|
|||||
|
| [EN] | ||||||||
| ||||||||
Uimhir 31 de 1988 | ||||||||
| [EN] |
AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1988 | |||||||
RIAR NA nALT | ||||||||
| ||||||||
| ||||||||
Uimhir 31 de 1988 | ||||||||
AN tACHT UM AN DLÍ TEAGHLAIGH, 1988 | ||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO CHUR DEIREADH LE hIMEACHTAÍ CHUN CEARTA PÓSTA A AISEAG. [23 Samhain, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
| [EN] |
Deireadh a chur le himeachtaí chun cearta pósta a aiseag. |
1. —Tar éis an tAcht seo a rith, ní bheidh teideal ag aon duine imeachtaí a thionscnamh chun cearta pósta a aiseag. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an Dlí Teaghlaigh, 1988 , a ghairm den Acht seo. |