An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1978) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Sainchónaí.)

3 1988

AN tACHT UM DHLÍNSE CÚIRTEANNA AGUS FORGHNÍOMHÚ BREITHIÚNAS (NA COMHPHOBAIL EORPACHA), 1988

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Teidil V agus VI de Choinbhinsiún Aontachais 1982

Alt 3.

Teideal V

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA

Airteagal 12

1. Ní bheidh feidhm ag Coinbhinsiún 1968 agus Prótacal 1971, arna leasú le Coinbhinsiún 1978 agus leis an gCoinbhinsiún seo, ach amháin ar imeachtaí dlíthiúla a thionscnófar agus ar ionstraimí barántúla a tharraingeofar suas go foirmiúil nó a chlárófar tar éis an Coinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm sa Stát tionscnaimh agus, i gcás iarratais chun breithiúnas nó ionstraim bharántúil a aithint nó a fhorghníomhú, sa Stát chun a ndéantar an t-iarratas.

2. Déanfar, áfach, breithiúnas a thabharfar tar éis dáta an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas in imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta sin a aithint agus a fhorghníomhú de réir fhorálacha Theideal III de Choinbhinsiún 1968 arna leasú le Coinbhinsiún 1978 agus leis an gCoinbhinsiún seo i gcás an dlínse a bheith bunaithe ar rialacha a bhí i gcomhréir le forálacha Theideal II de Choinbhinsiún 1968, arna leasú, nó le forálacha coinbhinsiún a bhí i bhfeidhm idir an Stát tionscnaimh agus an Stát chun a ndéantar an t-iarratas tráth na n-imeachtaí a thionscnamh.

Teideal VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Déanfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach cóio dheimhnithe de Choinbhinsiún 1968, de Phrótacal 1971 agus de Choinbhinsiún 1978 sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis a chur chuig Rialtas na Poblachta Heilléanaí.

Déanfar téacsanna Choinbhinsiún 1968, Phrótacal 1971 agus Choinbhinsiún 1978, arna dtarraingt suas sa Ghréigis, a chur i gceangal leis an gCoinbhinsiún seo. Is téacsanna údarásacha faoi na coinníollacha céanna le téacsanna eile Choinbhinsiún 1968, Phrótacal 1971 agus Choinbhinsiún 1978 na téacsanna arna dtarraingt suas sa Ghréigis.

Airteagal 14

Déanfaidh Stáit a shínithe daingniú ar an gCoinbhinsiún seo. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le hArd-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach.

Airteagal 15

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, amhail idir na Stáit a mbeidh sé daingnithe acu, an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin deiridh ag an bPoblacht Heilléanach agus ag na Stáit a chuir Coinbhinsiún 1978 i bhfeidhm de réir Airteagal 39 den Choinbhinsiún sin.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Ballstát a dhaingneoidh dá éis sin é an chéad lá den tríú mí i ndiaidh thaisceadh a ionstraime daingniúcháin.

Airteagal 16

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na gComhphobal Eorpach in iúl do Stáit an Choinbhinsiúin seo a shíniú:

(a) taisceadh gach ionstraime daingniúcháin;

(b) dátaí an Choinbhinsiúin seo a theacht i bhfeidhm do na Stáit Chonarthacha.

Airteagal 17

Tarraingíodh an Coinbhinsiún seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na hocht dtéacs; taiscfear é i gcartlann Ard-Rúnaíocht Chomhairle na gComhphobal Eorpach, agus cuirfidh an tArd-Rúnaí cóip dheimhnithe de chuig Rialtas gach ceann de Stáit a shínithe.