4 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1988


AN tACHT UM LÍNE B & I, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

“an Chuideachta”.

2.

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise i Líne B & I.

3.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971

1971, Uimh. 11

An tAcht um British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1986

1986, Uimh. 22

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

/images/harp.jpg


Uimhir 4 de 1988


AN tACHT UM LÍNE B & I, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAI-REANNA BREISE A CHEANNACH I LÍNE B & I CUIDE-ACHTA PHOIBLÍ THEORANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[16 Márta, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

“an Chuideachta”.

1. —Sna hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1986, ciallaíonn “an Chuideachta” an chuideachta ar a dtugtaí roimhe seo an British & Irish Steam Packet Company Limited agus a athchláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , faoin ainm B & I Line public limited company le deimhniú corpraithe dar dháta an 3ú lá d'Iúil, 1986.

An tAire Airgeadais do cheannach scaireanna breise i Líne B & I.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1971, trí “céad milliún gnáthscair” a chur in ionad “nócha is sé mhilliún gnáthscair” (a cuireadh isteach leis an Acht um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil) (Leasú), 1986), agus tá an t-alt sin 2, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Féadfaidh an tAire Airgeadais céad milliún gnáthscair ar a mhéid sa Chuideachta £1 an ceann a cheannach i dteannta na ngnáthscaireanna sa Chuideachta a cheannaigh sé faoin gcomhaontú dar tugadh formheas le halt 2 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Líne B & I, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Líne B & I, 1965 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um an British & Irish Steam Packet Company Limited (Fáil), 1965 go 1986, agus den Acht seo le chéile.