|
|||||
|
| [EN] | ||||||
| ||||||
Uimhir 20 de 1987 | ||||||
| [EN] |
AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ BIA MEATACHA, 1987 | |||||
RIAR NA nALT. | ||||||
| ||||||
| ||||||
Uimhir 20 de 1987 | ||||||
AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ BIA MEATACHA, 1987 | ||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHO-MHAONTÚ MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ BIA MEATACHA AGUS MAIDIR LEIS AN TREALAMH SPEISIALTA ATÁ LE hÚSÁID I nDÁIL LEIS AN IOMPAR SIN (ATP) A SÍNÍODH SA GHINÉIV AN 1ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1970, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE A BHAINEANN LEIS AN gCÉANNA. [17 Samhain, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Tosach feidhme. |
1. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. |
| [EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “ATP” an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha agus maidir leis an Trealamh Speisialta atá le hÚsáid i ndáil leis an Iompar sin (ATP) a síníodh sa Ghinéiv an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1970, arna leasú de réir Airteagal 18 den Chomhaontú sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “deimhniú um chomhlíonadh” deimhniú a eiseofar nó a bheidh aitheanta faoi alt 7; | |
| [EN] | ciallaíonn “pláta deimhniúcháin” pláta a eiseofar nó a bheidh aitheanta faoi alt 7; | |
| [EN] | ciallaíonn “coimeádán” trealamh ag a bhfuil toirt íosta fhorordaithe agus atá deartha agus déanta chun earraí a iompar arís agus arís eile de bhóthar, d'iarnród agus d'uisce agus chun athrú idir na modhanna iompair sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “marc sainithe” marc arna shainiú faoi alt 7; | |
| [EN] | ciallaíonn “cigire” cigire a cheaptar faoi alt 8 (2); | |
| [EN] | tá le “iompar idirnáisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 3 (2); | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair; | |
| [EN] | ciallaíonn “earraí bia meatacha” earraí bia a bheidh arna bhforordú mar earraí bia meatacha faoi alt 4; | |
| [EN] | ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag rialacháin arna ndéanamh ag an Aire; | |
| [EN] | ciallaíonn “caighdeáin fhorordaithe” caighdeáin a fhorordaítear faoi alt 4; | |
| [EN] | ciallaíonn “trealamh iompair” coimeádáin, feithiclí earraí agus vaigíní iarnróid. | |
| [EN] | (2) Tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo agus tagairt d'fho-alt is tagairt í den fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
| [EN] |
Iompar idirnáisiúnta a bhfuil feidhm ag an Acht maidir leis. |
3. —(1) Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le hearraí bia meatacha a iompar isteach sa Stát nó ón Stát isteach i Stát eile is Páirtí Conarthach le ATP de bhóthar nó d'iarnród nó de thuras farraige is lú ná 150 ciliméadar gan na hearraí bia a thraslódáil nó d'aon mheascadh de na modhanna iompair sin, seachas— |
| [EN] | (a) iompar de bhóthar nó d'iarnród laistigh den Stát amháin, nó laistigh de Stát eile amháin, cibé roimh thuras farraige nó tar éis thuras farraige de 150 ciliméadar nó níos mó idir na Stáit sin, agus | |
| [EN] | (b) iompar i gcoimeádáin de bhóthar nó d'iarnród tríd an Stát nó trí Stát eile gan na hearraí bia a thraslódáil nuair is roimh thuras farraige nó tar éis thuras farraige de 150 ciliméadar nó níos mó a dhéantar an t-iompar sin. | |
| [EN] | (2) San Acht seo ciallaíonn “iompar idirnáisiúnta” iompar a mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis de bhua fho-alt (1). | |
| [EN] |
Iompar a rialáil. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le hiompar idirnáisiúnta earraí bia meatacha agus i ndáil leis na caighdeáin don trealamh iompair a bheidh le húsáid don iompar sin. |
| [EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) earraí bia nó aicmí earraí bia a fhorordú mar earraí bia meatacha chun críocha an Achta seo; | |
| [EN] | (b) teorainneacha teochta a fhorordú le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí bia meatacha; | |
