An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach)

18 1987

AN tACHT SÁBHÁILTEACHTA, SLÁINTE AGUS LEASA (SUITEÁLACHA AMACH ÓN gCÓSTA), 1987

AN SCEIDEAL

Nithe dá bhForálfaidh, nó Nithe ar i ndáil Leo a Fhorálfaidh, Rialacháin faoi alt 22

Alt 22.

1. Bearta chun sábháilteacht a áirithiú i gcás go mbeidh suiteáil amach ón gcósta nó aon chuid de shuiteáil den sórt sin, á cóimeáil nó á díchóimeáil in uiscí lena mbaineann an tAcht seo.

2. Suiteálacha amach ón gcósta a mharcáil agus a aithint.

3. Bearta chun sábháilteacht déanmhas a bhaineann le hoibríochtaí a chuirtear i gcrích ó shuiteálacha amach ón gcósta a áirithiú.

4. Gluaiseacht sciorrárthaí, héileacaptar nó aerárthaí eile dá dtagraítear in alt 22 (2) (b) den Acht seo, nó soithí dá dtagraítear amhlaidh agus réamhchúraimí a bheidh le glacadh acu.

5. (a) An tslí ina ndéanfar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile ar aon suiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi.

(b) Na himthosca nó na hócáidí nach bhféadfar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile a chur i gcrích iontu nó lena linn, nó ar iontu nó lena linn amháin a fhéadfar déanamh amhlaidh, ar aon suiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó uaithi.

(c) Toirmeasc ar aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile a chur i gcrích amhlaidh mura gcomhlíonfar, de réir mar a bheidh forordaithe, ceachtar de na ceanglais seo a leanas nó an dá cheanglas acu—

(i) maidir le duine a bheidh ag gabháil don ghníomhaíocht, don oibríocht, don phróis nó don obair eile, go ndeachaigh sé roimhe sin faoi theagasc nó oiliúint fhorordaithe nó faoi theagasc agus oiliúint fhorordaithe,

(ii) saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe a bheith ar fáil le húsáid maidir leis an ngníomhaíocht, leis an oibríocht, leis an bpróis nó leis an obair eile.

(d) Sábháilteacht nó oiriúnacht aon áit ina gcuirtear aon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó obair fhorordaithe eile i gcrích.

6. Ceanglais a mbeidh saoráidí, trealamh, éadach agus ábhair fhorordaithe dá réir, ar saoráidí, trealamh, éadach nó ábhair iad a dhéanfaidh i dtuairim an Aire, má úsáidtear iad ar shuiteáil amach ón gcósta nó i ndáil léi, difear do shábháilteacht, do shláinte agus do leas aon duine a bheidh fostaithe nó ag obair ar an tsuiteáil sin, nó ag obair thart uirthi nó uaithi.

7. (a) Bearta lena dtoirmiscfear, go ginearálta nó in imthosca forordaithe, gach duine nó daoine d'aicme forordaithe a fhostú nó lena modhnófar nó lena dteorannófar a n-uaireanta an chloig fostaíochta i ndáil le haon ghníomhaíocht, oibríocht, próis nó tuairisc ar obair láimhe, a bheidh forordaithe.

(b) Bearta á cheangal ar dhaoine sula bhfostófar iad in aon ghníomhaíocht, oibríocht nó próis fhorordaithe nó i dtuairisc fhorordaithe d'obair láimhe dul faoi scrúdú dochtúra forordaithe.

(c) Bearta á cheangal ar dhaoine, fad a bheidh siad fostaithe in aon ghníomhaíocht, oibríocht nó próis fhorordaithe nó i dtuairisc fhorordaithe d'obair láimhe, dul faoi scrúduithe dochtúra forordaithe ag tréimhsí forordaithe.

(d) Bearta á cheangal ar dhaoine, a mbeidh sé deimhnithe maidir leo ag daoine forordaithe agus ar mhodh forordaithe go bhfuil an duine a eisíonn an deimhniú in amhras go réasúnach go bhfuil siad ag fulaingt galair atá de thuras na huaire forordaithe chun críocha alt 29 den Acht seo, dul faoi scrúdú dochtúra maidir leis an ngalar sin mar choinníoll le cead a bheith acu leanúint i bhfostaíocht ar shuiteáil amach ón gcósta, sa tsuiteáil sin nó ina comharsanacht.

8. Oiliúint sábháilteachta.

9. Bearta lena rialaítear daoine agus nithe a iompar chuig suiteálacha amach ón gcósta nó uathu.

10. Bearta á cheangal trealamh braite dóiteáin forordaithe agus trealamh éigeandála forordaithe (lena n-áirítear trealamh sochta dóiteáin nó trealamh tarrthála) a sholáthar.

11. (a) Nósanna imeachta éigeandála.

(b) Trealamh braite dóiteáin agus trealamh éigeandála (lena n-áirítear trealamh sochta dóiteáin nó trealamh tarrthála) a úsáid.

(c) Ceanglais maidir le trealamh braite dóiteáin agus trealamh sochta dóiteáin nó trealamh éigeandála eile a dhéanamh, a shuiteáil, a chothabháil, a úsáid, a thástáil, a dheisiú, a choigeartú, a athrú agus a scrúdú.

12. (a) Tionóiscí, díobhálacha agus galair.

(b) Cora forordaithe.

(c) Garchabhair.

(d) Cóireáil mhíochaine agus stórtha míochaine.

13. Bearta á cheangal ar dhaoine forordaithe fógra a thabhairt don Aire ar shlí fhorordaithe maidir le hábhair fhorordaithe in imthosca forordaithe.

14. (a) Ceanglais maidir le caighdeáin chóiríochta agus sholáthair.

(b) Ceanglais maidir le soláthairtí d'uisce úr.

15. Saoráidí raidió nó seirbhísí raidió a chur ar fáil i suiteálacha amach ón gcósta a bheidh—

(a) de réir saoráidí a sholáthraíonn na haonaid tarrthála muirí agus aerloingseoireachta láithreacha, agus

(b) de réir saoráidí láithreacha cuardaigh agus tarrthála ar an gcósta.