|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL An Binse Luachála) |
| [EN] | ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1988 | ||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
AN tACHT LUACHÁLA, 1988 | |||||||||||||||||||||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
An Binse Luachála | ||||||||||||||||||||||||||||
Maoin atá le hÁireamh i Luacháil Uileghabhálach na nGnóthas Fóntais Phoiblí | ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 2 de 1988 | ||||||||||||||||||||||||||||
AN tACHT LUACHÁLA, 1988 | ||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LUACHÁLA. | ||
[3 Márta, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1852” an Valuation (Ireland) Act, 1852; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Luachála, 1986 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “maoin” aon oidhreachtán inrátaithe; | |
| [EN] | folaíonn “gnóthas fóntais phoiblí” aon ghnóthas cibé acu ar bunaíodh é le haon achtachán nó faoi nó ar shlí eile, a sholáthraíonn seirbhís don phobal cibé acu ar fud an Stáit nó in aon chuid den Stát; | |
| [EN] | ciallaíonn “údarás rátúcháin”— | |
| [EN] | (a) comhairle contae, | |
| [EN] | (b) bardas contaebhuirge nó buirge eile, | |
| [EN] | nó | |
| [EN] | (c) comhairle ceantair uirbigh; | |
folaíonn “oidhreachtán inrátaithe” aon mhaoin lena mbaineann Acht 1986 nó an tAcht seo. | ||
| [EN] |
Binse Luachála. |
2. —(1) (a) Beidh binse, ar a dtabharfar an Binse Luachála, arna bhunú ar cibé dáta a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil. |
| [EN] | (b) Beidh éifeacht le forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an mBinse. | |
| [EN] | (2) Éistfidh agus cinnfidh an Binse achomhairc faoi alt 3 (5) nó 4 (11) den Acht seo. | |
| [EN] | (3) Faoi réir cirt achomhairc chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí, is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Bhinse. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham, cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh a mheasfaidh sé is gá chun cuidiú leis an mBinse i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo. | |
| [EN] | (5) Gan dochar d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (a dhéanann foráil, i measc nithe eile, le haghaidh imeachtaí ar feitheamh) aisghairtear leis seo ailt 22 agus 23 d'Acht 1852 le héifeacht ó bhunú an Bhinse. | |
| [EN] |
Athbhreithnithe agus luachálacha nua. |
3. —(1) Féadfaidh úinéir nó áititheoir aon mhaoine, an t-údarás rátúcháin, nó oifigeach don Choimisinéir Luachála iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun luacháil aon mhaoine a bheidh taifeadta sna Liostaí Luachála a athbhreithniú nó chun aon mhaoin nach mbeidh taifeadta amhlaidh a áireamh iontu. |
| [EN] | (2) (a) Gach iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo (seachas iarratas ó údarás rátúcháin) díreofar é chuig an údarás rátúcháin ar ina limistéar atá an mhaoin suite. | |
| [EN] | (b) Déanfaidh an t-údarás rátúcháin liosta de na hiarratais go léir a dhéanfar sa mhí dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó in aon mhí dá éis sin a chur faoi bhráid an Choimisinéara Luachála, i ngach cás laistigh de dheich lá tar éis dheireadh na míosa sin. | |
| [EN] | (3) Cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara go ndéanfar, i gcás gach iarratais a dhéanfar chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, cinneadh maidir leis laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas a fháil nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin agus eiseoidh sé a luaithe is féidir liosta de na cinntí a bheidh déanta sa ráithe dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo nó in aon ráithe dá éis sin, laistigh de dheich lá tar éis dheireadh na ráithe sin. | |
| [EN] | (4) (a) I gcás gur aon duine eile seachas úinéir nó áititheoir aon mhaoine a dhéanfaidh iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo i ndáil leis an maoin sin, cuirfidh an t-údarás rátúcháin an t-iarratas in iúl don úinéir agus don áititheoir, más eol cé hiad. | |
| [EN] | (b) Cuirfidh an t-údarás rátúcháin an cinneadh ar an iarratas in iúl don úinéir agus don áititheoir, más eol cé hiad, chomh maith lena gceart, de réir ailt 19 agus 31 d'Acht 1852, achomharc a dhéanamh in aghaidh na luachála a bheidh arna cinneadh ag an gCoimisinéir Luachála agus cuirfidh an t-údarás rátúcháin toradh an achomhairc sin in iúl dóibh freisin. | |
