An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Riaradh Maoine)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

CUID II

Nós Imeachta i bhFéimheacht

Gníomhartha féimheachta.

(1872, a. 21 go páirt.)

7. —(1) Déanann duine aonair (ar a dtugtar “féichiúnaí” san Acht seo) gníomh féimheachta i ngach cás de na cásanna seo a leanas—

(a) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, tíolacas nó sannadh ar a chuid maoine ar fad, nó go substaintiúil ar fad, d'iontaobhaí nó d'iontaobhaithe chun leasa a chreidiúnaithe i gcoitinne;

(b) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, tíolacas, bronntanas, seachadadh nó aistriú calaoiseach ar a chuid maoine nó ar aon chuid di;

(c) má dhéanann sé, sa Stát nó in áit eile, aon tíolacas nó aistriú ar a chuid maoine nó ar aon chuid di, nó má chruthaíonn sé aon mhuirear ar an gcéanna, a bheadh faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile, ar neamhní mar thosaíocht chalaoiseach dá mbreithneofaí ina fhéimheach é;

(d) má fhágann sé an Stát agus é ar intinn aige buachan ar a chreidiúnaithe nó iad a mhoilliú nó, i gcás é bheith las muigh den Stát, má fhanann sé lasmuigh den Stát nó má imíonn sé as a theach cónaithe nó má asláithríonn sé é féin ar shlí eile nó má éalaíonn sé óna chreidiúnaithe ar shlí eile;

(e) má chomhdaíonn sé dearbhú dócmhainneachta sa Chúirt;

(f) i gcás go mbeidh forghníomhú toibhithe ina choinne trína chuid earraí a urghabháil faoi ordú ó chúirt ar bith nó go mbeidh an sirriam nó an cláraitheoir contae, cibé tríd an ordú a fhormhuiniú nó ar shlí eile, tar éis a dhearbhú nach bhfuarthas aon earraí;

(g) i gcás go mbeidh an creidiúnaí a bheidh ag tíolacadh achainí tar éis toghairm féimheachta a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí ar an modh forordaithe agus nach ndéanann sé, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis sheirbheáil na toghairme, an tsuim a íoc dá dtagraítear sa toghairm nó urrú nó imshocrú ina leith chun sástacht an chreidiúnaí.

(2) Déanann féichiúnaí gníomh féimheachta freisin má mhainníonn sé déanamh de réir thoghairm féichiúnaí a sheirbheáiltear de bhun alt 21 (6) den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, laistigh den am iomchuí faoin Acht sin, agus beidh feidhm ag alt 8 (6) den Acht seo maidir leis an toghairm féichiúnaí sin.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo, a mhéid is féidir é a chur i bhfeidhm, i ndáil le gníomhartha agus nithe agus i ndáil le faillíocha agus mainneachtanna gníomhartha agus nithe a dhéanamh cibé acu an roimh thosach feidhme an Achta seo, nó go páirteach roimhe agus go páirteach ina dhiaidh, nó go hiomlán ina dhiaidh a tharlaíonn sin.

Toghairm féimheachta.

(Nua: cf. 1872, a. 30 go páirt.)

8. —(1) Féadfaidh an Chúirt toghairm (dá ngairtear “toghairm féimheachta” san Acht seo) a dheonú do dhuine (dá ngairtear “an creidiúnaí” san alt seo) a chruthaíonn—

(a) go bhfuil fiach £1,500 nó os a chionn dlite dó den duine a bhfuil an toghairm á hiarraidh ina aghaidh,

(b) gur suim leachtaithe an fiach, agus

(c) gur seirbheáladh fógra san fhoirm fhorordaithe ar an bhféichiúnaí ag éileamh go n-íocfaí an fiach.

(2) Féadfar toghairm féimheachta a dheonú do dhá chreidiúnaí nó níos mó nach comhpháirtithe iad agus ar £1,000 nó níos mó a gcuid fiacha, le chéile. Ina leithéid sin de chás, d'fhonn déanamh de réir na bhforéileamh sa toghairm, ní mór d'fhéichiúnaí na fiacha a íoc nó imshocraíocht a dhéanamh ina leith nó urrús a thabhairt maidir leo do na creidiúnaithe go léir is páirtithe sa toghairm, mura gcomhaontóidh siad ar a mhalairt.

(3) San fhógra ag éileamh go n-íocfaí an fiach leagfar amach sonraí an fhéich atá dlite agus éileofar íocaíocht laistigh de cheithre lá tar éis an fógra a sheirbheáil ar an bhféichiúnaí.

