An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL An Coimisinéir Cosanta Sonraí)

25 1988

AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988

AN CHÉAD SCEIDEAL

Coinbhinsiún chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch, arna Dhéanamh i Strasbourg an 28ú lá d'Eanáir, 1981.

Alt 1 (1).

BROLLACH

Tá Ballstáit Chomhairle na hEorpa, is sínitheoirí leis seo,

Á bhreithniú dóibh gurb í aidhm Chomhairle na hEorpa aontacht níos mó a bhaint amach i measc a cuid ball, a bheidh bunaithe go háirithe ar urraim do riail an dlí chomh maith le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha;

Á bhreithniú dóibh gurb inmhianaithe na cosaintí le haghaidh ceart agus saoirsí bunúsacha do chách a leathnú agus go háirithe an ceart an phríobháideacht a urramú, ag cur san áireamh an méadú ar an sreabhadh trasteorann de shonraí pearsanta atá ag dul faoi phróiseáil uathoibríoch;

Á athdhearbhú dóibh ag an am céanna go bhfuil siad i bhfábhar saoirse faisnéise ar neamhchead do theorainneacha;

Á aithint dóibh gur gá comhréiteach a dhéanamh idir na luachanna bunúsacha a bhaineann le hurraim don phríobháideacht agus an saorshreabhadh faisnéise idir daoine,

Tar éis comhaontú mar a leanas:

CAIBIDIL I—FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Aidhm agus cuspóir

Is é is cuspóir don choinbhinsiún seo urraim dá chearta agus dá shaoirsí bunúsacha a áirithiú i gcríoch gach Páirtí do gach duine aonair, is cuma cad é a náisiúntacht ná a áit chónaithe, agus go háirithe a cheart chun príobháideachta maidir le sonraí pearsanta a bhaineann leis a phróiseáil go huathoibríoch (“cosaint sonraí”).

Airteagal 2

Mínithe

Chun críocha an choinbhinsiúin seo:

a. ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair aitheanta nó inaitheanta (“ábhar sonraí”);

b. ciallaíonn “comhad sonraí uathoibrithe” aon tacar de shonraí atá ag dul faoi phróiseáil uathoibríoch;

c. folaíonn “próiseáil uathoibríoch” na hoibríochtaí seo a leanas má dhéantar iad go hiomlán nó go páirteach trí mhodhanna uathoibrithe: stóráil sonraí, loighicoibríochtaí agus/nó oibríochtaí uimhríochtúla a dhéanamh ar na sonraí sin, iad a athrú, a scriosadh, a aisghabháil nó a leathadh;

d. ciallaíonn “rialaitheoir an chomhaid” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó aon chomhlacht eile atá inniúil de réir an dlí náisiúnta chun a chinneadh cén cuspóir ba chóir a bheith leis an gcomhad sonraí uathoibrithe, cé na haicmí sonraí pearsanta ba chóir a stóráil agus cé na hoibríochtaí ba chóir a chur i bhfeidhm maidir leo.

Airteagal 3

Raon

1. Gabhann na Páirtithe orthu féin an coinbhinsiún seo a chur chun feidhme maidir le comhaid sonraí pearsanta uathoibrithe agus maidir le próiseáil uathoibríoch ar shonraí pearsanta sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha.

2. Féadfaidh Stát ar bith an tráth a shíneoidh sé, nó an tráth a bheidh sé ag taisceadh a ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais, nó aon tráth níos déanaí, fógra a thabhairt trí dhearbhú a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa:

a. nach gcuirfidh sé an coinbhinsiún seo chun feidhme maidir le haicmí áirithe de chomhaid sonraí pearsanta uathoibrithe, a mbeidh liosta díobh taiscthe. Sa liosta seo ní áireoidh sé, áfach, aicmí de chomhaid sonraí uathoibrithe a bheidh, faoina dhlí inmheánach, faoi réir fhorálacha um chosaint sonraí. Dá bhíthin sin, leasóidh sé an liosta seo le dearbhú nua aon uair a chuirfear aicmí breise de chomhaid sonraí pearsanta uathoibrithe faoi réir fhorálacha um chosaint sonraí faoina dhlí inmheánach;

b. go gcuirfidh sé an coinbhinsiún seo chun feidhme freisin maidir le faisnéis a bhaineann le grúpaí daoine, comhlachais, fondúireachtaí, cuideachtaí, corparáidí agus aon chomhlachtaí eile arb é atá iontu go díreach nó go hindíreach daoine aonair, cibé acu a bheidh pearsantacht dhlítheanach ag na comhlachtaí sin nó nach mbeidh;

c. go gcuirfidh sé an coinbhinsiún seo chun feidhme freisin maidir le comhaid sonraí pearsanta nach bpróiseáiltear go huathoibríoch.