| [EN] | (5) (a) Féadfaidh úinéir nó áititheoir maoine nó údarás rátúcháin ar ina limistéar atá an mhaoin suite, trí fhógra i scríbhinn a bheidh curtha leis an bpost chuig an mBinse nó a thabharfaidh an t-achomharcóir, nó a thabharfar thar a cheann, don Bhinse, achomharc in aghaidh an chinnidh a rinne an Coimisinéir a dhéanamh chuig an mBinse faoi alt 20 d'Acht 1852, laistigh de 28 lá tar éis liosta na gcinntí a fhoilsiú. | |
| [EN] | (b) Beidh san fhógra sonraí na luachála mar a taifeadadh iad sna Liostaí Luachála agus ráiteas faoi fhorais shonracha an achomhairc. | |
| [EN] | (c) Déanfaidh an Binse cóip de gach fógra a gheobhaidh sé a tharchur chuig an gCoimisinéir Luachála (arb é an freagróir é san achomharc lena mbaineann agus a bheidh i dteideal éisteacht a fháil, agus fianaise a thabhairt ar aird, ag éisteacht an achomhairc sin), chuig an údarás, nó chuig na húdaráis, rátúcháin lena mbaineann agus chuig aon duine eile a ndealraíonn sé don Bhinse go bhfearann an cinneadh air go díreach agus beidh aon duine den sórt sin i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ag éisteacht an achomhairc. | |
| [EN] | (6) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála, i gcás aon leasú a bheith le déanamh sna Liostaí Luachála de bhun chinnidh ón mBinse nó de bhun breithe ón gCúirt i ndáil le hachomharc faoin alt seo, fógra faoin leasú a thabhairt i scríbhinn don údarás, nó do na húdaráis, rátúcháin lena mbaineann, agus cuirfidh sé faoi deara an taifeadadh iomchuí sna liostaí a leasú. | |
| [EN] | (7) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin sna hAchtanna Luachála. | |
| [EN] | (8) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil, an dáta a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh a fhorordú. | |
| [EN] |
Luacháil uileghabhálach na ngnóthas fóntais phoiblí. |
4. —(1) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le haon Aire eile de chuid an Rialtais a ndealraíonn sé don Aire Airgeadais é bheith bainteach leis an ábhar, a ordú don Choimisinéir Luachála socrú a dhéanamh chun go gcinnfear luacháil na maoin, arna dtógáil ina n-iomláine, cibé áit a bhfuil siad suite, de chuid ghnóthais fóntais phoiblí shonraithe nó de chuid ghnóthais fóntais phoiblí de thuairisc shonraithe, agus sonróidh sé an dáta ar faoina threoir a dhéanfar an cinneadh agus an dáta faoina bhfuil an cinneadh le déanamh. “Luacháil uileghabhálach” a ghairtear san alt seo de gach luacháil den sórt sin. |
| [EN] | (b) Folófar i ngach luacháil uileghabhálach a chinnfear faoi fho-alt (1) (a) na hoidhreachtáin go léir a úsáidtear chun críocha príomha an ghnóthais cibé acu atá na hoidhreachtáin sin athbhreithnithe agus taifeadta cheana féin sna Liostaí Luachála nó nach bhfuil agus déanfar aon luachálacha den sórt sin a bheidh folaithe cheana sna Liostaí Luachála a scriosadh as na liostaí sin. | |
| [EN] | (c) Déanfar cibé maoin de chuid gnóthais shonraithe ar chun críche seachas aon cheann de chríocha príomha an ghnóthais sin í, i dtuairim an Choimisinéara Luachála, a eisiamh an tráth a bheidh an luacháil uileghabhálach á cinneadh. | |
| [EN] | (2) Is é a bheidh i nglanluach bliantúil an ghnóthais cúig faoin gcéad de luach caipitiúil éifeachtúil mhaoin an ghnóthais sin, lena n-áirítear maoin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
| [EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis cibé comhairliúchán a dhéanamh a fhoráiltear le fo-alt (1) den alt seo, an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú. | |
| [EN] | (4) Is é a bheidh i luach caipitiúil éifeachtúil an ghnóthais comhiomlán an méid seo a leanas— | |
| [EN] | (a) na luachanna láithreán a chomhchuimsítear sa ghnóthas sin, | |
| [EN] | (b) costas athsholáthair díluachta maoine eile de chuid an ghnóthais, is é sin le rá, costas athsholáthair na maoine arna laghdú mar is cuí chun freagairt dá haois, dá riocht agus dá seanchaiteacht agus d'aon fhachtóir eile, arb é is éifeacht leis a luach a laghdú go dtí luach is lú ná an costas athsholáthair, | |
| [EN] | (c) luach aon éasúna nó aon chirt chomhghabhálaigh nó cheangaltais eile a ghabhann le haon mhaoin de chuid an ghnóthais, | |
| [EN] | (d) luach aon chirt atá ag an ngnóthas comharthaí raidió, teilifíse nó teileachumarsáide a tharchur. | |
