh) a ghlacadh ar aon innealra, gaireas nó airteagal ar bith eile ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin ar léir dó gur thrúig contúirte a bhí ann nó ba dhóigh a bheadh ann, do shábháilteacht nó do shláinte agus a chur faoi deara é a dhíchóimeáil nó é a chur faoi réir aon phróise nó tástála, d'ainneoin díobháil nó milleadh a dhéanamh air dá dheasca sin, | |||||
[EN] | (e) a cheangal— | |||||
[EN] | (i) aon logleabhar suiteála nó doiciméad eile a cheanglaítear a choimeád leis an Acht seo nó de bhua an Achta seo, agus | |||||
[EN] | (ii) aon doiciméid eile ar doiciméid iad atá ina sheilbh nó faoina urláimh ag úinéir faofa, ag úinéir suiteála amach ón gcósta den sórt sin nó ag bainisteoir suiteála agus a fhónfaidh i dtuairim an chigire do scrúdú nó d'fhiosrú faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, | |||||
[EN] | a thabhairt ar aird, agus nuair a thabharfar ar aird iad, iad a iniúchadh agus cóipeanna díobh a thógáil, | |||||
[EN] | (f) gach duine a fhaigheann sé i suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó ar an tsuiteáil sin nó a mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé nó go raibh sé laistigh den dá mhí roimhe sin fostaithe i suiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó ar an tsuiteáil sin a scrúdú leis féin nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, maidir le nithe faoin Acht seo, agus a cheangal ar gach duine den sórt sin dul faoi scrúdú amhlaidh agus dearbhú a shíniú i dtaobh fírinne na nithe ar ina leith atá sé á scrúdú amhlaidh, | |||||
[EN] | (g) a cheangal ar aon duine a mbeidh freagrachtaí air i ndáil le suiteáil amach ón gcósta den sórt sin (cibé acu an é an t-úinéir nó an bainisteoir suiteála nó aon duine eile a bheidh fostaithe uirthi nó ina comharsanacht é nó nach é)— | |||||
[EN] | (i) cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó maidir le haon nithe nó rudaí a thagann faoi réim fhreagrachtaí an duine sin is gá chun a chumasú don chigire aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú, | |||||
[EN] | (ii) a chumasú don chigire aon ní a úsáid a bheidh an tráth sin faoi urláimh an duine agus a theastaíonn ón gcigire chun scrúdú nó fiosrú a dhéanamh nó chun sampla a thógáil faoin Acht seo, | |||||
[EN] | (iii) cibé cúnamh pearsanta a shonróidh an cigire a thabhairt nó a chur faoi deara é a thabhairt chun aon scrúdú nó fiosrú den sórt sin a dhéanamh nó chun aon sampla den sórt sin a thógáil; nó i ndáil leis an scrúdú, leis an bhfiosrú nó leis an tógáil sin, | |||||
[EN] | (h) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht. | |||||
[EN] | (2) (a) Féadfaidh aon duine ar duine é a thuairiscítear i bhfo-alt (1) (g) den alt seo, an tráth a thógfar sampla faoin alt seo, agus ar na fearais a chur ar fáil is gá, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt i dtrí chuid, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó a cheangal ar cibé slí a cheadóidh a chineál, agus | |||||
[EN] | (i) cuid amháin a sheachadadh air, | |||||
[EN] | (ii) cuid amháin a choimeád le comparáid a dhéanamh tráth níos déanaí, | |||||
[EN] | (iii) cuid amháin a thabhairt le haghaidh anailíse, | |||||
[EN] | agus déanfaidh an Ceimiceoir Stáit nó duine a bheidh de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an ailt, nó déanfar faoina dtreoir, aon anailís faoin alt seo, más gá sin. | |||||
[EN] | (b) Maidir le deimhniú a airbheartóidh gur deimhniú é ón gCeimiceoir Stáit nó ó dhuine atá de thuras na huaire arna cheadú ag an Aire chun críocha an ailt maidir le torthaí anailíse ar shampla a thógtar faoin alt seo, beidh sé inghlactha mar fhianaise, in aon imeachtaí faoin Acht seo, ar na nithe a luaitear ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go nglaofar mar fhinné ar an duine a rinne an anailís. | |||||
