21 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1987


AN tACHT UM DHEONTAIS INFHEISTÍOCHTA LOINGIS, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Deontais faoi chomhair caiteachais chaipitil a thabhófar ag soláthar long.

3.

Srian le deontais a thabhairt faoin Acht.

4.

Deontais agus a n-uasmhéid faoin Acht a chinneadh.

5.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le deontais faoin Acht.

6.

Coinníollacha a fhorchuirfear le linn deontais a thabhairt faoin Acht.

7.

Cumhacht chun dul isteach i longa agus in áitribh agus iad a iniúchadh.

8.

Cionta.

9.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

10.

Caiteachais an Aire.

11.

Aisghairm.

12.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

An tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969

1969, Uimh. 11

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1987


AN tACHT UM DHEONTAIS INFHEISTÍOCHTA LOINGIS, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUMHACHTÚ D'AIRE NA MARA DEONTAIS A THABHAIRT FAOI CHOMHAIR AN CHAITEACHAIS CHAIPITIL A THABHÓFAR AG SOLÁTHAR LONG NUA NÓ ATHLÁIMHE ÁIRITHE: AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Samhain, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “caiteachas caipitil ceadaithe” caiteachas ar de ghné caipitiúil é i dtuairim an Aire, agus a bheidh ceadaithe aige chun críocha deontais faoin Acht seo;

ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna údarú ag an Aire chun críche an Achta seo;

ciallaíonn “an tAire” Aire na Mara.

Deontais faoi chomhair caiteachais chaipitil a thabhófar ag soláthar long.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir an Achta seo agus cibé coinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt do dhuine a sheolann gnó, nó a bheartaíonn gnó a sheoladh, sa Stát ar deontas é faoi chomhair caiteachais chaipitil cheadaithe a thabhófar ag soláthar loinge lena húsáid chun críocha an ghnó sin.

(2) An tagairt i bhfo-alt (1) den alt seo do long a sholáthar folaíonn sí tagairt, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, do long nua nó long athláimhe a sholáthar ach ní fholaíonn sí tagairt do long a sholáthar tríd an long a chairtfhostú ó dhuine eile.

(3) Ní rachaidh méid na ndeontas a thabharfaidh an tAire faoin Acht seo thar £7,500,000 san iomlán.

(4) Íocfar deontais faoin Acht seo as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Srian le deontais a thabhairt faoin Acht.

3. —(1) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin Acht seo—

(a) do phearsa aonair nach saoránach den Stát é ná nach sa Stát atá gnáthchónaí air, nó

(b) do chomhlacht corpraithe nach bhfuil corpraithe sa Stát ná nach sa Stát atá cónaí air, nó

(c) do chomhpháirtíocht, más rud é gurb é atá in aon chomhalta di, pearsa aonair nach saoránach den Stát é ná nach sa Stát atá gnáthchónaí air, nó comhlacht corpraithe nach bhfuil corpraithe sa Stát ná nach sa Stát atá cónaí air.

(2) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin Acht seo maidir le long—

(a) nach bhfuil cláraithe sa Stát faoi Chuid II den Acht Loingis Thráchtála, 1955 , nó

(b) ar lú ná 1,000 tonna a tonnáiste meálasta,

(c) nach long uathghluaiste, nó

(d) atá breis agus seacht mbliana d'aois ar a dáta ceannaigh, nó

(e) is long ar tugadh deontas faoin Acht seo ina leith cheana féin.

(3) Ní thabharfaidh an tAire deontas faoin Acht seo i leith aon cheann acu seo a leanas—

(a) árthach iascaireachta, nó

(b) tuga, nó

(c) árthach (lena n-áirítear dreidire) a úsáidtear go príomha mar ardán snámha d'innealra oibre agus nach n-úsáidtear le linn gnáth-oibríochtaí loingseoireachta, nó

(d) árthach a úsáidtear chun soláthairtí nó pearsanra a iompar chuig rige soghluaiste nó seasta, chuig árdán, chuig árthach ar muir nó chuig suiteáil ar bith eile de chineál ar bith ar muir, nó chun seirbhísí a sholáthar i ndáil leis an gcéanna.

Deontais agus a n-uasmhéid faoin Acht a chinneadh.

4. —Is é an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a dhéanfaidh an méid deontais a thabharfar d'aon duine faoin Acht seo a chinneadh ó am go ham ach ní bheidh an méid sin, i gcás ar bith, níos mó ná 25 faoin gcéad den chaiteachas caipitil ceadaithe ar faoina chomhair é.

Forálacha ilghnéitheacha maidir le deontais faoin Acht.

