An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Nós Imeachta i bhFéimheacht) Ar Aghaidh (CUID IV Comhshocraíochtaí faoi Rialú na Cúirte)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

CUID III

Riaradh Maoine

Éifeacht Breithnithe ar Mhaoin Féimhigh

Maoin a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.

(1857, ailt. 267, 268, 273).

44. —(1) I gcás duine a bhreithniú ina fhéimheach, ansin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, dílseoidh maoin uile an duine sin, ar dháta an bhreithnithe, don Sannaí Oifigiúil chun leasa chreidiúnaithe an fhéimhigh.

(2) Maidir le teideal an tSannaí Oifigiúil chun aon mhaoine a dhílsíonn dó de bhua fho-alt (1) ní thosóidh sé, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ar aon dáta is luaithe ná dáta an bhreithnithe.

(3) Folaíonn an mhaoin lena mbaineann fo-alt (1)—

(a) na cumhachtaí go léir a dhílsítear don fhéimheach agus a d'fhéadfadh sé a fheidhmiú go dlíthiúil i ndáil le haon mhaoin díreach roimh dháta an bhreithnithe;

(b) an mhaoin go léir ab ábhar d'aon tíolacas nó aistriú a dhearbhaítear le hailt 57, 58 agus 59 a bheith ar neamhní amhail i gcoinne an tSannaí Oifigiúil, faoi réir chearta aon daoine a chaomhnaítear leis na hailt sin.

(4) Ní fholaíonn an mhaoin lena mbaineann fo-alt (1)—

(a) maoin a shealbhaíonn an féimheach ar iontaobhas d'aon duine eile, ná

(b) aon suim a dhílsíonn don Sannaí Oifigiúil faoi alt 7 (1) (a) den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1967 , nó alt 30 (i) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .

(5) Gan dochar d'aon phrionsabal atá ar marthain nó d'aon riail dlí nó cothromais, do chleachtas nó do ghnáthamh bunaithe i ndáil le damáistí nó cúiteamh a ghnóthaíonn féimheach nó is inghnóthaithe aige mar gheall ar dhíobháil nó caillteanas pearsanta a d'fhulaing sé, aon mhaoin a fuair féimheach nó a chineachaigh chuige roimh urscaoileadh nó neamhniú an ordaithe breithnithe (dá ngairtear “maoin iarfhaighte” san Acht seo) dílseoidh sí don Sannaí Oifigiúil má éilíonn sé agus an tráth a éilíonn sé í.

Earraí eiscthe.

(1857, ailt 298, 299)

45. —(1) Beidh féimheach i dteideal seilbh a choimeád, mar earraí eiscthe, ar cibé baill éadaí, troscán tí, leapachas, uirlisí nó trealamh a cheirde nó a shlí bheatha nó earraí riachtanacha eile dá samhail dó féin, dá bhanchéile, dá leanaí agus dá ghaolta cleithiúnacha a chónaíonn leis, mar a roghnóidh sé, nach mó a luach ná £2,500 nó cibé méid eile a lamhálfaidh an Chúirt ar iarratas ón bhféimheach.

(2) I gcás go ndéanfaidh féimheach, tar éis dó na hítimí arb iad na hearraí eiscthe iad a roghnú, a iarraidh i scríbhinn ar an Sannaí Oifigiúil gan a mbeidh fágtha d'aon earraí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a dhiúscairt, ní dhiúscróidh an Sannaí Oifigiúil iad sin ach amháin de réir ordaithe de chuid na Cúirte.

(3) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón bhféimheach nó ón Sannaí Oifigiúil, i ndáil lena mbeidh fágtha d'earraí den sórt sin—

(a) a n-aistriú agus a ndíol a chur siar;

(b) a cheadú iad d'fhanacht in úsáid ag an bhféimheach;

(c) a ordú, tráth ar bith, iad a thógáil ag an Sannaí Oifigiúil nó thar a cheann agus iad a dhíol chun leasa na gcreidiúnaithe.

Deimhniú i dtaobh dílsiú maoine don Sannaí Oifigiúil.

(cf. 1857, a. 269)

46. —(1) Más rud é, de réir dlí, go gceanglaítear clárú a dhéanamh ar aon tíolacas talún agus go ndílsíonn an talamh sin don Sannaí Oifigiúil faoin gCuid seo, eiseofar deimhniú chuige faoi shéala na Cúirte mar fhianaise ar an dílsiú agus cuirfidh sé faoi deara an deimhniú a chlárú a luaithe is féidir amhail is dá mba thíolacas é, agus beidh an éifeacht chéanna chun gach críche ag clárú an deimhnithe a bheadh ag clárú tíolacais.

(2) Maidir le teideal aon cheannaitheora a cheannaigh aon talamh den sórt sin ar chomaoin luachmhar, de mheon macánta agus d'éagmais fógra faoin mbreithniú, agus a chláraigh an tíolacas go cuí roimh chlárú an deimhnithe, ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin an bhreithnithe mura gclárófar an deimhniú laistigh de dhá mhí tar éis dháta an bhreithnithe.

Airgead agus urrúis áirithe a dhílsiú don Sannaí Oifigiúil.

(Nua)

47. —D'ainneoin aon fhorála in aon achtachán eile—

(a) aon airgead i mBanc Taisce an Phoist nó i mbanc taisce iontaobhais a bhfuil teideal ag féimheach chuige, nó

(b) aon urrúis a eisíonn an tAire Airgeadais tríd an bPost faoina chumhachtaí reachtúla chun iasachtaí a fháil agus a bhfuil teideal ag féimheach chucu,

dílseoidh an t-airgead nó na hurrúis sin, tráth breithnithe an fhéimhigh, don Sannaí Oifigiúil, ar an tslí chéanna le haon mhaoin eile.

Teorainn le cumhachtaí an tSannaí Oifigiúil i ndáil le cóipcheart.

(Nua)

48. —Más rud é go gcuimsíonn maoin féimhigh an chóipcheart in aon saothar nó aon leas i gcóipcheart den sórt sin agus go ndlífidh sé ríchíosanna nó sciar de na brabúis ina leith a íoc leis an údar—

(a) ní bheidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal aon chóipeanna den saothar a dhíol ná a údarú aon chóipeanna de a dhíol, ná an saothar a léiriú ná léiriú den saothar a údarú, ach amháin de réir na dtéarmaí go n-íocfar leis an údar cibé suimeanna ar mhodh ríchíosa nó sciar de na brabúis a bheadh iníoctha ag an bhféimheach, agus

(b) ní bheidh sé i dteideal an ceart a shannadh ná an leas a aistriú ná aon leas sa cheart a dheonú le ceadúnas, ach amháin le toiliú an údair nó na Cúirte agus ar théarmaí a áiritheoidh íocaíochtaí don údar ar mhodh ríchíosa nó sciar de na brabúis de réir ráta nach lú ná an ráta a dhlígh an féimheach a íoc.

Clásal sriantach i gcomhaontú nó i léas.

(Nua)

49. —(1) Beidh gach cúnant nó foráil d'fhorghéilleadh léasa tráth féimheachta an léasaí ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.

(2) Aon chlásal i gcomhaontú fruilcheannaigh a airbheartaíonn an comhaontú a fhoirceannadh tráth féimheachta an fhruilitheora, beidh sé ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.

Forghníomhú in aghaidh maoine féichiúnaí roimh bhreithniú.

(cf. 1872, a. 54)

50. —(1) I gcás go ndearnadh earraí nó leas léasachta i dtalamh de chuid féichiúnaí a urghabháil faoi ordú forghníomhaithe agus a dhíol, nó i gcás gur íocadh airgead, mar pháirt-shásamh nó mar lán-sásamh ar an bhforghníomhú, leis an sirriam nó leis an gcláraitheoir contae nó leis an gcreidiúnaí forghníomhaithe d'fhonn urghabháil nó díol faoin bhforghníomhú sin a sheachaint, coinneoidh an sirriam, an cláraitheoir contae nó an creidiúnaí forghníomhaithe fáltais an díola nó an t-airgead a íocadh amhlaidh, ar feadh tréimhse lá is fiche.