| [EN] | (c) foráil éagsúil a dhéanamh le haghaidh aicmí éagsúla earraí bia meatacha nó i leith na haicme céanna in imthosca éagsúla; | |
| [EN] | (d) aicmí trealaimh iompair a fhorordú a bheidh le húsáid le haghaidh iompair idirnáisiúnta aicmí forordaithe d'earraí bia meatacha; | |
| [EN] | (e) caighdeáin éagsúla a fhorordú le haghaidh aicmí éagsúla trealaimh iompair nó le haghaidh na haicme céanna in imthosca éagsúla; | |
| [EN] | (f) cineálacha sonracha trealaimh iompair nó earraí bia meatacha a dhíolmhú ó gach ceann nó ó aon cheann d'fhorálacha na rialachán go ginearálta nó in imthosca forordaithe. | |
| [EN] |
Trealamh a scrúdú agus a thástáil. |
5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a fhoráil go ndéanfar scrúdú agus tástáil ar threalamh iompair lena fhionnadh an gcomhlíontar na caighdeáin fhorordaithe. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire chun críocha rialachán faoin alt seo— | |
| [EN] | (a) daoine (dá ngairtear “údaráis cháilithe” san alt seo) a cheapadh chun trealamh iompair a scrúdú agus a thástáil, agus | |
| [EN] | (b) áitribh a ainmniú (dá ngairtear “stáisiúin tástála ainmnithe” san alt seo) ina bhféadfar scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar threalamh iompair, | |
| [EN] | agus féadfaidh sé aon cheapachán nó ainmniú den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith. | |
| [EN] | (3) Ní mór d'údaráis cháilithe agus do stáisiúin tástála ainmnithe cibé taifid a choimeád agus cibé faisnéis a thabhairt don Aire a fhorordóidh sé nó a éileoidh sé chun críocha an Achta seo. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a fhoráil go n-aithneofar chun críocha an Achta seo, a mhéid a bheidh sonraithe, scrúduithe agus tástálacha ar threalamh iompair a dhéanfar (cibé roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis nó cibé laistigh den Stát nó lasmuigh de) ag cibé daoine a bheidh aitheanta ag an Aire. | |
| [EN] |
Trealamh cineáil a cheadú. |
6. —(1) Más deimhin leis an Aire go gcomhlíontar na caighdeáin fhorordaithe maidir le trealamh iompair d'aicme áirithe, féadfaidh sé an trealamh sin a cheadú mar threalamh cineáil den aicme sin (dá ngairtear “trealamh cineáil” san alt seo). |
| [EN] | (2) Ní cheadóidh an tAire trealamh mar threalamh cineáil mura deimhin leis go ndearnadh socruithe leordhóthanacha chun a áirithiú, maidir le trealamh eile a airbheartaíonn a bheith i gcomhréir, maidir leis na caighdeáin fhorordaithe, leis an trealamh cineáil, go mbeidh sé i gcomhréir amhlaidh. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceadú a tharraingt siar ar chúiseanna sonraithe. | |
| [EN] | (4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a údarú do dhuine sonraithe gníomhú thar a cheann chun críocha fho-ailt (1) go (3) agus féadfaidh sé an t-ordú a chúlghairm. | |
| [EN] | (b) Folaíonn tagairtí don Aire sna fo-ailt sin a dúradh tagairtí do dhuine údaraithe a bheidh ag gníomhú amhlaidh. | |
| [EN] | (5) (a) Más deimhin le húdarás deimhniúcháin arna cheapadh faoi alt 7 go bhfuil aon trealamh i gcomhréir leis an trealamh cineáil féadfaidh sé deimhniú sa cháil sin a eisiúint san fhoirm fhorordaithe. | |
| [EN] | (b) Má chuireann an t-údarás deimhniúcháin in iúl don iarratasóir ar dheimhniú nach deimhin leis amhlaidh féadfaidh an duine sin achomharc a dhéanamh chuig an Aire. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire i dtaobh an achomhairc. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena sonrófar an modh ina bhféadfar agus an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomhairc a thabhairt faoi fho-alt (5) (b). | |
| [EN] |
Deimhnithe comhréireachta, plátaí deimhniúcháin agus marcanna sainithe. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun foráil a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas— |
| [EN] | (a) deimhniú comhréireachta nó pláta a fhreagróidh do dheimhniú den sórt sin (dá ngairtear “pláta deimhniúcháin” san Acht seo) a eisiúint i leith trealaimh iompair a ndearnadh scrúdú agus tástáil air de réir rialachán a rinneadh faoi alt 5 agus ar fionnadh maidir leis gur chomhlíon sé na caighdeáin fhorordaithe; | |
