An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Tráthanna Toirmiscthe) Ar Aghaidh (CUID V Clubanna Cláraithe)

16 1988

AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1988

CUID IV

Forálacha i ndáil le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois

Léiriú Chuid IV.

30. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “aoischárta” cárta arna eisiúint faoi alt 40 den Acht seo;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 15 bliana d'aois;

folaíonn “áit chónaí phríobháideach” aon fhotheach, clós, garraí nó talamh eile atá ag gabháil léi nó a theachtar de ghnáth in éineacht léi.

Deoch mheisciúil a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

31. —(1) Ní dhéanfaidh sealbhóir aon cheadúnais—

(a) deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(b) deoch mheisciúil a dhíol le haon duine, ná a sheachadadh ar aon duine, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le duine, ná a sheachadadh ar dhuine, lena hól ina áitreabh ceadúnaithe ag duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois,

(c) a cheadú do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois deoch mheisciúil a ól ina áitreabh ceadúnaithe, ná

(d) a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a sholáthar, ina áitreabh ceadúnaithe, do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.

(2) Ní dhéanfaidh an sealbhóir ceadúnais d'aon áitreabh ceadúnaithe deoch mheisciúil a dhíol le haon duine ná a sheachadadh ar aon duine, ná a cheadú d'aon duine deoch mheisciúil a dhíol le haon duine ná a sheachadadh ar aon duine, lena hól in áit nach ina áitreabh ceadúnaithe ag duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £300, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £500, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(4) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) nó (2) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú gur thug an duine, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, aoischárta a bhain leis an duine sin ar aird dó nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois nó, má tá an duine á chúiseamh ar an mbonn gur cheadaigh sé do dhuine eile deoch mheisciúil a dhíol nó a sheachadadh de shárú ar an bhfo-alt sin (1) nó (2), a chruthú gur thug an duine lena mbaineann aoischárta ar aird don duine eile sin nó go raibh forais réasúnacha eile ag an duine eile sin chun creidiúint mar a dúradh.

Deoch mheisciúil a chur ar fáil do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

32. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) deoch mheisciúil a cheannach lena seachadadh ar dhuine, nó lena hól ag duine, atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach,

(b) deoch mheisciúil a sheachadadh ar dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois in áit ar bith seachas in áit chónaí phríobháideach, nó

(c) duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a chur chuig áit ar bith ag a ndíoltar, ag a seachadtar nó ag a ndáiltear deoch mheisciúil d'fhonn deoch mheisciúil a fháil ann.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná—

(a) £300, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £500, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

Cionta ag daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois.

33. —(1) Ní dhéanfaidh duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(a) deoch mheisciúil a cheannach,

(b) deoch mheisciúil a ól in aon áit seachas in áit chónaí phríobháideach ina bhfuil sé de cheart nó le cead, nó

(c) d'fhonn deoch mheisciúil a fháil nó d'fhonn go gceadófaí dó í a ól, a chur i bhfios gur duine é atá os cionn 18 mbliana d'aois.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Leanaí a eisiamh as beáir in áitribh cheadúnaithe.

34. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a cheadú d'aon leanbh a bheith, tráth ar bith, sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe.

(2) Ní bheidh sé neamhdhleathach do shealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a cheadú do leanbh a bheith sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe tráth ar bith (cé is moite de thráth a dtoirmisctear, faoi na hAchtanna, deoch mheisciúil a dhíol) má tá tuismitheoir nó caomhnóir an linbh sin in éineacht leis.

(3) Ní bheidh feidhm ag aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo i gcás linbh—

(a) arb é leanbh an tsealbhóra ceadúnais é, nó

(b) a chónaíonn san áitreabh ceadúnaithe, nó

(c) nach bhfuil ach ag dul trí bheár an áitribh cheadúnaithe d'fhonn dul isteach go dtí cuid éigin eile den áitreabh nó d'fhonn teacht aisti.

(4) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe ar taispeáint in áit fheiceálach sa bheár ina áitreabh ceadúnaithe fógra á rá gur cion é, faoi réir fhorálacha alt 31 den Acht Deochanna Meisciúla, 1988 , a cheadú do leanbh (de réir bhrí an Achta sin) a bheith i mbeár tráth ar bith a gceadaítear deoch mheisciúil a dhíol, mura mbeidh tuismitheoir nó caomhnóir an linbh sin in éineacht leis.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo, nó aon duine a chuirfidh faoi deara do leanbh nó a thabharfaidh ar leanbh dul go dtí an beár nó bheith sa bheár in áitreabh ceadúnaithe, nó a fhéachfaidh lena chur faoi deara do leanbh nó lena thabhairt ar leanbh dul go dtí an beár nó a bheith ann, de shárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) Má fhaightear leanbh i mbeár in áitreabh ceadúnaithe agus gan a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis, beidh tuismitheoir, nó, de réir mar a bheidh, caomhnóir an linbh, mura suífidh sé go raibh an leanbh ann amhlaidh—

(i) i ngan fhios dó nó gan toiliú uaidh, nó

(ii) de réir na n-imthosca a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo,

ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(8) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an leanbh isteach sa bheár nó go raibh forais réasúnacha aige chun a chreidiúint nach leanbh a bhí sa duine a líomhnaítear an cion a bheith déanta aige ina leith.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh ceadúnaithe i rith tráthanna fadaithe.