(2) Más rud é, laistigh den tréimhse sin, go bhfaighidh an sirriam, an cláraitheoir contae nó an creidiúnaí forghníomhaithe fógra faoi bhreithniú an fhéichiúnaí, géillfidh sé an mhaoin don Sannaí Oifigiúil nó íocfaidh sé leis fáltais an díola nó aon airgead a íocadh mar shásamh ar an bhforghníomhú agus beidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal an mhaoin, na fáltais nó an t-airgead, de réir mar a bheidh, a choinneáil amhail in aghaidh an chreidiúnaí forghníomhaithe.

(3) Aon fhorghníomhú a thoibheofar trí urghabháil a dhéanamh ar aon mhaoin den sórt sin de chuid an fhéichiúnaí ní bheidh sé neamhbhailí de bhíthin amháin gur gníomh féimheachta é agus aon duine a cheannóidh an mhaoin de mheon macánta faoi dhíolachán ag an sirriam nó ag an gcláraitheoir contae, gheobhaidh sé teideal maith chuici amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil.

(4) Má dhéanann sirriam nó cláraitheoir contae, gan fógra faoi bhreithniú an fhéichiúnaí, fáltais díola nó airgead eile a choinnigh sé de bhun fho-alt (1) a íoc leis an gcreidiúnaí forghníomhaithe tar éis lá is fiche a bheith caite, ní bheidh sé faoi dhliteanas ag an Sannaí Oifigiúil maidir leis an íocaíocht.

(5) Má ghéilltear maoin nó má íoctar fáltais díola nó airgead eile leis an Sannaí Oifigiúil beidh costais an fhorghníomhaithe ina thúsmhuirear ar an gcéanna agus féadfaidh an Sannaí Oifigiúil an mhaoin go léir nó cuid di a dhíol chun an muirear a ghlanadh.

Tosaíocht mhorgáiste breithiúnais.

(1857, a. 331)

51. —(1) Creidiúnaí breithiúnais a chláraíonn mionnscríbhinn dá bhreithiúnas de réir ailt 6 agus 7 den Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850, ní bheidh sé, de bhíthin an chláraithe sin, i dteideal aon tosaíochta ar chreidiúnaithe conartha shimplí i gcás an duine ar ina choinne a chláraítear an mhionnscríbhinn sin a bhreithniú ina fhéimheach, mura mbeidh an mhionnscríbhinn cláraithe trí mhí ar a laghad roimh dháta an bhreithnithe.

(2) Déanfar an tagairt in alt 284 (2) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , d'alt 331 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857 (a aisghairtear leis an Acht seo) a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (1) agus dá réir sin déanfar an tagairt san alt sin 284 (2) do chomhdú na hachainí a léamh mar thagairt do dháta an bhreithnithe.

Ordú an ceannaitheoir a chur i seilbh.

(1872, a. 75)

52. —I gcás talamh de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta a bheith díolta faoi fhorálacha an Achta seo nó a bheith díolta ag an gCúirt nó faoi ordú uaithi, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón gceannaitheoir, ordú a eisiúint á ordú don sirriam nó don chláraitheoir contae iomchuí an ceannaitheoir a chur i seilbh na talún go léir nach bhfuil á áitiú ag léasaithe, ag fo-léasaithe nó ag tionóntaí, ar faoi réir a leasa a rinneadh an díol agus a d'aturnaigh chuig an gceannaitheoir laistigh d'am a chinnfear san ordú, agus forghníomhófar an t-ordú ar an modh céanna le hordú maidir le seachadadh seilbhe.

Cead ag morgáistí imthairiscint a dhéanamh tráth díola.

(1857, a. 316)

53. —Féadfaidh morgáistí aon mhaoine de chuid féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta, le cead na Cúirte, imthairiscint agus ceannach a dhéanamh tráth díola na maoine.

Urscaoileadh daoine a sheachadann maoin, etc., ar an Sannaí Oifigiúil.

(cf. 1857, a. 281)

54. —Maidir le duine—

(a) óna ngnóthaíonn an Sannaí Oifigiúil aon mhaoin de chuid féimhigh, nó

(b) a dhéanann, gan aon imeachtaí dlí, seilbh aon mhaoine den sórt sin a sheachadadh de mheon macánta ar an Sannaí Oifigiúil, nó

(c) a íocann aon fhiach a dhlitear do fhéimheach agus a éilíonn an Sannaí Oifigiúil,

scaoilfear é ó gach éileamh ag an bhféimheach i leith na maoine nó an fhéich sin, d'ainneoin neamhniú nó urscaoileadh an bhreithnithe dá éis sin.

Ní chuirfear ó bhail teideal chun maoine a dhíolfar.

(1857, a. 323)

55. —Ní dhéanfaidh an féimheach, ná aon duine á éilíonn faoi, an teideal chun aon mhaoine a dhíolfar i bhféimheacht a chur ó bhail de bhíthin amháin go bhfuil locht éigin ar aon imeachtaí faoin Acht seo.

Maoin dhochraideach a shéanadh.

(1872, ailt 97 agus 98; 33/1963, a. 290)

56. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (5), más é atá in aon mhaoin (seachas maoin iarfhaighte) de chuid féimhigh talamh faoi aon tionacht a bhfuil cúnaint dhochraideacha d'ualach air, scaireanna nó stoc i gcuideachtaí, conarthaí gan bhrabús, nó aon mhaoin eile nach féidir a dhíol nó nach féidir a dhíol go réidh toisc go gcuireann sí ceangal ar a sealbhóir aon ghníomh dochraideach a dhéanamh nó aon suim airgid a íoc, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, d'ainneoin iarracht a bheith déanta aige an mhaoin a dhíol nó seilbh a bheith glactha aige uirthi nó aon ghníomh úinéireachta a bheith déanta aige maidir léi, an mhaoin a shéanadh, le cead na Cúirte agus faoi réir fhorálacha an ailt seo, trí scríbhinn a shíneoidh sé, aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dháta an bhreithnithe nó tar éis cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt.

(2) Más rud é nach mbeidh eolas faoi aon mhaoin den sórt a dúradh faighte ag an Sannaí Oifigiúil laistigh de mhí tar éis dháta an bhreithnithe, féadfar, aon tráth laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dó eolas a fháil ina taobh nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an Chúirt, an chumhacht a fheidhmiú a thugtar faoin alt seo chun an mhaoin a shéanadh.

(3) Oibreoidh an séanadh chun deireadh a chur, amhail ó dháta an tséanta, le cearta, leasanna agus dliteanais an fhéimhigh, agus le dílseánacht an fhéimhigh, sa mhaoin a shéantar nó i leith na maoine sin, agus urscaoilfidh sé freisin an Sannaí Oifigiúil ó gach dliteanas pearsanta i leith na maoine a shéantar amhail ó dháta dílsithe na maoine dó, ach ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná dliteanais aon duine eile ach amháin sa mhéid gur gá sin chun an féimheach agus maoin an fhéimhigh agus an Sannaí Oifigiúil a scaoileadh ó dhliteanas.

(4) Féadfaidh an Chúirt, sula dtabharfaidh sí cead séanta nó ar é a thabhairt, a cheangal ar an Sannaí Oifigiúil cibé fógraí a thabhairt do dhaoine leasmhara, agus féadfaidh sí cibé téarmaí a fhorchur mar choinníoll a bhainfidh leis an gcead a thabhairt, agus cibé ordú eile a dhéanamh san ábhar, is dóigh leis an gCúirt is cóir.