[EN] | (c) Ní dleathach d'aon duine, ach amháin a mhéid is gá chun críocha ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, torthaí anailíse a rinneadh faoin alt seo a fhoilsiú ná a nochtadh d'aon duine, seachas don Aire. | |||||
(d) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-alt” alt 72 den Acht Monarchan, 1955 , arna leasú le hailt 42 (2) agus 56 (d) d'Acht 1980. | ||||||
[EN] |
Cumhacht an chigire leigheas a éileamh ar chontúirt láithreach nó bhraithe, etc. |
42. —(1) Más é tuairim cigire, maidir le suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo nó aon chuid di nó aon ábhar, ní nó cleachtas ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó inti nó a bhaineann le rialú nó bainisteoireacht suiteála amach ón gcósta den sórt sin, go bhfuil sé contúirteach nó gur dóigh gur gearr go dtiocfaidh sé chun bheith contúirteach do shábháilteacht nó sláinte na ndaoine a fhostaítear ar an tsuiteáil, sa tsuiteáil nó ina comharsanacht nó d'aon duine acu, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an mbainisteoir suiteála lena mbaineann á rá gurb é sin a thuairim agus ina dtabharfaidh sé sonraí faoi fhoras na tuairime sin aige, agus lena gcuirfidh sé cibé toirmeasc, srian nó ceanglas eile ar an mbainisteoir suiteála sin is dóigh leis an gcigire is gá chun sábháilteacht nó sláinte na ndaoine nó aon duine díobh a fhostaítear ar an tsuiteáil nó inti a chosaint. | ||||
[EN] | (2) I gcás gurb é tuairim cigire maidir le haon ní ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, nó inti, gur contúirt nó baol contúirte é féadfaidh sé le fógra i scríbhinn a cheangal ar úinéir na suiteála cibé bearta réasúnacha a ghlacadh a mheasfaidh sé is leor chun déileáil leis an ábhar agus a shonróidh sé san fhógra, agus i gcás go ndéanfar ceanglas faoin bhfo-alt seo folóidh úinéir na suiteála sonraí sa ráiteas a ullmhóidh sé de bhun alt 26 den Acht seo i dtaobh na mbeart a shonraítear san fhógra iomchuí faoin bhfo-alt seo. | |||||
[EN] | (3) Beidh fógra toirmisc nó fógra faoi fho-alt (1), (2) nó (6) den alt seo sínithe ag cigire. | |||||
[EN] | (4) Duine arb éagóir leis forchur nó ceanglas a fhorchuirtear air faoin alt seo, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a bhfaíghidh sé an fógra iomchuí, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ábhair a fhorchuirtear. | |||||
[EN] | (5) I gcás go ndéanfar achomharc faoin alt seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas: | |||||
[EN] | (a) fad a bheidh cinneadh an achomhairc ar feitheamh, ní fhearfaidh a dhéanamh in aon slí ar an bhforchur ná ar an gceanglas lena mbaineann an t-achomharc, | |||||
[EN] | (b) le linn don achomharc a bheith á chinneadh, féadfaidh an Ard-Chúirt— | |||||
[EN] | (i) an forchur nó an ceanglas sin a dhaingniú, le modhnú nó gan mhodhnú, nó | |||||
[EN] | (ii) an forchur nó an ceanglas sin a chur i leataobh nó a chealú, de réir mar is iomchuí. | |||||
[EN] | (6) Féadfaidh cigire trí fhógra a sheirbheálfaidh sé ar bhainisteoir suiteála nó ar úinéir na suiteála iomchuí amach ón gcósta, forchur nó ceanglas a fhorchuirtear faoin alt seo a leasú, nó a chur ar fionraí ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, nó a chur i leataobh nó a chealú, de réir mar is iomchuí. | |||||
[EN] | (7) (a) I gcás go bhforchuirfear forchur nó ceanglas faoin alt seo agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an bhforchur nó ar an gceanglas, féadfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas ó chigire seoladh na ngníomhaíochtaí a thoirmeasc le hordú. | |||||