3. Féadfaidh aon Stát atá tar éis raon an choinbhinsiúin seo a leathnú le haon cheann de na dearbhuithe dá bhforáiltear i bhfomhír 2.bc thuas fógra a thabhairt sa dearbhú sin nach mbeidh feidhm ag na leathnuithe sin ach amháin maidir le haicmí áirithe de chomhaid sonraí pearsanta, a mbeidh liosta díobh taiscthe.

4. Aon Pháirtí atá tar éis aicmí áirithe de chomhaid sonraí pearsanta uathoibrithe a eisiamh le dearbhú dá bhforáiltear i bhfomhír 2.a thuas ní fhéadfaidh sé a éileamh go ndéanfadh páirtí nach bhfuil tar éis na haicmí sin a eisiamh an coinbhinsiún seo a fheidhmiú maidir leis na haicmí sin.

5. Mar an gcéanna, ní fhéadfaidh Páirtí nach ndearna ceann éigin de na leathnuithe dá bhforáiltear i bhfomhíreanna 2.bc thuas, a éileamh go ndéanfaí an coinbhinsiún seo a fheidhmiú, ar na pointí sin, maidir le Páirtí atá tar éis na leathnuithe sin a dhéanamh.

6. Tiocfaidh na dearbhuithe dá bhforáiltear i mír 2 thuas in éifeacht a luaithe a thiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm maidir leis an Stát a rinne iad, má rinneadh iad an tráth sínithe nó an tráth a taisceadh a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, fhormheasta nó aontachais, nó trí mhí ón tráth a bhfaighidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa iad, má rinneadh iad aon tráth níos déanaí. Féadfar na dearbhuithe seo a aistarraingt go hiomlán nó go páirteach, trí fhógra a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa. Tiocfaidh na haistarraingtí sin in éifeacht trí mhí tar éis an dáta a bhfaighfear an fógra sin.

CAIBIDIL II — BUNPHRIONSABAIL MAIDIR LE COSAINT SONRAÍ

Airteagal 4

Dualgais na bPáirtithe

1. Déanfaidh gach Páirtí na bearta is gá ina dhlí inmheánach chun éifeacht a thabhairt do na bunphrionsabail maidir le cosaint sonraí atá leagtha amach sa chaibidil seo.

2. Déanfar na bearta seo ar a dhéanaí an tráth a thiocfaidh an coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leis an bPáirtí sin.

Airteagal 5

Cáilíocht Sonraí

Maidir le sonraí pearsanta a bheidh ag dul faoi phróiseáil uathoibríoch:

a. gheofar iad agus próiseálfar iad go cóir agus go dleathach;

b. stórálfar iad chun críocha sonraithe agus dlisteanacha agus ní úsáidfear iad ar shlí a bheidh ar neamhréir leis na críocha sin;

c. beidh siad leordhóthanach agus ábhartha, agus ní bheidh siad iomarcach, i ndáil leis na críocha dá stórálfar iad;

d. beidh siad beacht agus, más gá, coimeádfar cothrom le dáta iad;

e. coimeádfar iad sa chaoi nach mbeidh na hábhair shonraí inaitheanta níos faide ná mar is gá chun na críche dá stórálfar na sonraí sin.

Airteagal 6

Aicmí speisialta sonraí

Ní fhéadfar sonraí pearsanta a nochtann bunadh cine, tuairimí polaitíochta nó tuairimí creidimh nó tuairimí eile, chomh maith le sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte nó cleachtadh gnéis, a phróiseáil go huathoibríoch mura soláthróidh an dlí inmheánach cosaintí iomchuí. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla.

Airteagal 7

Slándáil sonraí

Glacfar bearta slándála iomchuí chun sonraí pearsanta a stóráiltear i gcomhaid sonraí uathoibrithe a chosaint ar mhilleadh tionóisceach nó ar mhilleadh neamhúdaraithe nó ar chaillteanas tionóisceach agus ar rochtain, athrú nó leathadh neamhúdaraithe.