| [EN] | (5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo d'ainneoin alt 11 d'Acht 1852 ach sin faoi réir alt 5 den Acht Luachála, 1986 . | |
| [EN] | (6) Déileálfar leis an ngnóthas chun críocha an ailt seo mar ghnóthas a áitíonn oidhreachtán inrátaithe i ngach ceantar rátúcháin ina mbeidh a chuid seirbhísí ar fáil nó ina mbeidh a chuid maoine suite. | |
| [EN] | (7) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála luacháil uileghabhálach gnóthais, arna cinneadh nó arna hathbhreithniú faoin alt seo, a chionroinnt idir údaráis rátúcháin i cibé slí a fhorordóidh an tAire Airgeadais le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Chomhshaoil agus is é a bheidh sa mhéid a chionroinnfear amhlaidh ar aon údarás rátúcháin ná luacháil mhaoin an ghnóthais i limistéar an údaráis sin. | |
| [EN] | (8) Cuirfidh an Coimisinéir Luachála faoi deara go ndéanfar luacháil uileghabhálach gnóthais a athbhreithniú sa chúigiú bliain tar éis an luacháil a chinneadh nó tar éis an athbhreithnithe roimhe sin nó níos túisce má iarrann an tAire Airgeadais amhlaidh, tar éis cibé comhairliúchán a dhéanamh dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo, nó má iarrann an gnóthas amhlaidh. | |
| [EN] | (9) Gach gnóthas lena mbaineann ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí ón tráth a iarradh air é, cibé eolas a sholáthar don Choimisinéir Luachála a theastóidh uaidh chun a chuid feidhmeanna a fheidhmiú faoin alt seo. | |
| [EN] | (10) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála, tar éis dó a chur faoi deara cinneadh nó athbhreithniú faoin alt seo a dhéanamh, fógra ina thaobh a thabhairt láithreach don ghnóthas agus don Aire Comhshaoil agus féadfar achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 agus beidh éifeacht ag forálacha ailt 20 agus 21 den Acht sin. | |
| [EN] | (11) Beidh ceart achomhairc chuig an mBinse ag an ngnóthas agus ag an Aire Comhshaoil araon in aghaidh aon chinnidh a dhéanfaidh an Coimisinéir Luachála faoi alt 20 d'Acht 1852 trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil laistigh de thrí mhí ón tráth a thabharfaidh an Coimisinéir Luachála an fógra dóibh faoin gcinneadh. | |
| [EN] | (12) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú. | |
| [EN] | (13) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon fhoráil eile sna hAchtanna Luachála. | |
| [EN] | (14) Aon uair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. | |
| [EN] |
Cás a shonrú don Ard-Chúirt. |
5. —(1) Díreach tar éis cinneadh achomhairc ag an mBinse, féadfaidh aon pháirtí san achomharc, má bhíonn sé míshásta leis an gcinneadh mar go bhfuil sé earráideach i bpointe dlí, a mhíshástacht a dhearbhú don Bhinse. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an páirtí, tar éis a mhíshástacht a dhearbhú, laistigh de lá is fiche tar éis an chinnidh, a cheangal ar an mBinse le fógra i scríbhinn a bheidh dírithe chuig Cathaoirleach an Bhinse, cás a shonrú agus a shíniú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil maidir leis an gcinneadh laistigh de trí mhí den dáta a bhfaighfear an fógra sin. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh an páirtí atá ag éileamh an cháis, sula mbeidh sé i dteideal an cás a bheith sonraithe, cibé táille a íoc leis an mBinse a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin don chás agus i leith an cháis. | |
| [EN] | (4) Beidh na fíorais agus cinneadh an Bhinse leagtha amach sa chás agus déanfaidh an páirtí a bheidh ag éileamh an cháis, nuair a bheidh sé sonraithe agus sínithe, é a tharchur chun na hArd-Chúirte laistigh de sheacht lá tar éis é a fháil. | |
| [EN] | (5) Déanfaidh an páirtí atá ag éileamh an cháis fógra i scríbhinn á rá go bhfuil an cás sonraithe ar iarratas uaidh, mar aon le cóip den chás, a chur chuig an bpáirtí eile an tráth a tharchuirfidh sé an cás chuig an Ard-Chúirt nó roimhe sin. | |
| [EN] | (6) Éistfidh an Ard-Chúirt agus cinnfidh sí aon cheist nó aon cheisteanna dlí a thig maidir leis an gcás agus freaschuirfidh sí, daingneoidh sí nó leasóidh sí an cinneadh ar ina leith a bheidh an cás sonraithe, nó tarchuirfidh sí an t-ábhar chuig an mBinse mar aon le tuairim na Cúirte air nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is cuí leis an gCúirt. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an Ard-Chúirt a chur faoi deara an cás a chur siar lena leasú agus air sin leasófar an cás dá réir sin, agus tabharfar breithiúnas tar éis é a bheith leasaithe. | |