| [EN] | (b) deimhniú comhréireachta nó pláta deimhniúcháin a dhiúltú i gcás go bhfionnfar nach gcomhlíonann an trealamh iompair na caighdeáin fhorordaithe; | |
| [EN] | (c) tréimhse bhailíochta, athnuachan nó cealú an deimhnithe comhréireachta nó an phláta deimhniúcháin; | |
| [EN] | (d) marcanna a shainiú (dá ngairtear “marcanna sainithe” san Acht seo) a bheidh le greamú de threalamh iompair ar eisíodh deimhniú comhréireachta nó pláta deimhniúcháin ina leith; | |
| [EN] | (e) aitheantas a thabhairt chun críocha an Achta seo do dheimhnithe comhréireachta nó do phlátaí deimhniúcháin a d'eisigh aon Pháirtí Conarthach, i gcomhréir le ATP, roimh thráth thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, nó a d'eisigh aon duine a bhí aitheanta chun na críche sin ag an Aire roimh an tráth thosach feidhme sin. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, chun críocha rialachán faoin alt seo, daoine (dá ngairtear “údaráis deimhniúcháin” san Acht seo) a cheapadh chun deimhniú comhréireachta nó pláta deimhniúcháin a eisiúint, a athnuachan, a chealú nó chun diúltú iad a eisiúint nó a athnuachan agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith. | |
| [EN] | (3) I gcás go gcealóidh údarás deimhniúcháin aon deimhniú nó pláta den sórt sin nó go ndiúltóidh sé an céanna a eisiúint nó a athnuachan féadfaidh an duine arb éagóir leis sin achomharc a dhéanamh chun an Aire. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Aire i dtaobh aon achomhairc den sórt sin. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena sonrófar an modh ar a bhféadfar agus an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomhairc a thabhairt faoi fho-alt (3). | |
| [EN] | (5) Ní mór do gach údarás deimhniúcháin cibé taifid a choimeád agus cibé faisnéis a thabhairt don Aire a fhorordóidh sé nó a éileoidh sé chun críocha an Achta seo. | |
| [EN] |
Cigirí. |
8. —(1) Is údarás ceapacháin chun críocha an ailt seo gach duine de na daoine seo a leanas, eadhon, an tAire, an tAire Talmhaíochta agus Bia, Aire na Mara agus, le toiliú an Aire Sláinte, bord sláinte. |
| [EN] | (2) Féadfaidh údarás ceapacháin, d'fhonn a fhionnadh an bhfuiltear ag déanamh de réir rialachán faoin Acht seo, cibé cigirí a cheapadh is cuí leis an údarás ceapacháin agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm. | |
| [EN] | (3) Tabharfar barántas dá cheapachán do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (2) agus, le linn dó aon chumhacht a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú, tabharfaidh sé an barántas ar aird má iarrtar air é. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh cigire— | |
| [EN] | (a) dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar aon trealamh iompair a gcreideann sé go réasúnach é bheith á úsáid le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí bia meatacha; | |
| [EN] | (b) a cheangal ar an duine a bheidh de thuras na huaire i bhfeighil an trealaimh iompair a gcreideann sé go réasúnach é bheith á úsáid le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí bia meatacha deimhniú comhréireachta nó pláta deimhniúcháin i leith an trealaimh sin a thabhairt ar aird; | |
| [EN] | (c) dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil earraí bia meatacha á gcoimeád ann le haghaidh iompair, nó i ndiaidh iompair, idirnáisiúnta nó go bhfuil trealamh iompair le haghaidh iompair idirnáisiúnta á choimeád ann agus iniúchadh a dhéanamh ar na hearraí bia sin nó dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar an trealamh sin; | |
| [EN] | (d) aon trealamh iompair a choinneáil le linn cibé tréimhse is gá le haghaidh aon iniúchadh den sórt sin. | |
| [EN] | (5) Duine a mhainneoidh déanamh de réir ceanglais faoi fho-alt 4 (b) nó a bhacfaidh cigire le linn dó a fheidhmeanna faoi fho-alt (4) a fheidhmiú beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
| [EN] |
Cumhacht toirmeasc a chur ar fheithiclí earraí a thiomáint de shárú ar an Acht. |
9. —(1) Féadfaidh cigire, chun críche iompair idirnáisiúnta earraí bia meatacha toirmeasc a chur ar fheithicil earraí a thiomáint in aon áit phoiblí más rud é— |