35. —(1) D'ainneoin feidhm a bheith ag ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, maidir leis an áitreabh, ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith.

(2) D'ainneoin feidhm a bheith ag ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, maidir leis an áitreabh, ní cead do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith.

(3) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe a mbeidh ordú díolúine faoi alt 4 nó 5 d'Acht 1927, nó alt 10 d'Acht 1962, i bhfeidhm ina leith, fógra ar taispeáint in áit fheiceálach sa chuid den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór an ordaithe díolúine sin, ar fógra é á rá gur cion é duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith sa chuid sin den áitreabh tráth ar bith i rith na tréimhse ar deonaíodh an t-ordú díolúine ina leith.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, isteach sa chuid sin den áitreabh ceadúnaithe a úsáidtear, ar scór ordaithe díolúine mar a dúradh, chun deoch mheisciúil a dhíol nó a ól inti i rith na tréimhse ar deonaíodh an díolúine ina leith nó gur thug an duine sin ar aird dó aoischárta a bhain leis an duine sin nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois.

Srian le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a bheith in áitreabh a úsáidtear chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh.

36. —(1) I gcás go ndéantar áitreabh ceadúnaithe, nó aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh, ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais an áitribh cheadúnaithe duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith, tráth ar bith, san áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, sa chuid sin den áitreabh sin.

(2) Ní cead do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis (seachas duine faoi bhun na haoise sin nach bhfuil sé toirmiscthe faoi alt 38 den Acht seo é a bheith fostaithe san áitreabh ceadúnaithe) a bheith, tráth ar bith, in áitreabh ceadúnaithe, nó in aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, i gcás go ndéantar an t-áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid sin den áitreabh sin, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh.

(3) I gcás go ndéantar áitreabh ceadúnaithe, nó aon chuid d'áitreabh ceadúnaithe atá deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh, a úsáid go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh, cuirfidh sealbhóir ceadúnais an áitribh cheadúnaithe sin ar taispeáint in áit fheiceálach san áitreabh sin fógra á rá gur cion é duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus nach bhfuil a thuismitheoir nó a chaomhnóir in éineacht leis, a bheith san áitreabh sin nó, de réir mar a bheidh, sa chuid sin den áitreabh sin.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £100, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £250, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £20, i gcás an chéad chiona, agus

(b) £50, i gcás dara cion nó aon chion dá éis sin,

a chur air.

(7) In aon imeachtaí i gcoinne duine mar gheall ar shárú ar fho-alt (1) den alt seo, is cosaint é don duine sin a chruthú go ndearna sé gach dícheall chun nach ligfí an duine faoi bhun 18 mbliana d'aois, a bhfuil an cúiseamh á thabhairt ina leith, isteach san áitreabh nó in aon chuid den áitreabh a úsáidtear go hiomlán nó go formhór chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól in áit nach san áitreabh nó gur thug an duine sin ar aird dó aoischárta a bhain leis an duine sin nó go raibh forais réasúnacha eile aige chun a chreidiúint go raibh an duine sin os cionn 18 mbliana d'aois.

Cumnachtaí an Gharda Síochána i ndáil le cionta áirithe.

37. —(1) Má bhíonn drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil cion faoi alt 31, 32 nó 33 den Acht seo á dhéanamh nó déanta, féadfaidh an comhalta lena mbaineann, aon bhuidéal nó coimeádán—

(a) atá ina sheilbh, in áit seachas áit a úsáidtear mar áit chónaí phríobháideach áitithe, ag duine a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin go ndearna sé an cion nó go ndearnadh an cion ina leith agus ar dealraitheach don chomhalta é a bheith faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus

(b) a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil deoch mheisciúil ann,

a urghabháil, a choinneáil agus a thabhairt as, gan bharántas.

(2) Má bhíonn drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil cion faoin gCuid seo déanta, féadfaidh an comhalta lena mbaineann—

(a)  (i) i gcás cion faoi alt 34 den Acht seo, a iarraidh ar an duine a ndearnadh an cion ina leith, más dealraitheach don chomhalta gur leanbh an duine sin, a ainm, a sheoladh agus a aois a thabhairt don chomhalta, nó

(ii) in aon chás eile, a iarraidh ar an duine a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta sin go ndearna sé an cion, nó go ndearnadh an cion ina leith, a ainm, a sheoladh agus a aois a thabhairt don chomhalta sin, nó

(b) a iarraidh ar thuismitheoir nó, de réir mar a bheidh, ar chaomhnóir an duine a rinne an cion nó a ndearnadh an cion ina leith, ainm, seoladh agus aois an duine sin a thabhairt dó.

