An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

67. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1987” alt 51 den Acht Airgeadais, 1987 ;

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988 beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1987 ach “£44,473,927” a chur in ionad “£45,510,049”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1987 ach “£33,669,150” a chur in ionad “£34,980,050”.

(4) D'fhonn iasachtaí i leith seirbhísí caipitiúla agus d'fhonn ús ar an gcéanna, a fhuascailt, déanfar suim £44,807,298 a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais comhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1988.

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £34,439,900 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

(8) Íocfaidh an tAire isteach sa Chuntas, agus cuirfidh sé chun feidhme, aon suim (lena n-áirítear ús a bheidh faighte aige ar thaiscí sealadacha arna sealbhú thar lear faoi alt 4 (2) (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Leithreasa, 1969 ) den Acht Leithreasa, 1965 , agus ús a bheidh faighte ar chuntais an Státchiste le Banc Ceannais na hÉireann nó le sealbhóir ceadúnais faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ) a bheidh faighte aige de dhroim idirbhearta a ndeachthas fúthu faoi alt 54 (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) den Acht Airgeadais, 1970 , chun an t-ús agus na caiteachais ar an bhfiach poiblí a íoc.

Leasú ar alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 .

68. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970

(a) trí “, nó ó aon Chiste Roinne eile atá faoina rialú,” a chur isteach i ndiaidh “ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist” i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht Airgeadais, 1978 ), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ):

“(8) Féadfaidh an tAire, chun bainisteoireacht níos fearr a dhéanamh ar an bhféichiúnas a thabhóidh sé faoin alt seo, cibé nithe a dhéanamh agus cibé bearta a ghlacadh (lena n-áirítear saineolaithe agus sainseirbhísí a fhostú) a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun na gcríoch sin, agus is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a mhuirearófar na caiteachais agus na costais eile a thabhóidh an tAire Airgeadais faoin bhfo-alt seo nó thairis sin i ndáil leis an mbainisteoireacht sin.”.

AN TÁBLA

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, urrúis a bhunaigh agus a d'eisigh sé faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas a cheannach ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist, nó ó aon Chiste Roinne eile atá faoina rialú, agus a chealú.

Forálacha a bhaineann le suimeanna a airleacan do Chiste na nIasachtaí Áitiúla.

69. —(1) I gcás go ndéantar, nó go ndearnadh, roimh dháta an Achta seo a rith, aon suim a airleacan, de bhun alt 5 (2) d'Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , as an bPríomh-Chiste do Chiste na nIasachtaí Áitiúla, féadfaidh an tAire Airgeadais, más dóigh leis gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, tarscaoileadh a dhéanamh—

(a) ar an tsuim sin go léir, nó ar cibé cuid de a shonróidh an tAire, nó

(b) ar iomlán aon iarmhéid den tsuim sin nach mbeidh aisíoctha nó ar cibé cuid de a shonróidh an tAire,

mar aon le hiomlán aon úis neamhíoctha ar an tsuim sin nó ar an iarmhéid sin, nó cibé cuid de a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le gach suim nó iarmhéid ar tarscaoileadh a n-aisíoc nó cuid dá n-aisíoc, nó ar tarscaoileadh aisíoc an úis nó cuid den ús orthu de bhun fho-alt (1), ráiteas ina sonrófar na nithe seo a leanas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, eadhon:

(a) méid iomlán na suime a airleacadh as an bPríomh-Chiste;

(b) méid iomlán na príomhshuime, ar tarscaoileadh a haisíoc de bhun fho-alt (1); agus

(c) méid iomlán an úis, ar tarscaoileadh a aisíoc de bhun fho-alt (1).

Urrúis de chuid Bhord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.

70. —(1) Leasaítear leis seo Cuid XXXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 467:

“467A.—(1) Aon bhintiúir, stoc bhintiúir, bannaí, nótaí, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis arna eisiúint tar éis dháta rite an Achta Airgeadais, 1988 , ag cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, measfar gur urrúis iad a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 466 agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, le linn méid brabús nó gnóchan cuideachta lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh chun críocha measúnachta faoi Sceideal D, in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, ar stoc bintiúir, ar bhannaí, ar nótaí, ar dheimhnithe muirir nó ar fhoirmeacha eile urrúis a bheidh, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 466 arna chur chun feidhme leis an alt seo, íoctha ag an gcuideachta gan cáin a asbhaint in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Bord Telecom Éireann agus Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.”, agus

(b) trí “467A,” a chur isteach i ndiaidh “alt 467,” in alt 474 (1), agus tá an t-alt sin 474 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(1) Baineann an t-alt seo le haon stoc nó urrús eile ar arb iníoctha ús gan cáin ioncaim a asbhaint de bhua ordaithe ón Aire Airgeadais de bhun alt 467, 467A, 471, 472 nó 473 nó alt 59 den Acht Airgeadais, 1970 , nó alt 92 den Acht Airgeadais, 1973 .

