An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Dearbhuithe Tuismíochta) Ar Aghaidh (CUID VIII Toimhdí agus Forálacha Maidir le Fianaise)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID VII

Tástálacha Fola le linn Tuismíocht a bheith á Cinneadh in Imeachtaí Sibhialta

Mínithe (Cuid VII).

37. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “samplaí fola” fuil a thógtar chun críche tástálacha fola;

ciallaíonn “tástáil fola” aon tástáil arna déanamh faoin gCuid seo chun tréithe dúchasacha a fhionnadh;

ciallaíonn “eiscthe” eiscthe faoi réir sóchán a tharlú;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

Ordú ón gcúirt maidir le tástálacha fola.

38. —(1) In aon imeachtaí sibhialta os comhair cúirte ina bhfuil tuismíocht aon duine i gceist, féadfaidh an chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí, ordú a thabhairt go n-úsáidfear tástálacha fola chun cuidiú leis an gcúirt a chinneadh an tuismitheoir nó nach tuismitheoir de chuid an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist duine a bheidh ainmnithe san iarratas nó páirtí sna himeachtaí, de réir mar a bheidh, agus go dtógfar, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú, samplaí fola ón duine a bhfuil a thuismíocht i gceist amhlaidh, ó aon duine a líomhnaítear gur tuismitheoir de chuid an duine sin é agus ó aon duine eile is páirtí sna himeachtaí, nó ó aon duine de na daoine sin.

(2) Más rud é, ar iarratas ó aon pháirtí sna himeachtaí—

(a) go dtabharfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, íocfaidh an páirtí sin na costais a bhaineann le samplaí fola a thógáil agus a thástáil d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú (lena n-áirítear aon chaiteachais a bheidh tabhaithe le réasún ag aon duine le linn aon bhearta a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh chun na críche sin) mar aon leis na costais a bhaineann le tuarascáil a thabhairt don chúirt faoi alt 40 (2) den Acht seo,

(b) go bhfaighidh an páirtí sin, faoi alt 40 (4) den Acht seo, ráiteas i scríbhinn ag míniú nó ag forlíonadh aon ráitis a bheidh déanta i dtuarascáil faoin alt sin 40 (2), íocfaidh an páirtí sin, faoi réir aon ordaithe ón gcúirt, na costais (más ann) a bhaineann leis an ráiteas i scríbhinn a fháil (lena n-áirítear aon chaiteachais a bheidh tabhaithe le réasún ag aon duine le linn aon bhearta a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh chun na críche sin),

ach déanfar aon mhéid a bheidh íoctha nó le híoc de bhua an fho-ailt seo a áireamh mar chostais a thabhaigh an páirtí sin sna himeachtaí.

(3) Féadfaidh an chúirt tráth ar bith ordú a bheidh tugtha aici roimhe sin faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú.

Toiliú le samplaí fola agus tógáil na samplaí sin.

39. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní dhéanfar, i gcás sampla fola a cheanglaítear a thógáil ó aon duine d'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo, an sampla sin a thógáil ón duine sin ach amháin lena thoiliú.

(2) Más rud é, d'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo, go gceanglaitear sampla fola a thógáil ó dhuine nach bhfuil aois iomlán aige agus gur dóigh leis an gcúirt go bhfuil sé in ann, sna himthosca, an toiliú riachtanach a thabhairt nó diúltú é a thabhairt, beidh aon toiliú a thabharfaidh sé nó a dhiúltóidh sé a thabhairt chomh héifeachtach céanna is a bheadh sé dá mbeadh aois iomlán aige.

(3) D'fhonn éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 38 den Acht seo—

(a) féadfar sampla fola a thógáil ó dhuine mionaoiseach, seachas duine mionaoiseach lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, má thugann an duine ag a bhfuil cúram agus urlámh an duine mhionaoisigh a thoiliú:

Ar choinníoll, i gcás cúram agus urlámh an duine mhionaoisigh a bheith ag níos mó ná duine amháin agus go bhfuil easaontas eatarthu ar chóir toiliú a thabhairt, go measfar nach bhfuil toiliú tugtha ag an duine mionaoiseach;