(4) Beidh an toghairm féimheachta san fhoirm fhorordaithe.

(5) Féadfaidh féichiúnaí ar a seirbheáiltear toghairm féimheachta iarratas, ar an modh forordaithe agus laistigh den am forordaithe, a dhéanamh chun na Cúirte chun an toghairm a dhíbhe.

(6) (a) Féadfaidh an Chúirt an toghairm a dhíbhe, le costais nó gan chostais, agus

(b) ní mór don Chúirt an toghairm a dhíbhe más deimhin léi go mbeadh saincheist i gcomhair trialach i gceist.

Féichiúnaí éalaitheach a ghabháil.

(1872, ailt 78, 79 agus 80.)

9. —(1) Má dhealraíonn sé don Chúirt, tar éis toghairm féimheachta a bheith deonaithe in aghaidh féichiúnaí agus sula bhféadfar achainí chun é a bhreithniú ina fhéimheach a thíolacadh ina choinne, go bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go bhfuil sé ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile d'fhonn íoc an fhéich, ar mar gheall air a eisíodh an toghairm féimheachta, a sheachaint nó d'fhonn scrúdú a sheachaint maidir lena ghnóthaí, nó d'fhonn imeachtaí i bhféimheacht a sheachaint nó a mhoilliú ar shlí eile, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara an féichiúnaí sin a ghabháil agus é a bhreith os comhair na Cúirte.

(2) Ní bheidh aon ghabháil faoin alt seo dleathach mura seirbheálfar an toghairm féimheachta ar an bhféichiúnaí sula ngabhfar é nó an tráth a ghabhfar é.

(3) Ar an bhféichiúnaí do thairiscint cibé urrúis, nó ar é do dhéanamh cibé íocaíochta nó imshocraíochta is réasúnach leis an gCúirt, scaoilfear ó choimeád é mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt.

(4) Ní bheidh aon urrús, íocaíocht ná imshocraíocht den sórt sin díolmhaithe ó fhorálacha an Achta seo i ndáil le tosaíochtaí calaoiseacha.

Achainí.

(1857, a. 116 go páirt.)

10. —Is le hachainí arna fíorú le mionnscríbhinn an achainígh a dhéanfar iarratas ar bhreithniú.

Tíolacadh achainí.

(1872, a. 20)

(1872, a. 21 go páirt.)

(cf. 1857, a. 115)

(Nua: cf. 1857, a. 409)

(1872, a. 21 go páirt.)

(1857, a. 120)

11. —(1) Beidh creidiúnaí i dteideal achainí a thíolacadh le haghaidh breithniú in aghaidh féichiúnaí—

(a) más £1,500 nó níos mó an fiach atá dlite den fhéichiúnaí don chreidiúnaí achainíoch (nó, i gcás dhá chreidiúnaí nó níos mó do dhul i bpáirt i dtíolacadh na hachainí, méid comhiomlán na bhfiacha atá dlite dóibh),

(b) más suim leachtaithe an fiach,

(c) más rud é, maidir leis an ngníomh féimheachta ar a mbunaítear an achainí, gur laistigh de thrí mhí roimh thíolacadh na hachainí a tharla sé, agus

(d) más sa Stát atá sainchónaí ar an bhféichiúnaí (cibé acu an saoránach é nó nach ea) nó má bhí, laistigh de bhliain roimh dháta tíolactha na hachainí, gnáthchónaí air sa Stát nó má bhí teach cónaithe nó áit ghnó aige sa Stát nó má bhí gnó ar siúl aige sa Stát go pearsanta nó trí ghníomhaire nó trí bhainisteoir, nó más comhalta i gcomhpháirtíocht é nó, laistigh den tréimhse sin, má ba chomhalta i gcomhpháirtíocht é, a sheol gnó sa Stát trí chomhpháirtí, trí ghníomhaire nó trí bhainisteoir.

(2) Más creidiúnaí urraithe creidiúnaí a thíolacann an achainí nó a théann i bpáirt i dtíolacadh na hachainí leagfaidh sé amach ina achainí sonraí i dtaobh a urrúis agus luafaidh sé go bhfuil sé toilteanach a urrús a thabhairt suas ar mhaithe leis na creidiúnaithe i gcás go mbreithneofar an féichiúnaí ina fhéimheach nó tabharfaidh sé meastachán ar luach a urrúis. I gcás go dtugann creidiúnaí urraithe meastachán ar luach a urrúis féadfar glacadh leis mar chreidiúnaí achainíoch nó mar chomhchreidiúnaí achainíoch go feadh iarmhéid an fhéich a bheidh dlite dó tar éis an luach arna mheas amhlaidh a asbhaint sa tslí chéanna is dá mba chreidiúnaí neamhurraithe é ach déanfaidh sé, ar iarratas a bheith déanta ag an Sannaí Oifigiúil tar éis dháta an bhreithnithe, a urrús a thabhairt suas don Sannaí Oifigiúil ar mhaithe leis na creidiúnaithe ar an luach measta sin a íoc.

(3) Féadfaidh aon fhéichiúnaí achainí a dhéanamh le haghaidh breithniú ina aghaidh féin.

Costais chreidiúnaí achainígh.

(1857, a. 135)

12. —Tíolacfaidh an creidiúnaí achainíoch a achainí ar a chostas féin agus tabharfaidh sé ar aghaidh é go tráth an tsuí reachtúil dá dtagraítear in alt 17 (3), agus déanfaidh an Chúirt, ag an suí nó dá éis, ordú chun na costais sin a íoc as eastát an fhéimhigh i gcúrsa tosaíochta a shocrófar le rialacha cúirte.

Comhaontú idir féimheach agus creidiúnaí maidir le hachainí nó gníomh féimheachta.

(1857, a. 136)

13. —Ní dhéanfar aon achainí le haghaidh breithniú a dhíbhe ná aon bhreithniú a chur ar neamhní de bhíthin amháin go ndearna an féimheach nó a aturnae agus aon chreidiúnaí nó duine eile comhbheartú nó comhaontú eatarthu i dtaobh na hachainí nó an ghnímh féimheachta.

Breithniú: achainí creidiúnaí.

(1857, a. 127 go páirt.)

(1857, a. 129 go páirt; 36/1971, a. 23 (1))

14. —(1) I gcás gur creidiúnaí a thíolacfaidh an achainí, déanfaidh an Chúirt, le hordú, más deimhin léi gur comhlíonadh ceanglais alt 11 (1), an féichiúnaí a bhreithniú ina fhéimheach.

(2) Seirbheálfar cóip den ordú ar an bhféichiúnaí go pearsanta nó trína fágáil ag a áit chónaithe nó a áit ghnó sa Stát.

Breithniú: achainí féichiúnaí.

(R. na nUasch. 0.76, r. 37)

15. —I gcás gur féichiúnaí a thíolacfaidh an achainí, déanfaidh an Chúirt le hordú, ar chruthú nach féidir leis freastal dá ghealltanais i leith a chreidiúnaithe agus go bhfuil an t-eastát dá chuid atá ar fáil leordhóthanach chun £1,500 ar a laghad a dhéanamh, an féichiúnaí a bhreithniú ina fhéimheach.

Cúis a shuíomh in aghaidh breithnithe.

(cf. 1857, a. 129)

16. —(1) Féadfaidh an féimheach, laistigh de thrí lá nó cibé am breise nach faide ná ceithre lá dhéag is cuí leis an gCúirt ón tráth a seirbheáladh an chóip den ordú breithnithe air, cúis a shuíomh don Chúirt in aghaidh bhailíocht an bhreithnithe.

(2) Ar iarratas ar chúis a shuíomh faoi fho-alt (1) déanfaidh an Chúirt, i gcás gur deimhin léi go suíonn an féimheach laistigh den am sin nár comhlíonadh aon cheanglas de cheanglais alt 11 (1), an breithniú a chur ar neamhní agus féadfaidh sí, in aon chás eile, an t-iarratas a dhíbhe nó é a chur ar athló ar cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt ag féachaint do leasanna an fhéimhigh, a chuid creidiúnaithe agus aon daoine eile a d'fhéadfadh creidmheas breise a thabhairt dó.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh urghabháil láithreach ar earraí an fhéimhigh ar bhreithniú a bheith déanta air.

Fógra breithnithe agus suí reachtúil.

(1857, ailt. 129, 130 go páirt., cf. a. 353)

17. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) i gcás achainí creidiúnaí sa chás nach ndearnadh chun sástacht na Cúirte cúis a shuíomh chun an breithniú a chur ar neamhní laistigh den am chun cúis a shuíomh, ar an am sin do dhul in éag;

(b) i gcás achainí féichiúnaí faoi alt 15 nó breithniú féichiúnaí comhshocraíochta faoi alt 105, tráth an bhreithnithe.

(2) Cuirfidh an Chúirt faoi deara go dtabharfar fógra faoin mbreithniú a luaithe is féidir ar an modh forordaithe san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa limistéar ina gcónaíonn an féimheach.

(3) Ceapfaidh an Chúirt suí reachtúil a thionólfar laistigh de thrí seachtaine ó fhoilsiú an fhógra agus freastalóidh an féimheach ar an suí sin agus déanfaidh sé nochtadh iomlán ar a chuid maoine don Chúirt, agus féadfaidh a chreidiúnaithe a gcuid fiacha a chruthú agus sannaí creidiúnaithe a roghnú agus a cheapadh.

(4) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ar chúis a shuíomh faoi alt 16 (1) a chur ar athló, bac a chur ar fhoilsiú fógra faoin mbreithniú ar urrús a bheith tugtha ag an bhféimheach nó ar cibé coinníollacha eile is cuí leis an gCúirt.

Sannaí na gcreidiúnaithe.

(1857, ailt 64, 265)

18. —(1) Féadfaidh na creidiúnaithe, ag an suí reachtúil dá dtagraítear in alt 17 (3), duine (dá ngairtear “sannaí na gcreidiúnaithe” san Acht seo) a roghnú agus a cheapadh chun feidhmiú dóibh i riaradh eastát an fhéimhigh.

(2) Beidh gach creidiúnaí i dteideal vótáil sa roghnú sin go pearsanta nó trí ghníomhaire a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, agus is tríd an bpríomh-chuid de na creidiúnaithe ó thaobh luacha a dhéanfar an roghnú agus an ceapachán.

(3) Féadfaidh an Chúirt diúltú d'aon duine a roghnaíodh amhlaidh a ndealraíonn sé don Chúirt é bheith neamhinniúil chun bheith ina shannaí creidiúnaithe nó féadfaidh sí sannaí creidiúnaithe a chur as oifig agus i gcás folúntais, cibé slí a tharlóidh sé, féadfar roghnú agus ceapachán nua a dhéanamh sa tslí chéanna.

(4) Féadfaidh creidiúnaí a fhiach a chruthú d'fhonn sannaí creidiúnaithe a cheapadh.

Dualgais féimhigh.

(1857, a. 132 go páirt.)

19. —Déanfaidh an féimheach—

(a) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, cibé leabhair chuntas nó páipéir eile a bhaineann lena eastát agus atá ina sheilbh nó faoina rialú agus a iarrfaidh an Sannaí Oifigiúil ó am go ham a sheachadadh láithreach ar an Sannaí Oifigiúil agus a nochtadh dó cé na leabhair nó na páipéir díobh atá i seilbh nó faoi rialú aon duine eile;

(b) seilbh ar aon chuid dá mhaoin is inroinnte i measc a chreidiúnaithe faoin Acht seo, agus atá de thuras na huaire ina sheilbh nó faoina rialú, a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil nó ar aon duine a bheidh údaraithe ag an gCúirt nó ar shlí eile faoi fhorálacha an Achta seo chun seilbh a thógáil ar an gcuid sin;

(c) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ráiteas gnóthaí san fhoirm fhorordaithe a chomhdú sa Phríomh-Oifig laistigh den am forordaithe agus cóip de a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil;

(d) gach cúnamh réasúnta a thabhairt don Sannaí Oifigiúil i riaradh an eastáit;

(e) aon mhaoin iarfhaighte a nochtadh don Sannaí Oifigiúil.

Athrú ar ainm nó ar sheoladh, etc.

(Nua)

20. —(1) Déanfaidh féimheach aon athrú ar a ainm nó ar a sheoladh a tharlaíonn le linn a fhéimheachta a chur in iúl i scríbhinn láithreach don Sannaí Oifigiúil.

(2) Chun críocha fho-alt (1) measfar athrú a bheith ar ainm féimhigh má úsáideann an féimheach go hiarbhír ainm difriúil nó ainm breise.

(3) Aon uair a cheanglóidh an Sannaí Oifigiúil air déanamh amhlaidh, cuirfidh féimheach in iúl láithreach don Sannaí Oifigiúil i scríbhinn cad é cineál aon slí bheatha, gairme, gnó nó fostaíochta a chleachtann sé.

(4) Aon fhéimheach a mhainníonn déanamh de réir aon fhoráil d'fhorálacha an ailt seo beidh sé ciontach i gcion.

Féimheach agus daoine eile a scrúdú.

(1857, ailt. 305 go páirt., 306, 307, 308, 310; cf. 33/1963, a. 245)

21. —(1) Féadfaidh an Chúirt féimheach nó aon duine arb eol go bhfuil nó a bhfuil drochamhras ann go bhfuil aon mhaoin de chuid an fhéimhigh ina sheilbh nó faoina rialú nó aon mhaoin de chuid an fhéimhigh diúscartha aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an bhféimheach, nó aon duine a fhéadfaidh, i dtuairim na Cúirte, faisnéis a thabhairt i ndáil le trádáil, déileálacha, gnóthaí nó maoin an fhéimhigh, a ghairm os a comhair.

