|
|||||
|
| [EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 21 de 1988 | ||||||||||
| [EN] |
ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MAOINIÚ), 1988 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 21 de 1988 | ||||||||||
ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MAOINIÚ), 1988 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] | ||||||||||
ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ ÁIRITHE A DHÉAN-AMH AS AN bPRÍOMH-CHISTE NÓ AS A THORADH FÁIS LE COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH. [4 Iúil, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Míniú. |
1. —San Acht seo tá le “na Comhphobail Eorpacha” an bhrí a shanntar dó le halt 1 (1) d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 . |
| [EN] |
Íocaíochtaí le Coimisiún na gComhphobal Eorpach i gcomhlíonadh gealltanas áirithe. |
2. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis cibé méideanna, nach mó a suim san iomlán ná £40,000,000, is gá chun a chumasú íocaíochtaí a dhéanamh le Coimisiún na gComhphobal Eorpach— |
| [EN] | (a) i gcomhlíonadh an ghealltanais a tugadh thar ceann an Rialtais, an 7ú lá de Mhárta, 1988, go n-íocfaí leis na Comhphobail Eorpacha an méid is iníoctha ag an Stát faoi réim agus de réir an ghealltanais sin, nó | |
| [EN] | (b) i gcomhlíonadh aon ghealltanais eile a thabharfar thar ceann an Rialtais, sa tréimhse dar tosach an 8ú lá de Mheitheamh, 1988, agus dar críoch an 31 ú lá de Nollaig, 1988, go n-íocfar leis na Comhphobail Eorpacha an méid is iníoctha ag an Stát faoi réim agus de réir an ghealltanais eile sin. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Maoiniú), 1988 , a ghairm den Acht seo. |