Airteagal 8

Cosaintí breise don ábhar sonraí

Cuirfear ar chumas aon duine:

a. an méid seo a leanas a shuíomh, eadhon, go bhfuil comhad sonraí pearsanta uathoibrithe ar marthain, príomhchuspóirí an chomhaid, chomh maith le céannacht rialaitheoir an chomhaid agus gnáth-áit chónaithe nó príomh-ionad ghnó an rialaitheora sin;

b. dearbhú a fháil, ag eatraimh réasúnacha agus gan rómhoill ná róchaiteachas, maidir le cé acu an bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis stóráilte sa chomhad sonraí uathoibrithe agus go gcuirfear na sonraí sin in iúl dó ar shlí intuigthe;

c. na sonraí sin a chur á gceartú nó á scriosadh, de réir mar a bheidh, i gcás iad sin a bheith próiseáilte contrártha d'fhorálacha an dlí inmheánaigh a thugann éifeacht do na bunphrionsabail a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 den choinbhinsiún seo;

d. teacht a bheith aige ar leigheas i gcás nach gcomhlíonfar iarraidh ar dhearbhú nó, de réir mar a bheidh, ar chur in iúl, ar cheartú nó ar scriosadh dá dtagraítear i míreanna b agus c den airteagal seo.

Airteagal 9

Eisceachtaí agus srianta

1. Ní cheadófar aon eisceacht d'fhorálacha Airteagail 5, 6 agus 8 den choinbhinsiún seo ach amháin laistigh de na teorainneacha a shainmhínítear san airteagal seo.

2. Ceadófar maolú ar fhorálacha Airteagail 5, 6 agus 8 den choinbhinsiún seo má dhéantar foráil don mhaolú sin le dlí an Pháirtí agus gurb é atá ann beart riachtanach i sochaí daonlathach:

a. ar mhaithe le slándáil an Stáit, sábháilteacht phoiblí nó leasanna airgeadaíochta an Stáit a chosaint nó cionta coiriúla a chur faoi chois;

b. ar mhaithe leis an ábhar sonraí nó le cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

3. Féadfar srianta ar fheidhmiú na gceart a shonraítear in Airteagal 8, míreanna b, c agus d, a sholáthar le dlí maidir le comhaid sonraí pearsanta uathoibrithe a úsáidtear le haghaidh staitisticí nó chun críocha taighde eolaíochta nuair is léir nach bhfuil aon bhaol ann go ndéanfar sárú ar phríobháideacht na n-ábhar sonraí.

Airteagal 10

Smachtbhannaí agus leigheasanna

Gabhann gach Páirtí air féin smachtbhannaí agus leigheasanna iomchuí a bhunú le haghaidh sáruithe ar fhorálacha an dlí inmheánaigh a thugann éifeacht do na bunphrionsabail maidir le cosaint sonraí atá leagtha amach sa chaibidil seo.

Airteagal 11

Cosaint leathnaithe

Ní léireofar aon fhoráil d'fhorálacha na caibidle seo mar fhoráil a theorannaíonn nó a dhéanann difear ar shlí eile don deis atá ag Páirtí cosaint bhreise a thabhairt d'ábhair shonraí thar mar atá leagtha síos sa choinbhinsiún seo.

CAIBIDIL III — SREABHADH TRASTEORANN SONRAÍ

Airteagal 12

Sreabhadh trasteorann de shonraí pearsanta agus an dlí inmheánach

1. Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haistriú a dhéanamh thar theorainneacha náisiúnta, trí mheán ar bith, ar shonraí pearsanta atá ag dul faoi phróiseáil uathoibríoch nó a bhailítear d'fhonn iad a phróiseáil go huathoibríoch.

2. Ní dhéanfaidh Páirtí, chun príobháideacht a chosaint agus chuige sin amháin, sreabhadh trasteorann de shonraí pearsanta a bheidh ag dul chuig críoch Pháirtí eile a thoirmeasc ná a chur faoi réir údarú speisialta.

3. Ar a shon sin, beidh gach Páirtí i dteideal maolú ar fhorálacha mhír 2:

a. a mhéid a fholaíonn a reachtaíocht rialacháin shonracha le haghaidh aicmí áirithe de shonraí pearsanta nó aicmí áirithe de chomhaid sonraí pearsanta uathoibrithe, mar gheall ar chineál na sonraí nó na gcomhad sin, ach amháin sa chás go gcuireann rialacháin an Pháirtí eile a chomhionann de chosaint ar fáil;

b. nuair a dhéanfar an t-aistriú óna chríoch go dtí críoch Stáit neamh-Chonarthaigh trí chríoch Pháirtí eile, sa dóigh nach dtiocfaidh de na haistrithe sin go dtiocfar timpeall ar reachtaíocht an Pháirtí dá dtagraítear ag tús na míre seo.