(2) (a) Leasaítear leis seo alt 19 (d) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith, trí “Bord Telecom Éireann, Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t.,” a chur isteach i ndiaidh “Bord Soláthair an Leictreachais,” agus tá an t-alt sin 19 (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

(b) Amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 54 den Acht Airgeadais, 1983 , ná le mír (b) d'alt 66 den Acht Airgeadais, 1984 .

AN TÁBLA

(d) bintiúir, stoc bintiúir, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis a d'eisigh Bord Soláthair an Leictreachais, Bord Telecom Éireann, Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann c.p.t., Córas Iompair Éireann, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, Bord na Móna, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta.

Puntáiste agus táillí áirithe eile.

71. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(a) na hAchtanna Cánach,

(b) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(c) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(d) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(e) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;

ciallaíonn “deimhniú” deimhniú arna eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “cláraitheoir contae” duine atá ceaptha chun bheith ina chláraitheoir contae faoi alt 35 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 ;

ciallaíonn “mainnitheoir” duine a bheidh sonraithe nó deimhnithe in ordú forghníomhaithe nó deimhniú ar duine é a mbeidh méid iomchuí a bheidh sonraithe nó deimhnithe san ordú nó sa deimhniú iontobhaigh ina leith;

tá le “ordú forghníomhaithe” an bhrí chéanna atá le “ordú feidhmiúcháin” san Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ;

ciallaíonn “táillí” na táillí, ar a dtugtar táillí puntáiste, is iníoctha faoi alt 14 (1) den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , agus faoi orduithe arna ndéanamh faoin Acht sin, i leith seirbhísí ag forghníomhú, nó i dtaca le forghníomhú, ordaithe fhorghníomhaithe a ordaíonn nó a údaraíonn ordú cúirte a fhorghníomhú trí mhaoin duine a urghabháil agus a dhíol nó, de réir mar is cuí, na táillí, ar comhréir leis na táillí sin a dúradh, is iníoctha faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith deimhniú a fhorghníomhú;

ciallaíonn “ús ar cháin neamhíoctha” ús a bheidh faibhrithe faoi aon fhoráil de na hAchtanna a dhéanann foráil le haghaidh ús a mhuirearú i leith cánach neamhíoctha, lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí;

ciallaíonn “méid iomchuí” méid cánach nó ús ar cháin neamhíoctha;

ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá, de réir aon fhorála de na hAchtanna, curtha faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.

(b) Aon tagairtí, maidir le hordú forghníomhaithe, do mhéid iomchuí, folaíonn siad tagairtí d'aon mhéid costas a bheidh sonraithe san ordú.

(2) (a) Más rud é—

(i) go ndéanfar ordú forghníomhaithe nó deimhniú ina sonraítear nó ina ndeimhnítear mainnitheoir, agus a bhaineann le méid iomchuí, a thaisceadh, roimh dháta an Achta seo a rith, nó dá éis, leis an sirriam cuí nó leis an gcláraitheoir contae cuí lena fhorghníomhú,

(ii) go dtabharfaidh an sirriam nó, de réir mar a bheidh, an cláraitheoir contae fógra don mhainnitheoir faoin taisceadh nó faoi é bheith beartaithe aige an t-ordú forghníomhaithe nó an deimhniú a fhorghníomhú trí mhaoin an mhainnitheora lena mbaineann sé a urghabháil, nó go n-éileoidh sé go n-íocfaidh an mainnitheoir an méid iomchuí, agus

(iii) go n-íocfar an méid iomchuí go léir, nó cuid de, leis an sirriam nó, de réir mar a bheidh, leis an gcláraitheoir contae nó leis an Ard-Bhailitheoir, tar éis an fógra a bheith tugtha nó an t-éileamh a bheith déanta mar a dúradh,

ansin, chun críche dhliteanas an mhainnitheora i leith táillí a íoc agus chun críche fheidhmiú aon chearta nó cumhachtaí i ndáil le bailiú táillí atá dílsithe de thuras na huaire, faoin dlí, do shirriamaí agus do chláraitheoirí contae—

(I) measfar seilbh a bheith glactha, i bhforghníomhú an ordaithe fhorghníomhaithe nó an deimhnithe, ag an sirriam nó, de réir mar a bheidh, ag an gcláraitheoir contae, ar an maoin sin a dúradh, agus

(II) measfar an íocaíocht a luadh i bhfomhír (iii) a bheith tobhaithe, i bhforghníomhú an ordaithe fhorghníomhaithe nó an deimhnithe, ag an sirriam nó, de réir mar a bheidh, ag an gcláraitheoir contae,

agus beidh táillí iníoctha ag an mainnitheoir leis an sirriam sin nó, de réir mar a bheidh, leis an gcláraitheoir contae sin dá réir sin i leith na híocaíochta a luadh i bhfomhír (iii).