(3) Aon duine a n-iarrfaidh comhalta den Gharda Síochána air, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ainm, seoladh agus aois a thabhairt dó agus a mhainneoidh nó a dhiúltóidh an t-ainm, an seoladh nó an aois a thabhairt don chomhalta, nó a thabharfaidh ainm, seoladh nó aois a mbeidh forais réasúnacha ag an gcomhalta chun a chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas agus, má mhainníonn nó má dhiúltaíonn an duine an t-ainm, an seoladh nó an aois a iarrfar air, a thabhairt don chomhalta nó má thugann sé ainm, seoladh nó aois atá bréagach nó míthreorach don chomhalta, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(4) Chun críocha an ailt seo féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach, gan bharántas, in áit nach áit phoiblí.

Daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois a fhostú.

38. —(1) Ní fhostóidh sealbhóir ceadúnais aon áitribh cheadúnaithe—

(a) aon duine is deirfiúr, leasdeirfiúr, iníon, leasiníon nó deirfiúr céile leis agus a chónaíonn leis agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(b) aon duine is deartháir, leasdeartháir, mac, leasmhac nó deartháir céile leis agus a chónaíonn leis agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(c) aon duine is duine atá ar phrintíseacht ag an sealbhóir ceadúnais agus atá faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(d) aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, seachas duine dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) den fho-alt seo atá os cionn 16 bliana d'aois,

chun deoch mheisciúil a dhíol lena hól ina áitreabh ceadúnaithe nó in áit nach san áitreabh ná ní cheadóidh sealbhóir ceadúnais den sórt sin d'aon duine den sórt sin a bheith ag gabháil d'aon díol den sórt sin ina áitreabh ceadúnaithe.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná—

(a) £50, i gcás an chéad chiona, nó

(b) £100, i gcás dara cion nó cion dá éis sin,

a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927 gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

Cruthúnas ar aois in ionchúiseamh.

39. —(1) Más rud é, in aon ionchúiseamh faoi alt 31, 32, 33, 35, 36, 37 nó 38 den Acht seo, go líomhnaítear, maidir leis an duine a rinne an cion nó a ndearnadh an cion ina leith, gur dhuine faoi bhun 18 mbliana d'aois é agus gur dealraitheach don Chúirt gur dhuine faoi bhun na haoise sin é an tráth a rinneadh an cion, toimhdeofar chun críocha na Coda seo gó raibh an duine sin faoi bhun 18 mbliana d'aois ar an dáta sin, mura gcruthófar a mhalairt.

(2) Más rud é, in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 34 den Acht seo, go líomhnaítear gur leanbh an duine a ndearnadh an cion ina leith, agus gur dealraitheach don Chúirt gur leanbh an duine sin an tráth a rinneadh an cion, toimhdeofar chun críocha na Coda seo gur leanbh an duine sin ar an dáta sin, mura gcruthófar a mhalairt.

Aoischártaí.

40. —(1) Féadfaidh an tAire a shocrú le rialacháin go ndéanfar cárta (dá ngairtear “aoischárta” sa Chuid seo) ina sonrófar aois an duine a eisiúint chuig duine atá 18 mbliana d'aois nó os a chionn, má iarrann an duine amhlaidh agus faoi réir na rialacháin a bheith comhlíonta aige.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar socrú a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu:

(a) an fhaisnéis, maidir le haois agus le haon ní eile a shonrófar sna rialacháin, a bheidh le tabhairt ag duine (dá ngairtear “an t-iarratasóir” san fho-alt seo) a dhéanfaidh iarratas go n-eiseofaí aoischárta,

(b) foirm iarratais ar aoischárta,

(c) táillí a mhuirearú agus a íoc i leith aoischárta a eisiúint nó a athsholáthar,

(d) foirm aoischárta agus na sonraí (a bhféadfadh grianghraf den sealbhóir a bheith ar áireamh iontu) a bheidh le sonrú in aoischárta,

(e) tréimhse bailíochta aoischárta,

(f) an duine a eiseoidh aoischárta,

(g) aon ní eile ar dóigh leis an Aire gur gá nó gur fóirsteanach socrú a dhéanamh i ndáil leis.

Aoischártaí a bhrionnú nó a athrú.

41. —(1) Ní dhéanfaidh duine doiciméad a airbheartaíonn gur aoischárta é a bhrionnú, aoischárta a athrú, ná úsáid a bhaint as doiciméad den sórt sin nó as aoischárta athraithe, le hintinn duine a mheabhlú.

(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air.