(2) Féadfaidh an Chúirt é a scrúdú faoi mhionn maidir leis na nithe a dúradh, de bhriathra béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.

(3) Féadfaidh an Chúirt a cheangal air aon leabhair chuntas agus aon pháipéir ina sheilbh nó faoina rialú a bhaineann leis na nithe réamhráite a thabhairt ar aird ach i gcás go n-éilíonn sé aon lian ar leabhair nó ar pháipéir a thabharfaidh sé ar aird, ní dhéanfaidh a dtabhairt ar aird dochar don lian sin agus féadfaidh an Chúirt gach ceist a chinneadh i ndáil leis an lian.

(4) Ní bheidh féimheach ná duine eile a scrúdófar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go bhféadfadh a fhreagra é a ionchoiriú ach ní bheidh aon fhreagra dá chuid inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta nó coiriúil, ach amháin i gcás aon imeachtaí coiriúla mar gheall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin.

Fiach atá dlite do fhéimheach a admháil.

(cf. 1857, a. 311)

22. —Má dhealraíonn sé go bhfuil aon duine, ar é a scrúdú, i bhfiacha ag an bhféimheach nó go bhfuil aon mhaoin de chuid an fhéimhigh ina sheilbh nó faoina rialú, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, a ordú dó an méid nó aon chuid de a íoc leis an Sannaí Oifigiúil ag cibé am agus i cibé slí is cuí leis an gCúirt nó an mhaoin sin nó aon chuid di a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil ag cibé tráth agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt.

Gabháil féimhigh, etc.

(cf. 1857, ailt. 124, 125)

(cf. 1857, a. 305 go páirt.)

(cf. 1857, a. 308 go páirt.)

23. —(1) Má dhealraíonn sé don Chúirt, aon tráth tar éis ordú breithnithe a dhéanamh, ar chruthú a bheith aici go bhfuil cúis dhóchúil ann lena chreidiúint go bhfuil féimheach ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile nó go ndearna sé nó go bhfuil sé ar tí aon mhaoin dá chuid a aistriú nó a cheilt agus é d'intinn aige íoc a chuid fiach a sheachaint nó scrúdú a sheachaint maidir lena ghnóthaí, nó go bhfuil sé ag fanacht as an mbealach agus nach féidir toghairm a sheirbheáil air, féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus é a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.

(2) Má ghairtear féimheach os comhair na Cúirte de bhun alt 21 agus nach dtiocfaidh sé ag an am a bheidh ceaptha gan leithscéal a bheith aige (a bheidh curtha i bhfios don Chúirt ag tráth a suite agus a bheidh ceadaithe aici) féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.

(3) Má mhainníonn duine ar bith a ghairtear os comhair na Cúirte de bhun alt 21, tar éis suim réasúnach le haghaidh a chuid caiteachas a thairiscint dó, teacht os comhair na Cúirte ag an am a bheidh ceaptha gan leithscéal a bheith aige (a bheidh curtha i bhfios don Chúirt ag tráth a suite agus a bheidh ceadaithe aici) féadfaidh an Chúirt a chur faoi deara é a ghabháil agus a thabhairt os a comhair le haghaidh scrúdú.

(4) Ní dhéanann forálacha fho-ailt (2) agus (3) dochar do chumhachtaí na Cúirte i ndáil le díspeagadh nó lena chur ar fhinnéithe a bheith i láthair.

Cimiú chun príosúin.

(1857, a. 385)

24. —Má dhiúltaíonn an féimheach nó aon duine a ghairtear nó a thugtar os comhair na Cúirte mionn a ghlacadh nó má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé freagra a thabhairt ar aon cheist dhleathach a chuireann an Chúirt air nó mura bhfreagraíonn sé aon cheist den sórt sin go hiomlán nó má dhiúltaíonn sé a scrúdú a shíniú agus a fhoscríobh ar é a bheith curtha síos i scríbhinn (gan aon leithscéal dleathach a bheith aige a bheidh ceadaithe ag an gCúirt) nó déanamh de réir aon ordú ón gCúirt faoin Acht seo, féadfaidh an Chúirt a ordú an duine sin a chimiú chun príosúin d'fhonn fanacht le hordú eile de chuid na Cúirte.

Daoine i gcoimeád a scrúdú.