(5) Ní bheidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal aon mhaoin a shéanadh faoin alt seo in aon chás ina ndearnadh iarratas chuige i scríbhinn ó aon daoine a bhfuil leas acu sa mhaoin á cheangal air a chinneadh cé acu a shéanfaidh sé nó nach séanfaidh sé í, agus nach mbeidh an Sannaí Oifigiúil, laistigh de thréimhse ocht lá is fiche tar éis dó an t-iarratas a fháil nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an Chúirt, tar éis fógra a thabhairt don iarratasóir go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar chead séanta; agus más rud é, i gcás conartha, nach ndéanfaidh an Sannaí Oifigiúil, tar éis an iarratais sin a dúradh, an conradh a shéanadh laistigh den tréimhse sin nó den tréimhse fhadaithe sin, measfar go mbeidh glactha aige leis.

(6) Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh, amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, i dteideal tairbhe, nó faoi réir ualach, aon chonartha a rinneadh leis an bhféimheach, ordú a dhéanamh ag cealú an chonartha, ar cibé téarmaí is dóigh leis an gCúirt is cóir maidir le híoc damáistí ag ceachtar páirtí, nó le ceachtar páirtí, mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó eile, agus measfar gur fiach a cruthaíodh agus a admhaíodh san fhéimheacht aon damáistí is iníoctha faoin ordú le haon duine den sórt sin.

(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh ag éileamh go bhfuil aon leas aige in aon mhaoin shéanta nó a bheidh faoi aon dliteanas nach n-urscaoiltear leis an Acht seo i leith aon mhaoine séanta, agus tar éis di aon daoine den sórt sin is cuí léi a éisteacht, ordú a dhéanamh chun an mhaoin a dhílsiú d'aon duine nó a sheachadadh ar aon duine a bheidh ina teideal, nó a ndealróidh sé gur cóir an mhaoin a sheachadadh air mar chúiteamh sa dliteanas sin a dúradh, nó ar iontaobhaí dó, agus ar cibé téarmaí is dóigh leis an gCúirt is cóir, agus ar aon ordú dílseacháin den sórt sin a dhéanamh, dílseoidh an mhaoin a bheidh ar áireamh ann dá réir sin don duine a bheidh ainmnithe ann chuige sin gan aon tíolacas ná sannadh chun na críche sin.

(8) Más de chineál léasachta an mhaoin a shéantar, ní dhéanfaidh an Chúirt ordú dílseacháin i bhfabhar aon duine a bheidh ag éileamh faoin bhféimheach, cibé acu mar fho-léasaí nó mar mhorgáistí trí fhorléasadh é, ach amháin ar théarmaí lena gcuirfear an duine sin—

(a) faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna leo siúd a raibh an féimheach faoina réir faoin léas i leith na maoine ar dháta an bhreithnithe; nó

(b) más cuí leis an gCúirt é, faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna sin amháin a mbeadh an duine sin faoina réir dá sannfaí an léas dó ar an dáta sin;

agus i gceachtar cás (más gá sin), ionann is nach raibh sa léas ach an mhaoin atá ar áireamh san ordú dílseacháin, agus déanfar aon mhorgáistí nó fo-léasaí a dhiúltóidh glacadh le hordú dílseacháin ar na téarmaí sin a eisiamh ó gach leas sa mhaoin agus ó gach urrús uirthi, agus mura mbeidh aon duine dá mbeidh ag éileamh faoin bhféimheach toilteanach glacadh le hordú ar na téarmaí sin, beidh cumhacht ag an gCúirt eastát agus leas an fhéimhigh sa mhaoin a dhílsiú d'aon duine a dhlífidh go pearsanta nó i gcáil ionadach, agus ina aonar nó i gcomhpháirt leis an bhféimheach, cúnaint an léasaí sa léas a chomhlíonadh, agus iad saortha agus urscaoilte ó gach eastát, eire agus leas a bhunaigh an féimheach ann.

(9) Aon duine a mbainfidh damáiste dó trí shéanadh a oibriú faoin alt seo, measfar gur creidiúnaí de chuid an fhéimhigh é go feadh méid na ndamáistí, agus féadfaidh sé dá réir sin an méid a chruthú mar fhiach san fhéimheacht.

Tíolacais Chalaoiseacha agus Dheonacha

Tosaíochtaí calaoiseacha a neamhniú.

(1872, a. 53; 33/1963, Sceid. 11, mír 1.)

57. —(1) Gach tíolacas nó aistriú maoine nó gach muirear ar an gcéanna, gach íocaíocht a dhéantar, gach oibleagáid a thabhaítear agus gach imeacht bhreithiúnach a thionscnaíonn nó a fhulaingíonn aon duine nach acmhainn dó a fhiacha a ghlanadh, de réir mar a thiocfaidh siad chun bheith dlite, as a chuid airgid féin i bhfabhar aon chreidiúnaí nó aon duine ar iontaobhas d'aon chreidiúnaí d'fhonn tosaíocht ar na creidiúnaithe eile a thabhairt don chreidiúnaí sin nó d'aon urra nó ráthóir ar an bhfiach a dhlitear don chreidiúnaí sin, measfar, i gcás go mbreithneofar an duine a dhéanann, a thabhaíonn, a thionscnaíonn nó a fhulaingíonn an céanna ina fhéimheach laistigh de shé mhí tar éis dáta déanta, tabhaithe, tionscanta nó fulaingthe an chéanna, iad a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil; ach ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chearta aon duine a bheidh ag bunú teidil de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí chreidiúnaí nó faoi chreidiúnaí de chuid an fhéimhigh.

(2) (a) I gcás go mbreithneofar duine ina fhéimheach agus go mbeidh aon ní a rinneadh ar neamhní faoi fho-alt (1) nó go raibh sé ar neamhní faoi fhorálacha comhréireacha an dlí a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo mar thosaíocht chalaoiseach do dhuine a bhfuil leas aige i maoin atá faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear chun fiach an fhéimhigh a urrú, ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leith ón alt seo) beidh na dliteanais chéanna ar an duine a fuair an tosaíocht agus beidh na cearta céanna aige amhail is dá mbeadh geallta aige bheith faoi dhliteanas go pearsanta mar urra ar an bhfiach go feadh an mhuirir ar an maoin nó go feadh luach a leasa, cibé acu is lú.

(b) Déanfar luach leas an duine a dúradh a chinneadh amhail ar dháta an idirbhirt arbh é an tosaíocht chalaoiseach é, agus cinnfear é amhail is dá mbeadh an leas saor ó gach eire seachas eirí a raibh an muirear le haghaidh fiach an fhéimhigh faoina réir an uair sin.

(c) I gcás aon iarratas a dhéanfar chun na Cúirte maidir le haon íocaíocht ar an bhforas gur thosaíocht chalaoiseach d'urra nó do ráthóir an íocaíocht, beidh dlínse ag an gCúirt aon cheisteanna maidir leis an íocaíocht, a éireoidh idir an duine lena ndearnadh an íocaíocht agus an t-urra nó an ráthóir, a chinneadh agus faoiseamh a thabhairt ina leith d'ainneoin nach gá sin a dhéanamh chun críocha na féimheachta, agus chuige sin féadfaidh sí cead a thabhairt chun an t-urra nó an ráthóir a thabhairt isteach mar thríú páirtí faoi mar a dhéanfaí i gcás caingean chun an tsuim a íocadh a ghnóthú.

(d) Beidh feidhm ag mír (c), fara na modhnuithe is gá, i ndáil le hidirbhearta seachas íoc airgid, faoi mar atá feidhm aige maidir le híocaíochtaí.

Idirbhearta áirithe a neamhniú.

(Nua)

58. —(1) Más rud é, laistigh de thrí mhí sula mbreithneofar féichiúnaí ina fhéimheach, go ndéanfaidh sé gníomh féimheachta agus go ndíolfaidh sé ina dhiaidh sin aon mhaoin dá chuid ar phraghas atá, i dtuairim na Cúirte, go substaintiúil faoina margadhluach nó go ndéanfaidh sé aon idirbheart eile nó go mbeidh sé ina pháirtí in aon idirbheart eile a bhfuil d'éifeacht leis, i dtuairim na Cúirte, go laghdaíonn sé go substaintiúil an tsuim atá ar fáil le dáileadh ar na creidiúnaithe, beidh an t-idirbheart sin ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, mura rud é go ndearnadh an t-idirbheart ar mhodh bona fide agus nach raibh fógra ag an bpáirtí eile tráth an idirbhirt go raibh gníomh féimheachta déanta roimhe sin ag an bhféimheach.

