5 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1988


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960

1960, Uimh. 35

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980

1980, Uimh. 15

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1985

1985, Uimh. 21

Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1988


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ NACH MÓ NÁ MÉID IOMLÁN SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA. [23 Márta, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1985 ) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ):

“(j) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £9,660,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais,

(k) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1985, agus den Acht seo le chéile.