30 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1988


AN tACHT UCHTÁLA, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Orduithe uchtála i leith leanaí is ábhar d'orduithe faoi alt 3 (1).

3.

Orduithe ón Ard-Chúirt ag údarú uchtáil a dhéanamh ar leanaí a bhfuil a dtuismitheoirí tar éis mainneachtain ina ndualgas ina leith.

4.

Fianaise don Chúirt.

5.

Costais chúirte.

6.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

7.

Oiriúnú ar ailt 16, 20 agus 24 den Phríomh-Acht.

8.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

9.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Uchtála, 1952

1952, Uimh. 25

An tAcht Uchtála, 1964

1964, Uimh. 2

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1988


AN tACHT UCHTÁLA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, I nDÁLAÍ EISCEACHTÚLA, I gCÁS NA TUISMITHEOIRÍ A BHEITH, AR CHÚIS-EANNA FISICIÚLA NÓ MORÁLTA, TAR ÉIS MAINN-EACHTAIN INA nDUALGAS I LEITH A LEANAÍ, CHUN IONAD NA dTUISMITHEOIRÍ A LÍONADH TRÍ NA LEANAÍ A UCHTÁIL, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UCHTÁLA, 1952 GO 1976.

[26 Iúil, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Uchtála, 1964 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976;

ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála;

ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “tuismitheoirí” tuismitheoir marthanach agus, i gcás linbh a mbeidh ordú uchtála i bhfeidhm ina leith, ciallaíonn sé na huchtaitheoirí nó an t-uchtaitheoir nó an t-uchtaitheoir marthanach faoin ordú;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952 .

(2) Aon tagairtí san Acht seo do dhaoine a mbeidh dearbhú faoi alt 2 (1) déanta ag an mBord ina bhfabhar nó do dhaoine a bheidh ag déanamh iarratais ar ordú uchtála is tagairtí iad, i gcás dearbhú den sórt sin i bhfabhar duine amháin nó i gcás iarratais den sórt sin ó dhuine amháin, don duine sin.

(3) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Orduithe uchtála i leith leanaí is ábhar d'orduithe faoi alt 3 (1).

2. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh aon daoine (dá ngairtear “na hiarratasóirí” feasta san fho-alt seo) iarratas chuig an mBord ar ordú uchtála,

(b) nach mbeadh, murach an tAcht seo, an chumhacht ag an mBord an t-ordú a dhéanamh, agus

(c) go mbeidh an Bord (tar éis dó éisteacht a thabhairt don bhord sláinte ar ina limistéar feidhme atá gnáthchónaí ar na hiarratasóirí, d'aon daoine a bheidh sonraithe i míreanna (a) go (h) d'alt 16 (1) (arna oiriúnú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht ar mian leo éisteacht a fháil agus d'aon duine eile a gcinnfidh an Bord, dá rogha féin, éisteacht a thabhairt dó) sásta gurbh iomchuí, ag féachaint do na hAchtanna agus don Acht seo, an t-ordú uchtála a dhéanamh dá mbeadh ordú faoi alt 3 (1), i ndáil leis an leanbh lena mbaineann an t-iarratas ar an ordú uchtála, déanta i bhfabhar na n-iarratasóirí,

cuirfidh an Bord an t-iarratas ar atráth agus dearbhóidh sé go ndéanfaidh sé an t-ordú uchtála, faoi réir fho-alt (2), má dhéantar an t-ordú faoi alt 3 (1).

(2) Más rud é—

(a) go ndéanfar ordú faoi alt 3 (1), agus

(b) nach dtionscnófar achomharc i gcoinne an ordaithe, nó go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach, ar achomharc, an t-ordú a dhaingniú,

d'ainneoin aon ní in alt 10 den Phríomh-Acht, déanfaidh an Bord, ar iarratas chuige sin ó na daoine ar ina bhfabhar a rinneadh an t-ordú, ordú uchtála i ndáil leis an leanbh lena mbaineann an t-ordú faoi alt 3 (1) a dhéanamh i bhfabhar na ndaoine sin a dúradh, mura deimhin leis an mBord go bhfuil na himthosca iomchuí athraithe chomh mór sin ó dháta déanta an dearbhaithe faoi fho-alt (1) i ndáil leis an ábhar nárbh iomchuí, ag féachaint do na hAchtanna agus don Acht seo, déanamh amhlaidh.

(3) Níl feidhm ag alt 14 den Phríomh-Acht, ag an gcoinníoll a ghabhann le mír (a) d'alt 2 (1) d'Acht 1964 ná ag mír (b) den alt sin 2 (1), maidir le hordú uchtála arna dhéanamh ag an mBord de bhua an ailt seo.