5. —(1) Féadfar deontas faoin Acht seo a thabhairt faoi chomhair caiteachais chaipitil cheadaithe a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis.

(2) Féadfar deontas faoin Acht seo a thabhairt faoi chomhair caiteachais chaipitil cheadaithe maidir le long atá i gcúrsa a tógála má dhealraíonn sé don Aire go mbeidh forálacha an Achta seo comhlíonta i ndáil leis an long nuair a bheidh a tógáil críochnaithe.

Coinníollacha a fhorchuirfear le linn deontais a thabhairt faoin Acht.

6. —(1) Le linn don Aire deontas a thabhairt faoin Acht seo forchuirfidh sé cibé coinníollacha is cuí leis, le comhthoiliú an Aire Airgeadais—

(a) chun a áirithiú go leanfar d'aon long ar tugadh deontas ina leith, nó a mbeartaítear deontas a thabhairt ina leith, a úsáid de réir mar a cheanglaítear leis na coinníollacha sin, agus

(b) chun srian a chur le cairtfhostú aon loinge den sórt sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar a cheangal i gcoinníollacha a fhorchuirfidh an tAire de bhun an fho-ailt sin go ndéanfar, i cibé imthosca (lena n-áirítear cailliúint nó aistriú na loinge nó a diúscairt ar shlí eile), agus laistigh de cibé tréimhse ama, a shonróidh an tAire, iomlán an deontais, nó cibé cuid de a bheidh sonraithe, a aisíoc leis an Aire.

(3) Aon suim a dhlífear a aisíoc leis an Aire ar scór coinníll a fhorchuirfear de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire í an tAire í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine a fuair deontas faoin Acht seo, agus ar aon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine sin, cibé faisnéis a thabhairt don Aire nó cibé leabhair, taifid nó doiciméid eile a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh thar ceann an Aire chun a chumasú don Aire a chinneadh an bhfuil aon choinníoll, ar faoina réir a tugadh an deontas, comhlíonta nó an bhfuiltear ag déanamh dá réir, nó an bhfuil an deontas tagtha chun bheith in-aisíoctha, go hiomlán nó go páirteach, de réir aon choinníll den sórt sin.

(5) Féadfar a cheangal le fógra faoi fho-alt (3) den alt seo go ndéanfar an fhaisnéis lena mbaineann sé a thabhairt laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra agus féadfar a cheangal leis go dtabharfar doiciméid ar aird cibé tráth agus i cibé áit a bheidh sonraithe amhlaidh.

Cumhacht chun dul isteach i longa agus in áitribh agus iad a iniúchadh.

7. —(1) Féadfaidh duine údaraithe, chun críocha alt 6 (4) den Acht seo, dul isteach gach tráth réasúnach sna háiteanna seo a leanas agus iad a iniúchadh, eadhon—

(a) aon long ar tugadh deontas faoin Acht seo ina leith, nó

(b) aon áit a gcreideann sé le réasún go bhfuil long den sórt sin ann, nó

(c) aon áit ar chóir long den sórt sin a bheith ann de réir aon choinníll a bhí ag gabháil le deontas den sórt sin.

(2) Tabharfar deimhniú ar a údarú do dhuine údaraithe agus, nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó leis an Acht seo á feidhmiú aige, déanfaidh sé, má cheanglaítear sin air, an deimhniú sin a thabhairt ar aird lena iniúchadh.

Cionta.

8. —(1) Aon duine a dhéanfaidh go feasach nó go meargánta, d'fhonn deontas a fháil faoin Acht seo, aon ráiteas a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £250,000 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí bliana nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, déanamh de réir aon choinníll, ar coinníoll é a cheanglaíonn air aon teagmhas ar dá dhroim a thagann an deontas chun bheith in-aisíoctha go hiomlán nó go páirteach a chur in iúl don Aire, agus ar faoina réir a tugadh deontas faoin Acht seo dó, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000, nó trí oiread an méid is in-aisíoctha amhlaidh, cibé acu is mó, a chur air.

(3) Aon duine a dhéanfaidh go feasach nó go meargánta, i gcomhlíonadh airbheartaithe ar fhógra faoi alt 6 den Acht seo, aon ráiteas a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, a bheidh bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Aon duine a choiscfidh duine údaraithe agus é ag feidhmiú a chumhachtaí faoin Acht seo nó a mhainneoidh, gan cúis réasúnach, déanamh de réir ceanglais ó dhuine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

9. —I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile dá samhail de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, mar aon leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Caiteachais an Aire.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

11. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969 .

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.