| [EN] | (8) Beidh ábhar achomhairc ann chuig an gCúirt Uachtarach ó bhreith na hArd-Chúirte. | |
| [EN] |
An Coimisinéir Luachála do tharmligean feidhmeanna. |
6. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir Luachála feidhm shonraithe de chuid an Choimisinéara faoi na hAchtanna Luachála a tharmligean i scríbhinn chuig aon oifigeach don Choimisinéir ach ní tharmligfidh sé feidhm i ndáil le hachomharc nó le hiarratas faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 chuig oifigeach a chomhlíon feidhm roimhe sin i ndáil leis an athbhreithniú is déanaí ar luacháil na maoine lena mbaineann. |
| [EN] | (2) I gcás go dtarmligfear feidhm faoi fho-alt (1) den alt seo comhlíonfaidh an t-oifigeach an fheidhm faoi threoir ghinearálta agus faoi réir rialú ginearálta an Choimisinéara agus de réir cibé teorainneacha (más ann) a shonrófar sa tarmligean i ndáil leis an limistéar nó leis an tréimhse ina gcomhlíonfaidh sé, nó go feadh an méid a chomhlíonfaidh sé, an fheidhm. | |
| [EN] | (3) Nuair a fheidhmeoidh oifigeach aon fheidhm a tharmligtear dó faoin alt seo measfar gurb é an Coimisinéir a fheidhmeoidh í. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh tarmligean faoin alt seo baint a bheith aige le comhlíonadh feidhme i gcoitinne nó le comhlíonadh feidhme i gcás áirithe nó in aicme cáis áirithe nó i ndáil le maoin inrátaithe i limistéar áirithe. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh an Coimisinéir tarmligean faoin alt seo a chúlghairm tráth ar bith i gcoitinne nó i ndáil le cás áirithe nó le haicme cáis áirithe nó i ndáil le maoin i limistéar áirithe. | |
| [EN] | (6) Más rud é, maidir le cás áirithe, go gcúlghairtear tarmligean feidhme tráth nach mbíonn an fheidhm comhlíonta go hiomlán féadfaidh an Coimisinéir féin nó oifigeach cuí-tharmligthe eile leanúint de chomhlíonadh na feidhme maidir leis an gcás. | |
| [EN] | (7) Féadfaidh an tAire Airgeadais orduithe ginearálta a thabhairt don Choimisinéir maidir le feidhmiú a chuid feidhmeanna faoin alt seo agus déanfaidh an Coimisinéir de réir aon orduithe den sórt sin. | |
| [EN] |
Táillí. |
7. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le rialachán an táille a fhorordú a mhuirearófar i leith achomhairc chuig an gCoimisinéir Luachála faoi ailt 19 agus 31 d'Acht 1852 nó chuig an mBinse nó i leith iarratais chuig an gCoimisinéir Luachála nó i leith aon aicme achomhairc nó iarratais den sórt sin faoin Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar táillí faoin Acht seo a thógáil agus a bhailiú i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar iad isteach sa Státchiste nó déanfar iad a dhiúscairt chun sochar an Státchiste de réir orduithe an Aire Airgeadais. | |
| [EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin. | |
| [EN] |
Foirmeacha. |
8. —Gach iarratas, fógra agus liosta a theastaíonn chun críocha na nAchtanna Luachála beidh siad i cibé foirm a sholáthróidh an tAire Airgeadais ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Luachála. |
| [EN] |
Caiteachais. |
9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais nó an tAire Comhshaoil nó an Coimisinéir Luachála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
| [EN] |
Rialacháin chun deacrachtaí riaracháin a dhíchur. |
10. —(1) Más rud é go mbainfidh aon deacracht in aon slí leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh féadfaidh an tAire Airgeadais le rialacháin aon ní a dhéanamh a dhealraíonn a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh, agus féadfaidh aon rialachán den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid a dhealraíonn sin a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an rialachán a thabhairt in éifeacht. |
| [EN] | (2) Ní dhéanfar aon rialachán faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis dhá bhliain a bheith caite ó thráth an Achta seo a rith. | |
| [EN] |
Orduithe agus rialacháin áirithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
11. —Gach ordú faoi alt 4 (7) nó rialachán faoi alt 10 den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán. |
| [EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
12. —(1) Féadfar an tAcht Luachála, 1988 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Déanfar na hAchtanna Luachála agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. |