(4) Níl feidhm ag alt 17 den Phríomh-Acht i ndáil le hiarratas ar ordú uchtála a dhéanamh de bhua an ailt seo.

(5) I gcás go ndéanfar ordú uchtála de bhua an ailt seo maidir le leanbh a mbeidh ordú uchtála déanta ina leith roimhe sin, glacfar leis, chun críocha an ordaithe chéadluaite, gur leanbh dleathach leis na huchtaitheoirí faoin ordú sin roimhe sin an leanbh.

Orduithe ón Ard-Chúirt ag údarú uchtáil a dhéanamh ar leanaí a bhfuil a dtuismitheoirí tar éis mainneachtain ina ndualgas ina leith.

3. —(1) I gcás daoine a mbeidh dearbhú déanta ag an mBord ina bhfabhar faoi alt 2 (1) (dá ngairtear “na hiarratasóirí” feasta san fho-alt seo) d'iarraidh ar an mbord sláinte, ar ina limistéar feidhme atá gnáthchónaí orthu, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú faoin alt seo—

(a) féadfaidh an bord sláinte, más dóigh leis gurb iomchuí déanamh amhlaidh agus mura mbeidh iarratas chuige sin de réir mhír (b) den fho-alt seo déanta ag na hiarratasóirí, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar an ordú, agus

(b) más rud é, laistigh den tréimhse 3 mhí ón lá ar tugadh an iarraidh don bhord sláinte—

(i) go ndiúltóidh an bord sláinte, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na hiarratasóirí, géilleadh don iarraidh, nó

(ii) nach dtabharfaidh an bord sláinte do na hiarratasóirí fógra faoi fhomhír (i) den mhír seo i ndáil leis an iarraidh ach nach ndéanfaidh sé iarratas ar an ordú faoi mhír (a),

féadfaidh na hiarratasóirí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar an ordú,

agus, má dhéantar iarratas faoi mhír (a)(b) den fho-alt seo agus má shuitear chun sástacht na Cúirte—

(I) gurb amhlaidh—

(A) go bhfuil, ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí ar a laghad díreach roimh an tráth a rinneadh an t-iarratas, tuismitheoirí an linbh lena mbaineann an dearbhú faoi alt 2 (1) tar éis mainneachtain ina ndualgas i leith an linbh ar chúiseanna fisiciúla nó morálta,

(B) gur dóigh go leanfar den mhainneachtain sin, gan staonadh, go dtí go mbeidh 18 mbliana d'aois slánaithe ag an leanbh,

(C) gurb ionann an mhainneachtain sin agus tréigean, ar thaobh na dtuismitheoirí, ar chearta uile tuismitheoirí, faoin mBunreacht nó ar shlí eile, i leith an linbh, agus

(D) mar gheall ar an mainneachtain sin, gur cóir don Stát, ós é caomhnóir leas an phobail é, ionad na dtuismitheoirí a líonadh,

(II) maidir leis an leanbh—

(A) go bhfuil sé, tráth déanta an iarratais, i gcoimeád na n-iarratasóirí agus go raibh cónaí aige leo, agus

(B) go raibh sé, ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí ar a laghad díreach roimh an tráth sin, i gcoimeád na n-iarratasóirí agus go raibh cónaí aige leo,

agus

(III) gur bealach iomchuí é le hionad na dtuismitheoirí a líonadh an leanbh a uchtáil ag na hiarratasóirí,

féadfaidh an Chúirt, más cuí léi agus más deimhin léi, ag féachaint go cuí do chearta na ndaoine lena mbaineann, faoin mBunreacht nó ar shlí eile (lena n-áirítear cearta nádúrtha dochloíte an linbh) go mba é leas an linbh é déanamh amhlaidh, ordú a dhéanamh á údarú don Bhord ordú uchtála i ndáil leis an leanbh a dhéanamh i bhfabhar na n-iarratasóirí.

(2) Sula ndéanfaidh sí ordú faoi fho-alt (1), tabharfaidh an Chúirt, a mhéid is indéanta sin, aird chuí, ag féachaint dá aois agus dá thuiscint, ar mhianta an linbh lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas chuici chuige sin, ordú a dhéanamh ag cur cibé daoine eile is cuí léi mar pháirtithe in imeachtaí faoi fho-alt (1) agus féadfaidh sí, i gcás duine a chuirfear mar pháirtí in aon imeachtaí den sórt sin faoin alt seo, cibé ordú a dhéanamh is dóigh léi is cóir—

(a) maidir le híoc aon chostas i ndáil leis na himeachtaí a bheidh tabhaithe ag an duine agus nach mbeidh íoctha ag páirtí eile sna himeachtaí má dhiúltaítear cúnamh dlíthiúil a thabhairt ina leith faoi aon scéim a oibríonn an Stát nó a oibrítear thar ceann an Stát chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil, nó

(b) maidir leis an duine d'íoc aon chostas i ndáil leis na himeachtaí a bheidh tabhaithe ag aon pháirtí eile sna himeachtaí.

