An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Feidhmeanna Breise de Chuid na Gníomhaireachta) Ar Aghaidh (CUID IV Forálacha Idirlinne)

30 1987

AN tACHT EOLAÍOCHTA AGUS TEICNEOLAÍOCHTA, 1987

CUID III

Riaradh

Príomhfheidhmeannach.

15. —Ceapfaidh Bord na Gníomhaireachta duine chun bheith ina Phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht faoi chonradh seirbhíse ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Bord le ceadú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh beartaithe.

16. —Comhalta den Bhord—

(a) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chomhlacht corpraithe lena mbeartaíonn an Bord conradh a dhéanamh, nó

(b) a bhfuil aon leas ábhartha nó airgid aige in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh,

nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé ná cinneadh a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh, agus taifeadfar an nochtadh i miontuairiscí an Bhoird.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

17. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Bhord—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta.

(2) Más rud é, i gcás oifigigh nó seirbhísigh don Ghníomhaireacht—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an nGníomhaireacht agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) De thoradh na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht le halt 13 d'Acht 1961 mar a leanas:

(a) scoirfidh fo-ailt (1) agus (2), míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (3) agus fo-alt (6) d'éifeacht a bheith leo;

(b) forléireofar na tagairtí i bhfo-alt (3) d'oifigeach nó do sheirbhíseach a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas mar thagairt do dhuine lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo;

(c) forléireofar na tagairtí san alt sin 13 do bheith ar iasacht agus do thréimhse na hiasachta mar thagairtí do bheith ar iasacht agus don tréimhse iasachta faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord nó chun fostaíochta ag an nGníomhaireacht.

Caiteachas ag an nGníomhaireacht.

18. —Féadfar cistí na Gníomhaireachta a úsáid—

(a) chun na caiteachais a thabhaíonn sí i gcomhlíonadh a feidhmeanna a íoc, agus

(b) chun íocaíochtaí a dhéanamh, nó deontais nó iasachtaí a thabhairt, chun aon chríche a chabhróidh, i dtuairim na Gníomhaireachta, le gníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh agus a fhorbairt.

Infheistíocht ag an nGníomhaireacht.

19. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht aon chistí dá cuid (nach cistí lena mbaineann alt 20 (3) den Acht seo) a infheistiú in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

An Ghníomhaireacht do ghlacadh bronntanas.

20. —(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Ghníomhaireacht bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Gníomhaireachta.

(3) Féadfar aon chistí de chuid na Gníomhaireachta, is bronntanas nó is fáltais ó bhronntanas a tugadh di, a infheistiú, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a bheidh ag gabháil leis an mbronntanas, in aon slí a dtugann an dlí cumhacht d'iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis don Aire

21. —(1) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar a himeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an dáta sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Beidh sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé faisnéis a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna na Gníomhaireachta.

(3) Tabharfaidh an Ghníomhaireacht don Aire cibé faisnéis a éileoidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh a feidhmeanna.

Cuntais agus iniúchadh.

22. —(1) Coimeádfaidh an Ghníomhaireacht, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair an Ghníomhaireacht nó ar na caiteachais go léir a thabhaigh sí agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir sin a ordóidh an tAire nó an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuid eile de na cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) den alt seo a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Oifigigh agus seirbhísigh.

23. —(1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Ghníomhaireacht a chinnfidh sí le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(2) Cinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham gráid, tionacht oifige agus coinníollacha seirbhíse a cuid oifigeach agus seirbhíseach.

(3) Íocfar le hoifigeach nó le seirbhíseach don Ghníomhaireacht cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Ghníomhaireacht ó am go ham, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Cumhacht sainchomhairleoirí a fhostú.

24. —Féadfaidh an Ghníomhaireacht cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú ar chonarthaí seirbhíse gearrthréimhseacha a mheasfaidh sí is gá chun a feidhmeanna a urscaoileadh go cuí.

Toirmeasc ar fhaisnéis faoi rún a nochtadh.

25. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine atá nó a bhí ina chomhalta den Bhord nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Ghníomhaireacht, nó ina chomhairleoir nó ina shainchomhairleoir don Ghníomhaireacht aon fhaisnéis a nochtadh a bheidh aicmithe ag an nGníomhaireacht mar fhaisnéis faoi rún agus a fuair an duine le linn dó bheith ag comhlíonadh (nó de thoradh é do chomhlíonadh) dualgas mar chomhalta, mar oifigeach, mar sheirbhíseach, mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir den sórt sin.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

Coistí de chuid an Bhoird.

26. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham coistí a bhunú chun na feidhmeanna sin de chuid na Gníomhaireachta a chomhlíonadh is fearr nó is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim an Bhoird, a chomhlíonadh ag coiste agus a shannfaidh an Bord do choiste.

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith, más oiriúnach leis an mBord é, ina gcomhaltaí de choiste a bhunaítear faoin alt seo.

(3) Beidh ceapadh duine chun gníomhú mar chomhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha maidir le téarmaí agus tionacht oifige an chomhalta) is oiriúnach leis an mBord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a fhorchur tráth déanta an cheaptha.

(4) Féadfaidh an Bord comhalta de choiste a bhunaítear faoin alt seo a chur as oifig aon tráth.

(5) Féadfaidh an Bord aon tráth coiste a cheaptar faoin alt seo a dhíscaoileadh.

(6) Beidh gníomhartha coiste a bhunaítear faoin alt seo faoi réir a gceadaithe ag an mBord.

(7) Féadfaidh an Bord nós imeachta coistí a bhunaítear faoin alt seo a rialáil, ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunaítear faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.