An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Méaduithe) Ar Aghaidh (CUID IV Leasuithe Ilghnéitheacha)

7 1988

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988

CUID III

Árachas Sóisialach do Dhaoine Féinfhostaithe

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

10. —Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an míniú ar “ranníoc cáilitheach” a scriosadh, agus

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘féinfhostaíocht inárachaithe’ féinfhostaíocht den chineál gur ranníocóir féinfhostaithe duine a bheadh ag gabháil di;

ciallaíonn ‘ranníoc cáilitheach’ an ranníoc fostaíochta nó an ranníoc féinfhostaíochta iomchuí a íocadh nó a d'íocfaí murach alt 10 (1) (c) nó alt 17C (d) nó (e) i leith aon duine árachaithe;

ciallaíonn ‘díolaíochtaí ináirithe’, i ndáil le ranníocóir féinfhostaithe, díolaíochtaí (seachas tuilleamh ináirithe, díolaíochtaí neamhairgid agus cibé díolaíochtaí eile a bheidh forordaithe) lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , lúide cibé méid den ranníoc inlamháilte dá dtagraítear i rialacháin 59 agus 60 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ) (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh 260 de 1972)) a asbhainfear tráth íoctha na ndíolaíochtaí sin;

ciallaíonn ‘ioncam ináirithe”, i ndáil le ranníocóir féinfhostaithe, an t-ioncam comhiomlán (gan tuilleamh ináirithe, díolaíochtaí ináirithe, ioncam neamhairgid agus cibé ioncam eile a bheidh forordaithe a áireamh), ó gach bunadh in aghaidh na bliana ranníoca arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ach gan féachaint d'alt 2 nó d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1969 , nó (ach amháin i gcás duine lena mbaineann mír 1 de Chuid IIA den Chéad Sceideal) do Chaibidil 1 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tar éis cibé méid d'aon asbhaint a bhaint as an ioncam is asbhaint a lamháiltear de bhua na bhforálacha dá dtagraítear in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 , atá le hasbhaint ón ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh agus é á mhuirearú maidir le cáin ioncaim;

tá le ‘ranníocóir féinfhostaithe’ an bhrí a shanntar dó in alt 17A;

tá le ‘ranníoc féinfhostaíochta’ an bhrí a shanntar dó in alt 17B.”.

Caibidil 1A a chur isteach i gCuid II den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid II tar éis Chaibidil 1:

“Caibidil 1A

DAOINE ÁRACHAITHE, RANNÍOCAÍ FÉINFHOSTAÍOCHTA

Ranníocóirí féinfhostaithe.

17A.—(1) Faoi réir an Achta seo—

(a) is ranníocóir féinfhostaithe chun críocha an Achta seo gach duine os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin (nach duine atá ar áireamh in aon cheann de na haicmí daoine a shonraítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal) a bhfuil ioncam ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe aige, is cuma an ranníocóir fostaithe é chomh maith,

(b) gach duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir fostaithe nó ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair tiocfaidh sé dá chionn sin chun bheith árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh sé, dá éis sin, ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh, agus

(c) i gcás duine nár ranníocóir fostaithe é tráth ar bith, a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair measfar gurb é dáta a theacht faoi árachas an chéad lá den bhliain ranníoca ina dtiocfaidh sé chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe.

(2) Faoi réir an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir féinfhostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad, beidh sé, ar iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, i dteideal teacht chun bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníocaí faoin Acht seo go saorálach (dá ngairtear ranníocóir saorálach san Acht seo).

(3) Má thagann ranníocóir saorálach chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe scoirfidh sé de bheith ina ranníocóir saorálach.

(4) Féadfar a fhoráil le rialacháin—

(a) go n-áireofar i measc ranníocóirí féinfhostaithe aicmí daoine nó cuid d'aon aicme daoine den sórt a shonraítear nó a áirítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal,

(b) go gcuirfear leis na haicmí daoine a shonraítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal,

(c) go ndéanfar modhnú ar aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a bhaineann le ranníocóirí féinfhostaithe.

(5) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (4), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(6) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 6 Aibreán, 1988.

