|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL) |
| [EN] | ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 33 de 1987 | ||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1987 | |||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
| ||||||||||||
Uimhir 33 de 1987 | ||||||||||||
AN tACHT LEITHREASA, 1987 | ||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||
ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE AIRITHE I nDÁIL LE BANC TAISCE AN PHOIST AGUS LE hAIRGEAD D'EISIÚINT AS AN bPRÍOMH-CHISTE LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR. [26 Nollaig, 1987] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||
| [EN] |
Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,716,399,000, a leithreasú. |
1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle seacht gcéad is sé mhilliún déag, trí chéad nócha is naoi míle punt agus ab éard atá ann suim dhá chéad míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, agus suim sé mhíle seacht gcéad is sé mhilliún déag, céad nócha is naoi míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo. | ||
| [EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim sé chéad seasca is aon mhilliún, trí chéad seachtó is cúig mhíle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |||
| [EN] |
Leasú ar an Acht Airgeadais, 1948 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1948 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3): | ||
| [EN] | “(3) Is é an tréimhse íosta a ríomhfar ús ar thaisce ina leith, le héifeacht amhail ar agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1988, lá amháin.”. | |||
| [EN] |
Leasú ar an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 . |
3. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 — | ||
| [EN] | (a) trí “as an bPríomh-Chiste” a chur in ionad “as an bPríomh-Chiste sa bhliain” in alt 2, agus | |||
| [EN] | (b) trí “as an bPríomh-Chiste” a chur in ionad “as an bPríomh-Chiste sa bhliain dá ndeonófar an soláthar” in alt 4, | |||
| [EN] | agus tá na hailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo. | |||
| ||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1987 , a ghairm den Acht seo. |