| [EN] | (a) go gceanglaítear an fheithicil a bheith i gcomhréir le rialacháin faoin Acht seo, agus | |
| [EN] | (i) nach dtugtar deimhniú comhréireachta ar aird dó, agus | |
| [EN] | (ii) nach bhfuil aon phláta deimhniúcháin bailí daingnithe di de réir rialachán faoin Acht seo, nó | |
| [EN] | (b) go gceanglaítear le rialacháin faoin Acht seo an fheithicil nó aon choimeádán atá ar iompar uirthi a bheith marcáilte le marc sainithe agus nach bhfuil an fheithicil nó an coimeádán marcáilte amhlaidh, nó | |
| [EN] | (c) gur dealraitheach don chigire go bhfuil an fheithicil á húsáid ar shlí eile seachas de réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa deimhniú comhréireachta, nó | |
| [EN] | (d) go bhfuil an fheithicil nó aon choimeádán atá ar iompar uirthi á húsáid nó á úsáid ar shlí eile seachas de réir rialachán faoin Acht seo. | |
| [EN] | (2) I gcás go dtoirmisceann cigire feithicil a thiomáint faoin alt seo, féadfaidh sé a ordú do thiománaí na feithicle an fheithicil agus aon leantóir a bheidh á tharraingt aici a aistriú chuig cibé áit agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú seo; agus ní bheidh feidhm ag an toirmeasc maidir leis an aistriú sin. | |
| [EN] | (3) I gcás go dtoirmisceann cigire feithicil a thiomáint faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé fógra láithreach i scríbhinn don tiománaí, ina sonrófar na himthosca mar a luaitear i bhfo-alt (1) (a), (b), (c) nó (d) ar dá ndroim a fhorchuirtear an toirmeasc agus féadfar aon ordú a thugtar faoi fho-alt (2) a thabhairt san fhógra sin nó i bhfógra faoi leith a thabharfar i scríbhinn don tiománaí. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh cigire toirmeasc a dhíchur más deimhin leis go ndearnadh beart iomchuí chun na himthosca ar dá ndroim a forchuireadh an toirmeasc a dhíchur nó a leigheas; agus nuair a bheidh sé á dhéanamh sin tabharfaidh sé fógra láithreach i scríbhinn don tiománaí i dtaobh dhíchur an toirmisc. | |
| [EN] | (5) Aon duine— | |
| [EN] | (a) a thiomáinfidh feithicil de shárú ar thoirmeasc a forchuireadh faoi fho-alt (1), nó | |
| [EN] | (b) a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh feithicil a thiomáint de shárú ar thoirmeasc den sórt sin, nó | |
| [EN] | (c) a dhiúltóidh, a fhailleoidh nó a mhainneoidh ar shlí eile déanamh, laistigh de thréimhse réasúnach, de réir ordú arna thabhairt faoi fho-alt (2), | |
| [EN] | beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
| [EN] | (6) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige le drochamhras a bheith aige air go ndearna sé cion faoi fho-alt (5) a ghabháil gan bharántas. | |
| [EN] | (7) Nuair a bheidh cigire ag feidhmiú a fheidhmeanna faoin alt seo gníomhóidh sé de réir rialachán nó treoracha ginearálta ón Aire. | |
| [EN] | (8) San Alt seo— | |
| [EN] | ciallaíonn “feithicil earraí” feithicil inneallghluaiste a bheidh déanta nó oiriúnaithe chun earraí de chineál ar bith a iompar cibé acu atá nó nach bhfuil sí cláraithe sa Stát; | |
| [EN] | ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile, lena n-áirítear iamhas cuain, ar a bhfuil rochtain ag an bpobal le feithiclí cibé acu an de cheart nó le cead é agus cibé acu an faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é. | |
| [EN] |
Cionta maidir le trealamh iompair a úsáid. |
10. —(1) Má dhéanann aon duine nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé, gan leithscéal réasúnach, trealamh iompair a úsáid le haghaidh iompair idirnáisiúnta earraí bia meatacha is trealamh a cheanglaítear a bheith i gcomhréir le rialacháin faoin Acht seo— |
| [EN] | (a) gan deimhniú comhréireachta a bheith i bhfeidhm maidir leis an trealamh sin nó gan pláta deimhniúcháin bailí a bheith daingnithe den trealamh sin de réir rialachán faoin Acht seo, nó | |
| [EN] | (b) nach mbeidh an marc sainithe don trealamh sin ar taispeáint air, nó | |
| [EN] | (c) de shárú ar aon rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo, | |
| [EN] | beidh sé ciontach i gcion. | |