Ranníocaí a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

17B.—(1) Chun críocha alt 9 beidh, maille leis na ranníocaí dá bhforáiltear leis an alt sin, ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí féinfhostaíochta san Acht seo) ann i leith ranníocóirí féinfhostaithe.

(2) Íocfar ranníocaí féinfhostaíochta isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.

Rátaí ranníocaí féinfhostaíochta agus ábhair ghaolmhara.

17C.—Íocfaidh ranníocóirí féinfhostaithe ranníocaí féinfhostaíochta de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) Faoi réir mhíreanna (b), (d) agus (k), más rud é in aon bhliain ranníoca go mbeidh ioncam ináirithe ag ranníocóir féinfhostaithe beidh ranníoc féinfhostaíochta iníoctha aige—

(i) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1988, méid is ionann agus 3 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó,

(ii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1989, méid is ionann agus 4 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó, agus

(iii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1990, méid is ionann agus 5 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó.

(b) Más rud é maidir le haon bhliain ranníoca go gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl do ranníocóir féinfhostaithe nach gá dó tuairisceán ar ioncam a thabhairt de réir bhrí alt 48 (1) den Acht Airgeadais, 1986 , íocfaidh an ranníocóir féinfhostaithe ranníocaí féinfhostaíochta (cibé acu ina dtráthchodanna nó ar shlí eile de réir mar a fhorordófar) arb é a méid £104 i leith na bliana ranníoca sin.

(c) Faoi réir mhíreanna (d) agus (k), más rud é go ndéanfar íocaíocht in aon bhliain ranníoca le ranníocóir féinfhostaithe i leith díolaíochtaí ináirithe an ranníocóra fhéinfhostaithe sin, beidh ranníoc féinfhostaíochta iníoctha aige—

(i) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1988, méid is ionann agus 3 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó,

(ii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1989, méid is ionann agus 4 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó, agus

(iii) arb é a bheidh ann le héifeacht ón 6 Aibreán, 1990, méid is ionann agus 5 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó:

(d) Ní bheidh ranníocaí faoi mhír (a) nó (c) iníoctha in aon bhliain ranníoca ar an oiread (más ann) d'ioncam ináirithe nó de dhíolaíochtaí ináirithe ranníocóra fhéinfhostaithe don bhliain sin a bheidh de bharrachas ar £16,200.

(e) Ní bheidh an ranníoc féinfhostaíochta is iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe de réir mhír (a), (b) nó (c), cibé acu is iomchuí, iníoctha i gcás ranníocóra fhéinfhostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas:

(i) pinsean baintrí (ranníocach);

(ii) pinsean baintrí (neamhranníocach);

(iii) sochar banchéile thréigthe;

(iv) liúntas banchéile thréigthe;

(v) sochar báis mar phinsean baintrí faoi alt 50;

(vi) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197; nó

(vii) íocaíocht ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (v) ó údarás inniúil Ballstáit (seachas an Stát) de chuid na gComhphobal Eorpach faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin na gComhphobal ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlach a ghluaiseann laistigh de chríoch na gComhphobal Eorpach.

(f) Le linn na tréimhse trí mhí dar tús an 1 Deireadh Fómhair, 1990, déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, forálacha na Caibidle seo agus Chaibidlí 7 agus 11 a athbhreithniú a mhéid a bhaineann siad le ranníocóirí féinfhostaithe.

(g) Faoi réir rialachán faoi alt 17D, i gcás gur íoc ranníocóir féinfhostaithe ranníoc féinfhostaíochta de mhéid nach lú ná an méid a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc faoi mhír (a) nó an méid a shonraítear i mír (b), cibé acu is iomchuí, measfar gur íoc sé ranníocaí in aghaidh gach seachtaine ranníoca sa bhliain ranníoca sin agus, i gcás ar lú an ranníoc a íocadh ná an méid iomchuí a dúradh measfar nár íoc an ranníocóir féinfhostaithe aon ranníoc i leith aon seachtaine den bhliain ranníoca sin.

(h) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear i mír (d) a athrú agus beidh éifeacht leis an athrú sin ó thús na bliana ranníoca díreach i ndiaidh na bliana ina ndearnadh na rialacháin.