[EN] | (b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an chúirt agus an t-ábhar á bhreithniú aici cibé ordú (más aon ordú) eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi. | |||||
[EN] | (c) Féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le híoc costas a mheasfaidh an Ard-Chúirt a bheith iomchuí a bheith san ordú trína gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo. | |||||
[EN] | (8) Más rud é— | |||||
[EN] | (a) go ndéanfaidh an Ard-Chúirt, agus achomharc á chinneadh aici faoin alt seo, ceanglas nó forchur lena mbaineann an t-achomharc a chur i leataobh, a chealú nó a athrú, nó | |||||
[EN] | (b) go ndéanfaidh cigire forchur nó ceanglas a fhorchuirtear faoin alt seo a fhionraí, a leasú, a chur i leataobh nó a chealú, | |||||
[EN] | ní dhéanfaidh an cinneadh, an fhionraí, an leasú, an cur i leataobh nó an cealú difear do bhailíocht an cheanglais nó an fhorchuir a mhéid, ach amháin a mhéid, a ceanglaíodh leis aon ní a dhéanamh nó a toirmisceadh leis aon ní a dhéanamh roimh dháta an chinnte, nó de réir mar is iomchuí, dáta na fionraí, an leasaithe, an chuir i leataobh nó an chealaithe. | |||||
[EN] |
Foilsithe áirithe faoi phribhléid. |
43. —(1) Maidir le tuarascáil ó chigire a bhaineann le suiteáil amach ón gcósta a fhoilseofar go hiomlán nó go páirteach agus a thabharfar de bhun an Achta seo do dhuine arb é atá ann i dtaca leis an tsuiteáil, comhalta den choiste sábháilteachta, an t-ionadaí sábháilteachta, an toscaire sábháilteachta, an leasionadaí sábháilteachta nó an leastoscaire sábháilteachta, teachtfaidh sé pribhléid shrianta chun críocha dhlí an chlúmhillte. | ||||
[EN] | (2) Más rud é— | |||||
[EN] | (a) go seirbheálfar fógra faoi alt 42 den Acht seo, nó, | |||||
[EN] | (b) (i) de bhua a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoin Acht seo nó ar shlí eile, gurb eol don Aire aon fhíoras nó ní a bhaineann le suiteáil amach ón gcósta ar suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo í nó ar shuiteáil den sórt sin í tráth ar bith nó gurb eol dó aon ábhar, ní nó cleachtas ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin nó sa tsuiteáil sin nó a bhaineann le rialú nó bainisteoireacht aon suiteála amach ón gcósta den sórt sin, nó | |||||
[EN] | (ii) de bhua an chomhlíonta sin, nó ar shlí eile, gurb eol don Aire aon fhíoras nó ní eile nó go gcreideann sé an céanna, agus | |||||
[EN] | (iii) i gceachtar cás, gur iomchuí i dtuairim an Aire an fíoras nó an ní do shábháilteacht, do shláinte nó do leas na ndaoine a fhostaítear ar shuiteáil amach ón gcósta den sórt sin, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht, | |||||
[EN] | féadfaidh an tAire dá lánrogha féin an tseirbhís nó an fíoras nó an ní eile a fhoilsiú do dhuine ar ionadaí sábháilteachta, toscaire sábháilteachta nó comhalta de choiste sábháilteachta é de thuras na huaire maidir leis an tsuiteáil iomchuí amach ón gcósta agus i gcás go bhfoilseoidh an tAire amhlaidh an tseirbhís, an fíoras nó an ní sin teachtfaidh an foilsiú pribhléid shrianta chun críocha dhlí an chlúmhillte. | |||||
[EN] |
Brionnú ar dheimhnithe, etc. |
44. —Duine ar bith— | ||||
[EN] | (a) le hintinn mheabhlaireachta, a bhrionnóidh, a ghóchumfaidh nó a úsáidfidh aon deimhniú is gá de réir nó faoi réir nó chun críocha an Achta seo nó rialachán faoin Acht seo nó a mbeidh doiciméad ina sheilbh aige a bheidh chomh cosúil le haon deimhniú den sórt sin gur dóigh dó daoine a mheabhlú, | |||||
[EN] | (b) a thabharfaidh nó a shíneoidh aon deimhniú den sórt sin agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon sonra ábhartha, | |||||
[EN] | (c) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach aon deimhniú den sórt sin a bheidh brionnaithe, góchumtha nó bréagach mar a dúradh, | |||||