(2) Ní dhéanfaidh fo-alt (1) difear do chearta aon duine a bheidh ag bunú teidil de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí dhuine nó faoi dhuine (seachas an féimheach) is páirtí in idirbheart a bheidh luaite san fho-alt sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon idirbheart a luaitear in alt 57 (1) nó 59.

Socraíochtaí áirithe a neamhniú.

(1857, a. 314; 1872, a. 52)

59. —(1) Aon socraíocht maoine, nach socraíocht a dhéantar roimh phósadh agus i gcomaoin phósta, nó a dhéantar i bhfábhar ceannaitheora nó eireadóra de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar beidh sí—

(a) i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach laistigh de dhá bhliain tar éis dháta na socraíochta, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil, agus

(b) i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach aon tráth dá éis sin laistigh de chúig bliana tar éis dháta na socraíochta, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil mura gcruthóidh na páirtithe a bheidh ag éileamh faoin socraíocht go raibh an socraitheoir, tráth déanta na socraíochta, ábalta ar a fhiacha go léir a íoc gan cúnamh na maoine a chuimsítear sa socraíocht agus gur aistrigh leas an tsocraitheora sa mhaoin sin chuig iontaobhaí na socraíochta sin ar í a fhorghníomhú.

(2) Aon chúnant nó conradh a dhéanann aon duine (ar a dtugtar an socraitheoir san alt seo) i gcomaoin a phósta nó a pósta, chun airgead a íoc sa todhchaí chun sochair do chéile nó leanaí an tsocraitheora, nó chun maoin nach raibh, ar dháta an phósta, aon eastát nó leas, cibé dílsithe nó teagmhasach, i seilbh nó i bhfuíoll, ag an socraitheoir inti a shocrú sa todhchaí ar chéile nó leanaí an tsocraitheora nó lena n-aghaidh, beidh an cúnant nó an conradh sin i gcás an socraitheoir a bhreithniú ina fhéimheach agus gan an cúnant nó an conradh a bheith forghníomhaithe ar dháta an bhreithnithe, ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil ach amháin a mhéid a chumasaíonn sé do na daoine a bheidh i dteideal faoin gcúnant nó faoin gconradh éileamh a dhéanamh ar dhíbhinn i bhféimheacht an tsocraitheora faoin gcúnant nó faoin gconradh nó ina leith, ach cuirfear siar aon éileamh den sórt sin ar dhíbhinn go dtí go sásófar gach éileamh ó na creidiúnaithe eile ar chomaoin luachmhar in airgead nó i luach airgid.

(3) Aon íocaíocht airgid (nach íocaíocht préimheanna ar pholasaí árachais saoil) nó aon aistriú maoine a rinne an socraitheoir de bhun cúnaint nó conartha lena mbaineann fo-alt (2), beidh sí ar neamhní amhail in aghaidh an tSannaí Oifigiúil i bhféimheacht an tsocraitheora, mura gcruthóidh na daoine a ndearnadh an íocaíocht leo nó an t-aistriú chucu:

(a) go ndearnadh an íocaíocht nó an t-aistriú breis agus dhá bhliain roimh dháta breithnithe an tsocraitheora, nó

(b) go raibh an socraitheoir, ar dháta na híocaíochta nó an aistrithe, ábalta ar a fhiacha go léir a íoc gan cúnamh an airgid a íocadh amhlaidh ná na maoine a aistríodh amhlaidh, nó

(c) gur de bhun cúnaint nó conartha chun airgead a íoc nó maoin a aistriú is dóigh a thiocfadh chun an tsocraitheora ó bhás nó ar bhás duine áirithe a ainmnítear sa chúnant nó sa chonradh, a rinneadh an íocaíocht nó an t-aistriú, agus go ndearnadh é laistigh de thrí mhí tar éis don airgead nó don mhaoin teacht i seilbh nó faoi rialú an tsocraitheora;

ach, i gcás go ndearbhófar go bhfuil aon íocaíocht nó aistriú den sórt sin ar neamhní, beidh na daoine a ndearnadh an íocaíocht leo nó an t-aistriú chucu i dteideal éileamh a dhéanamh ar dhíbhinn faoin gcúnant nó faoin gconradh nó ina leith sa tslí chéanna amhail is dá mba nach raibh an cúnant nó an conradh forghníomhaithe ar dháta an bhreithnithe.

(4) San alt seo folaíonn “socraíocht” aon tíolacas nó aistriú maoine.

Forálacha Bainisteoireachta

Oifig an tSannaí Oifigiúil.

60. —(1) Beidh ag an Sannaí Oifigiúil, agus feidhmeoidh sé, cibé cumhachtaí agus údaráis agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais agus feidhmeanna a thabharfar nó a shannfar dó ó am go ham le reacht (lena n-áirítear an tAcht seo) nó le rialacha cúirte.

(2) Fostófar cigire (dá ngairtear “an Cigire Féimheachta” san Acht seo) in Oifig an tSannaí Oifigiúil agus beidh feidhm dá réir sin ag mír 22 den Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

(3) An duine a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i seilbh oifige mar Theachtaire na Cúirte tiocfaidh sé, ar an tosach feidhme sin, chun bheith, agus is é a bheidh, ina Chigire Féimheachta.

Feidhmeanna an tSannaí Oifigiúil i bhféimheacht agus i gcomhshocraíochtaí dílseacháin.

(Nua)

61. —(1) Baineann an t-alt seo le gach ábhar féimheachta agus comhshocraíocht dílseacháin.

(2) Is iad feidhmeanna an tSannaí Oifigiúil an mhaoin a ghlacadh isteach agus a réadú, na fiacha agus na dliteanais a chinneadh agus na sócmhainní a dháileadh de réir fhorálacha an Achta seo.

(3) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna beidh cumhacht ag an Sannaí Oifigiúil go háirithe—

(a) an mhaoin a dhíol ar cheant poiblí nó trí chonradh príobháideach, le cumhacht chun iomlán na maoine a aistriú chuig aon duine nó an céanna a dhíol ina míreanna agus, chun críche talamh a dhíol, an díol sin a dhéanamh trí dheontas feofheirme, fodheontas feofheirme, léas, fo-léas nó ar shlí eile agus aon chíos a dhíol a bheidh forchoimeádta ar aon deontas den sórt sin nó aon fhrithdhílse a dhíol a bheidh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin,

(b) aon chomhréiteach nó comhshocraíocht a dhéanamh le creidiúnaithe nó le daoine a bheidh ag éileamh gur creidiúnaithe iad, nó a bhfuil, nó a líomhnóidh go bhfuil, aon éileamh acu, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin trína bhféadfaidh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta teacht faoi dhliteanas,

(c) gach fiach agus gach dliteanas a bhféadfadh fiacha teacht as, agus gach éileamh, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, atá ar marthain nó a shíltear a bheith ar marthain idir an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta agus aon fhéichiúnaí agus gach ceist a bhaineann in aon slí leis na sócmhainní nó leis na himeachtaí nó a dhéanfaidh difear dóibh in aon slí, a chomhréiteach ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar agus aon urrús go ndéanfar urscaoileadh ar aon fhiach, dliteanas nó éileamh, a ghlacadh agus urscaoileadh iomlán a thabhairt ina leith sin,

(d) aon imeachtaí a bhaineann leis an maoin a thionscnamh, a chosaint nó a choimeád ar siúl,

(e) aon díospóid a bhaineann leis an maoin a chur chun eadrána faoi théarmaí alt 11 den Acht Eadrána, 1954 ,

(f) aon mhaoin a mhorgáistiú nó a chur i ngeall chun aon airgead is gá a chruinniú,

(g) litreacha riaracháin maidir le haon eastát a rachadh a riaradh chun tairbhe don fhéimheach nó don fhéichiúnaí comhshocraíochta a bhaint amach faoina ainm oifigiúil gan a cheangal air urrús a thabhairt,

(h) comhaontú ar shuim le haghaidh costas i gcás go n-ordaíonn an Chúirt amhlaidh nó go gceapann sé nach mbeadh an tsuim a cheadófaí ar fhómhas níos mó ná £1,000,

(i) comhaontú ar tháillí cuntasóirí, ceantálaithe, bróicéirí agus daoine eile,

(j) cinneadh agus deimhniú a dhéanamh don Chúirt maidir leis an méid atá dlite i leith féich mhorgáiste agus tosaíocht chuí an chéanna le cumhacht don Chúirt an deimhniú sin a athrú,

(k) aon suim nach mó ná £100 ar mhodh slánaíochta i leith na gcostas a thabhaíonn sé a tharraingt as an gcuntas dá dtagraítear in alt 84 (1).