CAIBIDIL IV — CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH

Airteagal 13

Comhoibriú idir Páirtithe

1. Comhaontaíonn na Páirtithe cúnamh frithpháirteach a thabhairt dá chéile chun an coinbhinsiún seo a chur i ngníomh.

2. Chun na críche sin:

a. ainmneoidh gach Páirtí údarás amháin nó níos mó agus cuirfidh sé teachtaireacht, ina mbeidh ainm agus seoladh gach údaráis acu, chuig Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa;

b. déanfaidh gach Páirtí a mbeidh níos mó ná údarás amháin ainmnithe aige inniúlacht gach údaráis a shonrú sa teachtaireacht uaidh dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo.

3. Déanfaidh údarás a bheidh ainmnithe ag Páirtí, ar iarraidh ó údarás a bheidh ainmnithe ag Páirtí eile:

a. faisnéis a thabhairt ar a dhlí agus ar a chleachtas riaracháin sa réimse cosanta sonraí;

b. i gcomhréir lena dhlí inmheánach agus chun príobháideacht a chosaint agus chuige sin amháin, gach beart iomchuí a ghlacadh chun faisnéis fhíriciúil a thabhairt i ndáil le próiseáil uathoibríoch shonrach a dhéantar ina chríoch, ach gan na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a chur san áireamh.

Airteagal 14

Cúnamh d'ábhair shonraí a bhfuil cónaí orthu thar lear.

1. Tabharfaidh gach Páirtí cúnamh d'aon duine a bhfuil cónaí air thar lear chun na cearta a fheidhmiú a thugtar lena dhlí inmheánach a thugann éifeacht do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 8 den choinbhinsiún seo.

2. I gcás cónaí a bheith ar an duine sin i gcríoch Pháirtí eile tabharfar an rogha dó a iarraidh a dhéanamh trí mheán an údaráis a bheidh ainmnithe ag an bPáirtí sin.

3. Beidh san iarraidh ar chúnamh, na mionsonraí go léir is gá, a bhaineann inter alia:

a. le hainm, le seoladh agus le haon mhionsonraí iomchuí eile trína n-aithnítear an duine a dhéanann an iarraidh;

b. leis an gcomhad sonraí pearsanta uathoibrithe lena mbaineann an iarraidh nó lena rialaitheoir;

c. le cuspóir na hiarrata.

Airteagal 15

Cosaintí a bhaineann le cúnamh a thugann údaráis ainmnithe

1. Ní dhéanfaidh údarás atá ainmnithe ag Páirtí a fuair faisnéis ó údarás atá ainmnithe ag Páirtí eile, i dteannta iarrata ar chúnamh nó mar fhreagra ar a iarraidh féin ar chúnamh, an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha seachas iad sin atá sonraithe san iarraidh ar chúnamh.

2. Féachfaidh gach Páirtí chuige go mbeidh na daoine a bhaineann leis an údarás ainmnithe nó a ghníomhaíonn thar a cheann faoi cheangal ag oibleagáidí iomchuí ó thaobh sicréideachta nó rúndachta maidir leis an bhfaisnéis sin.

3. Ní fhéadfar cead a thabhairt i gcás ar bith d'údarás ainmnithe iarraidh ar chúnamh faoi Airteagal 14, mír 2, a dhéanamh, thar ceann ábhair sonraí a bhfuil cónaí air thar lear, ar a chonlán féin agus gan toiliú sainráite ón duine lena mbaineann.

Airteagal 16

Diúltú d'iarrataí ar chúnamh

Ní fhéadfaidh údarás ainmnithe a mbeidh iarraidh ar chúnamh dírithe chuige faoi Airteagail 13 nó 14 den choinbhinsiún seo diúltú an iarraidh a chomhlíonadh:

a. mura bhfuil an iarraidh ar neamhréir leis na cumhachtaí, sa réimse cosanta sonraí, atá ag na húdaráis atá freagrach as freagra a thabhairt;

b. mura gcomhlíonann an iarraidh forálacha an choinbhinsiúin seo;

c. mura mbeidh comhlíonadh na hiarrata ar neamhréir le ceannasacht, slándáil nó beartas poiblí (ordre public) an Pháirtí a d'ainmnigh é nó le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine atá faoi dhlínse an Pháirtí sin.