| [EN] | (2) Duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air. | |
| [EN] | (3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo beidh sé ina chosaint ag an duine a chúiseofar a chruthú— | |
| [EN] | (a) gurb eisean iompróir ar fruiliú nó iompróir ar luaíocht na n-earraí bia lena mbaineann an cúiseamh, agus | |
| [EN] | (b) gur téarma é den chonradh iompair nach nglacann sé air féin déanamh de réir na gceanglas lena mbaineann an cúiseamh ná a áirithiú go ndéanfaí dá réir. | |
| [EN] |
Cionta maidir le deimhnithe comhréireachta, plátaí deimhniúcháin agus marcanna sainithe a úsáid. |
11. —(1) Beidh duine ciontach i gcion más rud é— |
| [EN] | (a) le linn dó iarratas a dhéanamh ar dheimhniú comhréireachta nó ar phláta deimhniúcháin nó le linn dó aon fhaisnéis a thabhairt a éilítear air faoin Acht seo, go ndéanfaidh sé ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó go ndéanfaidh sé go meargánta aon ráiteas a bheidh bréagach i bponc ábhartha; | |
| [EN] | (b) go mbrionnóidh sé, go n-athróidh sé nó go n-úsáidfidh sé le hintinn meabhlaireachta aon deimhniú nó pláta a deir go bhfuil trealamh iompair i gcomhréir le ceanglais ATP nó, le hintinn meabhlaireachta, go ndéanfaidh sé nó go mbeidh ina sheilbh aon doiciméad nó pláta a bhfuil dlúthdhealramh aige le haon deimhniú nó pláta den sórt sin; | |
| [EN] | (c) gan leithscéal réasúnach, go ndaingneoidh sé marc sainithe de threalamh iompair nó go gcuirfidh sé faoi deara nó go gceadóidh sé marc sainithe a dhaingniú agus d'fhanacht daingnithe de threalamh iompair tráth nach mbeidh deimhniú nó pláta a deir go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais ATP i bhfeidhm i ndáil leis an trealamh iompair sin nó, le hintinn meabhlaireachta, go ndéanfaidh sé marc a bhfuil dlúthdhrealamh aige le marc sainithe a dhaingniú de threalamh iompair nó a chur ag gabháil leis. | |
| [EN] | (2) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear— | |
| [EN] | (i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó | |
| [EN] | (ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | |
| [EN] | (3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 (a dhéanann foráil le haghaidh an nós imeachta i gcás go bpléadálann duine ciontach sa Chúirt Dúiche i gcion indíotála) i ndáil le cion faoi fho-alt (1) amhail is dá mbeadh sonraithe ann na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (2) den alt seo in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorléiriú dá réir. | |
| [EN] | (4) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoi fho-alt (1) agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith faillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile don chomhlacht é nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion faoin bhfo-alt sin. | |
| [EN] |
An tAire d'ionchúiseamh cionta achoimre. |
12. —Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh. |
| [EN] |
Leasuithe a leanann as an gComhaontú a leasú. |
13. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú nó a leasú ar shlí eile ar cibé modh is dóigh leis is gá chun a chumasú éifeacht a thabhairt d'aon leasú ar Iarscríbhinn 1, 2, nó 3 le ATP, lena n-áirítear aon Fhoscríbhinn leis an Iarscríbhinn sin 1, arna dhéanamh de réir Airteagal 18 den Chomhaontú sin. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
| [EN] |
Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
14. —Déanfar gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis aon ordú nó rialachán den sórt sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe (seachas ordú faoi alt 1) nó an rialacháin sin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. |
| [EN] |
Táillí. |
15. —Féadfaidh an tAire na táillí a fhorordú a bheidh le híoc i dtaca le trealamh iompair faoin Acht seo a scrúdú, a thástáil agus a dheimhniú. |
| [EN] |
Caiteachais. |
16. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus aon Aire eile Rialtais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
17. —Féadfar an tAcht um Iompar Idirnáisiúnta Earraí Bia Meatacha, 1987 , a ghairm den Acht seo. |
|