[EN] | (d) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach, mar dheimhniú a bhainfidh le haon duine nó suiteáil amach ón gcósta, aon deimhniú den sórt sin nach mbaineann leis an duine nó leis an tsuiteáil sin, | |||||
[EN] | (e) a phearsanóidh aon duine a bheidh ainmnithe in aon deimhniú den saghas sin, | |||||
[EN] | (f) a chuirfidh i gcéill go bréagach gur cigire é, | |||||
[EN] | (g) a chúlcheadóidh go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur i gcéill den sórt sin, | |||||
[EN] | (h) a chuirfidh iontráil bhréagach go toiliúil in aon logleabhar suiteála nó in aon chlár, fógra, deimhniú nó doiciméad eile is gá de réir nó chun críocha an Achta seo nó rialachán faoin Acht seo nó is gá de réir nó chun críocha choinníll a gceadaítear díolúine faoina réir de bhun rialacháin arna dhéanamh faoi alt 5 (2) (d) den Acht seo, a dhéanamh, a choimeád, a sheirbheáil, a thabhairt nó a chur ar aghaidh, | |||||
[EN] | (i) a dhéanfaidh nó a shíneoidh go toiliúil iontráil nó dearbhú atá bréagach agus is gá a dhéanamh de réir an Achta seo nó faoin Acht seo, | |||||
[EN] | (j) a úsáidfidh go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach den sórt sin, | |||||
[EN] | beidh sé, gan dochar d'aon chion eile, ciontach i gcion faoin alt seo. | |||||
[EN] |
Fógraí etc. a bhaint anuas nó a aghlot. |
45. —Más rud é go ndéanfaidh duine, gan leithscéal réasúnach, fógra nó aon ní eile a bheidh curtha suas de thuras na huaire ag suiteáil amach ón gcósta i gcomhlíonadh forála den Acht seo nó de rialacháin faoin Acht seo, a bhaint anuas, a dhíobhálú nó a aghlot, beidh sé ciontach i gcion. | ||||
[EN] |
Asbhaintí áirithe as pá a thoirmeasc. |
46. —Ní dhéanfaidh duine, maidir le haon ní a bheidh le déanamh nó le soláthar aige de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán faoin Acht seo, aon asbhaint as pá nó as aon suim a chonróidh sé a íoc le haon duine a bheidh fostaithe aige ar shuiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht agus dá mbeidh, nó ar i ndáil leis a bheidh, an ní arna dhéanamh nó arna sholáthar amhlaidh ná ní cheadóidh sé d'aon duine a bheidh fostaithe amhlaidh aon íocaíocht i leith an ní a fháil ó aon duine dá mbeidh, nó ar i ndáil leis a bheidh, an ní arna dhéanamh nó arna sholáthar amhlaidh. | ||||
[EN] |
Srian a chur le feidhmiú na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980. |
47. —Ach amháin de réir mar a fhoráiltear in ailt 27 (5) agus 31 (2) den Acht seo, ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, maidir le haon suiteáil amach ón gcósta lena mbaineann an tAcht seo ná ní bhainfidh siad le haon ghníomhaíocht, oibríocht, próis ná obair eile lena mbaineann an tAcht seo nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo. | ||||
[EN] |
Forálacha a bhaineann le halt 3 agus leasú ar Acht 1968. |
48. —(1) Dearbhaítear leis seo maidir le halt 3 d'Acht 1968, d'ainneoin go bhféadfadh an t-alt sin difear a dhéanamh do phearsana aonair nó do chomhlachtaí corpraithe lasmuigh den Stát, go bhfuil feidhm aige maidir le haon phearsa aonair cibé acu an saoránach Éireannach é nó nach ea agus le haon chomhlacht corpraithe cibé acu an bhfuil sé corpraithe faoi dhlí an Stáit nó nach bhfuil. | ||||
[EN] | (2) Ní ghlacfar leis in aon imeachtaí dlí nach mbeidh feidhm ag alt 3 d'Acht 1968 ná ag fo-alt (1) den alt seo i gcás áirithe de bhíthin amháin go bhfuil nó go raibh suiteáil amach ón gcósta faoi bhealach. | |||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1968 tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “limistéar ainmnithe”: | |||||
[EN] | “folaíonn ‘suiteáil’ aon déanmhas nó feiste shnámha a choimeádtar ar stáisiún ar cibé slí ar bith;”, | |||||
[EN] | agus tá an t-alt sin 1, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||
|