(b) féadfar sampla fola a thógáil ó dhuine a bhfuil aois iomlán aige agus nach bhfuil ar a chumas a thuiscint, i dtuairim na cúirte, cad is tastálacha fola ann agus cad chuige iad, má thoilíonn an duine ag a bhfuil cúram agus urlámh an duine sin leis an gcéanna agus má bhíonn deimhnithe ag aon lia-chleachtóir a bhfuil sé faoina chúram nach ndéanfadh sé dochar dá aire cuí agus dá aireacht chuí sampla fola a thógáil uaidh:

Ar choinníoll, i gcás cúram agus urlámh an duine lena mbaineann a bheith ag níos mó ná duine amháin agus go bhfuil easaontas eatarthu ar chóir toiliú a thabhairt, go measfar nach bhfuil toiliú tugtha ag an duine lena mbaineann.

Tástálacha fola agus tuarascálacha.

40. —(1) I gcás samplaí fola a bheith tógtha chun éifeacht a thabhairt d'ordú cúirte faoi alt 38 (1) den Acht seo tástálfar iad—

(a) faoi urlámh cibé duine (lena n-áirítear duine lena mbaineann fo-alt (6) den alt seo) ar a gcomhaontóidh na páirtithe uile sna himeachtaí os comhair na cúirte, nó

(b) i gcás nach mbeidh comhaontú idir na páirtithe,

(i) faoi urlámh cibé duine lena mbaineann fo-alt (6) den alt seo, nó

(ii) faoi urlámh cibé duine eile,

a ordóidh an chúirt.

(2) Déanfaidh an duine ar faoina urlámh atá samplaí fola le tástáil de bhua fho-alt (1) den alt seo tuarascáil a thabhairt don chúirt a thug an t-ordú, agus dearbhóidh sé sa tuarascáil sin—

(a) i ndáil le gach duine ónar tógadh samplaí fola amhlaidh, torthaí na dtástálacha, agus

(b) i ndáil le gach duine (seachas an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist) ónar tógadh samplaí fola amhlaidh—

(i) cibé acu atá nó nach bhfuil an duine lena mbaineann an tuarascáil eiscthe de bharr na dtorthaí ó bheith ina thuismitheoir ar an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist, agus

(ii) mura mbeidh an duine lena mbaineann an tuarascáil eiscthe amhlaidh, fiúntas na dtorthaí, más aon fhiúntas é, d'fhonn a chinneadh an tuismitheoir ar an duine a bhfuil a thuismíocht i gceist an duine sin,

agus glacfaidh an chúirt leis an tuarascáil mar fhianaise sna himeachtaí ar na nithe a bheidh dearbhaithe inti.

(3) Is san fhoirm a bheidh forordaithe le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 41 den Acht seo a bheidh tuarascáil faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) I gcás go mbeidh tuarascáil tugtha do chúirt faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon pháirtí, le cead ón gcúirt, nó déanfaidh sé, má ordaíonn an chúirt amhlaidh, ráiteas i scríbhinn ag míniú nó ag forlíonadh aon ráitis a bheidh déanta sa tuarascáil a fháil ón duine a thug an tuarascáil, agus measfar chun críocha an ailt seo (seachas fo-ailt (3) agus (6)) gur cuid den tuarascáil a bheidh tugtha don chúirt an ráiteas sin.

(5) I gcás go dtabharfar ordú faoi alt 38 (1) den Acht seo in aon imeachtaí agus go mbeidh tástáil déanta de bhua an ailt seo ar na samplaí fola lena mbaineann an t-ordú, ní bheidh páirtí sna himeachtaí, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, i dteideal an duine ar faoina urlámh a tástáladh na samplaí fola d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú sin, ná aon duine a rinne aon ní ba ghá a dhéanamh chun go bhféadfaí na tástálacha sin a dhéanamh, a ghairm mar fhinné, mura ndéanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis dó cóip den tuarascáil a fháil, fógra a sheirbheáil ar na páirtithe eile sna himeachtaí, nó ar cibé páirtí díobh a ordóidh an chúirt, á rá go bhfuil ar intinn aige an duine sin a ghairm mar fhinné agus, i gcás go ngairfear an duine sin amhlaidh, beidh an páirtí a ghair é i dteideal é a chroscheistiú.

(6) (a)  Féadfaidh an tAire, chun críche fho-alt (1) den alt seo, duine nó earnáil daoine a cheapadh a bhféadfar tástálacha fola a dhéanamh faoina n-urlámh.