(1872, a. 73)

25. —Má bhíonn an féimheach nó duine ar bith i bpríosún de bhun ordú de chuid na Cúirte faoi alt 24, féadfaidh an Chúirt le barántas a bheidh dírithe chuig rialtóir an phríosúin a ordú é a thabhairt os comhair na Cúirte. I gcás go ndeimhneoidh duine den sórt sin don Chúirt go ndearna sé de réir a cuid ceanglas dleathach ordóidh an Chúirt é a scaoileadh saor ó choimeád. In aon chás eile féadfar é a thógáil ar ais go dtí an príosún gan aon ordú eile.

Scaoileadh féimhigh as príosún.

(Nua)

26. —Má bhíonn féimheach i bpríosún de bhua alt 6 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 , mar gheall ar fhiach a thabhaigh sé roimh bhreithniú, féadfaidh an Chúirt ordú a thabhairt é a scaoileadh saor.

Barántas urghabhála.

(1857, a. 72 go páirt.)

27. —(1) Féadfaidh an Chúirt le barántas a ordú don Chigire Féimheachta nó d'aon chúntóir dá chuid aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a urghabháil.

(2) Féadfaidh oifigeach a bheidh ag gníomhú faoin mbarántas aon chuid de mhaoin an fhéimhigh atá i seilbh nó faoi rialú an fhéimhigh a urghabháil agus féadfaidh sé, d'fhonn aon mhaoin den sórt sin a urghabháil, dul isteach, agus briseadh isteach más gá, in aon teach, foirgneamh, seomra nó áit eile de chuid an fhéimhigh a gceaptar go bhfuil aon chuid dá chuid maoine ann.

Barántas cuardaigh.

(cf. 1857, a. 326)

28. —Má dhealraíonn sé don Chúirt go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go bhfuil maoin ar bith de chuid an fhéimhigh ceilte in aon teach, foirgneamh, seomra nó áit eile nach leis an bhféimheach, féadfaidh an Chúirt barántas cuardaigh a dheonú don Chigire Féimheachta nó d'aon chúntóir dá chuid, nó do dhuine eile a bheidh ceaptha ag an gCúirt agus féadfaidh siadsan an barántas a fhorghníomhú de réir a bhrí.

Slánaíocht do dhaoine a ghníomhaíonn faoi bharántas.

(1857, a. 327)

29. —Ní bheidh an Cigire Féimheachta ná a chuid cúntóirí, ná duine eile a bheidh ceaptha ag an gCúirt, faoi dhliteanas mar gheall ar aon ní a rinneadh bona fide de bhun aon bharántais de chuid na Cúirte.

Cásanna Comhpháirtíochta

Caingne ag an Sannaí Oifigiúil agus ag comhpháirtithe féimhigh.

(cf. 1857, a. 278)

30. —Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach féadfaidh an Chúirt a údarú don Sannaí Oifigiúil aon chaingean a thosú agus a thabhairt ar aghaidh in ainmneacha an tSannaí Oifigiúil agus chomhpháirtí an fhéimhigh chun aon fhiach atá dlite do na comhpháirtithe, nó aon mhaoin dá gcuid, a ghnóthú agus beidh aon scaoileadh ar an bhfiach nó ar an éileamh lena mbaineann an chaingean, ag comhpháirtí den sórt sin, ar neamhní; ach déanfar fógra i dtaobh an iarratais ar údarás chun an chaingean a thosú a thabhairt do chomhpháirtí an fhéimhigh agus féadfaidh sé cúis a shuíomh ina coinne agus, ar iarratas uaidh, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, a ordú go bhfaighidh sé a chion cóir d'fháltais na caingne. Mura n-éileoidh an comhpháirtí aon tairbhe ón gcaingean slánófar é in aghaidh costas ina leith de réir mar a ordóidh an Chúirt.

Achainí in aghaidh comhpháirtí amháin nó níos mó.

(cf. 1857, a. 122)

31. —(1) Aon chreidiúnaí ar leor a fhiach chun é bheith i dteideal achainí ar bhreithniú a thíolacadh i gcoinne gach comhpháirtí i ngnólacht féadfaidh sé achainí a thíolacadh i gcoinne aon chomhpháirtí amháin nó níos mó den ghnólacht gan an chuid eile a áireamh.

(2) Má thíolactar achainí ar bhreithniú i gcoinne níos mó ná duine amháin féadfaidh an Chúirt ordú breithnithe a dhéanamh i gcoinne duine amháin, nó níos mó ná duine amháin díobh agus an achainí a dhíbhe maidir leis an gcuid eile.