(b) Beidh feidhm ag mír (a) freisin, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcás gur tugadh nó go ndearnadh fógra nó éileamh den chineál a luaitear i bhfomhír (ii) den mhír sin roimh dháta an Achta seo a rith, má íocadh na táillí lena mbaineann leis an sirriam nó leis an gcláraitheoir contae lena mbaineann roimh an dáta rite sin.

Dreasú chun cúrsaí cánach a thabhairt cothrom le dáta.

72. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(i) na hAchtanna Cánach,

(ii) Cuid V den Acht Airgid, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin,

(iii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(iv) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;

tá le “riaráistí cánach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2) (a);

ciallaíonn “an dáta dlite”, i ndáil le méid cánach, an dáta a dtiocfaidh duine chun bheith faoi dhliteanas ús a íoc, faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, maidir le híoc déanach na cánach sin;

ciallaíonn “meastachán” meastachán cánach arna dhéanamh de réir fhorálacha—

(i) alt 7 nó 8 den Acht Airgeadais, 1968 ,

(ii) alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , agus na rialachán atá déanta faoi, nó

(iii) alt 22 nó 23 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

de réir mar a bheidh;

folaíonn “breithiúnas” aon ordú nó foraithne;

ciallaíonn “ús iomchuí” ús (seachas ús lena mbaineann fo-alt (4)) is iníoctha de réir na bhforálacha sonraithe i leith riaráistí cánach;

ciallaíonn “na forálacha sonraithe” aon fhoráil de na hAchtanna a bhféadfadh duine dá mbun a bheith faoi dhliteanas—

(i) ús a íoc i leith cánach neamhíoctha lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí, nó

(ii) fíneáil nó pionós eile a íoc i leith ciona;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide, cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin bhreisluacha, de réir mar a bheidh.

(b) An tagairt i bhfo-alt (2) (b) do mhéid cánach a bheidh dlite agus iníoctha forléireofar í, i gcás cáin a mheasúnú nó a mheas i measúnacht nó meastachán a mbeidh achomharc déanta ina aghaidh, mar thagairt don mhéid cánach a thiocfaidh chun bheith dlite agus iníoctha ar an achomharc a chinneadh (de réir bhrí alt 550 (2A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) nó, fad a bheidh an cinneadh sin ar feitheamh, an cháin mar a measúnaíodh nó mar a measadh í.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le duine—

(a) nár íoc nó nár chuir ar aghaidh, roimh an dáta dlite, cáin (dá ngairtear “riaráistí cánach” san alt seo) a bhí dlite agus iníoctha aige ar an 31ú lá de Nollaig, 1987, nó roimh an dáta sin de réir aon fhorála de chuid na nAchtanna, lena n-áirítear cáin a bheadh dlite agus iníoctha amhlaidh dá mbeadh aon tuairisceán, ráiteas nó dearbhú (is tuairisceán, ráiteas nó dearbhú, de réir mar a bheidh, ba chóir a bheith déanta aige ach nach raibh déanta aige, de réir na nAchtanna) déanta amhlaidh agus dá mbeadh an cháin sin ar áireamh i measúnacht nó meastachán a rinneadh roimh an dáta sin,

agus

(b) a d'íoc nó a chuir ar aghaidh, tráth ar bith sa tréimhse idir an 27ú lá d'Eanáir, 1988, agus an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1988—

(i) na méideanna cánach go léir a bhí dlite agus iníoctha aige roimh an tréimhse sin nó lena linn de réir fhorálacha na nAchtanna, lena n-áirítear cibé riaráistí cánach dá dtagraítear i mír (a), agus

(ii) na méideanna go léir a dhligh sé a íoc nó a chur ar aghaidh roimh an tréimhse sin nó lena linn—

(I) de réir fhorálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus na rialachán arna ndéanamh fúthu,

(II) de réir fhorálacha an Achta um Ranníocaí Sláinte, 1979 , agus na rialachán arna ndéanamh faoi,

(III) de réir fhorálacha an Achta um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 , agus na rialachán arna ndéanamh faoi, agus

(IV) de réir fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais, 1983 .

