|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 1 de 1988 | ||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1988 | |||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
| ||||||||||||||||
Uimhir 1 de 1988 | ||||||||||||||||
AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE (LEASÚ), 1988 | ||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS DO THITHE, 1981 GO 1985. [8 Feabhra, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1985 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 . | |
| [EN] |
Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht. |
2. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht— |
| [EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b)— | |
| [EN] | “(b) airgead a airleacan chuig údarás tithíochta chun a chumasú don údarás— | |
| [EN] | (i) iasachtaí a thabhairt chun tithe a fháil, a fhoirgniú nó chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh orthu, agus | |
| [EN] | (ii) deontais a thabhairt faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 .”, | |
| [EN] | agus | |
| [EN] | (b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)— | |
| [EN] | “(2) I gcás go n-airleacfar airgead chuig údarás tithíochta faoi fho-alt (1) den alt seo chun iasachtaí a thabhairt, úsáidfidh an t-údarás an t-airgead sin chun iasachtaí a thabhairt— | |
| [EN] | (a) faoi alt 39 d'Acht na dTithe, 1966 , nó | |
| [EN] | (b) de réir cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh tithe a fháil agus a fhoirgniú a bheidh ceadaithe ó am go ham chun críocha an ailt seo ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais, nó | |
| [EN] | (c) faoi alt 8 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 .”. | |
| [EN] | (2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1987. | |
| [EN] |
Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo alt 10 (arna leasú leis an Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1982 , agus le hAcht 1985) den Phríomh-Acht trí “£1,000,000,000” a chur in ionad “£500,000,000” (a cuireadh isteach le hAcht 1985), i bhfo-alt (3). |
| [EN] |
Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 14: |
| [EN] | “14.—(1) Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus í ag comhlíonadh a feidhmeanna, go ndéanfar, ag féachaint d'aon pháirtíocaíocht a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo, agus blianta a ghlacadh le chéile, a costais uile a ghlanadh as a cuid oibríochtaí. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, páirtíocaíocht a dhéanamh faoi chomhair chostais na Gníomhaireachta, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
| [EN] | (3) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1986.”. | |
| [EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe (Leasú), 1988 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 go 1985, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. |