An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VI Tobhach ar Chiste Pinsean)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

Caibidil V

Liúntais Chaipitiúla

Leasú ar alt 251 (liúntais tosaigh maidir le hinnealra agus gléasra) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

43. —Leasaítear leis seo alt 251 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4), i ndiaidh mhír (b):

“(bb) (i) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh, an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1989, ionann is dá gcuirfí ‘le trí cheathrú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1), agus

(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1991, ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an gcúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1).”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra nua, ní bheidh éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , ná le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i leith chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin.”.

Leasú ar alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

44. —Leasaítear leis seo alt 254 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás go dtabharfar liúntas faoin alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, ní dhéanfar aon mhéadú ar aon liúntas faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , de bhua fhorálacha alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil sin.”.

Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

45. —Leasaítear leis seo alt 265 (arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (c):

“(d) má fhaigheann an duine a mbeidh teideal aige chuig an leas iomchuí comaoin (seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) i leith leasa atá faoi réir an leasa iomchuí sin,”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, ná aon chomaoin den chineál dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1), nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin nó an chomaoin sin iarmhar an chaiteachais díreach roimh an teagmhas, tabharfar liúntas cothromaíochta agus is é a mhéid méid an iarmhair sin nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin nó thar an gcomaoin sin.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh, nó comaoin den chineál dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1), ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó, i gcás ar nialas an t-iarmhar, leis an airgead sin nó leis an gcomaoin sin.”.

Leasú ar alt 11 (liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe i limistéir neamhfhorbartha) den Acht Airgeadais, 1967 .

46. —Leasaítear leis seo alt 11 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(b) Maidir le haon innealra nó gléasra a sholáthrófar lena úsáid ar an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an innealra nó an ghléasra sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—

(i) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid roimh an lú lá d'Aibreán, 1989, ná 75 faoin gcéad, nó

(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná 50 faoin gcéad,

den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.

Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971 .

47. —Leasaítear leis seo alt 26 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1971 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(b) Maidir le haon innealra nó gléasra a sholáthrófar lena úsáid ar an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an innealra nó an ghléasra sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—

(i) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná 75 faoin gcéad, nó

(ii) i gcás go soláthrófar an t-innealra nó an gléasra lena úsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná 50 faoin gcéad,

den chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.”.

Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978 .

48. —Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú le halt 25 den Acht Airgeadais, 1979) den Acht Airgeadais, 1978 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) I gcás liúntas a bheith le tabhairt faoin alt sin 264, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caiteachais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (4) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 264 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.

(b) Maidir le haon chaiteachas cáilitheach a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, aon liúntas a thabharfar faoi alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus a mhéadófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, i leith an chaiteachais sin, cibé acu an i dtréimhse inmhuirearaithe amháin nó i mbreis agus tréimhse amháin den sórt sin a éileofar é, ní mó é, san iomlán—

(i) i gcás gur roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 75 faoin gcéad, nó

(ii) i gcás gur ar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a thabhófar an caiteachas cáilitheach, ná 50 faoin gcéad,

de mhéid an chaiteachais cháilithigh sin.”.

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 .

49. —Leasaítear leis seo alt 25 (arna leasú le halt 51 den Acht Airgeadais, 1986 ) den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1991” a chur in ionad “1988” i bhfo-alt (1).

Liúntais áirithe a bhuanú.

50. —Beidh éifeacht leis na forálacha (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus arna leasú le halt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , atá sonraithe sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ionann is dá mba thagairtí don lú lá d'Aibreán, 1991 na tagairtí don 1ú lá d'Aibreán, 1988 (mar a fhoráiltear in alt 20 den Acht Airgeadais, 1985 ).

AN TÁBLA

Fo-alt (2A) (a) d'alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail),

Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 264 (liúntais bhliantúla),

Mír (iii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta).

Feidhm liúntas áirithe i ndáil le limistéir áirithe agus caiteachas áirithe.

51. —(1) Tá feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le hinnealra nó gléasra nó foirgneamh tionscail a sholáthrófar lena úsáid chun críocha oibríochtaí trádála ar oibríochtaí trádála iomchuí iad de réir bhrí alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) nó alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 ;

(b) maidir le háitreabh ar áitreabh cáilitheach é, de réir bhrí alt 42 den Acht Airgeadais, 1986 ;

(c) maidir le hinnealra nó gléasra nó foirgneamh tionscail—

(i) ar tabhaíodh an caiteachas á sholáthar faoi chonradh ceangailteach a rinneadh ar an 27ú lá d'Eanáir, 1988, nó roimh an dáta sin, nó

(ii) a sholáthraítear chun críocha tionscadail a cheadaigh gníomhaireacht forbartha tionscail ar an 31ú lá de Nollaig, 1988, nó roimh an dáta sin;

agus

(d) maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1991, chun críocha trádála nó cuid de thrádáil arb éard í trádáil óstóireachta arna seoladh i bhfoirgneamh nó déanmhas nó i gcuid den chéanna (lena n-áirítear innealra nó gléasra arna sholáthar ag léasóir do léasaí lena úsáid i dtrádáil nó cuid de thrádáil den sórt sin) i gcás conradh ceangailteach chun an foirgneamh nó an déanmhas sin a sholáthar a bheith déanta tar éis an 27ú lá d'Eanáir, 1988, ach roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1988.

(2) Beidh éifeacht le halt 251 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo ionann is dá scriosfaí mír (bb) d'fho-alt (4) agus fo-alt (7) agus ionann is dá gcuirfí “1991” in ionad “1988” i bhfo-alt (4) (d).

(3) Beidh éifeacht le halt 11 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1967 , agus le halt 26 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1971 , i ndáil le liúntas a bheidh le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—

(a) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 11, agus

(b) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 26,

a scriosadh.

(4) Beidh éifeacht le halt 254 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le halt 25 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1978 , i ndáil le caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh tionscail nó áitribh lena mbaineann an t-alt seo, ionann is dá ndéanfaí—

(a) fo-alt (7) den alt sin 254, agus

(b) mír (b) d'fho-alt (2) den alt sin 25,

a scriosadh.

(5) Beidh éifeacht le halt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó déanmhas lena mbaineann fo-alt (1) (d), ionann is dá mba nár achtaíodh alt 45.

(6) San alt seo ciallaíonn “gníomhaireacht forbartha tionscail” an tÚdarás Forbartha Tionscail, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta.

Feirmeoireacht.

52. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 (arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1983 ) den Acht Airgeadais, 1974

(a) maidir le caiteachas a thabhófar an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí “ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún” a chur isteach i ndiaidh “fálta” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin (2) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2):

“(b) nach mó an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe—

(i) i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil sin, agus

(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil arna thabhú an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, ná leath an chaiteachais chaipitiúil sin.”.

AN TÁBLA

(2) I gcás ina dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta, ród, clós loctha, draenacha nó míntíriú talún, nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síosscríofa (dá ngairtear “liúntais foirgneamh feirme” san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

(2) Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1977 , trí “agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989,” a chur isteach i ndiaidh “an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis,” i bhfo-alt (1).

(3) Ní bheidh éifeacht le halt 26 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe a thosaíonn tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1989.