An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Téacs de Phrótacal 1971 arna leasú le Coinbhinsiún Aontachais 1978 agus le Coinbhinsiún Aontachais 1982) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982)

3 1988

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978

Alt 3.

Teideal V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 34

1. Ní bheidh feidhm ag Coinbhinsiún 1968 agus Prótacal 1971, fara na leasuithe a dhéantar leis an gCoinbhinsiún seo, ach amháin ar imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus ar ionstraimí barántúla a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar tar éis an Coinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm sa Stát tionscnaimh, agus i gcás iarratais chun breithiúnas nó ionstraim bharántúil a aithint nó a fhorghníomhú, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2. Ach, amhail idir na sé Stát Chonarthacha i gCoinbhinsiún 1968, déanfar breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú.

3. Thairis sin, amhail idir na sé Stát Chonarthacha i gCoinbhinsiún 1968, agus na trí Stát a luaitear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún seo, agus amhail idir na trí Stát sin, déanfar breithiúnais a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú freisin de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú i gcás an dlínse a bheith bunaithe ar rialacha a bhí i gcomhréir le forálacha Theideal II, arna leasú, nó le forálacha i gcoinbhinsiún arna thabhairt i gcrích idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas agus a raibh feidhm aige nuair a tionscnaíodh na himeachtaí.

Airteagal 35

Má bhí na páirtithe i ndíospóid i dtaobh conartha tar éis comhaontú a dhéanamh i scríbhinn, roimh theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún seo, go mbeadh an conradh faoi rialú ag dlí na hÉireann nó ag dlí chuid den Ríocht Aontaithe, coinneoidh cúirteanna na hÉireann nó na coda sin den Ríocht Aontaithe an ceart chun dlínse a fheidhmiú sa díospóid.

Airteagal 36

Go ceann tréimhse trí bliana ó theacht i bhfeidhm do Choinbhinsiún 1968 i gcás Ríocht na Danmhairge agus i gcás na hÉireann, faoi seach, déanfar dlínse in ábhair mhuirí a chinneadh sna Stáit sin de réir fhorálacha an Choinbhinsiúin sin i dteannta fhorálacha mhíreanna 1 go 6 anseo thíos. Ach nuair a thiocfaidh an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Longa Farraige a Ghabháil, a síníodh sa Bhruiséil an 10 Bealtaine 1952, i bhfeidhm i gcás ceann de na Stáit sin, scoirfidh na forálacha seo d'éifeacht a bheith acu i gcás an Stáit sin.

1. Féadfar duine ar a bhfuil sainchónaí i Stát Conarthach a agairt i gcúirteanna ceann de na Stáit thuasluaite maidir le héileamh muirí más rud é go ndearnadh an long lena mbaineann an t-éileamh, nó aon long eile leis an duine sin, a ghabháil trí phróis dlí i gcríoch an Stáit is déanaí atá luaite chun an t-éileamh a urrú, nó go bhféadfaí í a ghabháil ann amhlaidh ach gur tugadh banna nó urrús eile, sna cásanna seo a leanas:

(a) má tá sainchónaí sa Stát deireanach sin ar an éilitheoir; nó

(b) más sa Stát deireanach sin a d'éirigh an t-éileamh; nó

(c) má bhaineann an t-éileamh leis an aistear ar lena linn a rinneadh an ghabháil nó a d'fhéadfaí í a dhéanamh; nó

(d) má thig an t-éileamh as imbhualadh nó as damáiste a rinne long do long eile nó d'earraí nó do dhaoine ar bord ceachtar long, trí chor inlíochta a dhéanamh nó gan é a dhéanamh nó trí neamhchomhlíonadh rialachán; nó

(e) más éileamh ar tharrthálas atá ann; nó

(f) más éileamh i leith mhorgáistiú na loinge a gabhadh nó i leith a curtha i ngeall atá ann.

2. Féadfaidh éilitheoir an long áirithe a mbaineann an t-éileamh muirí léi a ghabháil, nó aon long eile leis an duine arbh é úinéir na loinge áirithe é an tráth a d'éirigh an t-éileamh muirí. Ach i gcás na n-éileamh muirí atá leagtha amach i bhfomhír (o), (p) nó (q) de mhír 5 den Airteagal seo, ní féidir a ghabháil ach an long áirithe a mbaineann an t-éileamh muirí léi.