(4) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin i bhfo-alt (3), ní dhéanfar aon diúscairt ar mhaoin féimhigh, féichiúnaí comhshocraíochta ná duine a fhaigheann bás agus é dócmhainneach ar maoin í a fholaíonn áras teaghlaigh de réir bhrí an Achta um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 , gan cead na Cúirte a fháil roimh ré, agus beidh aon diúscairt ar neamhní a dhéanfar gan cead den sórt sin.

(5) Ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil faoin alt seo ar ordú chun áras teaghlaigh a dhíol, beidh, d'ainneoin aon ní san achtachán seo nó in aon achtachán eile, cumhacht ag an gCúirt ordú a thabhairt díol an árais teaghlaigh a chur siar ag féachaint do leasanna na gcreidiúnaithe agus chéile agus chleithiúnaithe an fhéimhigh agus d'imthosca uile an cháis chomh maith.

(6) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, i gcás amhrais nó deacrachta, ordacháin na Cúirte a lorg i dtaca le gnóthaí aon fhéimhigh nó aon fhéichiúnaí comhshocraíochta.

(7) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo ag an Sannaí Oifigiúil faoi réir rialú na Cúirte agus féadfaidh aon chreidiúnaí nó duine eile ag a bhfuil leas i dtuairim na Cúirte iarratas a dhéanamh chun na Cúirte i ndáil le feidhmiú nó feidhmiú beartaithe na gcumhachtaí sin.

(8) Na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar don Sannaí Oifigiúil leis an alt seo féadfar iad a fheidhmiú agus a chur i gcrích—

(a) i gcás breithniú a bhunaítear ar achainí ó fhéichiúnaí, tráth an bhreithnithe,

(b) i gcás breithniú a bhunaítear ar achainí ag creidiúnaí, ar an am chun cás a shuíomh a bheith imithe in éag,

(c) i gcás comhshocraíochta dílseacháin, ar cheadú an togra ag an gCúirt.

Cigire Féimheachta agus cúntóirí.

(1857, a. 62)

62. —(1) Leanfaidh an Cigire Féimheachta agus a chúntóirí treoracha an tSannaí Oifigiúil, faoi réir ordacháin agus rialú na Cúirte.

(2) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh sé de dhualgas ar an gCigire Féimheachta nó ar a chúntóirí—

(a) maoin an fhéimhigh a urghabháil de bhun barántais a eiseoidh an Chúirt faoi alt 27,

(b) fardal a ghlacadh de mhaoin an fhéimhigh agus tuairisc a thabhairt uirthi,

(c) seilbh a ghlacadh ar mhaoin fhéichiúnaí comhshocraíochta de bhun alt 100 agus fardal a ghlacadh den mhaoin agus tuairisc a thabhairt uirthi,

(d) cibé nithe eile a dhéanamh a ordóidh an Chúirt nó an Sannaí Oifigiúil.

An Sannaí Oifigiúil a chosaint.

(1857, a. 65)

63. —Ní bheidh an Sannaí Oifigiúil faoi dhliteanas—

(a) de bhrí nár leor chun tacú le breithniú aon ní de na nithe ar ar bunaíodh an breithniú,

(b) i dtaca le haon mhaoin a ghlacadh aige, ar choinníoll nár dhéileáil sé leis an maoin ar mhodh seachas mar a d'ordaigh an Chúirt nó mar a cheanglaítear leis an Acht seo nó le rialacha cúirte.

Cumhacht an tSannaí Oifigiúil chun sainoidhreacht a urchose.

(1857, a. 340; 1872, a. 50)

64. —Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, déileáil le haon talamh a bhfuil an féimheach ina theideal go tairbhiúil mar thionónta sainoidhreach, sa tslí chéanna a bhféadfadh an féimheach déileáil leis dá mba nár breithníodh é; agus beidh réim agus feidhm ag ailt 49 go 61 den Fines and Recoveries (Ireland) Act, 1834 (a mhéid is infheidhme iad) maidir le himeachtaí i bhféimheacht faoin Acht seo amhail is dá mbeadh na hailt sin ath-achtaithe san Acht seo agus sin i dtéarmaí a bheadh infheidhme maidir leis na himeachtaí sin.

Cumhacht an tSannaí Oifigiúil chun cuid d'ioncam féimhigh a leithreasú.

(Nua: cf. 1857, a. 319; 1872, a. 51)

65. —(1) D'ainneoin aon fhoráil contrártha dó sin in aon achtachán eile, uair ar bith a mbeidh aon tuarastal, ioncam, díolaíocht nó pinsean á fháil ag féimheach, cibé féinfhostaithe é nó a mhalairt, nó a mbeidh sé i dteideal an céanna a fháil, féadfaidh an Chúirt, ó am go ham, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, ordú a dhéanamh a bheidh dírithe chun an fhéimhigh agus chun aon duine óna bhfuil an féimheach i dteideal aon tuarastal, ioncam, díolaíocht nó pinsean den sórt sin a fháil á ordú an t-iomlán nó cuid den tuarastal, den ioncam, den díolaíocht nó den phinsean sin a íoc leis an Sannaí Oifigiúil faoi réir cibé coinníollacha maidir le híocaíocht a shonróidh an Chúirt san ordú ag féachaint do fhreagrachtaí teaghlaigh agus staid phearsanta an fhéimhigh.

(2) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith, ar iarratas ó aon duine leasmhar, ordú faoi fho-alt (1) a athrú, ag féachaint d'aon athruithe ar fhreagrachtaí teaghlaigh nó staid phearsanta an fhéimhigh.

Maoin a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil.

(cf. 1857, a. 324)

66. —Déanfaidh gach duine, ar é á iarraidh air, an t-airgead uile nó na hurrúis uile ar airgead ina sheilbh nó faoina rialú nach bhfuil sé i dteideal a choimeád de réir dlí amhail in aghaidh an fhéimhigh nó an tSannaí Oifigiúil, a sheachadadh ar an Sannaí Oifigiúil.

Ceart an tSannaí Oifigiúil stoic nó scaireanna a aistriú.

(cf. 1857, a 320)

67. —I gcás gur stoic nó scaireanna a bheidh in aon chuid de mhaoin féimhigh, nó de mhaoin féichiúnaí comhshocraíochta faoi chomhshocraíocht dílseacháin, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil an ceart chun iad a aistriú a fheidhmiú a mhéid céanna a bhféadfadh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta é a fheidhmiú murach an breithniú nó an chomhshocraíocht dílseacháin.

Ceart an tSannaí Oifigiúil earraí atá geallearbtha nó curtha i ngeall a iniúchadh.

(Nua)

68. —I gcás go mbeidh aon earraí de chuid féimhigh á sealbhú ag aon duine ar mhodh cur i ngeall, geallearbtha nó urrúis eile, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra i scríbhinn a thabhairt don sealbhóir á rá go bhfuil sé ar intinn aige na hearraí a iniúchadh agus, i gcás fógra den sórt sin a bheith tugtha, ní bheidh an sealbhóir i dteideal a urrús a réadú go dtí go mbeidh deis réasúnach tugtha aige don Sannaí Oifigiúil chun na hearraí a iniúchadh agus a cheart fuascailte a fheidhmiú más cuí leis sin a dhéanamh.

Maoin féimhigh a ghlacadh.

(cf. 1857, ailt 60, 61)

69. —(1) Beidh an Sannaí Oifigiúil ina shannaí ar eastát gach féimhigh agus gníomhóidh sé i dteannta sannaí na gcreidiúnaithe, más ann dó.

(2) Ach amháin mar a ordaíonn an Chúirt a mhalairt, déanfaidh an Sannaí Oifigiúil maoin gach féimhigh, agus an t-ioncam agus na fáltais ón maoin sin, a shealbhú agus a ghlacadh.

(3) An t-airgead agus na hurrúis go léir a ghlacfaidh an Sannaí Oifigiúil, ar cuid iad d'eastát féimhigh, lóisteálfaidh sé láithreach iad i mBanc Ceannais na hÉireann agus coimeádfar ansin iad chun creidmheas an tSannaí Oifigiúil faoi réir fhorálacha an Achta seo agus rialacha cúirte agus ordacháin na Cúirte.

(4) Faoi réir alt 84, déileálfar de bhun rialacha cúirte leis an airgead agus leis na hurrúis go léir a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ag seasamh chun creidmheas cuntas bainc i gcúrsaí féimheachta nó comhshocraíochta.

(5) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an t-iomlán nó aon chuid d'aon airgead dá dtagraítear san alt seo a infheistiú ó am go ham, agus déanfar aon ús air sin a íoc isteach sna cuntais bainc cuí.

Éileamh ar mhaoin i seilbh féimhigh.

(Nua)

70. —(1) Má éilíonn duine aon mhaoin atá i seilbh an fhéimhigh ar dháta an bhreithnithe déanfaidh sé éileamh a bheidh fíoraithe le mionnscríbhinn a chomhdú leis an Sannaí Oifigiúil.

(2) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine chun a éileamh chun maoine atá i seilbh an fhéimhigh ar dháta an bhreithnithe a chruthú agus más rud é nach ndéanfaidh an duine sin laistigh de mhí amháin tar éis seirbheáil an fhógra éileamh a bheidh fíoraithe le mionnscríbhinn a chomhdú leis an Sannaí Oifigiúil, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an mhaoin a dhíol nó a dhiúscairt saor ó aon cheart nó leas inti ag an duine sin.

Liúntais d'fhéimheach.

(cf. 1857, a. 301)

71. —Féadfaidh an Chúirt cibé liúntais is cuí leis an gCúirt in imthosca speisialta an cháis a thabhairt don fhéimheach as a eastát.

Athdhíriú litreacha, etc., a sheoltar chuig féimheach.

(1857, a. 312)

72. —Má bhreithnítear féichiúnaí ina fhéimheach, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil, a ordú ó am go ham go ndéanfar ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná trí mhí, is cuí leis an gCúirt litreacha, teileagraim agus paicéid phoist a bheidh dírithe ar an bhféimheach ag áit ar bith a bheidh luaite san ordú a athdhíriú nó a sheoladh chuig an Sannaí Oifigiúil nó a sheachadadh air de réir mar a ordóidh an Chúirt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt.

Glacadóirí agus bainisteoirí a cheapadh.

(1872, a. 68)

73. —Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith tar éis breithniú nó tar éis ordú cosanta a dheonú, glacadóir nó bainisteoir a cheapadh ar mhaoin iomlán an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí comhshocraíochta, nó ar chuid dá mhaoin, agus féadfaidh sí a ordú go nglacfaidh an glacadóir nó an bainisteoir seilbh láithreach ar an maoin sin nó ar chuid ar bith di.

Comhdhíbhinní agus díbhinní leithleacha.

(cf. 1857, a. 266)

74. —Más féimheach comhpháirtí amháin nó níos mó de na compháirtithe i ngnólacht, beidh aon chreidiúnaí de chuid an ghnólachta i dteideal a fhiach a chruthú nó go nglacfaí leis mar chreidiúnaí chun críche vótála i roghnú agus i gceapadh sannaí creidiúnaithe ach ní bhfaighidh creidiúnaí den sórt sin aon díbhinn as eastát leithleach an fhéimhigh go dtí go mbeidh méid iomlán a bhfiacha faoi seach faighte ag na creidiúnaithe leithleacha go léir.

Fiacha is inchruthaithe i bhféimheacht agus i gcomhshocraíochtaí.

(cf. 1857, ailt 247, 249, 252 go 258; 1872, ailt 45-47)

75. —(1) Fiacha agus dliteanais, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, de bhíthin aon oibleagáide a thabhaigh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta roimh dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta agus éilimh de chineál damáistí neamhleachtaithe a raibh an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta faoi dhliteanas maidir leo ar an dáta sin de bhíthin éagóra de réir bhrí an Achta um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , beidh siad inchruthaithe san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht.

(2) I gcás ús nó aon chomaoin airgid in ionad úis a bheith forchoimeádta, nó i gcás comhaontú a bheith déanta maidir leis ar fhiach atá thar téarma ar dháta an bhreithnithe, beidh an creidiúnaí i dteideal a fhiach a chruthú nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí faoi chomhair an úis nó na comaoine sin suas go dtí dáta an bhreithnithe.

(3) I gcás go gcomhaontóidh na páirtithe riachtanacha go léir, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh measúnú damáistí nó ranníoca faoi alt 61 (2) den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , d'ainneoin go bhféadfadh nach í an chúirt í ar aici, nó ar os a comhair, a bheidh an t-éileamh ar dhamáistí nó ar ranníocaí le cinneadh.

(4) Féadfaidh an Chúirt meastachán a dhéanamh maidir le luach aon fhéich nach ngabhann luach cinnte leis mar gheall ar é bheith faoi réir aon teagmhais nó ar aon chúis eile agus cruthófar méid an mheastacháin mar fhiach.

Cruthúnas ar fhiacha.

(cf. 1857, a. 246 go páirt.)

76. —Beidh feidhm ag forálacha an Chéad Sceidil i ndáil le cruthúnas ar fhiacha.

Féimheacht ghníomhaire mharsantaigh.

(Nua)

77. —Maidir le halt 12 (2) den Factors Act, 1889 (a rialálann cearta úinéara earraí i gcás féimheacht ghníomhaire mharsantaigh a mbeidh siad curtha faoina chúram), beidh éifeacht leis ach tagairt don Sannaí Oifigiúil a chur in ionad na tagartha d'iontaobhaí i bhféimheacht.

Cruthúnas le haghaidh costas breithiúnais.

(1857, a. 261)

78. —I gcás go bhfaighidh páirtí i gcúis nó in ábhar ar bith breithiúnas nó ordú in aghaidh duine a ndéanfar dá éis sin é a bhreithniú ina fhéimheach nó ordú cosanta a dheonú dó maidir le haon fhiach a gcruthóidh sé gur creidiúnaí é nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí ina leith, beidh sé freisin i dteideal a chruthú gur creidiúnaí é nó go nglacfar leis mar chreidiúnaí faoi choinne costais an bhreithiúnais nó an ordaithe, cibé acu ar fómhasadh nó ar cinntíodh na costais nó nach ndearnadh, ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta.

Fiacha a cruthaíodh cheana féin a dhícheadú.

(1857, a. 263)

79. —Féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón Sannaí Oifigiúil nó ó aon chreidiúnaí nó ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta, aon fhiach a bheidh cruthaithe nó a mbeidh glactha leis cheana féin a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach.

Eastát a Dháileadh

Tosaíocht ag caiteachais, etc.

(Nua)

80. —Beidh caiteachais, táillí agus costais na féimheachta iníoctha i dtosaíocht ar dhliteanais an fhéimhigh i cibé ord a bheidh forordaithe.

Íocaíochtaí tosaíochta.