(i) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi mhír (h), leagfar dréacht de na rialacháin atá beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(j) Faoi réir fho-alt (3) d'alt 17G, déanfar neamhshuim de ranníocaí féinfhostaíochta nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca d'aon sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach) nó liúntas dílleachta (ranníocach) comhlíonta.

(k) Duine a ndlífí air, murach an mhír seo, ranníocaí £208 a íoc faoi mhír (a) agus faoi mhír (c) ní dhlífidh sé ach ranníoc singil £208 a íoc.

Rialacháin lena bhforáiltear ranníocaí is iníoctha a chinneadh.

17D.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin le haghaidh ranníocaí is iníoctha, méid nó rátaí na ranníocaí sin agus na seachtainí ranníoca ar ina leith a mheasfar na ranníocaí sin a bheith íoctha, a chinneadh i gcás duine—

(a) a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair,

(b) a scoirfidh de bheith ina ranníocóir féinfhostaithe,

(c) ar ranníocóir fostaithe agus ranníocóir féinfhostaithe é cibé acu go comhthréimhseach nó nach ea,

(d) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe aige ach nach mbeidh ioncam ináirithe aige,

(e) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe agus ioncam ináirithe aige,

(f) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe aige a bhaineann le tréimhse is lú ná an bhliain iomlán, nó

(g) a ndlífear air i leith na bliana ranníoca dar críoch an 5 Aibreán, 1989, ranníoc féinfhostaíochta £104 a íoc.

(2) Ní chuirfidh rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) faoi deara do dhuine árachaithe ranníocaí a íoc ar an mbarrachas os cionn £16,200 de chomhiomlán a thuilleamh ináirithe, a dhíolaíochtaí ináirithe agus a ioncaim ináirithe, san iomlán, in aon bhliain ranníoca.

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘ranníocaí’ ranníocaí fostaíochta is iníoctha faoi alt 10 agus ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi alt 17C.

Rialacháin lena ndéantar athrú ar rátaí íocaíochta ranníocaí féinfhostaíochta.

17E.—(1) Féadfar le rialacháin na rátaí nó na méideanna ranníocaí féinfhostaíochta a athrú.

(2) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Rialacháin chun ranníocaí féinfhostaíochta etc. a bhailiú.

17F.—(1) Chun críocha ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi alt 17C (b) agus (c), féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas—

(a) an t-am agus an modh chun ranníocaí féinfhostaíochta a íoc,

(b) ranníocaí féinfhostaíochta a bhailiú agus a ghnóthú agus sonraí a thabhairt i ndáil le ranníocaí féinfhostaíochta,

(c) ús a mhuirearú ar riaráistí ranníocaí féinfhostaíochta,

(d) ús a tharscaoileadh a bheidh dlite ar riaráistí ranníocaí féinfhostaíochta,

(e) na méideanna a mheas a bheidh dlite i leith ranníocaí féinfhostaíochta agus achomhairc i ndáil leis na meastacháin sin,

(f) fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le tréimhsí féinfhostaíochta inárachaithe,

(g) fostóir do bhaint as díolaíochtaí ináirithe ranníocóra fhéinfhostaithe aon ranníoc féinfhostaíochta a gcreideann an fostóir le réasún go bhfuil sé dlite den ranníocóir agus coigeartú in aon chás ró-asbhainte, agus

(h) aon ní a bhaineann nó a ghabhann le haon ní dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin foráil d'aon fheidhm a bhaineann le ní dá dtagraítear san fho-alt sin a shannadh don Ard-Bhailitheoir nó do cibé duine a bheidh sonraithe.

(3) Maidir le forálacha aon achtacháin nó ionstraime a dhéantar faoi reacht a bhaineann le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú nó a ghnóthú nó le taifid a iniúchadh chun na gcríoch sin nó a bhaineann le hachomhairc i ndáil le cáin ioncaim, beidh acu, fara aon mhodhnuithe is gá, feidhm i ndáil le ranníocaí féinfhostaíochta i leith díolaíochtaí ináirithe atá de dhualgas ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim.

(4) Déanfar ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe in aghaidh bliana ranníoca faoi alt 17C (a) i leith ioncaim ináirithe, a mheasúnú, a mhuirearú agus a íoc ar gach slí ionann is dá mba mhéid cánach ioncaim iad agus féadfar iad a shonrú mar aon suim amháin (dá ngairtear ‘an tsuim chomhiomlánaithe’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) leis an gcáin ioncaim a bheidh in aon ríomh nó measúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanfaidh ranníocóir féinfhostaithe nó a dhéanfar air don bhliain mheasúnachta (de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim) a bheidh comhthráthach leis an mbliain ranníoca agus chun na críche sin féadfar na ranníocaí féinfhostaíochta a shonrú amhlaidh d'ainneoin nach bhfuil aon mhéid cánach ioncaim sa ríomh nó sa mheasúnacht sin agus beidh feidhm ag na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim, seachas aon fhorálacha den sórt sin a mhéid a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a dheonú, ionann is mba shuim shingil chánach ioncaim an tsuim chomhiomlánaithe.

(5) I gcás go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain mheasúnachta le rogha a dhéantar nó a mheasfar a bheith déanta faoi alt 195 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar na ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha ag banchéile a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú ionann is dá mba iad ranníocaí a fearchéile iad ar choinníoll nach bhfearfaidh forálacha an fho-ailt seo ar an gceist i dtaobh méid na ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha amhlaidh i leith an fhearchéile nó an bhanchéile.

(6) In aon imeachtaí a thionscnófar de bhua an Achta seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach a bheidh ceaptha go cuí ag an Aire chuige sin agus a dheimhníonn go bhfuil méid i leith ranníoca fhostaíochta nó fhéinfhostaíochta dlite agus iníoctha ag an gcosantóir beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh.

Ranníocaí saorálacha.

17G.—(1) Is de réir ráta £208 i mbliain ranníoca, a bheidh iníoctha cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire, a bheidh ranníoc saorálach i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir saorálach faoi alt 17A (2).

(2) Aon ranníocaí saorálacha a íocfaidh duine faoi fho-alt (1), déanfar neamhshuim díobh, faoi réir fho-alt (3), do gach sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach).

(3) Aon ranníocaí féinfhostaíochta a íocfaidh duine, is ranníocóir saorálach a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, nó dá éis, agus aon ranníocaí saorálacha dá éis sin a íocfaidh daoine den sórt sin, beidh siad ináirithe freisin—

(a) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálaigh faoi alt 11 (1) (b) (i) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do shochar banchéile thréigthe,

(b) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálaigh faoi alt 11 (1) (b) (ii) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do phinsean scoir, do shochar banchéile thréigthe agus do dheontas báis, agus

(c) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálagh faoi alt 11 (1) (b) (iii) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do phinsean scoir agus do dheontas báis.

(4) Measfar, maidir le ranníoc saorálach a íocadh faoi fho-alt (1), gur íocadh é in aghaidh gach seachtaine ranníoca sa bhliain ranníoca sin.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6 Aibreán, 1988.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid II:

“CUID IIA

RANNÍOCÓIRÍ FÉINFHOSTAITHE EISCTHE

1. Gaol forordaithe leis an ranníocóir féinfhostaithe nach comhpháirtí é, i gcás go mbeidh sé páirteach i ngnó an ranníocóra fhéinfhostaithe agus go ndéanfaidh sé na tascanna céanna nó tascanna foghabhálacha.

2. Ranníocóir féinfhostaithe atá, de bhua fhorálacha ailt 137 agus 138, ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta.

3. Duine a mbeidh comhiomlán a ioncaim ináirithe, a dhíolaíochtaí ináirithe nó a thuillimh ináirithe (más ann) go huile, sula n-asbhainfear an oiread sin d'aon asbhaint—

(a) a lamháiltear de bhua na bhforálacha dá dtagraítear in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 , a asbhaint nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim agus é á mhuirearú i leith cánach ioncaim, nó

(b) a lamháiltear de réir rialacháin 59 agus 60 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ) (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh. 260 de 1972)), a asbhaint ar dhíolaíochtaí nó tuilleamh a íoc,

faoi bhun méid forordaithe.