(3) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, i gcás duine lena mbaineann an t-alt seo—

(a) déanfar ús iomchuí a bheidh dlite de agus gan íoc ag deireadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) a tharscaoileadh, agus

(b) ní thionscnófar aon imeachtaí, ná ní leanfar ar aghaidh le haon imeachtaí, chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú a bheidh tabhaithe ag an duine, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi aon cheann de na forálacha sonraithe i ndáil le riaráistí cánach, ná ní lorgóidh ná ní éileoidh na Coimisinéirí Ioncaim go n-íocfaidh an duine aon suim in ionad na fíneála nó an phionóis sin.

(4) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hús is inmhuirearaithe in aghaidh aon mhíosa, nó cuid de mhí, dar tosach—

(a) an lú lá de Mhárta, 1988, i leith cánach a dhligh duine a chur ar aghaidh—

(i) de bhun Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus na rialachán arna ndéanamh faoi, nó alt 7 den Acht Airgeadais, 1968 , agus na rialachán a dúradh, nó a dhligh duine a íoc de réir fhorálacha alt 8 den Acht Airgeadais, 1968 ,

(ii) de bhun alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , agus na rialachán arna ndéanamh faoi, nó

(iii) de bhun an Achta Cánach Breisluacha, 1972 , agus na rialachán arna ndéanamh faoi,

(b) an 1ú lá de Bhealtaine, 1988, i leith cánach seachas cáin dá dtagraítear i mír (a).

(5) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (3) nó aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, aon ús iomchuí a íocfaidh duine an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis—

(a) déanfar, más duine é lena mbaineann an t-alt seo, é a aisíoc leis, nó

(b) féadfar, mura duine den sórt sin é, é a áireamh mar íocaíocht i leith aon mhéid (is méid a bheadh, dá mba dhuine den sórt sin é, íoctha nó curtha ar aghaidh aige de réir fho-alt (2) (b)) más rud é, ach más rud é amháin, gur dhuine lena mbaineann an t-alt seo a bheadh ann de bhíthin an áirimh sin; agus déanfar aon ús iomchuí a bheidh íoctha de bhreis ar an méid sin a dúradh a aisíoc leis.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ús, fíneáil nó pionós eile—

(a) a bheidh, i gcás fíneála nó pionóis eile, gearrtha ag cúirt faoi aon cheann de na hAchtanna,

(b) i gcás úis, is ús a d'ordaigh cúirt do dhuine a íoc in aon imeachtaí chun cáin nó ús a ghnóthú, nó

(c) in aon chás, a bheidh ar áireamh i suim shonraithe de chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1983 , más rud é, de bhun imscrúdú ag cigire, gur ghlac na Coimisinéirí Ioncaim leis an tsuim shonraithe ar an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó roimhe sin.

(7) Leasaítear leis seo alt 23 (4) den Acht Airgeadais, 1983 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) go bhfuil feidhm ag forálacha alt 72 den Acht Airgeadais, 1988 , nó”.

Méideanna a bheidh dlite i ndáil le cáin a asbhaint ó íocaíochtaí a bheidh dlite do mhainnitheoirí.

73. —(1) (a) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1988.

(b) San alt seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(i) na hAchtanna Cánach,

(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus

(iii) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu;

ciallaíonn “fiach breise”, i ndáil le duine iomchuí a bhfuil fógra astaithe faighte aige i leith cáiníocóra, aon mhéid a bheadh, tráth ar bith tar éis don duine iomchuí an fógra astaithe a fháil ach roimh dheireadh na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, ina fhiach a bheadh dlite don cháiníocóir den duine sin dá mbeadh fógra astaithe faighte aige an tráth sin;

ciallaíonn “fiach”, i ndáil le fógra astaithe a bheidh tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra agus i ndáil leis an duine iomchuí sin agus leis an gcáiníocóir sin, méid nó méid comhiomlán aon airgid a bheidh, an tráth a bhfaighidh an duine iomchuí an fógra astaithe, dlite den duine iomchuí (cibé acu as a chuntas féin, nó mar ghníomhaire nó iontaobhaí) don cháiníocóir is cuma cé acu a bheidh nó nach mbeidh iarratas déanta ag an gcáiníocóir go n-íocfaí (leis féin nó le haon duine eile) nó go dtarraingeofaí amach an t-airgead go léir nó cuid de:

Ar choinníoll—

(i) más foras airgeadais duine iomchuí, go ndéanfar aon mhéid nó aon mhéid comhiomlán airgid, lena n-áirítear ús ar an gcéanna, arb éard é, an tráth sin, taisce atá á shealbhú ag an duine iomchuí chun creidmheasa an cháiníocóra dá thairbhe féin amháin, a áireamh mar fhiach a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir an tráth sin,

(ii) nach ndéanfar aon mhéid airgid a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir mar dhíolaíochtaí faoi chonradh seirbhíse a áireamh amhlaidh, agus

(iii) i gcás díospóid a bheith ann i dtaobh méid airgid a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir, go dtabharfar neamhaird ar an méid atá faoi dhíospóid d'fhonn méid an fhéich a chinneadh;

ciallaíonn “taisce” suim airgid a íocfar le foras airgeadais ar théarmaí faoina n-aisíocfar é i dteannta nó d'éagmais úis agus sin ar éileamh nó ag tráth agus in imthosca ar a gcomhaontófar idir an duine nó thar ceann an duine a dhéanfaidh an íocaíocht agus an duine lena ndéanfar í;

ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní arb inmheasúnaithe cáin ioncaim air faoi Sceideal E;

ciallaíonn “foras airgeadais” sealbhóir ar cheadúnas a eisíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó duine dá dtagraítear in alt 7 (4) den Acht sin agus folaíonn sé brainse d'fhoras airgeadais a thaifeadann taiscí ina chuid leabhar mar dhliteanais de chuid an bhrainse;

ciallaíonn “tuairisceán sa bhreis” tuairisceán arna thabhairt ag duine iomchuí faoi fho-alt (4);

ciallaíonn “ús ar cháin neamhíoctha”, i ndáil le méid sonraithe a bheidh sonraithe i bhfógra astaithe, ús a bheidh faibhrithe anuas go dtí an dáta a dtabharfar an fógra astaithe, faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna a dhéanann socrú le bús a mhuirearú i leith cánach neamhíoctha lena n-áirítear ús ar ghearrmhuirear cánach is inchurtha síos do chalaois nó d'fhaillí;

ciallaíonn “fógra astaithe” fógra faoi fho-alt (2);

ciallaíonn “fógra cúlghairme” fógra faoi fho-alt (10);

ciallaíonn “pionós” pionós airgeadaíochta arna ghearradh ar cháiníocóir faoi fhoráil de na hAchtanna;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i ndáil le fógra astaithe agus maidir leis an duine iomchuí dá dtugtar an fógra astaithe, an tréimhse dar tosach an tráth a bhfaighidh an duine iomchuí an fógra agus dar críoch—

(i) an dáta a gcríochnóidh sé de bheith ag íoc méid leis na Coimisinéirí Ioncaim, as an bhfiach, nó as comhiomlán an fhéich agus aon fhéich bhreise eile, a bheidh dlite de don cháiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra, is méid ar comhionann leis an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir,

(ii) an dáta a bhfaighidh sé fógra cúlghairme i leith an fhógra astaithe, nó

(iii) más amhlaidh atá, maidir leis féin nó leis an gcáiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra—

(I) go ndearbhaítear ina fhéimheach é, an dáta a ndearbhaítear amhlaidh é féin nó an cáiníocóir, nó

(II) gur cuideachta é a dtosaítear á foirceannadh, an “dáta iomchuí” de réir bhrí alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , i ndáil leis an bhfoirceannadh,

cibé dáta acu is luaithe;

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le cáiníocóir, duine a bhfuil cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go bhféadfadh go bhfuil, an tráth a bhfaighidh sé fógra astaithe i leith cáiníocóra, fiach dlite de don cháiníocóir;

ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán arna thabhairt ag duine iomchuí faoi fho-alt (2) (a) (iii);

tá le “méid sonraithe” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2) (a) (ii);

ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear atá, de réir aon fhorála de chuid na nAchtanna, curtha faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “cáiníocóir” duine a dhlíonn cáin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó a chur ar aghaidh chucu nó cuntas a thabhairt dóibh ina leith faoi na hAchtanna.