Airteagal 17

Costais agus nósanna imeachta an chúnaimh

1. Aon chúnamh frithpháirteach a thugann na Páirtithe dá chéile faoi Airteagal 13, agus aon chúnamh a thugann siad d'ábhair shonraí thar lear faoi Airteagal 14, ní bheidh siad ina mbun le haon chostais ná táillí a íoc seachas na costais nó na táillí a thabhaítear maidir le saineolaithe agus ateangairí. Beidh na costais nó na táillí deiridh sin de mhuirear ar an bPáirtí a d'ainmnigh an t-údarás a dhéanann an iarraidh ar chúnamh.

2. Ní fhéadfar costais ná táillí a mhuirearú ar an ábhar sonraí i ndáil leis na bearta a dhéanfar thar a cheann i gcríoch Pháirtí eile seachas iad sin is iníoctha go dleathach ag cónaitheoirí an Pháirtí sin.

3. Déanfar mionsonraí eile maidir leis an gcúnamh, a bhainfidh go háirithe leis na foirmeacha agus na nósanna imeachta agus na teangacha a úsáidfear, a shocrú go díreach idir na Páirtithe lena mbaineann.

CAIBIDIL V — COISTE COMHAIRLEACH

Airteagal 18

Comhdhéanamh an choiste

1. Bunófar Coiste Comhairleach tar éis don choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm.

2. Ceapfaidh gach Páirtí ionadaí don choiste mar aon le leasionadaí. Beidh de cheart ag aon Bhallstát de Chomhairle na hEorpa nach Páirtí sa choinbhinsiún breathnadóir a bheith aige mar ionadaí ar an gcoiste.

3. Féadfaidh an Coiste Comhairleach, le cinneadh d'aontoil, a iarraidh ar aon Stát nach Ballstát de Chomhairle na hEorpa agus nach Páirtí sa choinbhinsiún breathnadóir a bheith aige mar ionadaí ag cruinniú áirithe.

Airteagal 19

Feidhmeanna an choiste

Maidir leis an gCoiste Comhairleach:

a. féadfaidh sé moltaí a dhéanamh d'fhonn feidhmiú an choinbhinsiúin a urasú nó a fheabhsú;

b. féadfaidh sé moltaí a dhéanamh chun an coinbhinsiún seo a leasú de réir Airteagal 21;

c. foirmeoidh sé a thuairim ar aon mholadh chun an coinbhinsiún seo a leasú a tharchuirtear chuige de réir Airteagal 21, mír 3;

d. féadfaidh sé, ar iarraidh ó Pháirtí, tuairim a thabhairt ar aon cheist a bhaineann le feidhmiú an choinbhinsiúin seo.

Airteagal 20

Nós Imeachta

1. Comórfaidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa an Coiste Comhairleach. Seolfar a chéad chruinniú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis don choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm. Tiocfaidh sé le chéile ar a laghad uair amháin gach dhá bhliain ina dhiaidh sin agus in aon chás nuair a iarrann trian d'ionadaithe na bPáirtithe é a thionól.

2. Is é a bheidh i gcóram do chruinniú den Choiste Comhairleach tromlach d'ionadaithe na bPáirtithe.

3. Tar éis gach ceann dá chuid cruinnithe cuirfidh an Coiste Comhairleach tuarascáil faoi bhráid Choiste Airí Chomhairle na hEorpa faoina chuid oibre agus faoi oibriú an choinbhinsiúin.

4. Faoi réir fhorálacha an choinbhinsiúin seo, tarraingeoidh an Coiste Comhairleach suas a Rialacha Nós Imeachta féin.

CAIBIDIL VI — LEASUITHE

Airteagal 21

Leasuithe

1. Féadfaidh Páirtí, Coiste Airí Chomhairle na hEorpa nó an Coiste Comhairleach leasuithe ar an gcoinbhinsiún seo a mholadh.

2. Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa aon mholadh faoi leasú in iúl do Bhallstáit Chomhairle na hEorpa agus do gach Stát nach Ballstát a d'aontaigh, nó ar iarradh orthu aontú, don choinbhinsiún seo de réir fhorálacha Airteagal 23.

3. Fairis sin, cuirfear aon leasú a mhol Páirtí nó an Coiste Airí in iúl don Choiste Comhairleach agus cuirfidh seisean a thuairim faoin leasú atá molta faoi bhráid an Choiste Airí.