Cuntais chomhpháirtíochta a sholáthar don Sannaí Oifigiúil.

(Nua)

32. —Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach féadfaidh an Sannaí Oifigiúil a cheangal ar an gcomhpháirtí eile nó ar na comhpháirtithe eile cibé cuntais agus faisnéis a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil a bhaineann leis an eastát comhpháirtíochta agus le leas an fhéimhigh ann (arna fhíorú go cuí le mionnscríbhinn más gá) de réir mar a cheapfaidh an Sannaí Oifigiúil a bheith riachtanach.

Dualgas comhpháirtí féimhigh.

(Nua)

33. —Má bhreithnítear comhalta de chomhpháirtíocht ina fhéimheach déanfaidh sé ráiteas gnóthaí ar leith san fhoirm fhorordaithe maidir leis an gcomhpháirtíocht a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil laistigh den am forordaithe.

Cómhacin agus maoin leithleach.

(Nua)

34. —(1) I gcás comhpháirtithe beidh an chómhaoin infheidhme sa chéad ásc chun íoc as a gcomhfhiacha, agus beidh maoin leithleach gach comhpháirtí infheidhme sa chéad ásc chun íoc as a fhiacha leithleacha.

(2) I gcás barrachas cómhaoine a bheith ann déileálfar leis mar chuid de na maoine leithleacha faoi seach i gcomhréir le ceart agus leas gach comhpháirtí sa chómhaoin.

(3) I gcás barrachas d'aon mhaoin leithleach a bheith ann déileálfar leis mar chuid den chómhaoin a mhéid is gá chun fónamh d'aon easnamh ar an gcómhaoin.

Caingne i dtaobh comhchonarthaí.

(Nua)

35. —I gcás féimheach a bheith páirteach i gconradh i gcomhpháirt le haon duine eile, féadfaidh an duine eile sin agra a dhéanamh, nó féadfar agra a dhéanamh ina aghaidh, i leith an chonartha gan dul i bpáirt leis an bhféimheach.

Imeachtaí in ainm comhpháirtíochta.

(Nua)

36. —(1) Féadfaidh aon bheirt nó níos mó ar comhpháirtithe iad, nó aon duine a sheolann gnó faoi ainm comhpháirtíochta, imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo nó féadfar imeachtaí a thionscnamh ina n-aghaidh faoin Acht seo, in ainm an ghnólachta, ach i gcás den sórt sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine ar leas leis é, ordú a thabhairt ainm na ndaoine a nochtadh i cibé slí agus iad a fhíorú faoi mhionn nó ar shlí eile, mar a ordóidh an Chúirt.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) ní dhéanfar aon ordú breithnithe in aghaidh gnólachta in ainm an ghnólachta ach déanfar é in aghaidh na gcomhpháirtithe go haonarach agus ainm an ghnólachta curtha leo.

Comhpháirtíochtaí teoranta.

(33/1963. a. 345 (8))

37. —Faoi réir cibé modhnuithe a dhéanfar le rialacha cúirte, beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le comhpháirtíochtaí teoranta sa tslí chéanna amhail is dá mba ghnáth-chomhpháirtíochtaí comhpháirtíochtaí teoranta agus, ar na comhpháirtithe ginearálta uile i gcomhpháirtíocht teoranta a bheith breithnithe ina bhféimhigh, dílseoidh sócmhainní na comhpháirtíochta teoranta don Sannaí Oifigiúil.

Imshocraíocht tar éis Féimheachta

Bac ar réadú eastáit.

(Nua)

38. —Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó fhéimheach, bac a dheonú ar réadú a eastáit ar feadh cibé ama agus faoi cibé coinníollacha is cuí léi, chun a chumasú dó nó d'aon daoine a bheidh ag gníomhú thar a cheann tairiscint imshocraíochta a dhéanamh dá chuid creidiúnaithe faoi alt 39.

Tairiscint imshocraíochta.

(cf. 1857, ailt. 149, 150 go páirt., 1872, alt 61)

39. —(1) I gcás bac ar réadú eastáit féimhigh a bheith deonaithe faoi alt 38, gairfidh an féimheach cruinniú dá chuid creidiúnaithe os comhair na Cúirte chun tairiscint imshocraíochta a dhéanamh dóibh.

(2) Deich lá ar a laghad roimh an gcruinniú, déanfar fógra i dtaobh an chruinnithe ina sonrófar go beacht an tairiscint imshocraíochta atá le déanamh a chur isteach san Iris Oifigiúil agus a chur freisin leis an bpost chuig gach creidiúnaí ag an seoladh is deireanaí is eol a bhí aige.

(3) Má dhéanann an féimheach tairiscint imshocraíochta nó má dhéantar sin thar a cheann agus go nglacann trí chúigiú de na creidiúnaithe, ó thaobh lín agus luacha, a vótálann ag an gcruinniú, cibé go pearsanta nó trí ghníomhaire a bheidh údaraithe i scríbhinn chuige sin, leis an tairiscint nó le haon mhodhnú uirthi, measfar go mbeidh glactha léi agus ar an tairiscint a bheith ceadaithe ag an gCúirt beidh sí ina ceangal ar chreidiúnaithe uile an fhéimhigh.

(4) Ní bheidh creidiúnaí i dteideal vótáil más lú ná £100 an fiach a bheidh dlite dó.

(5) Más rud é ar chúis ar bith nach mbeidh ráiteas faoina ghnóthaí comhdaithe ag an bhféimheach mar a cheanglaítear le halt 19 (c), déanfaidh sé amhlaidh ag an gcruinniú nó roimhe.

(6) Féadfar fiacha a chruthú ag an gcruinniú.

Imshocraíocht a íoc.

(Nua)

40. —(1) Beidh aon imshocraíocht iníoctha mar a leanas—

(a) in airgead tirim, laistigh de mhí amháin ó cheadú na tairisceana imshocraíochta ag an gCúirt nó laistigh de cibé am breise a lamhálfaidh an Chúirt, nó

(b) i dtráthchodanna, a mbeidh gach tráthchuid díobh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, nó

(c) go páirteach in airgead tirim agus go páirteach i dtráthchodanna a bheidh iníoctha nó urraithe mar a dúradh.

(2) Ní dhéanfar i gcás ar bith tráthchuid a urrú le bille, nóta nó urrús eile a bheidh sínithe ag an bhféimheach agus aigesean amháin nó infheidhmithe ina choinne amháin.

(3) Beidh discréid ag an gCúirt diúltú tairiscint a cheadú a bheidh iníoctha go hiomlán nó go páirteach i dtráthchodanna mura mbeidh an tráthchuid dheireanach iníoctha laistigh de dhá bhliain.

Ordú breithnithe a urscaoileadh.

(Nua)

41. —Ar iarratas ón bhféimheach nó óna ionadaithe pearsanta, déanfaidh an Chúirt, tráth na tuarascála ón Sannaí Oifigiúil agus mura bhfuil calaois i gceist, an t-ordú breithnithe a urscaoileadh—

(a) i gcás imshocraíochta is iníoctha in airgead tirim, ar an méid a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil is gá chun íoc as an imshocraíocht, na caiteachais, na táillí, na costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta;

(b) i gcás imshocraíochta is iníoctha i dtráthchodanna a bheidh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, ar na billí, na nótaí nó na hurrúis eile comhlánaithe a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil mar aon leis an méid is gá chun íoc as caiteachais, táillí, costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta;

(c) i gcás imshocraíochta is iníoctha go páirteach in airgead tirim agus go páirteach i dtráthchodanna a bheidh urraithe chun sástacht na gcreidiúnaithe, ar na billí, na nótaí nó na hurrúis eile comhlánaithe a lóisteáil leis an Sannaí Oifigiúil mar aon leis an méid is gá chun íoc as an imshocraíocht airgid, as caiteachais, táillí, costais, cibé suimeanna breise a ordóidh an Chúirt agus as na híocaíochtaí tosaíochta.

Féimheach d'fháil bháis tar éis Breithniú

Féimheach d'fháil bháis tar éis breithniú.

(1857, a. 137)

42. —Má fhaigheann féimheach bás féadfaidh an Chúirt dul ar aghaidh leis an bhféimheacht amhail is dá mba bheo dó.

Féimheacht Iardain

Féimheacht iardain.

(Nua)

43. —(1) Má bhreithnítear féimheach athuair, dílseoidh an mhaoin iarfhaighte go léir nach mbeidh éilithe ag an Sannaí Oifigiúil ar dháta na féimheachta iardain, don Sannaí Oifigiúil, má éilíonn sé í, chun creidmheas na féimheachta iardain.

(2) Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil aon mhaoin iarfhaighte nó na fáltais ón maoin sin a bheidh ina sheilbh ar dháta na féimheachta iardain a aistriú chun creidmheas na féimheachta iardain (tar éis dó a chostais agus a chaiteachais a asbhaint).

(3) Aistreofar chun creidmheas na hiarfhéimheachta aon bharrachas a éireoidh de dhroim na féimheachta iardain.