(2)  (a)  Faoi réir fho-alt (3), i gcás gur mhainnigh cáiníocóir, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, aon cháin, ús ar cháin neamhíoctha nó pionós a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó a chur ar aghaidh chucu nó cuntas a thabhairt dóibh ina leith, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mura mbeidh an mhainneachtain ceartaithe ag an gcáiníocóir, fógra i scríbhinn (dá ngairtear “an fógra astaithe” san alt seo) a thabhairt do dhuine iomchuí i ndáil leis an gcáiníocóir agus beidh ar áireamh san fhógra sin—

(i) ainm agus seoladh an cháiníocóra,

(ii) méid nó méid comhiomlán (dá ngairtear “an méid sonraithe” san alt seo) na gcánacha, an úis ar chánacha neamhíoctha agus na bpionós a mbeidh mainneachtain déanta ag an gcáiníocóir ina leith an tráth a dtabharfar an fógra astaithe, agus

(iii) ordú don duine iomchuí—

(I) go ndéanfaidh sé, laistigh den tréimhse 10 lá ón tráth a bhfaighidh sé an fógra astaithe, tuairisceán i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim ina sonrófar cé acu atá nó nach bhfuil aon fhiach dlite de don cháiníocóir an tráth a bhfaighidh sé an fógra agus i gcás aon fhiach a bheith dlite amhlaidh, ina sonrófar méid an fhéich:

Ar choinníoll, i gcás méid an fhéich a bheidh dlite den duine iomchuí don cháiníocóir a bheith ar cóimhéid leis an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó i gcás gur mó ná an méid sin é, gur méid ar cóimhéid leis an méid sonraithe a bheidh i méid an fhéich a bheidh sonraithe sa tuairisceán,

agus

(II) má bhíonn méid aon fhéich sonraithe amhlaidh, go n-íocfaidh sé leis na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh den tréimhse a dúradh, suim ar cóimhéid le méid an fhéich a bheidh sonraithe amhlaidh.

(b)  Ní mór do dhuine iomchuí a mbeidh fógra astaithe tugtha dó déanamh de réir an ordaithe san fhógra.

(3) Ní dhéanfar aon mhéid i leith cánach, úis ar cháin neamhíoctha nó pionóis, a mbeidh mainneachtain déanta ag cáiníocóir ina leith mar a shonraítear i bhfo-alt (2), a áireamh i bhfógra astaithe mura rud é—

(a) go mbeidh tréimhse míosa caite ón dáta ar ar thosaigh an mhainneachtain sin, agus

(b) go mbeidh fógra i scríbhinn (bíodh nó ná bíodh sa doiciméad ina bhfuil an fógra faisnéis eile freisin á tabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim don cháiníocóir), tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim don cháiníocóir, tráth nach déanaí ná 10 lá roimh an dáta a bhfaighidh an duine iomchuí atá i gceist an fógra astaithe, á rá go bhféadfar, mura n-íocfar an méid, é a shonrú i bhfógra astaithe agus é a ghnóthú faoin alt seo ó dhuine iomchuí i ndáil leis an gcáiníocóir.

(4) Más rud é, nuair a fhaigheann duine iomchuí fógra astaithe, gur lú méid an fhéich a bheidh dlite de don cháiníocóir a bheidh ainmnithe san fhógra ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir nó nach mbeidh aon fhiach dlite amhlaidh agus, tráth ar bith dá éis sin ach roimh dheireadh na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, go dtiocfaidh fiach breise chun bheith dlite den duine iomchuí don cháiníocóir, déanfaidh an duine iomchuí, laistigh de 10 lá ón tráth sin—

(a) más ionann comhiomlán mhéid aon fhéich a bheidh dlite amhlaidh agus an fhéich bhreise a bheidh dlite amhlaidh, agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó más lú ná an méid sonraithe sin é—

(i) tuairisceán sa bhreis, ina sonrófar an fiach breise, a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim, agus

(ii) méid an fhéich bhreise a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim,

agus mar sin ar aghaidh do gach ócáid ina dhiaidh sin, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra astaithe, a dtiocfaidh fiach breise chun bheith dlite den duine iomchuí don cháiníocóir go dtí gur comhionann méid comhiomlán an fhéich agus an fhéich bhreise nó na bhfiach breise a bheidh dlite amhlaidh, agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó go dtí go mbeidh feidhm ag forálacha mhír (b) i ndáil le fiach breise, agus

(b) más mó méid comhiomlán aon fhéich agus an fhéich bhreise nó na bhfiach breise a bheidh dlite amhlaidh don cháiníocóir ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir—

(i) tuairisceán sa bhreis a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim ina sonrófar cibé cion den fhiach breise is déanaí a fhágann, nuair a chuirtear é le comhiomlán an fhéich agus aon fhiach breise is luaithe, gur comhionann é agus an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, agus

(ii) an cion sin a dúradh den fhiach breise a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) I gcás go seachadfaidh duine iomchuí go calaoiseach nó go faillíoch tuairisceán, nó tuairisceán sa bhreis, nach bhfuil cruinn ach a airbheartaíonn gur tuairisceán nó tuairisceán sa bhreis é arna thabhairt de réir an ailt seo, measfar é a bheith ciontach i gcion faoi alt 94 den Acht Airgeadais, 1983 .

(6) (a)  I gcás fógra astaithe a bheith tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra, ní dhéanfaidh an duine iomchuí, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, aon eisíocaíochtaí as an bhfiach, ná as aon fhiach breise, a bheidh dlite de don cháiníocóir ach amháin sa mhéid—

(i) nach laghdóidh aon eisíocaíocht den sórt sin an fiach nó comhiomlán an fhéich agus aon fhiach breise a bheidh dlite amhlaidh go dtí méid is lú ná an méid sonraithe i ndáil leis an gcáiníocóir, nó

(ii) gur de bhun ordaithe cúirte a dhéantar aon eisíocaíocht den sórt sin.

(b)  Chun críocha an ailt seo, aon eisíocaíocht a dhéanann duine iomchuí contrártha do mhír (a), measfar nach laghdaíonn sé méid an fhéich ná aon fhiach breise atá dlite de don cháiníocóir.

(7) (a)  Beidh feidhm ag ailt 500 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le mainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán a cheanglaítear le fógra astaithe a sheachadadh laistigh den tréimhse ama atá sonraithe san fhógra nó tuairisceán sa bhreis a sheachadadh laistigh den tréimhse ama atá sonraithe i bhfo-alt (4) mar atá feidhm acu maidir le mainneachtain tuairisceán dá dtagraítear san alt sin 500 a sheachadadh agus leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht sin trí “An tAcht Airgeadais, 1988 , mír (a) (iii) (I) d'fho-alt (2) agus míreanna (a) (i) agus (b) (i) d'fho-alt (4) d'alt 73” a chur isteach i gColún 1.

(b)  Aon deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus a dheimhníonn gur scrúdaigh sé na taifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas tuairisceán sonraithe ó dhuine iomchuí le linn tréimhse sonraithe, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an duine iomchuí an tuairisceán le linn na tréimhse sin agus féadfar deimhniú, a dheimhníonn mar a fhoráiltear leis an mír seo agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh.

(8) I gcás go ndéanfaidh duine iomchuí a mbeidh fógra astaithe i leith cáiníocóra tugtha dó—

(a) an tuairisceán a sheachadadh a cheanglaítear a sheachadadh leis an bhfógra sin ach go mainneoidh sé an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán, nó aon chuid den mhéid sin, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, nó

(b) tuairisceán sa bhreis a sheachadadh faoi fho-alt (4) ach go mainneoidh sé an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán sa bhreis, nó aon chuid den mhéid sin, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fho-alt sin (4),

féadfar, mura mbeidh an fógra astaithe cúlghairthe le fógra cúlghairme, agairt i leith an méid a bheidh sonraithe sa tuairisceán nó sa tuairisceán sa bhreis, nó i leith na coda sin, de réir mar a bheidh, a mhainnigh sé a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfar é a ghnóthú, trí chaingean nó trí imeachtaí cuí eile, ar agra ó oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a fhágann go ndlífear, maidir le haon mhainneachtain ag duine iomchuí tuairisceán nó tuairisceán sa bhreis, a cheanglaítear leis an alt seo, a thabhairt, nó an méid nó na méideanna a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim a cheanglaítear air a íoc leis an alt seo, an mhainneachtain sin a áireamh mar mhainneachtain lena mbaineann alt 94 den Acht Airgeadais, 1983 .

(10) (a)  Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra astaithe a bheidh tugtha do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra a chúlghairm tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don duine iomchuí agus cúlghairfear láithreach é má bhíonn an méid sonraithe íoctha ag an gcáiníocóir leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(b) Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocann duine iomchuí aon mhéid leis na Coimisinéirí Ioncaim as fiach nó fiach breise a bheidh dlite de don cháiníocóir agus go mbeidh, an tráth a bhfaighidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid sin, an méid sonraithe íoctha ag an gcáiníocóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid céadluaite a aisíoc láithreach leis an gcáiníocóir.

(11) Má thugtar fógra astaithe nó fógra cúlghairme do dhuine iomchuí i ndáil le cáiníocóir, tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cóip de láithreach don cháiníocóir.

(12) (a)  Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocfaidh duine iomchuí aon mhéid leis na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an duine iomchuí fógra i scríbhinn a thabhairt láithreach don cháiníocóir lena mbaineann sé ina sonrófar an íocaíocht, méid na híocaíochta agus an fáth a ndearnadh í.