(b)  Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapachán faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm ach ní dhéanfaidh leasú nó cúlghairm den sórt sin difear d'aon tástáil fola a rinneadh, ná do thástáil aon sampla fola chun críche na Coda seo a cuireadh ísteach lena thástáil, roimh an leasú nó an chúlghairm sin.

(c)  Déanfaidh an tAire fógra faoi cheapachán, nó faoi leasú nó faoi chúlghairm aon cheapacháin, a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Rialacháin chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

41. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar go háirithe, i rialacháin faoin alt seo,—

(a) tógáil, aithint agus iompar samplaí fola a rialáil;

(b) a cheangal go dtabharfar ar aird, an tráth a mbeidh sampla fola le tógáil, cibé fianaise ar chéannacht an duine óna mbeidh sé le tógáil a bheidh forordaithe leis na rialacháin;

(c) a cheangal ar aon duine óna mbeidh sampla fola le tógáil nó, i cibé cásanna a bheidh forordaithe leis na rialacháin, a cheangal ar cibé duine eile a bheidh forordaithe amhlaidh, a dhearbhú i scríbhinn cibé acu a bhí nó nach raibh aon bhreoiteacht den chineál a bheidh sonraithe sna rialacháin ag cur air féin nó ar an duine óna mbeidh an sampla le tógáil, de réir mar a bheidh, nó an bhfuair sé féin nó an duine sin fuilaistriú, le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe sna rialacháin;

(d) foirm aon tuarascála a bheidh le tabhairt do chúirt faoin gCuid seo a fhorordú.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéantá agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Mainneachtain déanamh de réir ordaithe i dtaobh tástálacha fola.

42. —(1) I gcás go dtabharfaidh cúirt ordú faoi alt 38 den Acht seo agus go mainneoidh aon duine aon bheart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú, féadfaidh an chúirt cibé tátail, más ann, is dóigh léi is cuí sna himthosca a bhaint as an mainneachtain sin.

(2) Más rud é, in imeachtaí ar iarratas faoi alt 35 den Acht seo, go dtabharfaidh cúirt ordú faoi alt 38 den Acht seo maidir le samplaí fola a thógáil, ansin, má mhainníonn aon duine a bheidh ainmnithe san ordú aon bheart a dhéanamh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe ag an gcúirt, is beart a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú, féadfaidh an chúirt an t-iarratas a dhíbhe.

(3) Más rud é, in aon imeachtaí sibhialta ina mbeidh tuismíocht aon duine le cinneadh ag an gcúirt a bheidh ag éisteacht na n-imeachtaí sin, go mbeidh, de bhua alt 46 den Acht seo, toimhde atharthachta ann i ndáil leis an duine sin, ansin más rud é—

(a) go dtabharfar ordú faoi alt 38 den Acht seo sna himeachtaí sin, agus

(b) go mainneoidh aon pháirtí a bheidh ag éileamh aon fhaoisimh sna himeachtaí agus a bheidh i dteideal seasamh ar an toimhde chun an faoiseamh sin a fháil, aon bheart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú,

féadfaidh an chúirt an éisteacht a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse is cuí léi chun a chumasú don pháirtí sin an beart sin a dhéanamh agus más rud é, i ndeireadh na tréimhse sin, go mbeidh mainnithe aige gan cúis réasúnach an beart sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, a éileamh ar fhaoiseamh a dhíbhe, d'ainneoin nach bhfuil fianaise ann chun an toimhde a fhrisnéisiú.

(4) Má mhainníonn aon duine a bheidh ainmnithe in ordú faoi alt 38 den Acht seo toiliú le sampla fola a thógáil uaidh féin nó ó aon duine a bheidh ainmnithe san ordú agus atá faoina chúram nó faoina urlámh, measfar chun críocha an ailt seo go mbeidh mainnithe aige beart a dhéanamh a cheanglaítear air a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don ordú.

Pionós as pearsanú chun críocha tástála fola.

43. —Más rud é, chun críche sampla fola a chur ar fáil le haghaidh tástála faoi alt 40 den Acht seo, go bpearsanóidh aon duine duine eile nó go gcuirfidh sé duine eile i láthair agus a fhios aige nach é an duine é a bheidh ainmnithe san ordú, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air;

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air.