(4) Déanfar an bord sláinte lena mbaineann a uamadh mar pháirtí in imeachtaí faoi fho-alt (1) (b).

(5) Éistfear imeachtaí faoin alt seo ar shlí seachas go poiblí.

(6) Na feidhmeanna a thugtar do bhord sláinte le halt 2 (1) agus le fo-alt (1) den alt seo is feidhmeanna de chuid phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird, agus aon leasphríomh-oifigigh feidhmiúcháin don bhord, a bheidh iontu.

(7) Féadfar iarraidh chuig bord sláinte faoi fho-alt (1) a thabhairt don bhord trína tabhairt de láimh d'oifigeach don bhord, nó trína cur leis an bpost réamhíoctha chuig oifigeach don bhord, ag áitreabh an bhoird agus measfar, chun críocha mhír (b) den fho-alt sin, an iarraidh a bheith tugtha don bhord ar an lá a dtugtar de láimh, nó a gcuirtear tríd an bpost, amhlaidh í.

Fianaise don Chúirt.

4. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní dhéanfaidh an Chúirt ordú faoi alt 3 (1) gan éisteacht a bheith tugtha do thuismitheoirí an linbh lena mbaineann agus d'aon daoine eile ar chóir, i dtuairim na Cúirte, éisteacht a thabhairt dóibh.

(2) I gcás go mbeidh iarrtha ar na tuismitheoirí lena mbaineann (nó ar cheachtar acu) fianaise a thabhairt don Chúirt tráth a mbeidh iarratas ar ordú faoi alt 3 (1) á éisteacht agus go mainneoidh nó go ndiúltóidh siad (nó ceachtar acu) déanamh amhlaidh, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an t-ordú a dhéanamh d'ainneoin nach mbeidh fianaise tugtha ag na tuismitheoirí nó, de réir mar a bheidh, ag ceachtar acu.

(3) I gcás go mainneoidh na tuismitheoirí lena mbaineann (nó ceachtar acu) freagra a thabhairt ar iarraidh den chineál a dúradh, féadfaidh an Chúirt, chun críocha fho-alt (2), glacadh leis an mainneachtain mar mhainneachtain ag na tuismitheoirí nó, de réir mar a bheidh, ag ceachtar acu fianaise a thabhairt don Chúirt ag an éisteacht lena mbaineann.

(4) D'ainneoin fho-alt (1), i gcás gur deimhin leis an gCúirt—

(a) nach bhfuil céannacht na dtuismitheoirí lena mbaineann (nó ceachtar acu) ar eolas ag na daoine a bheidh ag déanamh iarratais ar ordú faoi alt 3 (1) agus nach bhfuil sí ar eolas ag an mBord agus go bhfuil na bearta go léir is cuí déanta chun an chéannacht sin a fhionnadh, nó

(b) nach eol do na páirtithe a bheidh ag déanamh an iarratais ar ordú den sórt sin, agus nach eol don Bhord, cá bhfuil na tuismitheoirí lena mbaineann (nó ceachtar acu) tráth déanta an iarratais sin, ná cá raibh siad i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an tráth sin, agus go bhfuil na bearta go léir is cuí déanta chun a fhionnadh cá bhfuil nó cá raibh siad,

féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an t-ordú a dhéanamh d'ainneoin nach mbeidh fianaise tugtha ag na tuismitheoirí lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, ag ceachtar acu.

(5) D'ainneoin fho-alt (1), i gcás gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil na tuismitheoirí lena mbaineann (nó ceachtar acu) neamhábalta, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach, fianaise iontaofa a thabhairt don Chúirt, féadfaidh an Chúirt fianaise na dtuismitheoirí sin nó fianaise ceachtar acu, de réir mar a bheidh, a ligean thar ceal tráth a mbeidh iarratas ar ordú faoi alt 3 (1) á éisteacht agus féadfaidh sí, más cuí léi, an t-ordú a dhéanamh d'ainneoin nach bhfuil an fhianaise sin tugtha.

Costais chúirte.