4. Breithneoidh an Coiste Airí an leasú atá molta agus aon tuairim a chuir an Coiste Comhairleach faoina bhráid agus féadfaidh sé an leasú a cheadú.

5. Cuirfear téacs aon leasaithe a bheidh ceadaithe ag an gCoiste Airí de réir mhír 4 den Airteagal seo ar aghaidh chuig na Páirtithe le go nglacfaidh siad leis.

6. Tiocfaidh aon leasú a bheidh ceadaithe de réir mhír 4 den Airteagal seo i bhfeidhm ar an tríochadú lá tar éis do gach Páirtí a chur in iúl don Ard-Rúnaí go bhfuil siad ag glacadh leis.

CAIBIDIL VII — CLÁSAIL CHRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú ag Ballstáit Chomhairle na hEorpa. Beidh sé faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasta. Taiscfear ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasta le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

2. Tiocfaidh an coinbhinsiún seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse trí mhí a bheith caite tar éis an dáta a léireoidh cúig Bhallstát de Chomhairle na hEorpa go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal ag an gcoinbhinsiún de réir fhorálacha na míre roimhe seo.

3. Maidir le haon Bhallstát a léireoidh iardain go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal aige, tiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse trí mhí a bheith caite tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasta.

Airteagal 23

Aontachas ag Stáit nach Ballstáit

1. Tar éis don choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa a iarraidh ar aon Stát nach ball de Chomhairle na hEorpa aontú don choinbhinsiún seo le cinneadh arna thógáil ag an tromlach dá bhforáiltear in Airteagal 20. d de Reacht Chomhairle na hEorpa agus le vóta d'aontoil na n-ionadaithe de chuid na Stát Conarthach a bheidh i dteideal suí ar an gcoiste.

2. Maidir le haon Stát aontach, tiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse trí mhí a bheith caite tar éis an dáta a thaiscfear an ionstraim aontachais le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

Airteagal 24

Clásal maidir le críocha

1. Féadfaidh aon Stát an tráth a shíneoidh sé nó nuair a thaiscfidh sé a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, fhormheasta nó aontachais, an chríoch nó na críocha lena mbeidh feidhm ag an gcoinbhinsiún seo a shonrú.

2. Féadfaidh aon Stát ar aon dáta níos déanaí, trí dhearbhú a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, feidhmiú an choinbhinsiúin seo a leathnú chuig aon chríoch eile a bheidh sonraithe sa dearbhú. Maidir le críoch den sórt sin, tiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse trí mhí a bheith caite tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí an dearbhú sin.

3. Féadfar aon dearbhú a dhéantar faoin dá mhír roimhe seo a tharraingt siar i leith aon chríche a bheidh sonraithe ann trí fhógra a bheidh dírithe chuig an Ard-Rúnaí. Tiocfaidh an tarraingt siar in éifeacht ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse sé mhí a bheith caite tar éis an dáta bhfaighidh an tArd-Rúnaí an fógra sin.

Airteagal 25

Forchoimeádais

Ní fhéadfar aon fhorchoimeádas a dhéanamh maidir le forálacha an choinbhinsiúin seo.

Airteagal 26

Séanadh

1. Féadfaidh aon Pháirtí tráth ar bith an coinbhinsiún seo a shéan adh trí fhógra a bheidh dírithe chun Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa.

2. Tiocfaidh an séanadh sin in éifeacht ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh tréimhse sé mhí a bheith caite tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí an fógra.

Airteagal 27

Fógraí

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa fógra chuig Ballstáit na Comhairle agus chuig aon Stát a d'aontaigh don choinbhinsiún seo maidir le:

a. aon síniú;

b. taisceadh aon ionstraime daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais;

c. aon dáta ar a dtiocfaidh an coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagail 22, 23 agus 24;

d. aon ghníomh, fógra nó teachtaireacht eile a bhaineann leis an gcoinbhinsiún seo.

Dá fhianú sin, chuir na daoine thíos-sínithe, agus údarás cuí acu chuige sin, a lámh leis an gCoinbhinsiún seo.

Arna dhéanamh i Strasbourg, an 28ú lá d'Eanáir 1981, i mBéarla agus i bhFraincis, agus comhúdarás ag an dá théacs, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlann Chomhairle na hEorpa. Tarchuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa cóipeanna deimhnithe chuig gach Ballstát de Chomhairle na hEorpa agus chuig aon Stát a n-iarrfar air aontú don Choinbhinsiún seo.