4. Ranníocóir fostaithe nó duine a bheidh ag fáil pinsin a thig as fostaíocht roimhe sin agus i gcás ceachtar acu nach mbeidh ioncam lena mbaineann Caibidil II nó III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar áireamh san ioncam ináirithe don bhliain ranníoca.

5. Duine a bheidh fostaithe in aon fhostaíocht nó in aon fhostaíochtaí a shonraítear i Rialacháin faoi alt 7, ar fostaíochtaí iad nach n-áirítear na ranníocaí is iníoctha maidir leo faoi na Rialacháin sin ach amháin i ndáil le pinsean baintrí (ranníocach), sochar banchéile thréigthe no liúntas dílleachta (ranníocach) a dheonú agus nach n-áirítear iad i ndáil le haon sochar eile a dheonú.”.

Leasú ar alt 78 den Phríomh-Acht (pinsean seanaoise (ranníocach)).

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 78:

“78A. Chun críocha na Caibidle seo i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, agus ar ranníocóir fostaithe é tráth ar bith roimh an dáta sin measfar gurb é an dáta ar tháinig sé faoi árachas den chéad uair nó an 6 Aibreán, 1988, cibé acu is fabhraí dó, an dáta ar tháinig sé faoi árachas:

Ar choinníoll má mheastar amhlaidh faoi dháta seachas an dáta ar tháinig an t-éilitheoir faoi árachas den chéad uair, go measfar gurb é an dáta sin an dáta ar tháinig sé faoi árachas chun críocha mhíreanna (a) agus (c) d'alt 79 (1).”.

Leasú ar alt 93 den Phríomh-Acht (pinsean baintrí (ranníocach)).

14. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 93:

“93A. Chun críocha alt 93 (1) (b) i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, agus ar ranníocóir fostaithe é tráth ar bith roimh an dáta sin measfar gurb é an dáta ar tháinig sé faoi árachas den chéad uair nó an 6 Aibreán, 1988, cibé acu is fabhraí dó, an dáta ar tháinig sé faoi árachas.

Cinntí.

15. —Aon cheist—

(a) i dtaobh cibé acu atá nó a bhí fostaíocht ina féinfhostaíocht inárachaithe,

(b) i dtaobh cibé acu atá nó a bhí duine i bhféinfhostaíocht inárachaithe, nó

(c) i dtaobh an ráta ranníoca féinfhostaíochta is iníoctha nó ab iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe,

is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh í de réir Chuid VIII den Phríomh-Acht.

Feidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a bhaineann le ranníocóirí féinfhostaithe agus le ríomh ranníocaí.

16. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon fhorálacha den Phríomh-Acht a mbeidh feidhm acu maidir le ranníocóirí fostaithe nó le ranníocaí fostaíochta a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe) maidir le ranníocóirí féinfhostaithe agus ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi mhír (a), (b) nó (c) d'alt 17C den Phríomh-Acht.

(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar coigeartuithe nuair a bheidh méideanna is iníoctha i leith ranníocaí féinfhostaíochta á ríomh chun áireamh a éascú agus chun méideanna nach mó ná 5p a dhíchur as ranníocaí féinfhostaíochta agus chun méideanna is mó ná 5p ach is lú ná 10p a chothromú suas go dtí 10p.

Forálacha ginearálta i dtaobh Rialachán.

17. —Beidh an méid seo a leanas faoi réir cheadú an Aire Airgeadais—

(a) rialacháin chun críocha ailt 10, 17D agus 17F den Phríomh-Acht agus mhíreanna 1 agus 3 de Chuid IIA den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus alt 16 (1) den Acht seo,

(b) dréacht de rialacháin arna ndéanamh faoi ailt 17A (4), 17C (h) agus 17E den Phríomh-Acht.

Cumhacht chun deacrachtaí a shárú.

18. —(1) Más rud é in aon chás go mbainfidh aon deacracht leis an gCuid seo a thabhairt i ngníomh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon ní a dhéanamh le hordú a dhealraítear a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an Chuid seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar forálacha na Coda seo a mhodhnú le haon ordú den sórt sin a mhéid a dhealraítear a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don ordú.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo ar bhliain amháin a bheith caite tar éis thosach feidhme an ailt seo.