5. —(1) Maidir leis an mbord sláinte lena mbaineann—

(a) íocfaidh sé le tuismitheoirí an linbh lena mbaineann, i leith costais ar bith—

(i) a thabhaíonn siad i ndáil le hiarratas faoi alt 3 (1) nó le hachomharc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne ordú a dhéanamh, nó i gcoinne diúltú ordú a dhéanamh, faoin alt sin 3 (1),

(ii) nach mbeidh íoctha ag páirtí eile sna himeachtaí, agus

(iii) a ndiúltaítear cúnamh dlíthiúil a thabhairt i ndáil leo faoi aon scéim a oibríonn an Stát, nó a oibrítear thar ceann an Stáit, chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil,

de réir mar a shonróidh an Chúirt, na costais sin go léir nó cuid, arna sonrú amhlaidh, de na costais sin, arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais de chuid na hArd-Chúirte, nó cibé méid a bheadh, i dtuairim an bhoird sláinte agus na dtuismitheoirí sin, comhionann le méid, mar a bheidh sonraithe mar a dúradh, na gcostas sin nó coda díobh arna sonrú amhlaidh dá ndéanfaí iad a fhómhas mar a dúradh, agus

(b) má ordaíonn an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach do na tuismitheoirí sin costais ar bith de chuid aon pháirtí eile sna himeachtaí i ndáil leis an iarratas nó, de réir mar a bheidh, leis an achomharc, a íoc agus go ndiúltaítear cúnamh dlíthiúil a thabhairt ina leith faoi aon scéim a oibríonn an Stát, nó a oibrítear thar ceann an Stáit chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil, íocfaidh an bord sláinte sin leis an bpáirtí eile sin, de réir mar a shonróidh an Chúirt, na costais sin go léir nó cuid, arna sonrú amhlaidh, de na costais sin, arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais de chuid na hArd-Chúirte, nó cibé méid a bheadh, i dtuairim an bhoird sláinte agus an pháirtí eile sin, comhionann le méid, mar a bheidh sonraithe mar a dúradh, na gcostas sin nó coda díobh arna sonrú amhlaidh dá ndéanfaí iad a fhómhas mar a dúradh.

(2) Más rud é, ar iarratas faoi mhír (b) d'alt 3 (1)—

(a)  (i)  go ndéanann an Chúirt ordú faoi alt 3 (1) agus nach dtionscnaítear achomharc i gcoinne an ordaithe nó go ndaingníonn an Chúirt Uachtarach an t-ordú ar achomharc, nó

(ii) go ndiúltaíonn an Chúirt ordú a dhéanamh faoi alt 3 (1) ach go ndéantar an t-ordú tar éis achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne an diúltaithe,

agus

(b) go ndiúltaítear cúnamh dlíthiúil, faoi aon scéim a oibríonn an Stát nó a oibrítear thar ceann an Stáit chun cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil, a thabhairt do na daoine a bheidh ag déanamh an iarratais,

ansin, maidir le haon chostais a thabhóidh na daoine a bheidh ag déanamh an iarratais, i ndáil leis an iarratas nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis an iarratas agus leis an achomharc agus nach n-íocann páirtí eile sna himeachtaí, déanfaidh an bord sláinte lena mbaineann, de réir mar a shonróidh an Chúirt, na costais sin go léir nó cuid, arna sonrú amhlaidh, de na costais sin, arna bhfómhas nó arna fómhas ag Máistir Fómhais de chuid na hArd-Chúirte, nó cibé méid a bheadh, i dtuairim an bhoird sláinte agus na ndaoine sin, comhionann le méid, mar a bheidh sonraithe mar a dúradh, na gcostas sin nó coda díobh arna sonrú amhlaidh dá ndéanfaí iad a fhómhas mar a dúradh a íoc leis na daoine sin.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

6. —(1) Faoi réir fho-alt (2), leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh”:

“ciallaíonn ‘leanbh’ (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois;”.

(2) D'ainneoin fho-alt (1), beidh feidhm agus éifeacht leis na hAchtanna i ndáil le haon duine ar bith faoi bhun 21 bliain d'aois a ndearnadh iarratas ar ordú uchtála ina leith agus nár cinneadh an t-iarratas sin roimh thosach feidhme an Achta seo, ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).

Oiriúnú ar ailt 16, 20 agus 24 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Tagairtí in ailt 16, 20 agus 24 den Phríomh-Acht do mháthair linbh forléireofar iad, chun críocha alt 2, a mhéid a bhaineann sé le leanbh tuismitheoirí pósta (seachas leanbh a mbeidh ordú uchtála i bhfeidhm ina leith), mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'athair an linbh.

(2) Déanfar tagairtí sna hailt sin 16, 20 agus 24 do mháthair linbh a fhorléiriú, chun críocha alt 2, a mhéid a bhaineann sé le leanbh a mbeidh ordú uchtála i bhfeidhm ina leith, mar thagairtí do na huchtaitheoirí nó don uchtaitheoir nó don uchtaitheoir marthanach faoin ordú.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 14:

“14. Cuirfidh an Bord faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil fógra san fhoirm fhorordaithe maidir le gach clárú, agus le gach cealú ar chlárú, sa Chlár de Chumainn Uchtála.”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

9. —(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1988 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1988, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo, le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.