(b) Ar na Coimisinéirí Ioncaim d'fháil méid a bheidh íoctha de bhun an ailt seo, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scéala i scríbhinn a thabhairt láithreach don cháiníocóir agus don duine iomchuí á rá go bhfuair siad an méid sin.

(13) Más rud é, de bhun an ailt seo, go n-íocfaidh duine iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim an t-iomlán, nó cuid, de mhéid féich, nó féich bhreise, a bhí dlite de do cháiníocóir, nó aon chion de mhéid den sórt sin, lamhálfaidh an cáiníocóir an íocaíocht sin agus saorfar agus díscaoilfear an duine iomchuí i leith mhéid na híocaíochta amhail is dá mba leis an gcáiníocóir a íocadh í.

(14) Más rud é, de bhun an ailt seo, go bhfuil duine iomchuí toirmiscthe ó aon eisíocaíocht a dhéanamh as fiach, nó fiach breise, atá dlite do cháiníocóir, ní bheidh aon ábhar caingne i gcoinne an duine iomchuí in aon chúirt mar gheall ar mhainneachtain aon eisíocaíocht den sórt sin a dhéanamh.

(15) Aon oibleagáid atá ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a chaomhnú nó aon srian eile ar nochtadh faisnéise ag na Coimisinéirí Ioncaim, ní bheidh feidhm aici nó aige i ndáil le faisnéis a bheidh i bhfógra astaithe.

(16) Ní dhéanfar fógra astaithe i leith cáiníocóra a thabhairt do dhuine iomchuí tráth ar féimheach neamhurscaoilte nó cuideachta atá á foirceannadh an duine iomchuí nó an cáiníocóir.

(17) I gcás fógra astaithe a bheith tugtha ag na Coimisinéirí Ioncaim do dhuine iomchuí i leith cáiníocóra, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, le linn na tréimhse iomchuí i ndáil leis an bhfógra, fógra astaithe i leith an cháiníocóra a thabhairt d'aon duine iomchuí eile.

(18) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh.

Forléiriú Achtanna áirithe de réir an Achta um Stádas Leanaí, 1987 .

74. —(1) San alt seo ciallaíonn “na hAchtanna”—

(i) na hAchtanna Cánach,

(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(iii) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin, agus

(iv) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa,

agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu.

(2) D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna nó na dátaí ar ar ritheadh iad, le linn bheith ag fionnadh cén gaol atá idir daoine chun críocha na nAchtanna, forléireofar na hAchtanna de réir alt 3 den Acht um Stádas Leanaí, 1987 .

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(i) i ndáil leis na hAchtanna Cánach, maidir leis an mbliain 1987-88 agus blianta measúnachta dá éis nó le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, de réir mar a bheidh,

(ii) i ndáil leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis,

(iii) i ndáil leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , maidir le bronntanais agus oidhreachtaí arna nglacadh an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis, agus

(iv) i ndáil leis na reachtanna a bhaineann le dleachtanna stampa, maidir le haon ionstraim arna forghníomhú an 14ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis.

Taiscí le Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt agus le Corparáid an Chairde Tionscail cpt a ráthú.

75. —An chumhacht atá ag an Aire ráthaíocht a thabhairt—

(a) faoi alt 14 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978 , go n-aisíocfar aon airgead a chruinnigh Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt, nó a fuair sí ar iasacht, agus

(b) faoi alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , go n-aisíocfar aon airgead a chruinnigh Corparáid an Chairde Tionscail cpt, nó a fuair sí ar iasacht,

folóidh sí, agus measfar gur fholaigh sí riamh, an chumhacht ráthaíocht a thabhairt go n-aisíocfar airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a taisceadh le Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt agus le Corparáid an Chairde Tionscail, cpt.

Cúram agus bainisteoireacht cánacha agus dleachtanna.

76. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

77. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainisteoireacht na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid III a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1987, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, a ghairm díobh le chéile.

(5) Déanfar Cuid IV a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(7) Déanfar Cuid VI (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhreisluacha) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1988, agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna stampa) a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le Ciste na nIasachtaí Áitiúla) a fhorléiriú i dteannta Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1987, agus féadfar Achtanna Chiste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 go 1988 a ghairm den Chuid sin agus de na hAchtanna sin, le chéile.

(8) Measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, gur tháinig Cuid I i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1988.

(9) Measfar gur tháinig Cuid III, seachas alt 60, i bhfeidhm, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1988, agus glacfaidh an t-alt sin 60 éifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1988.

(10) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(11) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(12) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.