3. Measfar longa a bheith san úinéireacht chéanna nuair is leis an duine nó na daoine céanna na scaireanna go léir iontu.

4. I gcás cairtfhostú loinge trína forléasadh, más é an cairtfhostóir amháin atá faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin, féadfaidh an t-éilitheoir an long sin nó aon long eile leis an gcairtfhostóir a ghabháil, ach ní fhéadfar aon long eile is leis an úinéir a ghabháil i leith an éilimh mhuirí sin. Is mar sin a bheidh freisin in aon chás ina mbeidh duine seachas úinéir loinge faoi dhliteanas i leith éilimh mhuirí a bhaineann leis an long sin.

5. Ciallaíonn an abairt “éileamh muirí” éileamh a thig as ní nó nithe díobh seo a leanas:

(a) damáiste ar bith a raibh long ina cúis leis, trí imbhualadh nó ar dhóigh eile;

(b) bás duine nó díobháil do dhuine a raibh long ar bith ina cúis leis nó a tharla i ndáil le hoibriú loinge ar bith;

(c) tarrthálas;

(d) comhaontú maidir le húsáid nó le fruiliú loinge ar bith, cibé acu trí chonradh fostaithe nó ar dhóigh eile é;

(e) comhaontú maidir le hiompar earraí in aon long cibé acu trí chonradh fostaithe nó ar dhóigh eile é;

(f) cailleadh nó damáistiú earraí, lena n-áirítear bagáiste, a bhí á n-iompar i long ar bith;

(g) caillroinnt ilpháirteach;

(h) longmhorgáiste;

(i) tuáil;

(j) píolótaíocht;

(k) earraí nó ábhair a soláthraíodh in áit ar bith do long chun í a oibriú nó a choimeád i dtreo;

(l) déanamh, deisiú nó trealmhú loinge ar bith nó táillí agus dleachtanna duga;

(m) pá máistrí, oifigeach nó foirne;

(n) eisíocaíochtaí máistir, lena n-áirítear eisíocaíochtaí a rinne seoladóirí, cairtfhostóirí nó gníomhairí thar ceann loinge nó thar ceann a húinéara;

(o) díospóid i dtaobh an teidil chun loinge ar bith nó i dtaobh a húinéireachta;

(p) díospóidí idir comhúinéirí loinge ar bith i dtaobh úinéireacht, seilbh, úsáid nó tuilleamh na loinge sin;

(q) morgáistiú loinge ar bith nó a cur i ngeall.

6. Sa Danmhairg, measfar, maidir leis na héilimh mhuirí dá dtagraítear i bhfomhíreanna (o) agus (p) de mhír 5 den Airteagal seo, go bhfolaíonn an focal “gabháil” forbud i gcás inarb é sin an t-aon nós imeachta amháin a cheadaítear i leith éilimh den sórt sin faoi Airteagail 646 go 653 den Acht i dtaobh an nós imeachta shibhialta (Lov om rettens pleje).

Teideal VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 37

Déanfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach cóip dheimhnithe de Choinbhinsiún 1968 agus de Phrótacal 1971 sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis a chur chuig Rialtais Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

Déanfar téacsanna Choinbhinsiún 1968 agus Phrótacal 1971, arna dtarraingt suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis agus sa Ghaeilge, a chur i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo. Is téacsanna údarásacha faoi na coinníollacha céanna le téacsanna bunaidh Choinbhinsiún 1968 agus Phrótacal 1971 na téacsanna arna dtarraingt suas sa Bhéarla, sa Danmhairgis agus sa Ghaeilge.

Airteagal 38

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 39

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh daingniú déanta acu air, an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh ag Ballstáit bhunaidh an Chomhphobail agus ag Ballstát nua amháin.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ballstát nua a dhaingneoidh é dá éis sin an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 40

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do Stáit an Choinbhinsiúin seo a shíniú:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm do na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 41

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na seacht dtéacs; taiscfear é i gcartlann Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.