(1889, ailt 4, 6; 33/1963, a. 285)

81. —(1) Nuair a bheidh maoin féimhigh á dáileadh íocfar i dtosaíocht ar gach fiach eile—

(a) na rátaí áitiúla go léir a bheidh dlite den fhéimheach ar dháta an ordaithe breithnithe, agus a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha laistigh de dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta sin, agus gach cáin mhaoine nó cáin ioncaim a bheidh measúnaithe ar an bhféimheach suas go dtí an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe, agus nach mó san iomlán ná measúnacht bliana amháin;

(b) pá nó tuarastal uile (cibé acu a tuilleadh nó nár tuilleadh é go hiomlán nó go páirteach mar choimisiún) aon chléirigh nó seirbhísigh i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i gcaitheamh na gceithre mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe nach mó ná £2,500;

(c) pá uile aon oibrí nó saothraí nach mó ná £2,500 (cibé acu in aghaidh ama nó ar thascobair a bhí sé iníoctha) i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i gcaitheamh na gceithre mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe: ar choinníoll, i gcás conradh a bheith déanta ag aon saothraí feirme chun cuid dá phá a íoc leis mar chnapshuim ag deireadh na bliana fruilithe nó cibé téarma fruilithe eile is giorra ná sin, go mbainfidh an tosaíocht faoin alt seo le hiomlán cibé suime, nó cibé cuid di, a chinnfidh an Chúirt a bheith dlite faoin gconradh i gcomhréir leis an tréimhse seirbhíse suas go dtí dáta an ordaithe breithnithe;

(d) an luach saothair faibhrithe go léir in aghaidh saoire a tháinig chun bheith iníoctha le haon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí (nó i gcás a bháis, le haon duine eile i ndualgas a chirt) ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht roimh an ordú breithnithe nó de bharr a éifeachta;

(e) na suimeanna go léir a bheidh dlite d'aon fhostaí de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun íocaíochtaí a chur ar fáil don fhostaí fad a bheidh sé as láthair ó fhostaíocht de dheasca drochshláinte;

(f) aon íocaíochtaí a bheidh dlite den fhéimheach de bhun aon scéime nó comhshocraíochta chun sochair aoisliúntais a chur ar fáil d'fhostaithe de chuid an fhéimhigh nó i leith na bhfostaithe sin cibé atá na híocaíochtaí sin dlite i leith ranníoc an fhéimhigh leis an scéim sin nó faoin gcomhshocraíocht sin nó i leith ranníocaí den sórt sin is iníoctha ag na fostaithe leis an bhféimheach faoi aon scéim nó comhshocraíocht den sórt sin a asbhaineadh as pá nó as tuarastail fostaithe;

(g) aon fhiach, íocaíocht nó ranníoc a bhí, de bhua aon fhoráil in aon achtachán a bhí i ngníomh roimh thosach feidhme an Achta seo, ar áireamh sna fiacha ar thug alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, tosaíocht dóibh; agus forléireofar aon tagairt don alt sin 4 in aon achtachán den sórt sin mar thagairt don fho-alt seo.

(2) Beidh na fiacha sin roimhe seo ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán mura rud é nach leor maoin an fhéimhigh faoina gcomhair, agus sa chás sin laghdófar iad i gcionmhaireachtaí comhionanna lena chéile.

(3) Faoi réir cibé suimeanna a choinneáil is gá le haghaidh costas agus caiteachas riaracháin nó eile, déanfar na fiacha sin roimhe seo a ghlanadh láithreach a mhéid ar leor maoin an fhéimhigh faoina gcomhair.

(4) I gcás go ndéanfaidh nó go ndearna tiarna talún nó duine eile tochsal ar aon earraí nó éifeachtaí de chuid an fhéimhigh laistigh de thrí mhí díreach roimh dháta an ordaithe breithnithe, beidh na fiacha dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó na héifeachtaí a ndéanfar nó a ndearnadh tochsal orthu amhlaidh nó ar na fáltais as a ndíol; ar choinníoll maidir le haon airgead a íocfar faoi aon mhuirear den sórt sin go mbeidh ag an tiarna talún nó ag an duine eile na cearta tosaíochta céanna leis an duine lena ndéanfar an íocaíocht.

(5) Measfar gur pá i leith seirbhísí a rinneadh don fhéimheach i rith tréimhse saoire nó asláithreachta ó obair ar chúis mhaith aon luach saothair in aghaidh na tréimhse sin.

(6) D'ainneoin alt 4, ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh thosach feidhme an Achta seo a rinneadh an t-ordú breithnithe, agus i gcás den sórt sin, measfar go bhfuil lánfheidhm fós ag na forálacha maidir le híocaíochtaí tosaíochta a mbeadh feidhm acu dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (1), (2), (3), (5) agus (6) i gcás féichiúnaí comhshocraíochta faoi fhorálacha an Achta seo amhail is dá mba fhéimheach é, agus amhail is dá ndéanfaí dáta comhdaithe na hachainí le haghaidh comhshocraíochta a chur in ionad dháta an ordaithe breithnithe.

(8) I gcás comhshocraíochta, aon chreidiúnaí a dhéanann, maidir le haon fhiach dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo, vótáil i bhfabhar nó in aghaidh glacadh le togra an fhéichiúnaí nó le haon mhodhnú ar an togra sin nó, i gcás imshocraíochta tar éis féimheachta, a vótálann, maidir le haon fhiach den sórt sin, i bhfabhar nó in aghaidh glacadh le tairiscint imshocraíochta an fhéimhigh nó le haon mhodhnú ar an tairiscint sin, measfar go mbeidh aon chearta faoi fho-alt (1) tréigthe aige trí vótáil amhlaidh agus tabharfar ar ais dó cibé cearta (más ann) i leith aon fhéich de na fiacha a luaitear san fho-alt sin a bheadh ag an gcreidiúnaí sin ar leith ón bhfo-alt sin.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás duine éagtha a fhaigheann bás agus é dócmhainneach amhail is dá mba fhéimheach é agus amhail is dá gcuirfí dáta a bháis in ionad dháta an ordaithe breithnithe.

(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo athrú ar éifeacht alt 3 den Partnership Act, 1890, ná ní dhéanfaidh sé dochar d'fhorálacha alt 14 den Trustee Savings Banks Act, 1863, ná d'fhorálacha an Friendly Societies Act, 1896.

Eastát a dháileadh.

(cf. 1857, a. 286, 288, 289, 290, 292, 293)

82. —(1) A luaithe a bheidh sé caoithiúil tar éis dó dóthain airgid a fháil faoi chomhair caiteachas, táillí, costas agus íocaíochtaí tosaíochta agus chun díbhinn a íoc le creidiúnaithe in eastát aon fhéimhigh, cuirfidh an Sannaí Oifigiúil ar chomhad na Cúirte liosta creidiúnaithe lenar ghlac sé féin nó an Chúirt, cóip de chuntas iomchuí an fhéimhigh ina leabhair, sonraí maidir le caiteachais, táillí, costais, íocaíochtaí tosaíochta agus díbhinn is iníoctha le creidiúnaithe agus a thuarascáil ar réadú an eastáit.

(2) Déanfaidh an Sannaí Oifigiúil na doiciméid agus an tuarascáil arna gcomhdú de réir fho-alt (1) a thíolacadh don Chúirt ag suí a thionólfar lá is fiche ar a laghad tar éis fógra faoin gcomhdú agus faoin suí a bheith tugtha ar an modh forordaithe.

(3) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh ag an suí is oiriúnach léi chun an t-eastát nó aon chuid de a dháileadh trí na caiteachais, na táillí, na costais agus na híocaíochtaí tosaíochta, maille leis an díbhinn iomchuí, a íoc.

(4) Beidh cead ag an bpobal an comhad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a iniúchadh ar tháille fhorordaithe a íoc ach ní ghearrfar aon táille ar chreidiúnaithe a iniúchfaidh an comhad.

(5) Más rud é, ar chúis ar bith, nach ndáilfear eastát an fhéimhigh go hiomlán ag an suí sin déanfar an dara dáileadh agus dáiltí ina dhiaidh sin a luaithe is caoithiúil tar éis réadú an eastáit iarmharaigh. Is ionann an nós imeachta agus an nós imeachta le haghaidh an chéad dáilte.

(6) In aon chás nach mbeidh aon airgead nó, i dtuairim an tSannaí Oifigiúil, nach mbeidh dóthain airgid, ar fáil le dáileadh ar na creidiúnaithe, féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar caiteachais, táillí agus costais san ord sin a mhéid a sheasfaidh an t-airgead. I gcás iarmhéid a bheith fágtha, aistreofar é go dtí an cuntas dá dtagraítear in alt 84 (1).

Cuntais agus iniúchadh.

(Nua)

83. —Forálfar le rialacha cúirte go gcoimeádfaidh an Sannaí Oifigiúil cuntais agus go ndéanfar iniúchadh ar na cuntais sin.

Sannaí Oifigiúil— Cuntas Díbhinne Neamhéilithe.

(1857, ailt 61, 295, 296; 1872, a. 77; 1888, c.44; LCR 1888, r. 125)

(Nua)

84. —(1) Cuirfidh an Sannaí Oifigiúil faoi deara cuntas a oscailt i mBanc Ceannais na hÉireann, ar a dtabharfar an “Sannaí Oifigiúil —Cuntas Díbhinne Neamhéilithe” agus déanfar an t-airgead agus na hurrúis go léir a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, chun creidmheas an Chuntais Díbhinne Neamhéilithe, nó an Chuntais Díbhinne Neamhéilithe, Corcaigh, a thabhairt anonn go dtí an Cuntas sin.

(2) Íocfaidh an Sannaí Oifigiúil isteach sa Chuntas sin gach díbhinn neamhéilithe agus gach airgead neamhéilithe ar chuid iad d'eastát aon fhéimhigh.

(3) (a) Beidh an Sannaí Oifigiúil i dteideal gach díbhinn a éilítear go dleathach chomh maith leis na suimeanna dá bhforáiltear le halt 61 (3) (k) a íoc as an gCuntas sin.

(b) D'fhonn foráil sealadach a dhéanamh le haghaidh íocaíochtaí nach mbeidh aon airgead ar fáil dóibh láithreach san eastát ar leith ar ina aghaidh is inmhuirearaithe iad, féadfar cibé suimeanna, faoi réir cibé coinníollacha, a bheidh forordaithe a íoc as an gCuntas sin chun creidmheas an tSannaí Oifigiúil i gcuntas ar leith sa bhanc sin.

(4) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil, le cead na Cúirte, an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a bheidh chun creidmheas an Chuntais a infheistiú ó am go ham agus íocfar isteach sa Chuntas sin an t-ús ar na hinfheistíochtaí.

(5) Féadfaidh an Chúirt a ordú go n-íocfar leis an Sannaí Oifigiúil as an gCuntas cibé suim ar mhodh slánaíochta i leith aon damáistí, costas nó caiteachas is iníoctha aige nó a thabhaíonn sé nó a bheidh iníoctha aige nó a thabhóidh sé le haghaidh, nó de bhíthin, aon ghnímh nó ní a dhéanann sé le linn dó a bheith ag gníomhú ina cháil oifigiúil a mheasann an Chúirt a bheith cóir, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon imeachtaí arna dtionscnamh ag an Sannaí Oifigiúil le cead na Cúirte i gcás nach mbeidh dóthain airgid ann maidir leis an ábhar.

(6) Ní bheidh an Cuntas ar fáil chun aon chríche seachas críocha an ailt seo.

Urscaoileadh agus neamhniú.

(Nua)

(1857, a. 149)

(cf. 1872, a. 56)

(1857, a. 129)

(Nua)

(cf. 1872, a. 56)

85. —(1) Urscaoiltear leis seo aon fhéimheacht a bhí ar marthain tráth thosach feidhme an Achta seo más roimh an 1 Eanáir, 1960, a rinneadh an t-ordú breithnithe ina leith.

(2) I gcás ordú breithnithe a bheith urscaoilte de bhua fhorálacha fho-alt (1) déanfar aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a bheidh dílsithe fós don Sannaí Oifigiúil a thabhairt ar ais don fhéimheach tar éis socrú a dhéanamh go n-íocfar na caiteachais, na táillí, na costais agus na híocaíochtaí tosaíochta agus measfar an mhaoin sin a bheith athdhílsithe dó amhail ar agus ó thosach feidhme an Achta seo.

(3) Beidh féimheach i dteideal a urscaoilte ó fhéimheacht—

(a) ar shocrú a bheith déanta chun na caiteachais, na táillí, agus na costais a bhí dlite san fhéimheacht, chomh maith leis na híocaíochtaí tosaíochta a íoc, agus

(i) ar phunt sa phunt, maille le cibé ús a cheadóidh an Chúirt, a bheith íoctha aige, nó

(ii) ar thoiliú gach creidiúnaí dá chuid a bheith faighte aige; nó

(b) i gcás lena mbaineann alt 41.

(4) Aon fhéimheach a mbeidh a eastát réadaithe go hiomlán i dtuairim na Cúirte beidh sé i dteideal a urscaoilte ó fhéimheacht ar shocrú a bheith déanta chun na caiteachais, na táillí agus na costais a bhí dlite san fhéimheacht, chomh maith leis na híocaíochtaí tosaíochta, a íoc, agus—

(a) ar chaoga pingin nó níos mó sa phunt a bheith faighte ag a chreidiúnaithe, nó

(b) ar cibé suimeanna breise a dhéanfaidh, i dteannta na díbhinne a íoctar, caoga pingin sa phunt, a bheith íoctha aige nó ag a chairde lena chreidiúnaithe, nó

(c) ar an bhféimheacht a bheith ar marthain le dhá bhliain déag:

ar choinníoll, in aon iarratas faoi mhír (c), go mbeidh an Chúirt sásta gur nochtadh gach maoin iarfhaighte agus go bhfuil sé réasúnta agus ceart an t-iarratas a dheonú.

(5) Beidh duine i dteideal go ndéanfar a bhreithniú a neamhniú—

(a) i gcás go suífidh sé cúis de bhun alt 16, nó

(b) in aon chás eile nuair nár chóir, i dtuairim na Cúirte, é a bheith breithnithe ina fhéimheach.

(6) Beidh foráil in ordú urscaoilte nó neamhnithe go ndéanfar aon mhaoin de chuid an fhéimhigh a bheidh an tráth sin dílsithe don Sannaí Oifigiúil a athdhílsiú don fhéimheach nó a thabhairt ar ais dó agus measfar chun gach críche gurb é a bheidh san ordú sin tíolacas, sannadh nó aistriú na maoine sin chun an fhéimhigh agus, i gcás gurb iomchuí é, féadfar é a chlárú dá réir sin.

(7) Féadfaidh duine atá i dteideal urscaoilte nó neamhnithe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dheimhniú urscaoilte nó neamhnithe, de réir mar is gá sa chás, a fháil faoi shéala na Cúirte.

(8) San alt seo folaíonn “féimheach” ionadaithe agus sannaithe pearsanta.

Barrachas.

(1857, a. 304)

86. —(1) Má bhíonn eastát aon fhéimhligh leordhóthanach chun punt sa phunt a íoc, maille le hús de réir an ráta reatha is iníoctha ar fhiacha breithiúnais, agus chun barrachas a bheith fágtha, ordóidh an Chúirt an barrachas sin a íoc leis an bhféimheach, lena ionadaithe pearsanta nó lena shannaithe pearsanta nó é a sheachadadh air nó orthu nó a dhílsiú dó nó dóibh.

(2) Measfar chun gach críche gur tíolacas, sannadh nó aistriú maoine a bheidh san ordú agus, i gcás gurb iomchuí é, féadfar é a chlárú dá réir sin.