An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII Cionta) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Cruthúnas ar Fhiacha)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

CUID VIII

Ilghnéitheach

Tréimhse do chaingne.

(Nua)

133. —Ní iontaobhaí chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957 , an Sannaí Oifigiúil.

Imeachtaí a sheoladh go príobháideach.

(cf. 1857, a. 354 go páirt.)

134. —Féadfaidh an Chúirt a ordú gur go príobháideach a sheolfar aon suí iomlán nó aon chuid d'aon suí de chuid na Cúirte nó aon imeachtaí ar aon ní faoin Acht seo.

Cumhacht na Cúirte a horduithe a athbhreithniú.

(cf. 1872, a. 6; 1897, ailt 3, 4)

135. —Féadfaidh an Chúirt ordú a bheidh déanta aici i gcúrsa ábhair féimheachta, seachas ordú urscaoilte nó neamhnithe, a athbhreithniú, a chealú nó a athrú.

Éifeacht breithnithe ar leigheasanna creidiúnaithe.

(cf. 1857, a. 262; 1872, a. 68 go páirt.)

136. —(1) Ar ordú breithnithe a bheith déanta, aon chreidiúnaí a mbeidh aon fhiach is inchruthaithe i bhféimheacht dlite dó den fhéimheach, ní bheidh leigheas aige i gcoinne mhaoin nó phearsa an fhéimhigh maidir leis an bhfiach seachas a chearta faoin Acht seo, agus ní thionscnóidh sé aon imeachtaí maidir leis an bhfiach sin ach amháin le cead na Cúirte agus ar cibé téarmaí a fhorchuirfidh an Chúirt.

(2) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear do chumhacht creidiúnaí urraithe a urrús a réadú nó déileáil leis an urrús sin ar shlí eile ar an modh céanna a mbeadh sé i dteideal é a réadú nó déileáil leis dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Cumhacht chun imeachtaí i gcoinne féimhigh a bhacadh nó a shrianadh.

(Nua; cf. 33/1963, a. 217)

(cf. 1857, a. 262 go páirt.)

137. —(1) Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil—

(a) i gcás aon imeachtaí i gcoinne an fhéimhigh a bheith ar feitheamh san Ard-Chúirt nó faoi achomharc sa Chúirt Uachtarach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina bhfuil na himeachtaí ar feitheamh chun bac a chur ar na himeachtaí sin, agus

(b) i gcás aon imeachtaí eile a bheith ar feitheamh i gcoinne an fhéimhigh, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun srian a chur le himeachtaí eile sa Chúirt sin,

agus féadfaidh an chúirt a ndéanfar an t-iarratas chuici an t-iarratas a dheonú ar cibé téarmaí agus ar feadh cibé tréimhse is cuí léi.

(2) I gcás aon imeachtaí i gcoinne féimhigh a bhacadh nó a shrianadh de bhun fho-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) ní dhlífidh an creidiúnaí aon chostais a íoc a thabhóidh an féimheach nó an Sannaí Oifigiúil sna himeachtaí sin;

(b) más i gcoinne an fhéimhigh i gcomhpháirt le haon duine eile a tionscnaíodh na himeachtaí, ní dhéanfar difear dá bharr sin do na himeachtaí i gcoinne an duine eile sin.

Comhpháirtíochtaí agus eastáit daoine éagtha a fhoirceannadh.

(Nua)

138. —(1) Féadfaidh an Chúirt, ar fhógra a thabhairt do cibé daoine a ordóidh sí, cibé orduithe a dhéanamh agus cibé ordacháin a thabhairt is cóir léi chun aon chomhpháirtíocht nó eastát aon duine éagtha ina bhfuil leas ag an bhféimheach a fhoirceannadh agus chun gnóthaí an chéanna a shocrú.

(2) Déanfar gach cuntas agus fiosrúchán iarmhartach a thógáil agus a dhéanamh i cibé oifig de chuid na Cúirte a ordóidh an Chúirt.

Toirmeasc ar thochsal tar éis breithniú nó cosanta.

(Nua)

139. —Ní thoibheofar aon tochsal ar earraí féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta tar éis dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta.

Fianaise dhuine éagtha.

(1857, a. 365)

140. —I gcás go n-éagfaidh aon fhinné a mbeidh teistíocht déanta aige in aon imeachtaí faoin Acht seo, beidh an teistíocht a airbheartófar a bheith séalaithe le séala na Cúirte, nó cóip den teistíocht a airbheartófar a bheith séalaithe amhlaidh, ina fianaise ar na nithe a theistítear sa teistíocht sin.

Fógra san Iris Oifigiúil nó i nuachtán.

(cf. 1857, ailt 358, 364)

141. —Aon fhógra a fhoilseofar de bhun an Achta seo san Iris Oifigiúil nó in aon nuachtán beidh sé ina fhianaise ar na nithe atá san fhógra.

Gníomhú i gcabhair ar chúirteanna eile.

(1872, a. 71)

142. —(1) Féadfaidh an Chúirt agus a hoifigigh gníomhú i gcabhair ar aon chúirt i dTuaisceart Éireann, i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, in Albain, in Oileán Mhanann nó in Oileáin Mhuir nIocht, agus ar a hoifigigh faoi seach, ar iarraidh ón gcúirt sin, in aon ábhar féimheachta a bheidh os comhair na cúirte sin, agus beidh an dlínse chéanna agus an t-údarás céanna ag an gCúirt agus ag a hoifigigh nuair a bheidh siad ag gníomhú amhlaidh a bheadh acu i gcás féimheachta a thionscnaítear faoi ordú ón gCúirt.

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, fo-alt (1) a chur chun feidhme i ndáil le haon dlínse eile ar deimhin leis an Rialtas go gcuirfidh an dlínse sin saoráidí cómhalartacha ar fáil chuige sin.

(b) Féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a chur faoi réir cibé coinníollacha, eisceachtaí agus agús a shonrófar san ordú.

(c) Féadfaidh an Rialtas ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(d) Beidh feidhm dlí ag ordú faoin bhfo-alt seo de réir a théarmaí.

(e) Ar chúlghairm a dhéanamh ar ordú chun fo-alt (1) a chur chun feidhme i ndáil le haon dlínse, scoirfidh an fo-alt sin d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an dlínse sin.

(f) Foilseofar gach ordú faoin bhfo-alt seo san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir.

Teorainneacha airgid a athrú.

(Nua)

143. —Féadfaidh an tAire le hordú méadú nó laghdú a dhéanamh ar aon cheann de na suimeanna a shonraítear in ailt 8 (1) (a) agus (2), 11 (1) (a), 15, 39 (4), 45 (1), 61 (3) (h) agus (k), 81 (1) (b) agus (c), 92 (2), 95 (2), agus 101, ach ní dhéanfaidh aon ordú den sórt sin difear d'aon chás inar breithníodh duine ina fhéimheach nó inar deonaíodh cosaint dó sular tháinig sé i bhfeidhm.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

(Nua)

144. —Gach ordú a dhéanfar faoi alt 142 (2) nó 143, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.