An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Árachas Sóisialach do Dhaoine Féinfhostaithe)

7 1988

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988

CUID II

Méaduithe

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1987) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 21ú lá d'Iúil, 1988,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 25ú lá d'Iúil, 1988,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 28ú lá d'Iúil, 1988, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 29ú lá d'Iúil, 1988.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1987) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 20ú lá d'Iúil, 1988,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 28ú lá d'Iúil, 1988,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 29ú lá d'Iúil, 1988, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 25ú lá d'Iúil, 1988.

Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh.

5. —(1) Déantar leis seo alt 232B (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984 ) den Phríomh-Acht a leasú—

(a) trí “£108” a chur in ionad “£104” (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1987), i mír (a), agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (arna leasú leis an alt sin 4):

“(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £108—

(i) arna mhéadú de £23 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh, nó

(ii) arna mhéadú de cibé méideanna a bheidh forordaithe in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí cibé líon leanaí a bheidh forordaithe agus an líon leanaí sin a áireamh.”.

(2) Déantar leis seo alt 232C (2) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984 ) den Phríomh-Acht a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (arna leasú le halt 4 d'Acht 1987):

“(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £16—

(i) arna mhéadú de £7 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh, nó

(ii) arna mhéadú de cibé rátaí a bheidh forordaithe in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí cibé líon leanaí a bheidh forordaithe agus an líon leanaí sin a áireamh.”.

(3) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon éileamh le haghaidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a fhaightear an 28ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1987):

“(c) I gcás go raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £16,200 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

Ranníocaí fostaíochta.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “0.43 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1986), i míreanna (a) (ii) agus (b) d'fho-alt (2).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.

Sochar pá-choibhneasa.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1987) den Phríomh-Acht trí “£66” a chur in ionad “£62”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht (rialacháin le haghaidh ranníocaí, etc.).

9. —Leasaítear leis seo alt 15 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) ús a bheidh dlite ar riaráistí ranníocaí fostaíochta a tharscaoileadh.”.