An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL An Coimisinéir Cosanta Sonraí)

25 1988

AN tACHT UM CHOSAINT SONRAÍ, 1988

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Údaráis Phoiblí agus Comhlachtaí agus Daoine Eile

Alt 16 (1) (a).

1. An Rialtas.

2. Aire den Rialtas.

3. An tArd-Aighne.

4. An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

5. An tOmbudsman.

6. Údarás áitiúil, bord sláinte agus aon chomhlacht eile (seachas an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann) a bunaíodh—

(1) le haon achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1987), nó faoi, nó

(2) faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1987, de bhun chumhachtaí a tugadh le hachtachán eile nó faoi, agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach le hairgead arna sholáthar ag Aire den Rialtas nó le hiasachtaí arna ndéanamh nó arna ráthú aige nó trí scaireanna a shealbhaíonn Aire den Rialtas nó a shealbhaítear thar a cheann a eisiúint; agus fochuideachta d'aon chomhlacht den sórt sin.

7. Cuideachta a bhfuil tromlach de na scaireanna inti á shealbhú ag Aire den Rialtas nó thar a cheann.

8. Comhlacht (seachas comhlacht a luaitear i mír 6 nó 7 den Sceideal seo) arna cheapadh ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas.

9. Duine aonair (seachas duine aonair a fhaigheann luach saothair ó chomhlacht a luaitear i mír 6, 7 nó 8 den Sceideal seo nó arb é an t-údarás iomchuí maidir leis, an Rialtas nó Aire den Rialtas) atá ceaptha ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas chuig oifig arna bunú le haon achtachán nó faoi aon achtachán.

10. Aon údarás poiblí, comhlacht nó duine eile a bheidh forordaithe de thuras na huaire agus a bheidh maoinithe, nó a fhaigheann luach saothair, go hiomlán nó go páirteach, as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas.